Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Folúntais

Riarthóir Cumarsáide / Preasa

Conradh Buan
 
Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an bpost Riarthóir Cumarsáide/ Preasa ar bhonn buan. Beidh an té a cheapfar lonnaithe i gCeannáras TG4 i nGaeltacht na Gaillimhe agus freagrach don Bhainisteoir Cumarsáide.

Is craoltóir náisiúnta teilifíse Gaeilge é TG4 atá lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Tá ábhar TG4 ar fáil ar gach ardán teilifíse ar fud na hÉireann, ar fud an domhain ar an idirlíon agus ar ardáin dhigiteacha. Is craoltóir-foilsitheoir seirbhíse poiblí é TG4 a fhaigheann formhór a ábhair ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha, ábhar a bhfuil duaiseanna agus gradaim go leor buaite aige. Is corparáid phoiblí chraolacháin é TG4 faoin Acht Craolacháin, 2009 a bhunaigh an Rialtas agus atá á maoiniú ag an Rialtas.

Fostóir comhionannais deiseanna é TG4 agus déantar iarratais incháilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá meon dearfach ag TG4 i leith na hÉagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.
 
An Ról
Beidh ról lárnach ag an té a cheapfar ag tacú le hobair na Rannóige Cumarsáide in TG4, ag déanamh poiblíochta agus ag mealladh lucht féachana chuig ábhar TG4. Is ról é seo do dhuine atá paiseanta faoi eolas faoi chláir agus branda TG4 a scaipeadh i measc an phobail.

I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, gan bheith teoranta dóibh, beidh;

  • Eolas cumarsáide agus ábhar poiblíochta a bhailiú agus a chur in oiriúint.
  • Eolas poiblíochta a scaipeadh ar lucht preasa, ar ardáin dhigiteacha, ar thionchóirí, ar na meáin agus eile.
  • Ábhar a scríobh, a cheartú, a aistriú agus a phrofáil.
  • Cuidiú ócáidí agus feachtais chumarsáide a eagrú.
  • Cuidiú leis an bhfoireann cumarsáide preasráitis a scríobh agus a eisiúint.
  • Cuidiú le bunachair sonraí a choinneáil suas chun dáta.
  • Ábhar agus eolas a roinnt leis na meáin.
  • Aon fhreagrachtaí réasúnta eile a mheasann an bainisteoir nó stiúrthóir na rannóige bunaithe ar riachtanais an ghnó.
  • Cuidiú le hábhar a fhoilsiú ar na meáin shóisialta ó am go chéile.

Tabhair ar aird: Is treoir atá sa sainchuntas poist seo maidir le réimsí éagsúla freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart breathnú air mar liosta cuimsitheach. D’fhéadfadh an sainchuntas poist a bheith faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise struchtúir nua agus / nó athrú a bheith ag teacht ar riachtanais TG4.

Bíonn tionscal na teilifíse ag síorathrú. Glacann TG4 go fonnmhar leis na hathruithe seo agus athróidh an comhlacht agus dualgais na foirne dá réir.
 
Nithe atá riachtanach don phost seo:

  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.
  • Ardscileanna cumarsáide agus taithí ar bheith ag plé leis an bpobal
  • Fócas dearfach agus cumas maith foirne
  • Sár-thuiscint ar na meáin shóisialta agus ar na hardáin dhigiteacha agus an fheidhm atá leo i gcomhthéacs preasa agus poiblíochta
  • Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta (ard-tuiscint ar Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).
  • Taithí ar Chóipscríbhneoireacht agus ar Cheannlínte a scríobh – i nGaeilge agus i mBéarla
  • Taithí ar phreasráitis a scríobh.
  • Taithí mhaith ar obair thaighde a dhéanamh agus ar theagmhálacha a aimsiú.
  • Taithí ar bheith ag obair le formáidí éagsúla ó thaobh íomhánna de.
  • Ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.

Sa gCeannáras i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe atá an post seo. Tá polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm i TG4.
4pm Dé hAoine an 31ú Iúil 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol do CV mar aon le litir iarratais chuig cv@tg4.ie.

Eolas Breise don Iarratasóir

Grád an Phoist:
Grád 5

Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Mar gheall ar riachtanais an phoist agus an earnáil teilifíse, táthar ag súil go mbeifeá solúbtha ó am go ham, lena n-áirítear a bheith sásta oibriú, nuair atá gá leis, lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.

Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.

Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.

Taisteal:
Beidh taisteal in Éirinn agus thar lear i gceist ó am go chéile mar chuid den ról.

Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:

  • Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
  • Saoire Staidéir agus Scrúduithe
  • Táillí Ballraíochta Gairmiúla
  • Pinsean Ranníocach
  • An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre

Dlíodóir

Conradh Buan
 
Is mian le TG4 Dlíodóir lánaimseartha a earcú ar bhonn buan i Rannóg Dlí TG4.
Is craoltóir náisiúnta teilifíse Gaeilge é TG4 atá lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Tá ábhar TG4 ar fáil ar gach ardán teilifíse ar fud na hÉireann, ar fud an domhain ar an idirlíon agus ar ardáin dhigiteacha. Is craoltóir-foilsitheoir seirbhíse poiblí é TG4 a fhaigheann formhór a ábhair ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha, ábhar a bhfuil duaiseanna agus gradaim go leor buaite aige. Is corparáid phoiblí chraolacháin é TG4 faoin Acht Craolacháin, 2009 a bhunaigh an Rialtas agus atá á maoiniú ag an Rialtas.

Fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déantar iarratais incháilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá meon dearfach ag TG4 i leith na hÉagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu. Tacaíonn TG4 le daoine faoi mhíchumas a fhostú.
 
Ról
Ag freagairt don Stiúrthóir Dlí beidh an té a cheapfar freagrach as conarthaí agus as cáipéisíocht a chuir i gcríoch agus as comhairle dlí a thabairt do TG4.

I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, gan bheith teoranta dóibh, beidh;

  • Conarthaí a dhréachtú i mBéarla, idirbheartaíocht a dhéanamh ina leith agus iad a thabhairt chun críche; conarthaí ceannacháin, conarthaí soláthair, conarthaí tráchtála, conarthaí teicniúla agus conarthaí eile ina measc.
  • Conarthaí coimisiúnaithe a dhréachtú i nGaeilge a bheidh bunaithe ar theimpléad atá dréachtaithe cheana féin ag an bhfoireann sa Rannóg Dlí
  • Comhairle dlí a thabhairt don eagraíocht lena n-áirítear comhairle i ndáil le saincheisteanna soláthair, conarthaí tráchtála, ceisteanna faoi chúrsaí craolacháin agus faoi chomhlíonadh ábhair
  • Cáipéisí treorach a dhréachtú
  • I ndiaidh tréimhse ghearr traenála, athbhreithniú a dhéanamh ar ábhar a léirítear sa teach sula gcraoltar é
  • Idirbheartaíocht a dhéanamh thar ceann TG4 le heagraíochtaí seachtracha
  • Aon fhreagrachtaí réasúnta eile a mheasann an Stiúrthóir Dlí nó an t-Ard Stiúrthóir bunaithe ar riachtanais an ghnó.

Tabhair ar aird: Is treoir atá sa sainchuntas poist seo maidir le réimsí éagsúla freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart breathnú air mar liosta cuimsitheach. D’fhéadfadh an sainchuntas poist a bheith faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise struchtúir nua agus / nó athrú a bheith ag teacht ar riachtanais TG4.

Bíonn tionscal na teilifíse ag síorathrú. Glacann TG4 go fonnmhar leis na hathruithe seo agus athróidh an comhlacht agus dualgais na foirne dá réir.
 
Nithe atá riachtanach don phost seo:

  • A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm
  • A bheith cáilithe mar aturnae i bPoblacht na hÉireann
  • Taithí shuntasach i ndiaidh cáilíocht a bhaint amach
  • Sárscileanna dréachtaithe agus pointeáilteacht
  • Sárscileanna réitigh fadhbanna
  • Tusicint ar dhlí na meán
  • Eolas ar fhreagrachtaí an chraoltóra phoiblí maidir le hábhar
  • Ábalta feidhmiú go muiníneach, éifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil
  • Meon dearfach i leith na hoibre agus na Gaeilge agus ábalta oibriú mar chuid d’fhoireann
  • Ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh
  • Scileanna iontacha idirphearsanta chomh maith le cumas deachaidrimh ghairmiúla a bhunú laistigh den eagraíocht agus lasmuigh di
  • Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa
  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4, tá sé riachtanach go mbeifeá sásta í a fhoghlaim agus í a labhairt san ionad oibre. Cuirfear oiliúint agus ranganna ar fáil más gá.

Sa Cheannáras i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe atá an post seo. Tá polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm i TG4.
 
