Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Folúntais

Láithreoir Aimsire / Leanúnachais & Meán Sóisialta le TG4

Conradh Painéil
 
Is mian le TG4 Láithreoir Aimsire/Leanúnachais agus Meán Sóisialta a earcú. Is obair pháirtaimseartha ar chonradh phainéil a bheidh i gceist agus beidh an té seo lonnaithe sa Cheannáras i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe. Freagróidh an Láithreoir Aimsire/Leanúnachais don Stiúrthóir Lucht Féachana, Margaíochta agus Comhpháirtíochta. Beidh ról lárnach ag an té a cheapfar ag cur sceideal TG4 i láthair an phobail féachana, ar an teilifís agus ar na meáin shóisialta.
 
Fostóir comhionannais deiseanna é TG4 agus déantar iarratais cháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá meon dearfach ag TG4 i ndáil le hÉagsúlacht. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.
 
An Ról
Beidh an té a cheapfar ag feidhmiú mar Láithreoir Leanúnachais & Aimsire le TG4 agus ar na Meáin Shóisialta. Beidh an té seo freagrach as na nithe seo a leanas:

  • Faisnéis aimsire, ábhar clár agus leanúnachas a chur i láthair ar TG4
  • Cumarsáid a dhéanamh leis an Lucht Féachana trí Ghuthú, ar na Meáin Shóisialta & srl.
  • Cur le branda TG4 trí Ghlór agus Aitheantas a thabhairt don chainéal, ar an aer, ar líne agus i measc an phobail.
  • An lucht féachana a threorú chuig ábhar TG4.
  • Ionadaíocht a dhéanamh do TG4 ag ócáidí pobail agus poiblí.

Nithe atá riachtanach don phost seo:
Ní mór cumas láithreoireachta, teacht i láthair taitneamhach, urlabhra shoiléir agus ardchumas sa scríobh agus sa chumarsáid a bheith ag an té a cheapfar don phost seo.

  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
  • Fócas dearfach agus cumas maith foirne
  • Sár-thuiscint ar chumas na meán sóisialta agus na n-ardán digiteach lucht féachana a aimsiú.
  • Taithí ar ábhar físe / fuaime a chruthú do na hardáin shóisialta.
  • Tuiscint ar an bpobal féachana atá ag TG4
  • Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta (ard-tuiscint ar Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).
  • Taithí mhaith ar thaighde a dhéanamh
  • A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.

Is i gCeannáras TG4 a bheidh an post seo.
 
4pm Dé Sathairn an 17 Eanáir 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol mír físe 1’00” ar fhad ag cur síos ort fhéin, mar aon le do CV chuig cv@tg4.ie.
 
Dearthóir Grafach

Conradh Buan
 
Is mian le TG4 Dearthóir Grafach a earcú ar bhonn buan. Beidh an té a cheapfar ag obair le foireann Mhol Cruthaitheach TG4 agus freagrach don Bhainisteoir Cruthaitheach. Beidh an Dearthóir Grafach freagrach as ábhar cruthaitheach a chruthú atá dírithe ar phobal féachana ar leith, trasardáin.

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.

An Ról:
Beidh an té a cheapfar freagrach as ábhar físiúil, cruthaitheach agus nuálach a dhearadh do thograí ar leith, chomh maith le hAitheantais agus Brandaí TG4 a fhorbairt trí ábhar cumarsáide atá físiúil agus ar ardchaighdeán a chruthú trasardáin.

I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, gan bheith teoranta dóibh, beidh;

  • Ardáin a dhearadh (m/sh Aipeanna, Suíomhanna srl)
  • Ábhar cumarsáide físiúil a chruthú, trasardáin
  • Brandaí a dhearadh agus cur le brandaí reatha
  • Ábhar clóite a dhearadh
  • Ábhar físe a chruthú
  • Ábhar a chruthú d’Fheachtais Blaisíní / Margaíochta / Fógraíochta
  • Cúram a dhéanamh do chearta a bhaineann le hábhar léirithe
  • Tograí ar leith a stiúradh ó am go chéile (m/sh Blaisín, Fógra, Mír Físe Ghearrfhoirme)
  • Aon fhreagrachtaí réasúnta eile a mheasann an bainisteoir bunaithe ar riachtanais an ghnó nó riachtanais na rannóige.

