Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Folúntais

Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha agus Gnóthaí Poiblí

Conradh Buan
 
Ag freagairt don Ard-Stiúrthóir, beidh an Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha agus Gnóthaí Poiblí i bhfeighil gnóthaí corparáideacha lena n-áirítear ceannaireacht a thabhairt ar dhualgais rialachais chorparáidigh TG4, stiúradh a thabhairt ar acmhainní daonna maille le cúraimí gnóthaí poiblí na heagraíochta. Beidh an Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha agus Gnóthaí Poiblí ina bhall d’fhoireann ardbhainistíochta TG4. Post ar chonradh buan é seo.
 
Beidh na cáilíochtaí seo a leanas ag an té a cheapfar:

  • Taithí mhór ar rialachas corparáideach, gnóthaí poiblí nó réimse inaistrithe eile.
  • Cáilíocht mháistreachta sa ghnó, sa bhainistíocht, in acmhainní daonna, sa dlí nó i réimse eile a bhaineann go díreach leis an ról seo.
  • Dea-theist láidir agus taithí mhór oibre ar fheidhmeanna Seirbhísí Corparáideacha agus Rialachais a threorú.
  • Sárscileanna cumarsáide agus idirphearsanta agus a bheith ábalta dul i bhfeidhm ar dhaoine.
  • Gaeilge den scoth, idir labhairt agus scríobh na teanga.

Ní foláir d’iarrthóirí an fhoirm iarratais ar líne a líonadh isteach agus CV cuimsitheach a sholáthar, chomh maith le litir ghearr chlúdaigh.

Tá breis eolais faoin bpróiseas iarratais ar fáil ag www.sigmarrecruitment.com/TG4.

Is féidir comhrá faoi dhiscréid a dhéanamh le Roger Duffy nó ag Caoimhe Dunne 01 4744 678 nó ar r-phost chuig TG4@sigmar.ie.
 
Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus is í an Ghaeilge an teanga oibre.

Bainisteoir Taighde & Léargais Lucht Féachana

Conradh Cuspóra Sheasta (Clúdach Saoire Máithreachais)
 
Is mian le TG4 Bainisteoir Taighde & Léargais Lucht Féachana, a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i nGaeltacht na Gaillimhe, a earcú chun tréimhse saoire máithreachais a chlúdach. Is ról lárnach é seo san obair a dhéanann TG4. Ag freagairt don Stiúrthóir Margaíochta, Forbartha & Comhpháirtíochtaí, beidh an té a cheapfar freagrach as anailís a dhéanamh ar an lucht féachana agus as anailís mhionchruinn agus léargais a chur, mionanailís agus léargas a chur faoi bhráid lucht bainistíochta TG4 agus earnáil neamhspleách na meán. Beidh an té a cheapfar ag comhoibriú go dlúth le rannóg na gCoimisiún, leis an rannóg Margaíochta, leis an rannóg Teicneolaíochta agus le páirtithe leasmhara seachtracha.

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
 
An Ról

Is iomaí bealach a thagann an lucht féachana ar ábhar TG4, ar an teilifís, ar líne ar an Seinnteoir, ar na meáin shóisialta agus ar ardáin eile.

Beidh an té a cheapfar freagrach as an taighde a dhéantar ar lucht féachana TG4 agus as léargas a chur faoi bhráid na foirne eagarthóireachta agus bainistíochta maidir le lucht féachana trasardáin TG4. Beidh cúram ar an té sin forbairt agus bainistiú a dhéanamh ar an eolas a bhaileofar faoin lucht féachana ó fhoinsí éagsúla agus an t-eolas sin a dhíriú ar ghnéithe a chuideoidh le cinntí eagarthóireachta a dhéanamh.
 
I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, gan bheith teoranta dóibh, beidh:

  • Taighde Lucht Féachana TG4 a bhainistiú agus a fhorbairt.
  • Anailís a dhéanamh, tuairiscí a ullmhú agus aiseolas a thabhairt maidir le lucht féachana TG4.
  • Ionadaíocht a dhéanamh thar ceann TG4 ar ghrúpaí oibre TAM Ireland.
  • Togra Fios Físe a bhainistiú agus é á aistriú chuig soláthraí taighde nua.
  • Tograí taighde TG4 a bhainistiú, suirbhéanna a fhorbairt agus anailís a dhéanamh orthu.
  • Deais eolais úsáideach a dhearadh agus a thógáil i gcomhar leis an bhfoireann taighde lucht féachana.
  • Tuairiscí agus aiseolas a ullmhú do pháirtithe leasmhara.
  • Cur i láthair faoin lucht féachana a dhéanamh os comhair fhoireann agus Bhord TG4 ar bhonn míosúil.
  • Spriocanna bliantúla a shocrú maidir leis an lucht féachana agus APSCanna agus monatóireacht a dhéanamh orthu.
  • Aon fhreagrachtaí réasúnta eile a mheasann an Stiúrthóir bunaithe ar riachtanais an ghnó.

