Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Príobháideachas

 

Ráiteas Príobháideachais TG4

Tá meas ag TG4 ar phríobháideachas an uile dhuine den lucht féachana a bhreathnaíonn ábhar TG4 ar na seinnteoirí, trí na láithreáin gréasáin meán sóisialta a óstáiltear ar ardáin tríú páirtí agus ar phríobháideachas an uile dhuine den phobal a cheanglaíonn caidreamh le TG4 ar an teileafón, ar téacs, ar an bpost, ar an ríomhphost, ar na meáin shóisialta nó trí rannpháirtíocht an lucht féachana. Tugtar san áireamh leis an téarma seinnteoirí tg4.ie, tg4.com, tg4.tv, cúla4.com, ponc.com, cine4.ie, gradam.ie, molscéal.ie agus seinnteoir ar bith eile a chruthaíonn TG4 ó am go chéile. Is féidir ceangal leis na seinnteoirí trí láithreán gréasáin TG4 nó trí aipeanna TG4 (“Aip TG4”).

Leagtar amach sa Ráiteas Príobháideachais seo a bhfuil de pholasaí ag TG4 maidir le bailiú agus úsáid na sonraí pearsanta a chruinníonn TG4 ó dhaoine den lucht féachana agus ó dhaoine den phobal a mbíonn caidreamh acu le TG4 faoi mar a luaitear thuas. Is ionann sonraí pearsanta agus faisnéis a bhaineann le duine aonair beo lenar féidir an duine sin a aithint.

Tagann aon phróiseáil ar fhaisnéis phearsanta arna cruinniú ag TG4 mar a luaitear thuas faoina rialáil de réir fhorálacha na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 (arna leasú) i reachtaíocht na hÉireann, an Achta um Chosaint Sonraí 2018 agus an Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí 2018 (“GDPR”). TG4 an rialaitheoir sonraí faoi rialacha an rialacháin GDPR. Tugtar próiseálaí sonraí ar aon tríú páirtí a dhéanann próiseáil ar shonraí pearsanta thar ceann TG4 agus cinnteoidh TG4 go mbíonn bearta cosanta ar bun de réir conartha leis an bpróiseálaí sonraí sin ionas go mbíonn do chuid sonraí pearsanta faoi chosaint.

Níl TG4 freagrach as na gnáis príobháideachais maidir le haon láithreán gréasáin seachtrach, le déantúsóirí gléasra seachtracha ná le hardáin sheachtracha a mbaintear úsáid astu chun ceangal le seirbhísí TG4. Bíonn ráiteas príobháideachais dá gcuid féin ag an tríú páirtí a bhíonn éagsúil le Ráiteas Príobháideachais TG4 agus ba cheart duit polasaí príobháideachais an tríú páirtí agus polasaí an tríú páirtí maidir le fianáin a léamh.

Tá de chuspóir leis an bpolasaí príobháideachais seo míniú a thabhairt ar an dóigh ina mbailíonn TG4 faisnéis phearsanta i do leith agus an úsáid a bhaintear as an bhfaisnéis sin.  Cinnteoidh TG4 go gcoinnítear an fhaisnéis phearsanta uile a chuireann tú ar fáil i gcomhréir lena leagtar de dhualgas ar TG4 faoin reachtaíocht reatha maidir le Cosaint Sonraí agus faoin rialachán GDPR.

Go ginearálta, is go hinmheánach in TG4 agus ag gníomhairí agus soláthraithe seirbhíse TG4 amháin a bhaintear úsáid as aon fhaisnéis a chuireann tú ar fáil do TG4. Os a choinne sin, déanfar do chuid faisnéise a nochtadh sa chás go bhfuil de dhualgas orainn sin a dhéanamh faoin dlí nó go gceadaítear sin a dhéanamh faoin dlí.  Chomh maith leis sin, sa chás go ndéanann tú ábhar maslach, míchuibhiúil nó déistineach a sheoladh in aon áit ar sheirbhísí ar líne TG4 nó chuig seirbhísí ar líne TG4 nó sa chás go n-iompraíonn tú tú féin ar bhealach treampánach eile ar sheirbhísí ar líne TG4, is féidir le TG4 cibé faisnéis ar a bhfuil teacht ag TG4 a úsáid chun deireadh a chur le hiompar dá shórt. D’fhéadfadh a theacht i gceist leis sin an tríú páirtí lena mbaineann an t-ábhar a chur ar an eolas faoin ábhar agus faoi do chuid iompair, mar shampla, d’fhostóir, soláthraí ríomhphoist/idirlín scoile agus gníomhaireachtaí  forfheidhmiúcháin dlí.

Beidh polasaí gairid príobháideachais faoi leith i bhfeidhm i ndáil le cláracha áirithe agus d’fhéadfadh miondifríochtaí idir sin agus an Polasaí Príobháideachais seo agus is ceart an polasaí príobháideachais maidir le clár faoi leith a léamh chomh maith leis an Ráiteas Príobháideachais seo.

 

Cén fhaisnéis phearsanta a bhailíonn TG4 ar cheangal duit leis na seinnteoirí?