Nithe atá riachtanach don phost seo:

  • A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.
  • Tuiscint, taithí agus saineolas ar na réimsí dearaidh is déanaí. Eolas ar bhogearraí agus nósmhaireachtaí dearaidh atá reatha agus nuálach: Adobe After Effects, Adobe Media Encoder, Adobe Photoshop, Adobe Illustrator, Adobe InDesign, Canva, Adobe XD, Adobe Premiere agus Final Cut X.
  • A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.
  • Fócas dearfach, cumas maith foirne agus taithí chruthaithe ar ábhar físiúil a chruthú.
  • Ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus ar fáil in am.
  • Sásta freastal ar an láthair oibre sa gCeannáras de réir mar a oireann.
  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.

Sa gCeannáras i mBaile na hAbhann a bheidh an post lonnaithe. Tá polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm ag TG4.
 
4pm Déardaoin an 29 Eanáir 2026 an spriocdháta d’iarratais. Seol CV mar aon le litir iarratais chuig: cv@tg4.ie
 
Eolas Breise don Iarratasóir

Grád an Phoist: Grád 5

Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Táthar ag súil, mar gheall ar riachtanais an phoist, go mbeifeá solúbtha ó am go ham, i.e. go mbeifeá sásta, scaití, oibriú lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.

Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.

Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.

Taisteal: Beidh taisteal in Éirinn i gceist ó am go ham mar chuid den ról.

Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:

  • Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
  • Saoire Staidéir agus Scrúduithe
  • Táillí Ballraíochta Gairmiúla
  • Pinsean Ranníocach
  • An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre

Cruthaitheoir Ábhair Dhigitigh

Conradh Buan
 
Cuirfidh TG4 fáilte roimh iarratais ar an bpost Cruthaitheoir Ábhair Dhigitigh. Beidh an té a cheapfar ag obair le foireann Mhol Cruthaitheach TG4 agus freagrach don Bhainisteoir Cruthaitheach.

Tugann na Meáin Shóisialta deis do TG4 ceangal leis an bpobal féachana mar aon le pobal nua a mhealladh chuig ábhar TG4. Cuirfear fáilte roimh iarrthóirí a bhfuil tuiscint acu ar TG4, a bhfuil sainscil sna hardáin Shóisialta acu mar aon le taithí acu orthu, agus a bhfuil Gaeilge agus Béarla den scoth acu.

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
 
An Ról:
Beidh an té a cheapfar freagrach as feachtais agus ábhar a cruthú d’ardáin Meán Sóisialta TG4.
Beifear freagrach as ábhar a chruthú d’ardáin Meán Sóisialta TG4 ar Instagram, TikTok, BlueSky, Facebook, LinkedIn, YouTube agus aon ardán eile ag brath ar riachtanais TG4. Beidh taithí ag an té a cheapfar ar bheith ag cruthú ábhar poiblíochta agus margaíochta ar na hardáin shóisialta.
 
I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, gan bheith teoranta dóibh, beidh;

  • Oibriú ar fheachtais, imeachtaí agus seoltaí náisiúnta
  • Ábhar digiteach, ábhar físeáin san áireamh, a chruthú agus eagarthóireacht a dhéanamh air.
  • Deiseanna réamhghníomhacha a aithint le haghaidh ábhar rannpháirtíochta agus ábhar freagartha do na hardáin
  • Freastal ar imeachtaí chun ábhar a thaifeadadh do na cainéil meán sóisialta go léir
  • Ábhar agus feachtais shóisialta a phleanáil agus a sceidealú
  • Sócmhainní digiteacha a dhearadh d’ábhar bolscaireachta agus feachtais
  • Cúnamh a thabhairt le gnéithe idirghníomhacha le linn imeachtaí beo
  • A chinntiú go ndéantar gach ábhar a chur i gcrích de réir na straitéise sóisialta, na gcuspóirí agus na bpríomhtháscairí feidhmíochta
  • Dearcadh ina dtugtar tús áite do na meáin shóisialta a chur chun cinn maidir le feachtais chomhtháite agus tú ag obair i gcomhar leis an bhfoireann chruthaitheach
  • Cuidiú le foirne lena chinntiú go gcuirtear dea-chleachtais agus ceachtanna a foghlaimíodh i bhfeidhm agus comhairle a thabhairt maidir le hábharthacht sócmhainne don phobal agus do chainéil
  • Dul i mbun plé le rannóga ábhartha
  • Aon fhreagrachtaí réasúnta eile a mheasann an bainisteoir bunaithe ar riachtanais an ghnó nó riachtanais na rannóige.