Tabhair ar aird: Is treoir atá sa sainchuntas poist seo maidir le réimsí éagsúla freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart breathnú air mar liosta cuimsitheach. D’fhéadfadh an sainchuntas poist a bheith faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise struchtúir nua agus/nó athrú a bheith ag teacht ar riachtanais TG4.

Bíonn tionscal na meán ag síorathrú. Glacann TG4 go fonnmhar leis na hathruithe seo agus athróidh an comhlacht agus dualgais na foirne dá réir.
 
Nithe atá riachtanach don phost seo:

  • A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.
  • Tuiscint ghrinn ar lucht féachana TG4.
  • Taithí ar bhogearraí a úsáidtear chun anailís a dhéanamh.
  • A bheith ábalta tuairisciú a dhéanamh ar bhealach a thugann léargas do pháirtithe leasmhara.
  • A bheith ábalta mionanailís agus léargas a thabhairt mar chuid de thuairiscí corparáideacha.
  • Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta (ard-tuiscint ar chórais amhail Excel, MS Office, Power BI, bogearraí anailíse Nielsen agus a bheith ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).
  • A bheith ábalta dea-chaidreamh a chothú le comhghleacaithe agus le páirtithe seachtracha
  • A bheith ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.
  • A bheith ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar ardchaighdeáin réidh agus ar fáil in am.
  • Fócas dearfach, cumas maith foirne agus taithí chruthaithe ar thograí a bhainistiú agus a fhorbairt.
  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.

I gCeannáras TG4 i nGaeltacht na Gaillimhe a bheidh an post seo lonnaithe. Tá polasaí solúbtha oibre i bhfeidhm i TG4.

4pm Dé hAoine an 2 Deireadh Fómhair 2026 an spriocdháta d’iarratais. Seol do CV mar aon le litir iarratais chuig cv@tg4.ie.

Eolas Breise don Iarratasóir

Grád an Phoist:
Grád 3

Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Mar gheall ar riachtanais an phoist, táthar ag súil go mbeifí solúbtha ó am go ham, lena n-áirítear a bheith sásta oibriú nuair is gá lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.

Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.

Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.

Taisteal:
Beidh taisteal i gceist ó am go chéile mar chuid den ról, in Éirinn agus thar lear.

Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:

  • Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
  • Saoire Staidéir agus Scrúduithe
  • Táillí Ballraíochta Gairmiúla
  • Pinsean Ranníocach
  • An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre

Eagarthóir / Léiritheoir – Molscéal

Conradh Buan
 
Is mian le TG4 Eagarthóir / Léiritheoir a earcú a bheidh lonnaithe sa Cheannáras i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe. Beidh Eagarthóir / Léiritheoir Molscéal ag freagairt don Stiúrthóir Ábhair, agus beidh an té sin freagrach as treoir eagarthóireachta a thabhairt i dtaobh ábhar a chruthú d’ardáin ar leith chomh maith le cúram léiritheora a ghlacadh ar thograí ar leith.
Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
 
An Ról:
Beidh an té a cheapfar sa ról seo freagrach as ceannasaíocht a ghlacadh ar thograí ar leith a bhaineann leis an ardán Molscéal TG4.

I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, gan bheith teoranta dóibh, beidh:

  • Treoir Eagarthóireachta a thabhairt i dtaobh ábhar a chruthófar
  • Ábhar a chruthófar a léiriú agus a chur in eagar
  • Ábhar a chruthú agus a fhoilsiú
  • Ábhar a fhorbairt do shraitheanna gearrfhoirme
  • Pobal cruthaitheoirí ábhair a thabhairt chun cinn agus a chothú
  • Comhordú a dhéanamh ar ábhar a fhaightear ón earnáil léiriúcháin
  • Ceannaireacht a ghlacadh ar Thograí faoi leith (m.sh. tograí do na hardáin, feachtais nó tograí léiriúcháin)
  • Stíl agus struchtúir a fhorbairt d’ábhar neamhlíneach
  • Forbairt leanúnach a dhéanamh ar an úsáid is fearr is féidir a bhaint as ardáin dhigiteacha ar mhaithe leis an mbranda
  • Aon fhreagrachtaí réasúnta eile a mheasann an Stiúrthóir bunaithe ar riachtanais an ghnó.