Bailítear faisnéis clárúcháin an tráth a gcláraíonn duine le húsáid a bhaint as na seirbhísí ar líne, seinnteoir TG4 san áireamh. Tagann san áireamh leis na sonraí sin, d’ainm, do sheoladh ríomhphoist, an pasfhocal a chuireann tú isteach chun cuntas a chur ar bun agus a úsáid, d’aois, d’inscne, an contae ina bhfuil cónaí ort, an tír ina bhfuil cónaí ort, do chuid roghanna margaíochta agus bliain do bhreithe.  Má dhéantar clárú trí Facebook, Google nó le sonraí ríomhphoist, beidh do chuid sonraí pearsanta ar fáil ag na comhlachtaí tríú páirtí sin agus is féidir leosan iad a úsáid i gcomhréir leis an bpolasaí príobháideachais sin acu féin.

Deimhneofar an áit ina bhfuil an gléas lena gceanglaítear leis na seinnteoirí agus le láithreáin meán sóisialta TG4 d’fhonn rialáil a dhéanamh maidir le ceangal le cláracha áirithe de chuid TG4 nach gceadaítear a chur ar fáil taobh amuigh d’oileán na hÉireann.

D’fhéadfadh TG4 faisnéis a bhailiú nuair a chuirtear isteach ar chomórtas, mar shampla, d’ainm, do sheoladh poist, do sheoladh ríomhphoist nó uimhir fón póca.  Ní ligtear an fhaisnéis sin leis an tríú páirtí mura bhfaightear toiliú uait leis sin.

D’fhéadfadh go n-iarrfaí ort faisnéis phearsanta a chur ar fáil, mar shampla, d’ainm, do sheoladh ríomhphoist agus uimhir fón póca má chláraíonn tú maidir le seirbhísí fógra ríomhphoist de chuid TG4 a chuireann TG4 ar fáil ó am go chéile. Ní ligtear an fhaisnéis sin leis an tríú páirtí mura bhfaightear toiliú uait leis sin.

Sa chás go gcuireann tú iarratas isteach maidir le páirt a ghlacadh i gclár nó sa chás go mbíonn tú páirteach i gclár, i do dhuine den lucht féachana ar an láthair nó ag cur ábhar ar fáil don chlár, d’fhéadfadh go mbaileodh TG4 d’ainm, do sheoladh poist, do sheoladh ríomhphoist agus uimhir fón póca uait.

Sa chás gur chláraigh tú maidir le cuntas TG4 agus go dtoilíonn tú le caidreamh ó pháirtnéirí tráchtála de chuid TG4, d’fhéadfadh ansin go mbainfeadh TG4 úsáid as do chuid sonraí pearsanta chun cuidiú linn ábhar fógraíochta a roghnú duit bunaithe ar do chuid roghanna agus ar do chuid pátrúin féachana agus d’fhéadfadh freisin go ndéanfaí anailís ar dhul i gcionn na bhfógraí a roghnaíodh faoi do choinne. Má táthar faoi bhun 18 bliana d’aois, seiceáiltear le do thoil le tuismitheoir nó caomhnóir go dtugtar cead duit do chuid sonraí comhfhreagrais a chur ar fáil.

Sa chás nach bhfuil cuntas agat le TG4 agus go gceanglaíonn tú le seirbhísí ar líne TG4, d’fhéadfadh go mbaileodh TG4 sonraí pearsanta áirithe mar a leagtar amach sa pholasaí maidir le fianáin.

Coinneofar an fhaisnéis phearsanta i do leith ar chórais TG4 an fhad a bhíonn an tseirbhís a d’iarr tú in úsáid agat agus bainfear an fhaisnéis de na córais nuair a bhíonn an chuspóir a bhí léi curtha i gcrích.  Dá réir sin, sa chás go gcuireann úsáideoir a chuir cuntas ar bun sonraí pearsanta ar fáil, coinneoidh TG4 na sonraí sin chomh fada a bhíonn an cuntas beo.

Sa chás go bhfuil faisnéis phearsanta ar coimeád i ndáil le duine nach bhfuil cláraithe go dtí seo maidir le seirbhísí ar líne TG4 ach a ghlac páirt i seirbhísí ar líne TG4 (e.g. comórtas), coinneofar an fhaisnéis sin an fhaid is gá sin chun a chinntiú go n-oibríonn an tseirbhís mar is ceart. D’fhéadfadh go gcoinneofaí liosta buaiteoirí ar mhaithe le cúrsaí cartlannaíochta agus d’fhéadfadh go gcraolfaí sin go ceann 1 bhliain amháin ó thagann deireadh leis an gcomórtas agus déanfar ina dhiaidh sin liosta na n-iarrthóirí sa chomórtas a scrios.

Sa chás go gcuirtear in iúl duit ar TG4.ie go bhféadfadh TG4 leas a bhaint as do chuid sonraí chun ligean do TG4 dul i mbun caidrimh leat maidir le “cuspóirí riaracháin i ndáil le seirbhísí”, ciallaíonn sin go bhféadfadh TG4 teacht i mbun caidrimh leat ar chúiseanna éagsúla maidir le seirbhís ar cláraíodh ina leith. Mar shampla, d’fhéadfadh go mbeadh meabhrúchán maidir le pasfhocal le seoladh nó fógra go bhfuil seirbhís faoi leith ar fionraí ar mhaithe le hobair chothabhála a dhéanamh.