Nithe atá riachtanach don phost:

  • A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.
  • Taithí theagmhálach 3 bliana ar a laghad i margaíocht dhigiteach agus i mbainistiú feachtas.
  • Dea-theist chruthaithe ar spriocanna a bhaint amach / pleananna a chur i gcrích.
  • A bheith solúbtha i dtaobh taisteal a dhéanamh nuair is gá ar mhaithe le feachtas a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
  • Sárscileanna idirphearsanta agus bainistithe mar aon le hardchaighdeáin ghairmiúla don tseirbhís do chustaiméirí, do chaighdeán na hoibre, aird den scoth ar mhionsonraí agus thar a bheith eagraithe.
  • Inniúlacht i mbainistiú ardán meán sóisialta agus in uirlisí sceidealaithe ábhair
  • Scileanna taighde agus anailíse, agus ábalta brí a bhaint as príomh-mhéadrachtaí feidhmíochta
  • Tá inniúlacht in Adobe Creative Suite agus i ndearadh grafach riachtanach.
  • Ábalta taighde a dhéanamh ar mhodhanna eagarthóireachta, ar chuir chuige agus ar na modhanna léirithe is déanaí a bhaineann le hábhar a chruthú do na meáin shóisialta.
  • Sárscileanna cóipscríbhneoireachta.
  • Mioneolas ar Instagram, Facebook, LinkedIn, uirlisí sceidealaithe, agus ar dhea-chleachtais ar fud na n-ardán meán sóisialta.
  • Duine atá sásta oibriú as a stuaim féin agus a bhfuil cur chuige réamhghníomhach aige i dtaobh ábhar tarraingteach a chruthú.
  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.

Sa gCeannáras i mBaile na hAbhann a bheidh an post lonnaithe. Tá polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm ag TG4.
 
4pm Déardaoin an 29 Eanair 2026 an spriocdháta d’iarratais. Seol CV mar aon le litir iarratais chuig: cv@tg4.ie
 
Eolas Breise don Iarratasóir

Grád an Phoist: Grád 5

Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Táthar ag súil, mar gheall ar riachtanais an phoist, go mbeifeá solúbtha ó am go ham, i.e. go mbeifeá sásta, scaití, oibriú lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.

Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.

Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.

Taisteal: Beidh taisteal in Éirinn i gceist ó am go ham mar chuid den ról.

Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:

  • Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
  • Saoire Staidéir agus Scrúduithe
  • Táillí Ballraíochta Gairmiúla
  • Pinsean Ranníocach
  • An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre

Cúntóir Léirithe Cúla4

Conradh Buan
 
Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an bpost: Cúntóir Léirithe Cúla4. Beidh an té a cheapfar freagrach as cúnamh a thabhairt Cainéal Cúla4 a riar agus a chomhordú. Sa gCeannáras i mBaile na hAbhann a bheidh an post lonnaithe. Tá polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm ag TG4. Beidh an té a cheapfar freagrach do Bhainisteoir Chainéal Cúla4.

Is fostóir comhionannas deiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá dearcadh dearfach ag TG4 i leith na hÉagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.
 
Cúraimí
Beidh an té a cheapfar freagrach as cúnamh a thabhairt Cainéal Cúla4 a riar agus a chomhordú.