Tabhair ar aird: Is treoir atá sa sainchuntas poist seo maidir le réimsí éagsúla freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart breathnú air mar liosta cuimsitheach. D’fhéadfadh an sainchuntas poist a bheith faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise struchtúir nua agus/nó athrú a bheith ag teacht ar riachtanais TG4.

Bíonn tionscal na teilifíse ag síorathrú. Glacann TG4 go fonnmhar leis na hathruithe seo agus athróidh an comhlacht agus dualgais na foirne dá réir.
 
Nithe atá riachtanach don phost seo:

  • A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.
  • Ardscileanna i scríobh na Gaeilge agus an Bhéarla chomh maith le bheith ábalta cóipscríbhneoireacht a dhéanamh
  • Tuiscint ar an lucht féachana.
  • Sárthuiscint ar na hardáin dhigiteacha, ar na meáin shóisialta agus ar lucht féachana na n-ardán éagsúil.
  • Ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as a stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.
  • Cur chuige dearfach, a bheith in ann réiteach go maith le baill foirne agus taithí chruthaithe ar fhoireann a threorú.
  • Beidh taithí mhaith ag an té a cheapfar ar bhogearraí ríomhaireachta (ardtuiscint ar Excel, MS Office) agus beidh an té sin ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa.
  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.

Is é 4pm Dé hAoine an 2 Deireadh Fómhair 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol do CV mar aon le litir iarratais chuig cv@tg4.ie.

Eolas Breise don Iarratasóir

Grád an Phoist:
Grád 4

Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Mar gheall ar riachtanais an phoist, táthar ag súil go mbeifí solúbtha ó am go ham, lena n-áirítear a bheith sásta oibriú nuair is gá lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.

Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.

Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.

Taisteal:
Beidh taisteal i gceist ó am go chéile mar chuid den ról, in Éirinn agus thar lear.

Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:

  • Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
  • Saoire Staidéir agus Scrúduithe
  • Táillí Ballraíochta Gairmiúla
  • Pinsean Ranníocach
  • An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre

Eagarthóir / Léiritheoir – BLOC

Conradh 2 Bhliain
 
Is ardán digiteach Gaeilge é BLOC atá dírithe ar lucht féachana 18-25 bliana d’aois. Déanann BLOC ábhar úr, cruthaitheach agus siamsúil a chruthú agus a choimisiúnú do phobal óg na Gaeltachta agus na Gaeilge – ar na hardáin a úsáideann siad agus ar bhealaí a oireann don chaoi a mbreathnaíonn siad ar an ábhar.

Tá BLOC ar Instagram, ar YouTube, ar Tik Tok agus ar ardáin shóisialta eile agus tá sé mar aidhm againn lucht féachana óg a mhealladh, caidreamh a chothú leo agus spás a chruthú do ghlórtha, do thallann agus d’ábhar siamsúil, spreagúil agus dána i nGaeilge.

Is mian le TG4 Eagarthóir / Léiritheoir BLOC atá cruthaitheach, uaillmhianach agus d’éirigh aníos le linn na ré digití a earcú chun an chéad chéim eile d’fhorbairt BLOC a threorú. Beidh an té a cheapfar lonnaithe sa Cheannáras i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe agus ag freagairt don Stiúrthóir Ábhair.

Beidh an tEagarthóir/Léiritheoir freagrach as treo cruthaitheach agus eagarthóireachta BLOC agus as ábhar a fhorbairt, a chruthú agus a choimisiúnú a bheidh ábhartha agus tarraingteach don sprioclucht féachana.
Beidh sé mar chuid lárnach den ról tallann agus cruthaitheoirí nua Gaeilge agus Gaeltachta a aimsiú agus a chothú, smaointe úra a fhorbairt agus triail a bhaint as formáidí agus cineálacha nua scéalaíochta.

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
 
An Ról:
Beidh an té a cheapfar sa ról seo freagrach as ceannasaíocht a ghlacadh ar thograí ar leith a bhaineann leis an ardán BLOC TG4.