D’fhéadfadh go mbaileofaí sonraí seirbhíse, eadhon, faisnéis faoi fhabhtanna seirbhíse nó briseadh seirbhíse a tharla i do chás-sa ionas gur féidir linn feabhas ó thaobh cúrsaí teicniúla a chur ar ár gcuid seirbhísí.

Ní thiocfaidh TG4 i mbun caidrimh leat ar mhaithe le cúrsaí bolscaireachta, mar shampla fógra faoi fheabhsú seirbhíse nó faoi sheirbhísí nua ar líne, mura mbíonn aontaithe agat go sonrach le comhfhreagras ar chúiseanna den sórt sin an tráth a gcuireann tú do chuid faisnéise faoi bhráid ar na seirbhísí ar líne, ná tráth is deireanaí ná sin sa chás go gcláraíonn tú le faisnéis bolscaireachta den chineál sin a fháil go sonrach.

 

An Polasaí maidir le Fianáin – Faisnéis a bhailíonn TG4 uait nuair a cheanglaíonn tú leis na seinnteoirí ar láithreán gréasáin TG4

Pacáiste beag sonraí atá san fhianán.  Is minic a bhíonn nod aitheantais faoi leith san áireamh a sheoltar ó ríomhaire an láithreáin gréasáin chuig an mbrabhsálaí ar an ríomhaire nó ar an fón póca (ar a dtugtar “gléas”) agus a stóráiltear ar an diosca crua ar an ngléas.  Is féidir le gach láithreán gréasáin fianán a sheoladh chuig an mbrabhsálaí má bhíonn na roghanna socraithe agat ar an gcaoi lena gceadaítear sin, ach (ar mhaithe le do chuid príobháideachais) ní ligeann an brabhsálaí do láithreán gréasáin ceangal le fianáin seachas na cinn sin a seoladh ón mbrabhsálaí sin roimhe seo chugat; ní cheadaítear ceangal le fianáin a seoladh ó láithreáin gréasáin eile.  Seolann cuid mhór láithreáin gréasáin fianáin gach uair a cheanglaíonn úsáideoir leis an láithreán d’fhonn cuntas a choinneáil ar shruthanna tráchta ar líne.

Ar láithreán gréasáin TG4, déantar faisnéis faoi do chuid roghanna ar líne a thaifeadadh ar fhianáin agus ligtear dúinn na seinnteoirí a chóiriú de réir do chuid réimsí spéise.  Bíonn deis ag an lucht úsáide gléas a shocrú ionas go nglactar le gach fianán, ionas go dtugtar fógra dóibh nuair a eisítear fianán nó ionas nach nglactar le fianán ar bith.  Fágann an socrú deireanach acu sin nach féidir gnéithe áirithe cóirithe don duine amháin go pearsanta a chur ar fáil don úsáideoir agus nach móide dá réir sin go mbeadh leas iomlán le baint acu as gnéithe uile an láithreáin gréasáin.

Tráth ar bith a gceanglaítear le láithreán gréasáin TG4, déantar na leathanaigh a bhreathnaítear, chomh maith le fianán, a íoslódáil ar an ngléas.  Tugtar eolas freisin faoin méid ama a caitheadh ar na leathanaigh leis na fianáin.  Cuidíonn eolas a chuirtear ar fáil leis na fianáin le hanailís a dhéanamh ar phróifíl na gcuairteoirí (cuairteoirí idirnáisiúnta san áireamh) agus le taitneamh níos fearr a bheith ag an úsáideoir as an tseirbhís. Mar shampla, sa chás gur seánra áirithe cláracha a thaobhaigh tú an tráth deireanach ar cheangail tú leis an tseirbhís, b’fhéidir go mbeadh sin ar eolas ón bhfianán agus go ndíreofaí aird ar an gcineál sin cláracha ar an gcuairt seo agus ar chuairteanna eile ina dhiaidh seo.

Athrú maidir le toiliú | Toiliú a chur ar ceal

Is comhaid bheaga téacs na fianáin ar féidir iad a úsáid ionas gur mó éifeacht a bhaineann le cuairt úsáideora ar láithreán gréasáin.

Is féidir le TG4 faoin dlí fianáin a stóráil ar ghléasra na n-úsáideoirí má bhíonn bunriachtanas leo maidir le hoibriú an láithreáin gréasáin.  Bíonn cead an úsáideora de dhíth maidir le fianán de chineál ar bith eile.

Bíonn fianáin de chineálacha éagsúla in úsáid maidir leis an láithreán gréasáin seo. Seirbhísí tríú páirtí a bhíonn le feiceáil ar leathanaigh an láithreáin a shocraíonn roinnt de na fianáin.

Is féidir leat tráth ar bith toiliú a athrú nó a chur ar ceal leis an Dearbhú maidir le Fianáin ar an láithreán gréasáin.

Leagtar amach breis eolais faoi TG4, na modhanna inar féidir linn caidreamh a cheangal leat agus ina ndéantar próiseáil ar shonraí pearsanta sa Pholasaí Príobháideachais.