4pm Dé hAoine an 7 Lúnasa 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol CV mar aon le litir iarratais ina léirítear an taithí agus an spéis atá agat sa ról Dlíodóir, chuig cv@tg4.ie.

Eolas Breise don Iarratasóir

Grád an Phoist:
Grád 4

Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Mar gheall ar riachtanais an phoist, táthar ag súil go mbeifí solúbtha ó am go ham, lena n-áirítear a bheith sásta oibriú, nuair atá gá leis, lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.

Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.

Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.

Taisteal:
Beidh taisteal i gceist ó am go chéile mar chuid den ról, in Éirinn agus thar lear.

Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:

  • Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
  • Saoire Staidéir agus Scrúduithe
  • Táillí Ballraíochta Gairmiúla
  • Pinsean Ranníocach
  • An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre

Bainisteoir Cibearshlándála

Is mian le TG4 Bainisteoir Cibearshlándála a cheapadh ar chonradh buan. Ag freagairt don Stiúrthóir Teicneolaíochta agus Dáileacháin, beidh an Bainisteoir Cibearshlándála freagrach as straitéis cibearshlándála, creat rialachais agus clár bainistithe riosca na heagraíochta a bhunú, a stiúradh agus a chur i gcrích.

Is craoltóir náisiúnta teilifíse Gaeilge é TG4 atá lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Is craoltóir-foilsitheoir seirbhíse poiblí é TG4 a fhaigheann formhór a ábhair ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha, ábhar a bhfuil duaiseanna agus gradaim go leor buaite aige. Tá ábhar TG4 ar fáil ar gach ardán teilifíse ar fud na hÉireann, ar fud an domhain ar an idirlíon agus ar ardáin dhigiteacha.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin is riachtanas é go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga. Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.

Is é Ceannáras TG4 i mBaile na hAbhann ionad oibre an phoist seo. Tá polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm ag TG4.

An ról;
Feidhmeoidh an Bainisteoir Cibearshlándála mar phríomhchomhairleoir maidir le cúrsaí cibearshlándála, ag cinntiú go ndéanfar cuspóirí teicneolaíochta, athléimneacht oibríochtúla, comhlíonadh rialála agus gnó a ailíniú. Beidh an té a bheidh sa ról seo freagrach as cur i bhfeidhm straitéiseach agus as a chinntiú ag an am céanna go mbeidh cosaint chuí coinnithe ag an eagraíocht ar a córais, ar a sócmhainní faisnéise, ar a seirbhísí oibríochtúla agus ar shonraí na bpáirtithe leasmhara.

Éireoidh leat sa ról ach na spriocanna seo a bhaint amach:

  • An neamhchosaint cibear-riosca eagraíochtúil a laghdú
  • Aibíocht agus rialachas slándála níos fearr a chur i bhfeidhm
  • Comhlíonadh éifeachtach rialála a chur a bhfeidhm
  • Athléimneacht mhéadaithe a bhaint amach i gcoinne cibeartheagmhas
  • Infheictheacht níos fearr maidir le rioscaí cibearshlándála a bhaint amach ar leibhéal feidhmiúcháin agus boird
  • Cultúr láidir slándála a chur i bhfeidhm ar fud na heagraíochta

I measc na ndualgas, ach gan bheith teoranta dóibh, a bheidh ar an té a cheapfar beidh:

Straitéis & Rialachas Cibearshlándála

  • Straitéis chuimsitheach chibearshlándála a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a bheidh ag teacht le cuspóirí eagraíochtúla agus le hinghlacthacht riosca.
  • Creataí rialachais, polasaithe, caighdeáin agus nósanna imeachta maidir le cibearshlándáil a bhunú.
  • Tuairisciú rialta cibearshlándála, nuashonruithe riosca agus tuairisciú dearbhaithe a chur ar fáil don Bhainistíocht Feidhmiúcháin agus don Bhord.
  • Prionsabail slándála a leabú sna hoibríochtaí gnó agus sna cláir theicneolaíochta ar fad.

Bainistiú Riosca & Comhlíonadh

  • Aithint, measúnú agus bainistiú rioscaí cibearshlándála a stiúradh.
  • Clár riosca cibearshlándála fiontair a choinneáil agus maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí maolaithe.
  • Comhlíonadh na reachtaíochta, na rialachán agus na gcaighdeán tionscail ábhartha a chinntiú, lena n-áirítear RGCS, NIS2, agus na creataí slándála is infheidhme.
  • Iniúchtaí cibearshlándála, gníomhaíochtaí dearbhaithe agus cruinnithe rialála a bhainistiú.