I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, gan bheith teoranta dóibh, beidh:

  • Treo Cruthaitheach agus Eagarthóireachta BLOC a threorú agus féiniúlacht shainiúil an ardáin a fhorbairt.
  • Ábhar digiteach a cheapadh, a fhorbairt agus a chruthú don sprioclucht féachana.
  • Ábhar a chruthú, a thaifeadadh, a chur in eagar, a fhoilsiú agus a bhainistiú nuair is cuí.
  • Formáidí agus sraitheanna ‘gearrfhoirme’ agus ilardán a fhorbairt mar aon le cineálacha nua scéalaíochta atá oiriúnach do TikTok, Instagram, YouTube agus ardáin atá ag teacht chun cinn.
  • Conarthaí, buiséid agus eile a láimhseáil chun ábhar a fhorbairt agus a léiriú leis an earnáil chruthaitheach neamhspleách.
  • Tallann nua Gaeilge a aimsiú, a fhorbairt agus a chothú – idir láithreoirí, cruthaitheoirí, scríbhneoirí agus glórtha nua.
  • Pobal cruthaitheoirí ábhair Gaeilge a thabhairt chun cinn agus caidreamh láidir a chothú leis an bpobal sin.
  • Ábhar a choimisiúnaítear ón earnáil léiriúcháin neamhspleách a fhorbairt agus a mhaoirsiú ó thaobh eagarthóireachta agus léiriúcháin de.
  • Oibriú le comhlachtaí léiriúcháin ar smaointe, buiséid, conarthaí, sceidil agus seachadadh ábhair.
  • Fanacht céim chun tosaigh ar threochtaí digiteacha agus ar athruithe in iompar an lucht féachana óig, agus úsáid a bhaint as sonraí agus léargais an lucht féachana chun ábhar a fhorbairt agus a fheabhsú.
  • Feachtais, ócáidí agus tionscadail speisialta BLOC a threorú de réir mar is gá.
  • Oibriú go dlúth le Foireann Ábhair TG4 chun cur chuige comhtháite ilardán a fhorbairt don lucht féachana 18–25.
  • A chinntiú go dtugtar léargas ar shaol, ar ábhar spéise, ar chultúr agus ar éagsúlacht phobal óg na Gaeilge agus na Gaeltachta sa lá atá inniu ann in ábhar BLOC.
  • Treoir agus Stiúir a thabhairt d’Intéirneach BLOC.
  • Tabhairt faoi aon fhreagrachtaí réasúnta eile de réir mar a bheadh ag teastáil mar gheall ar riachtanais an ghnó.

Tabhair ar aird: Is treoir atá sa sainchuntas poist seo maidir le réimsí éagsúla freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart breathnú air mar liosta cuimsitheach. D’fhéadfadh an sainchuntas poist a bheith faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise struchtúir nua agus/nó athrú a bheith ag teacht ar riachtanais TG4.

Bíonn tionscal na teilifíse ag síorathrú. Glacann TG4 go fonnmhar leis na hathruithe seo agus athróidh an comhlacht agus dualgais na foirne dá réir.
 
Nithe atá riachtanach don phost seo:

  • A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.
  • Ardscileanna i scríobh na Gaeilge agus an Bhéarla chomh maith le bheith ábalta cóipscríbhneoireacht a dhéanamh
  • Sárscileanna cruthaitheacha agus eagarthóireachta agus an cumas smaoineamh a fhorbairt ón tús go dtí go bhfoilsítear é.
  • Taithí phraiticiúil ar ábhar a chruthú agus a léiriú.
  • Sárthuiscint ar an dóigh a mbíonn ábhar digiteach tarraingteach agus ábhartha don lucht féachana óg, ar an dóigh a mbíonn fonn orthu é a roinnt, agus ar iompar an lucht féachana óig ar ardáin dhigiteacha.
  • Tuiscint ar shonraí agus ar léargais lucht féachana agus cumas iad a úsáid chun feidhmíocht ábhair a thuiscint agus a fheabhsú.
  • Ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as a stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.
  • Cur chuige dearfach, a bheith in ann réiteach go maith le baill foirne agus taithí chruthaithe ar fhoireann a threorú.
  • Beidh taithí mhaith ag an té a cheapfar ar bhogearraí ríomhaireachta (ardtuiscint ar Excel, MS Office) agus beidh an té sin ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa.
  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheaptar, idir labhairt agus scríobh na teanga.

Is é 4pm Dé hAoine an 2 Deireadh Fómhair 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol do CV mar aon le litir iarratais chuig cv@tg4.ie.

Eolas Breise don Iarratasóir

Grád an Phoist:
Grád 4

Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Mar gheall ar riachtanais an phoist, táthar ag súil go mbeifí solúbtha ó am go ham, lena n-áirítear a bheith sásta oibriú nuair is gá lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.

Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.

Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.

Taisteal:
Beidh taisteal i gceist ó am go chéile mar chuid den ról, in Éirinn agus thar lear.

Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:

  • Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
  • Saoire Staidéir agus Scrúduithe
  • Táillí Ballraíochta Gairmiúla
  • Pinsean Ranníocach
  • An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre

Dlíodóir

Conradh Buan
 
Is mian le TG4 Dlíodóir lánaimseartha a earcú ar bhonn buan i Rannóg Dlí TG4.