Luaitear le do thoil an nod aitheantais maidir leis an toiliú a thug tú, agus an dáta, i gcomhfhreagras linn maidir leis an toiliú sin.

Tá feidhm leis an toiliú a thugann tú i ndáil leis na fearainn seo a leanas: www.tg4.ie

 

Dearbhú maidir le Fianáin (an leasú is deireanaí ar an 2/18/22) ag Cookiebot:
 

Fianáin Riachtanacha (17)

Déanann fianáin riachtanacha maitheas maidir le húsáid an láithreáin gréasáin trína fhágáil go n-oibríonn feidhmeanna bunúsacha, mar shampla nascleanúint ó leathanach go leathanach agus cead isteach ar réimsí éagsúla den láithreán.  Ní oibríonn an láithreán gréasáin mar is ceart gan fianáin den chineál seo.

Ainm Soláthraí Cuspóir Tréimhse Cineál
_ce.cch Crazyegg Stóráiltear stádas an úsáideora maidir le toiliú le fianáin ón bhfearann reatha Seisiún Fianán HTTP
_grecaptcha Google Is fianán seo a úsáidtear maidir le hidirdhealú idir daoine agus botaí. Bíonn tairbhe as sin maidir leis an láithreán gréasáin ó thaobh tuairiscí iontaofa ar an úsáid. Seasmhach Stóras Logánta HTML
_pipe_c peach-static.ebu.io Ar feitheamh 10302 lá Fianán HTTP
_pipe_st peach-static.ebu.io Ar feitheamh Seisiún Fianán HTTP
AWSALBCORS pipe-collect.ebu.io Cláraítear an braisle freastalaithe atá i mbun freastail ar an gcuairteoir.  Baintear úsáid as sin maidir leis an ualach a scaipeadh sa chaoi is gur fearr an freastal a dhéantar ar an úsáideoir. 6 lá Fianán HTTP
ce_successful_csp_check www.tg4.ie Seiceáiltear ar cheart nósmhaireacht an úsáideora a bheith á thabhairt chun suntais ar an láithreán gréasáin. Seasmhach Stóras Logánta HTML
CONSENT [x2] Google
YouTube
Úsáidtear chun a sheiceáil an bhfuil glactha ag an úsáideoir le fianáin de chineál na bhfianán margaíochta. Is fianán seo atá riachtanach ar an láithreán gréasáin maidir leis an rialachán GDPR a shásamh. 2 bhlian Fianán HTTP
CookieConsent Cookiebot Stóráiltear stádas an úsáideora maidir le toiliú le fianáin ón bhfearann reatha 1 bhliain Fianán HTTP
GeoCountry www.tg4.ie Socraítear leis an bhfianán seo rogha teanga agus tír an chuairteora – ligeann seo an t-ábhar is fearr a oireann do réigiún agus do theanga an úsáideora a thaispeáint. 1 bhliain Fianán HTTP
GeoIP www.tg4.ie Bailítear sonraí éagsúla de chineál seoladh IP agus suíomh tíreolaíochta an chuairteora chomh maith leis an nascleanúint – Is faisnéis sin a úsáidtear go hinmheánach maidir le sárfheabhsú oibriúcháin agus ábhar staitistice d’oibritheoir an láithreáin gréasáin. 1 bhliain Fianán HTTP
rc::a Google Is fianán seo a úsáidtear maidir le hidirdhealú idir daoine agus botaí. Bíonn tairbhe as sin maidir leis an láithreán gréasáin ó thaobh tuairiscí iontaofa ar an úsáid. Seasmhach Stóras Logánta HTML
rc::b Google Is fianán seo a úsáidtear maidir le hidirdhealú idir daoine agus botaí. Seisiún Stóras Logánta HTML
rc::c Google Is fianán seo a úsáidtear maidir le hidirdhealú idir daoine agus botaí. Seisiún Stóras Logánta HTML
swpm_session www.tg4.ie Aithnítear úsáideoir atá logáilte isteach. Ceanglaítear nod aitheantais faoi leith maidir leis an seisiún leis an úsáideoir ionas go mbíonn sé/sí le haithint i mbun nascleanúna ar an láithreán gréasáin. Déantar an t-úsáideoir a logáil amach nuair a théann an fianán i léig. Seisiún Fianán HTTP
thisEpCnt www.tg4.ie Ar feitheamh Seisiún Fianán HTTP
thisPage www.tg4.ie Ar feitheamh Seisiún Fianán HTTP

 

Fianáin Staitistice (6)

Cuidíonn fianáin staitistice le húinéirí an láithreáin gréasáin nósmhaireacht chuairteoirí maidir le láithreán gréasáin a thuiscint trí fhaisnéis a chruinniú agus a chur in iúl ar bhealach a fhágann nach féidir an t-úsáideoir a aithint.