Oibríochtaí Slándála & Bainistiú Teagmhas

  • Maoirseacht a dhéanamh ar mhonatóireacht slándála, ar bhagairtí a aithint, ar leochaileacht a bhainistiú, agus ar acmhainn na heagraíochta freagairt do theagmhais.
  • Creat éifeachtach freagartha ar chibeartheagmhais agus leanúnachais gnó a bhunú agus a choinneáil.
  • Freagairt eagraíochtúil a stiúradh maidir le teagmhais mhóra chibearshlándála agus gníomhaíochtaí teicniúla, oibríochtúla, dlíthiúla agus cumarsáide a chomhordú.
  • A chinntiú go ndéanfar pleananna freagartha do chibeartheagmhais a thástáil agus a fheidhmiú go rialta.

Teicneolaíocht & Ailtireacht

  • Maoirseacht straitéiseach a dhéanamh ar chinntí a bhaineann leis an ailtireacht slándála agus teicneolaíochta.
  • A chinntiú go ndéantar rialuithe slándála cuí a áireamh i mbonneagar, feidhmchláir, néalseirbhísí agus córais oibríochtúla.
  • Feabhsuithe ar bhainistiú céannachta, rialuithe rochtana, slándáil líonra, cosaint sonraí agus athléimneacht a spreagadh.

Slándáil an tSlabhra Soláthair & Tríú Páirtí

  • Próisis riosca chibearshlándála tríú páirtí a fhorbairt agus a bhainistiú.
  • A chinntiú go gcomhlíonann soláthróirí agus comhpháirtithe na caighdeáin slándála chuí.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar cheanglais slándála laistigh de chonarthaí, próisis soláthair, agus athbhreithnithe ar sholáthróirí.

Ceannaireacht & Cultúr

  • Cultúr láidir cibearshlándála a chur chun cinn ar fud na heagraíochta.
  • Cláir feasachta agus oiliúna slándála a stiúradh.
  • Caidrimh éifeachtacha a fhorbairt le ceannaireacht na Cuideachta, leis na Rannóga éagsúla gnó, le foireann na teicneolaíochta agus le comhpháirtithe seachtracha.
  • An acmhainneacht cibearshlándála a fhorbairt agus meantóireacht a dhéanamh air laistigh den eagraíocht.

Príomhspriocanna Insoláthartha

  • Straitéis agus treochlár cibearshlándála
  • Creat rialachais slándála fiontair
  • Clár bainistithe cibear-riosca
  • Creat comhlíonta rialála
  • Freagairt do theagmhais agus acmhainn athléimneachta
  • Monatóireacht slándála agus feabhsuithe ar bhainistiú bagairtí
  • Clár feasachta slándála
  • Tuairisciú cibearshlándála ar leibhéal an bhoird

Tabhair ar aird: Is treoir atá sa sainchuntas poist seo maidir le réimsí éagsúla freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart breathnú air mar liosta cuimsitheach. D’fhéadfadh an sainchuntas poist a bheith faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise struchtúir nua agus / nó athrú a bheith ag teacht ar riachtanais TG4.
 
Na scileanna agus an taithí atá ag teastáil don phost seo:

Taithí Riachtanach

  • Taithí ar straitéisí cibearshlándála a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus cruthúnas air sin.
  • Taithí ar chibear-rioscaí a bhainistiú ar leibhéal an fhiontair.
  • Taithí ar chláir freagartha teagmhais agus cibear-athléimneachta a stiúradh.
  • Tuiscint láidir ar oibríochtaí slándála, bonneagar, néalríomhaireacht agus timpeallachtaí teicneolaíochta fiontraíochta.
  • Taithí ar bheith i mbun rannpháirtíochta le ceannaireacht feidhmiúcháin agus le boird.

Taithí Inmhianaithe

  • Taithí ar bheith ag obair laistigh de thimpeallachtaí bonneagair chriticiúil, na meán, na teicneolaíochta, nó i dtimpeallachtaí rialáilte.
  • Taithí ar NIS2, RGCS, ISO 27001, nó creataí comhchosúla.
  • Taithí ar sheirbhísí Lárionad Oibríochtaí Slándála (SOC) a bhainistiú.
  • Taithí ar bhainistiú riosca soláthraí agus tríú páirtí.