Is craoltóir náisiúnta teilifíse Gaeilge é TG4 atá lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Tá ábhar TG4 ar fáil ar gach ardán teilifíse ar fud na hÉireann, ar fud an domhain ar an idirlíon agus ar ardáin dhigiteacha. Is craoltóir-foilsitheoir seirbhíse poiblí é TG4 a fhaigheann formhór a ábhair ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha, ábhar a bhfuil duaiseanna agus gradaim go leor buaite aige. Is corparáid phoiblí chraolacháin é TG4 faoin Acht Craolacháin, 2009 a bhunaigh an Rialtas agus atá á maoiniú ag an Rialtas.

Fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déantar iarratais incháilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá meon dearfach ag TG4 i leith na hÉagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu. Tacaíonn TG4 le daoine faoi mhíchumas a fhostú.
 
Ról
Ag freagairt don Stiúrthóir Dlí beidh an té a cheapfar freagrach as conarthaí agus as cáipéisíocht a chuir i gcríoch agus as comhairle dlí a thabairt do TG4.

I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, gan bheith teoranta dóibh, beidh;

  • Conarthaí a dhréachtú i mBéarla, idirbheartaíocht a dhéanamh ina leith agus iad a thabhairt chun críche; conarthaí ceannacháin, conarthaí soláthair, conarthaí tráchtála, conarthaí teicniúla agus conarthaí eile ina measc.
  • Conarthaí coimisiúnaithe a dhréachtú i nGaeilge a bheidh bunaithe ar theimpléad atá dréachtaithe cheana féin ag an bhfoireann sa Rannóg Dlí
  • Comhairle dlí a thabhairt don eagraíocht lena n-áirítear comhairle i ndáil le saincheisteanna soláthair, conarthaí tráchtála, ceisteanna faoi chúrsaí craolacháin agus faoi chomhlíonadh ábhair
  • Cáipéisí treorach a dhréachtú
  • I ndiaidh tréimhse ghearr traenála, athbhreithniú a dhéanamh ar ábhar a léirítear sa teach sula gcraoltar é
  • Idirbheartaíocht a dhéanamh thar ceann TG4 le heagraíochtaí seachtracha
  • Aon fhreagrachtaí réasúnta eile a mheasann an Stiúrthóir Dlí nó an t-Ard Stiúrthóir bunaithe ar riachtanais an ghnó.

Tabhair ar aird: Is treoir atá sa sainchuntas poist seo maidir le réimsí éagsúla freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart breathnú air mar liosta cuimsitheach. D’fhéadfadh an sainchuntas poist a bheith faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise struchtúir nua agus / nó athrú a bheith ag teacht ar riachtanais TG4.

Bíonn tionscal na teilifíse ag síorathrú. Glacann TG4 go fonnmhar leis na hathruithe seo agus athróidh an comhlacht agus dualgais na foirne dá réir.
 
Nithe atá riachtanach don phost seo:

  • A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm
  • A bheith cáilithe mar aturnae i bPoblacht na hÉireann
  • Taithí 3 bhliain ar a laghad i ndiaidh cáilíocht a bhaint amach
  • Sárscileanna dréachtaithe agus pointeáilteacht
  • Sárscileanna réitigh fadhbanna
  • Tusicint ar dhlí na meán
  • Eolas ar fhreagrachtaí an chraoltóra phoiblí maidir le hábhar
  • Ábalta feidhmiú go muiníneach, éifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil
  • Meon dearfach i leith na hoibre agus na Gaeilge agus ábalta oibriú mar chuid d’fhoireann
  • Ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh
  • Scileanna iontacha idirphearsanta chomh maith le cumas deachaidrimh ghairmiúla a bhunú laistigh den eagraíocht agus lasmuigh di
  • Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa
  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4, tá sé riachtanach go mbeifeá sásta í a fhoghlaim agus í a labhairt san ionad oibre. Cuirfear oiliúint agus ranganna ar fáil más gá.

Sa Cheannáras i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe atá an post seo. Tá polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm i TG4.

4pm Dé hAoine an 2 Deireadh Fómhair 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol do CV mar aon le litir iarratais ina léirítear an taithí agus an spéis atá agat sa ról Dlíodóir, chuig cv@tg4.ie

Eolas Breise don Iarratasóir

Grád an Phoist:
Grád 4 – EUR57,464.00 -> EUR76,468.00

Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Mar gheall ar riachtanais an phoist, táthar ag súil go mbeifí solúbtha ó am go ham, lena n-áirítear a bheith sásta oibriú, nuair atá gá leis, lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.