Ainm Soláthraí Cuspóir Tréimhse Cineál
_ce.gtld Crazyegg Stóráiltear an URL is ceart a chur i láthair an chuairteora ar theacht ar an láthair dó/di. Seisiún Fianán HTTP
_ga Google Cláraítear nod aitheantais faoi leith a úsáidtear chun sonraí staitistice a chruthú faoin úsáid a bhaineann an cuairteoir as an láithreán gréasáin. 1 lá Fianán HTTP
_gat Google Úsáideann Google Analytics seo maidir le scóigeadh ar an ráta iarratais 1 lá Fianán HTTP
_gid Google Cláraítear nod aitheantais faoi leith a úsáidtear chun sonraí staitistice a chruthú faoin úsáid a bhaineann an cuairteoir as an láithreán gréasáin. 1 lá Fianán HTTP
ce_clock www.tg4.ie Socraítear stampa ama maidir leis an am ar tháinig an cuairteoir ar an láithreán gréasáin.  Baintear úsáid as sin ar mhaithe le cúrsaí anailíse maidir leis an láithreán gréasáin. Seasmhach Stóras Logánta HTML
collect Google Úsáidtear chun sonraí a sheoladh chuig Google Analytics maidir leis an ngléas atá in úsáid ag an úsáideoir agus nósanna an úsáideora. Leantar lorg an chuairteora ar ghléasanna éagsúla agus ar chainéil margaíochta éagsúla. Seisiún Rianaire Picteilín

 

Fianáin Margaíochta (22)

Baintear leas as fianáin margaíochta chun lorg chuairteoirí a leanúint ar fud láithreáin gréasáin éagsúla.  Bíonn de rún fógraí a chur ar taispeáint a bheadh suimiúil agus spéisiúil ag an úsáideoir agus, dá réir sin, níos luachmhaire ag foilsitheoirí agus ag lucht fógraíochta tríú páirtí.

Ainm Soláthraí Cuspóir Tréimhse Cineál
__asc Alexa Is fianán seo a úsáidtear chun faisnéis faoi nósmhaireacht an tomhaltóra a bhailiú, eolas a chuirtear chuig Alexa Analytics – Is cuideachta de chuid Amazon Alexa Analytics. 1 lá Fianán HTTP
__auc Alexa Is fianán seo a úsáidtear chun faisnéis faoi nósmhaireacht an tomhaltóra a bhailiú, eolas a chuirtear chuig Alexa Analytics – Is cuideachta de chuid Amazon Alexa Analytics. 1 bhliain Fianán HTTP
_fbp Meta Platforms, Inc. Fianán a úsáideann Facebook chun sraith táirgí fógraíochta a thabhairt i láthair, mar shampla tairiscintí comhuaineacha ó fhógróirí tríú páirtí. 3 mhí Fianán HTTP
_GRECAPTCHA Google Is fianán seo a úsáidtear maidir le hidirdhealú idir daoine agus botaí. Bíonn tairbhe as sin maidir leis an láithreán gréasáin ó thaobh tuairiscí iontaofa ar an úsáid. 179 lá Fianán HTTP
ads/ga-audiences Google Fianán a úsáideann Google AdWords d’fhonn spéis chuairteoirí a athspreagadh ar dócha, bunaithe ar nósmhaireacht ar líne an úsáideora ar fud láithreáin ghréasáin éagsúla, gur ábhar custaiméara atá iontu. Seisiún Rianaire Picteilín
atrk.gif Alexa Is fianán seo a úsáidtear chun faisnéis faoi nósmhaireacht an tomhaltóra a bhailiú, eolas a chuirtear chuig Alexa Analytics – Is cuideachta de chuid Amazon Alexa Analytics. Seisiún Rianaire Picteilín
fr Meta Platforms, Inc. Fianán a úsáideann Facebook chun sraith táirgí fógraíochta a thabhairt i láthair, mar shampla tairiscintí comhuaineacha ó fhógróirí tríú páirtí. 3 mhí Fianán HTTP
test_cookie Google Úsáidtear chun a sheiceáil an nglacann brabhsálaí an úsáideora le fianáin. 1 lá Fianán HTTP
tr Meta Platforms, Inc. Fianán a úsáideann Facebook chun sraith táirgí fógraíochta a thabhairt i láthair, mar shampla tairiscintí comhuaineacha ó fhógróirí tríú páirtí. Seisiún Rianaire Picteilín
v2/tracker Brightcove Úsáidtear i ndáil le físeáin fógraíochta.  Cuireann an fianán srian le líon na n-uaireanta a dtaispeántar aon fhógra faoi leith don úsáideoir.  Úsáidtear an fianán freisin chun a chinntiú go mbíonn ceangal ag ábhar an fhíseáin fógraíochta leis an úsáideoir. Seisiún Rianaire Picteilín
VISITOR_INFO1_LIVE YouTube Féachtar le leithead bhanda an úsáideora a mheas ar leathaigh ar a bhfuil físeáin de chuid YouTube. 179 lá Fianán HTTP
YSC YouTube Cláraítear aitheantóir uathúil d’fhonn staitisticí a choinneáil faoi na físeáin de chuid YouTube atá feicthe ag an úsáideoir. Seisiún Fianán HTTP
yt.innertube::nextId YouTube Cláraítear aitheantóir uathúil d’fhonn staitisticí a choinneáil faoi na físeáin de chuid YouTube atá feicthe ag an úsáideoir. Seasmhach Stóras Logánta HTML
yt.innertube::requests YouTube Cláraítear aitheantóir uathúil d’fhonn staitisticí a choinneáil faoi na físeáin de chuid YouTube atá feicthe ag an úsáideoir. Seasmhach Stóras Logánta HTML
ytidb::LAST_RESULT_ENTRY_KEY YouTube Stóráiltear roghanna réamhcheaptha an úsáideora maidir le físeán leabaithe de chuid YouTube a úsáid Seasmhach Stóras Logánta HTML
yt-remote-cast-available YouTube Stóráiltear roghanna réamhcheaptha an úsáideora maidir le físeán leabaithe de chuid YouTube a úsáid Seisiún Stóras Logánta HTML
yt-remote-cast-installed YouTube Stóráiltear roghanna réamhcheaptha an úsáideora maidir le físeán leabaithe de chuid YouTube a úsáid Seisiún Stóras Logánta HTML
yt-remote-connected-devices YouTube Stóráiltear roghanna réamhcheaptha an úsáideora maidir le físeán leabaithe de chuid YouTube a úsáid Seasmhach Stóras Logánta HTML
yt-remote-device-id YouTube Stóráiltear roghanna réamhcheaptha an úsáideora maidir le físeán leabaithe de chuid YouTube a úsáid Seasmhach Stóras Logánta HTML
yt-remote-fast-check-period YouTube Stóráiltear roghanna réamhcheaptha an úsáideora maidir le físeán leabaithe de chuid YouTube a úsáid Seisiún Stóras Logánta HTML
yt-remote-session-app YouTube Stóráiltear roghanna réamhcheaptha an úsáideora maidir le físeán leabaithe de chuid YouTube a úsáid Seisiún Stóras Logánta HTML
yt-remote-session-name YouTube Stóráiltear roghanna réamhcheaptha an úsáideora maidir le físeán leabaithe de chuid YouTube a úsáid Seisiún Stóras Logánta HTML