Scileanna agus Inniúlachtaí

  • Smaointeoir straitéiseach a bhfuil tuiscint láidir ghnó aige
  • Ábalta tionchar gnó a dhéanamh de riosca teicniúil
  • Scileanna láidre ceannaireachta agus ábalta tionchar a imirt
  • Sárscileanna cumarsáide ar an leibhéal feidhmiúcháin
  • Scileanna láidre cinnteoireachta agus réitigh fadhbanna
  • Ábalta riachtanais oibríochtúla a chothromú le straitéis slándála fhadtéarmach
  • Tuiscint láidir ar chibearbhagairtí agus ar threochtaí teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn

Beidh an tuarastal de réir cháilíochtaí agus thaithí an té a roghnófar.

Seol litir iarratais ina léirítear an taithí atá agat agus an cur chuige a bheadh agat don phost Bainisteoir Cibearshlándála chuig cv@tg4.ie roimh 4pm Dé hAoine an 7ú Lúnasa 2026.

Eolas Breise don Iarratasóir

Grád an Phoist:
Grád 3

Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Mar gheall ar riachtanais an phoist, táthar ag súil go mbeifí solúbtha ó am go ham, lena n-áirítear a bheith sásta oibriú, nuair atá gá leis, lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.

Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.

Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.

Taisteal:
Beidh taisteal i gceist ó am go chéile mar chuid den ról, in Éirinn agus thar lear.

Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:

  • Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
  • Saoire Staidéir agus Scrúduithe
  • Táillí Ballraíochta Gairmiúla
  • Pinsean Ranníocach
  • An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre

Bainisteoir Cruthaitheach

Conradh Cuspóra Sheasta – Clúdach Saoire Máithreachais
 
Is mian le TG4 Bainisteoir Cruthaitheach, a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i nGaeltacht na Gaillimhe, a earcú chun tréimhse saoire máithreachais a chlúdach. Ag freagairt don Stiúrthóir Lucht Féachana, Margaíochta agus Comhpháirtíochtaí, beidh an Bainisteoir Cruthaitheach freagrach as an bhfoireann a bhíonn ag cruthú ábhair agus as seirbhís cruthaithe ábhair TG4 a bhainistiú.

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
 
An Ról:
I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, gan bheith teoranta dóibh, beidh;

  • Clár oibre na Foirne Cruthaithí a bhainistiú
  • Seirbhísí Cruthaitheacha TG4 a bhainistiú do pháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha
  • Sruthanna oibre na Foirne Cruthaithí a bhainistiú
  • Monatóireacht a dhéanamh ar chaighdeán oibre an Mhoil Chruthaithigh agus an caighdeán sin a fheabhsú go leanúnach
  • Plean forbartha áiseanna, acmhainní agus scileanna don Mhol Cruthaitheach a chur le chéile agus a chur i bhfeidhm
  • Monatóireacht a dhéanamh ar chúrsaí anailísíochta chun chomh héifeachtach agus atá an t-ábhar a chruthaítear sa Mhol Cruthaitheach a mheas agus aiseolas a thabhairt ina leith
  • Ceannasaíocht a ghlacadh ar thograí ar leith
  • Aon fhreagrachtaí réasúnta eile a mheasann an Stiúrthóir bunaithe ar riachtanais an ghnó.

Tabhair ar aird: Is treoir atá sa sainchuntas poist seo maidir le réimsí éagsúla freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart breathnú air mar liosta cuimsitheach. D’fhéadfadh an sainchuntas poist a bheith faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise struchtúir nua agus / nó athrú a bheith ag teacht ar riachtanais TG4.

Bíonn tionscal na teilifíse ag síorathrú. Glacann TG4 go fonnmhar leis na hathruithe seo agus athróidh an comhlacht agus dualgais na foirne dá réir.
 
Nithe atá riachtanach don phost seo:

  • A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.
  • Fócas dearfach, cumas maith foirne agus taithí chruthaithe ar fhoireann a bhainistiú agus a fhorbairt.
  • Tuiscint ghrinn ar lucht féachana TG4
  • Taithí ar mhonatóireacht a dhéanamh ar chúrsaí anailísíochta, tuairisciú agus aiseolas a thabhairt
  • Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta (ard-tuiscint ar Office 365, bogearraí cruthaitheacha agus dearaidh, na hardáin meán sóisialta agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).
  • Ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.
  • Ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus ar fáil in am.
  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.

Sa gCeannáras i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe atá an post seo. Tá polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm i TG4.

4pm Dé hAoine an 7 Lúnasa 2026 an spriocdháta d’iarratais. Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig cv@tg4.ie.