I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, beidh:

  • Comhordú a dhéanamh ar ábhar craolta do Chainéal Cúla4
  • Comhordú a dhéanamh ar ábhar do Chainéal YouTube agus do shuíomh Cúla4
  • Cúnamh a thabhairt obair léirithe a dhéanamh ar ábhar Cúla4.
  • Comhordú a dhéanamh ar ábhar Bolscaireachta & Poiblíochta Cúla4
  • Cúnamh a thabhairt leis an eagrúchán ag ócáidí Cúla4
  • Cúnamh a thabhairt le comhfhreagras ó Cúla4
  • Aon dualgais bhailí eile a iarrann Bainisteoir na Rannóige ort a chomhlíonadh.

Nithe atá riachtanach don phost seo:

  • A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.
  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
  • Cumas maith eagrúcháin.
  • Eolas agus tuiscint ar lucht féachana Cúla4
  • Taithí Léirithe
  • Súil ghrinn eagarthóireachta a bheith agat maidir le hábhar físe.
  • Fócas dearfach, bealach maith le daoine agus ábalta ceangal a chothú le comhghleacaithe agus leis an bpobal.
  • Sárthuiscint ar na féidearthachtaí a bhaineann leis na meáin shóisialta, le YouTube agus leis na hardáin dhigiteacha chun lucht féachana a aimsiú.
  • Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta (ardtuiscint ar Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).
  • A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.
  • Ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus ar fáil in am.

4pm Déardaoin an 29 Eanáir 2026 an spriocdháta d’iarratais. Seol CV mar aon le litir iarratais chuig: cv@tg4.ie

Eolas Breise don Iarratasóir

Grád an Phoist: Grád 5

Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Táthar ag súil, mar gheall ar riachtanais an phoist, go mbeifeá solúbtha ó am go ham, i.e. go mbeifeá sásta, scaití, oibriú lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.

Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.

Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.

Taisteal: Beidh taisteal in Éirinn i gceist ó am go ham mar chuid den ról.

Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:

  • Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
  • Saoire Staidéir agus Scrúduithe
  • Táillí Ballraíochta Gairmiúla
  • Pinsean Ranníocach
  • An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre

Intéirn Cúla4

Scéim Intéirneachta Bliana de chuid TG4 do chéimithe nó do tosaitheoirí le CÚLA4
Aibreán 2026 – Aibreán 2027
 
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó thosaitheoirí nó ó chéimithe ollscoile chun tréimhse bliana a chaitheamh ar intéirneacht i TG4 i mBaile na hAbhann.

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.

Is deis é seo do dhuine atá ag tosú amach san earnáil físe agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil chun cur leis an oiliúint atá faighte acu go dtí seo. Íocfar tuarastal le linn na bliana seo agus beidh deiseanna oiliúna breise ar fáil lena linn freisin.
 
Nithe atá riachtanach don phost seo:
Daoine a bhfuil Gaeilge labhartha agus scríofa den scoth acu, a bhfuil suim acu sna hardáin meán sóisialta agus a bhfuil taithí acu ar na hardáin sin atá á lorg.

Beifear ag súil go mbeidh scileanna taighde agus cumas maith scríofa ag an té a mbronnfar an intéirneacht orthu chomh maith le tuiscint a bheith acu ar céard is scéal mealltach ann.
 
I measc na ndualgas a bheidh ar an té a cheapfar, beidh:

  • Sceideal na meán sóisialta a bhainistiú, a eagrú agus a fhoilsiú.
  • Freagracht as tuairiscí reatha a chruthú ó thaobh na hanailíse de.
  • Beidh an té a cheapfar ina phointe teagmhála ag an bpobal agus beidh sé de chúram air freagraí a bheidh le tabhairt don phobal ar na hardáin meán sóisialta a chomhordú.
  • Beidh teideal agus fotheidil le cruthú d’ábhar ar líne, mar aon le hábhar a chur in oiriúint do na hardáin meán sóisialta.

Gheobhaidh an té a cheapfar taithí chuimsitheach ar bheith ag obair sa réimse reatha léiriúcháin ina ndéantar comhordú ar obair eagarthóireachta agus ar obair foilsitheoireachta ar na hardáin dhigiteacha.
 
Seol CV, mar aon le do litir iarratas chuig cv@tg4.ie.
 
An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 4pm Déardaoin an 29 Eanáir 2026
 
Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4. I gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann a bheidh an post seo lonnaithe.

Eolas Breise don Iarratasóir

Grád an Phoist: Grád Intéirn