 

Fianáin gan rangú (4)

Is fianáin na fianáin neamhrangaithe a bhfuil soiléiriú ar bun faoi láthair, i gcomhar le soláthraí an fhianáin féin, maidir leis an rangú is ceart a thabhairt orthu.

Ainm Soláthraí Cuspóir Tréimhse Cineál
dashjs_audio_settings www.tg4.ie Ar feitheamh Seasmhach Stóras Logánta HTML
dashjs_video_bitrate www.tg4.ie Ar feitheamh Seasmhach Stóras Logánta HTML
dashjs_video_settings www.tg4.ie Ar feitheamh Seasmhach Stóras Logánta HTML
H5PUserUUID www.tg4.ie Ar feitheamh Seasmhach Stóras Logánta HTML

 

Maidir le Tomhas Nielsen

Tabhair ar aird: Idirghníomhaíonn an aip seo le tomhas dílsithe NIELSEN a thugann cead duit cur le taighde margaidh amhail Rátaí Lucht Féachana Teilifíse NIELSEN. Féach ar an URL a chuir NIELSEN ar fáil chun tuilleadh eolais a fháil. Féach ar: https://global.nielsen.com/legal/privacy-principles/digital-measurement-privacy-statement/
 
Aip TG4

Faoi láthair, is féidir cuntas a chruthú le seoladh ríomhphoist nó trí Facebook, ach d’fhéadfadh go dtabharfaí deis ar Aip TG4 ó ardáin meán sóisialta tríú páirtí eile san am atá romhainn.
 
Anailísíocht maidir le hAip TG4

Baintear úsáid as ardáin meán sóisialta tríú páirtí chun monatóireacht agus anailís a dhéanamh ar Aip TG4. Baintear úsáid as seirbhísí anailísíochta mar seo a leanas:

Firebase

Is seirbhís anailísíochta Firebase arna chur ar fáil ag Google Inc.

Is féidir a roghnú nach mbeidh gnéithe éagsúla de chuid Firebase in úsáid le réamhshocruithe ar an ngléas so-iompair, mar shampla socruithe fógraíochta ar an ngléas sin, nó trí dhéanamh de réir threoracha a chuireann Google in iúl i bPolasaí Príobháideachais  na cuideachta sin:  https://policies.google.com/privacy

Tá sonraí breise maidir le polasaí Google i ndáil le do chuid sonraí a chumhdach ar fáil ag: https://support.google.com/analytics/answer/6004245

Tá eolas breise faoin gcineál faisnéise a bhailíonn Firebase ar fáil ag: https://policies.google.com/technologies/partner-sites

An féidir le TG4 teacht ar fhaisnéis atá ar coimeád ag na hardáin meán sóisialta tríú páirtí maidir le hAip TG4 a úsáid e.g. Facebook agus leis an úsáid as na seinnteoirí?

D’fhéadfadh go mbaileodh TG4 sonraí pearsanta atá ceangailte cheana féin le do chuntas ar an ardán meán sóisialta tríú páirtí, mar shampla d’ainm agus do sheoladh ríomhphoist.

D’fhéadfadh freisin go mbeadh de rogha agatsa breis faisnéise a ligean le TG4 trí do chuntas ar an ardán meán sóisialta tríú páirtí.  Sa chás go roghnaíonn tú, an tráth a gcláraíonn tú nó ina dhiaidh sin, sonraí pearsanta den sórt sin a chur ar fáil, tá cead á thabhairt agat do TG4 na sonraí a úsáid, a scaipeadh agus a stóráil i gcomhréir leis an Ráiteas Príobháideachais seo.

 

Cén fhaisnéis phearsanta a bhailíonn TG4 nuair a cheanglaítear leis na seinnteoirí?

Nuair a cheanglaíonn tú leis na seinnteoirí, d’fhéadfadh go n-iarrfaí ort faisnéis áirithe is féidir a cheangal leat go pearsanta a chur ar fáil dúinn, faisnéis is féidir a úsáid maidir le caidreamh a dhéanamh leat nó tú a aithint.  D’fhéadfadh a theacht san áireamh, i measc cineálacha eile, le faisnéis phearsanta inaitheanta:

  • Ainm
  • Seoladh ríomhphoist
  • Pasfhocal
  • Contae
  • Caighdeán Gaeilge
  • Aois
  • Inscne

Cén úsáid a bhainfidh TG4 as an bhfaisnéis a fhaightear ón úsáid a bhaineann tú as na seinnteoirí agus ó láithreáin gréasáin TG4 ar na meáin shóisialta?

B’fhéidir go mbainfeadh TG4 úsáid as an bhfaisnéis phearsanta i do leith ar na cúiseanna seo a leanas personal information for the following purposes:

Úsáid: Monatóireacht a dhéanamh ar do chuid úsáide.

Caidreamh: Caidreamh a dhéanamh leat ar an ríomhphost, teileafón, le teachtaireacht SMS nó cumarsáid leictreonach de chineál eile, mar shampla brúfhógraí ar aip maidir le leaganacha nua nó fógraí eolais maidir le modhanna feidhme, táirgí nó seirbhísí ar conradh, socruithe nua slándála san áireamh.

Bainistíocht maidir le hiarratais: Bainistíocht a dhéanamh ar iarratais a fhaighimid.

Conradh a chomhlíonadh: Conradh a chomhlíonadh maidir le nithe a cheannaíonn tú trí na seinnteoirí.

Deis ar réimsí feidhme: D’fhéadfadh mar gheall ar na sonraí pearsanta a chuireann tú ar fáil go mbeadh teacht agat ar réimsí feidhme ar na seinnteoirí a bhíonn ar fáil ag úsáideoir cláraithe.

Cúiseanna eile: D’fhéadfadh go mbainfí úsáid as do chuid faisnéise ar mhaithe le cuspóirí eile, mar shampla anailís sonraí, pátrúin úsáide a thabhairt chun suntais, éifeachtúlacht na bhfeachtas bolscaireachta a mheas agus na seinnteoirí, tairgeoirí, seirbhísí a mheas agus a fheabhsú chomh maith leis an margaíocht agus an taitneamh a bhíonn agatsa as an úsáid go ginearálta.

An gcuireann TG4 faisnéis phearsanta ar aghaidh chuig an tríú páirtí?

Níl de pholasaí ag TG4 faisnéis phearsanta a chur ar aghaidh chuig an tríú páirtí.  Nuair a dhéantar ceannach ó Shiopa TG4 nó trí sheirbhísí ar líne TG4, beidh mionsonraí againn faoi do chuntas ach ní bheidh mionsonraí againn maidir le do mhodh íocaíochta.  Soláthraí seirbhíse atá ar conradh ag TG4 a dhéanann próiseáil ar an ordú.  Beidh feidhm le polasaí príobháideachais an tsoláthraí seirbhíse lena mbaineann agus leagtar amach anseo síos go díreach naisc leis na polasaithe príobháideachais sin.

Tá de dhualgas de réir conartha ar an soláthraí seirbhíse faisnéis phearsanta a choinneáil ar mhaithe leis an gcuspóir beartaithe agus gan aon chuid den fhaisnéis phearsanta a thabhairt ar aghaidh don tríú páirtí.

Nuair a dhéanann duine den lucht féachana nithe a cheannach ar na seinnteoirí, bíonn feidhm maidir leis an íocaíocht le polasaí príobháideachais an ardáin meán sóisialta tríú páirtí lena mbaineann. Tugtar nasc le polasaí príobháideachais Apple agus polasaí príobháideachais Google i ndáil le híocaíochtaí thíos:

  • Íocaíocht le Apple Store ar an Aip

Is féidir an Polasaí Príobháideachais a bhreathnú ag

https://www.apple.com/legal/privacy/en-ww/

  • Íocáiocht le Google Play ar an Aip

Is féidir an Polasaí Príobháideachais a bhreathnú ag

https://www.google.com/policies/privacy/

Conas is eol duit go gcoinnítear an fhaisnéis phearsanta i do leith slán sábháilte má roghnaíonn tú do chuid sonraí a chur ar fáil ar na seinnteoirí agus ar láithreáin gréasáin na meán sóisialta?

In áiteanna sábháilte i gceanncheathrú TG4 atá na freastalaithe ar a gcoinnítear aon fhaisnéis phearsanta agus ar fhreastalaithe slándála de chuid Amazon Web Services in Éirinn.  Ní dhéanann TG4 sonraí cártaí creidmheasa ná sonraí cártaí dochair a stóráil.  Sa chás go gceannaíonn tú nithe a bhaineann le clár faoi leith, d’fhéadfadh gur tríd an aipmhargadh a dhéanfaí an ceannach agus ina leithéid de chás is faoi pholasaí príobháideachais an aipmhargaidh lena mbaineann a thiocfaidh an beart ceannacháin sin.  Chomh maith leis sin, sa chás go gceannaítear leabhair nó dioscaí DVD a fhógraítear ar na seinnteoirí, déantar tú a threorú chuig na soláthraithe tríú páirtí cuí chun an ní a cheannach agus is faoi pholasaí príobháideachais an tsoláthraí lena mbaineann a thiocfaidh an beart ceannacháin sin. Is iad na soláthraithe seo a leanas atá againn faoi láthair ach d’fhéadfadh go gcuirfí soláthraithe breise leis an liosta tráth is faide anonn: Cló Iar Chonnachta, Spailpín, Cartoon Saloon, Sea Fever Productions, Bankostales.com, Futa Fata agus The Education Company of Ireland.

Cé na Sonraí Pearsanta a bhailíonn TG4?

Bailítear aiseolas uait, rud a chiallaíonn faisnéis a chuireann tú ar fáil dúinn de do dheoin féin nuair a chuireann tú aiseolas ar fáil, lena n-áirítear fiosrúchán, gearán, tuairim nó nuair a chuireann tú isteach ar chomórtas nó nuair a bhíonn caidreamh de chineál ar bith agat le TG4. Déantar an fhaisnéis a choinneáil go ceann 1 bhliain amháin agus tugtar cóiriú anaithnidíochta an tráth sin ar an bhfaisnéis a choinnítear go brách san fhoirm sin.

 

Conas a bhainfidh TG4 úsáid as do chuid faisnéise?

Má tharlaíonn go bhfaigheann TG4 aon fhaisnéis phearsanta i do leith mar gheall ar úsáid a bhaint as na seinnteoirí nó as láithreáin meán sóisialta TG4, cinnteoidh TG4 gur ar mhaithe leis an gcuspóir sin amháin a bhí leis an bhfaisnéis a bhailiú a úsáidtear í agus nach ndéantar a scaipeadh ná a úsáid ar mhaithe le cuspóir ar bith eile ach is féidir ina dhiaidh sin féin úsáid a bhaint aisti ar na modhanna breise a luaitear go mionsonraithe sa Ráiteas Príobháideachais seo sa chás go mbíonn toiliú tugtha agat féin le húsáid breise den sórt sin.

An gcuireann TG4 faoi láthair aon chuid den fhaisnéis a bhailítear thar lear ar mhaithe le haon chuspóir eile?

Ní chuireann TG4 aon fhaisnéis phearsanta thar lear.

Cad a tharlaíonn má chuireann TG4 do chuid sonraí pearsanta thar lear tráth is faide anonn?

Má tharlaíonn san am atá le theacht go gcuireann TG4 do chuid sonraí pearsanta thar lear, ciallaíonn sin go bhféadfaí do chuid faisnéise a aistriú chuig ríomhairí — agus a choinneáil ar ríomhairí — atá suite taobh amuigh d’Éirinn. Má tharlaíonn aistriú den sórt sin san am atá romhainn, cinnteoidh TG4 nach dtarlaíonn aon aistriúchán chuig eagraíocht nó tír nach bhfuil bearta rialála leordhóthanacha ar bun acu chun do chuid sonraí pearsanta a choinneáil slán. Bainfidh TG4 leas as “clásáil chaighdeánacha conartha” aontaithe de chuid an Aontais Eorpaigh d’fhonn do chuid sonraí pearsanta a chosaint má tharlaíonn sin.

An in Éirinn a dhéantar na seinnteoirí a óstáil?

Is ea, in Éirinn a óstáiltear na seinnteoirí.

Cé chomh fada agus a choinníonn TG4 faisnéis mar gheall ort?

Cinnteoidh TG4 nach gcoinnítear faisnéis phearsanta níos faide ná a bhíonn gá léi agus nach gcoinnítear an fhaisnéis ón tráth nach bhfuil tábhacht feasta leis an gcuspóir a bhí leis an bhfaisnéis a bhailiú ar dtús.

Is é a dhéanfar chomh maith do chuid sonraí pearsanta a choinneáil a oiread agus a fhad a theastaíonn chun a leagtar de dhualgas ar TG4 faoin dlí a chomhlíonadh (mar shampla, sa chás go gceanglaítear ar TG4 faoi dhlíthe infheidhme do chuid sonraí a choinneáil), chun dualgais dlí agus rialacháin a shásamh, chun cásanna aighnis a réiteach, chun comhaontuithe dleathacha agus polasaithe a chur i bhfeidhm, chun cearta nó maoin de chuid TG4 a chaomhnú agus a chosaint, chun aon mhíghníomh maidir leis na seinnteoirí nó le láithreáin mheáin shóisialta TG4 a chosc nó a fhiosrú, agus chun sábháilteacht phearsanta lucht úsáide na seinnteoirí agus láithreáin mheáin shóisialta TG4 nó dhaoine den phobal a chosaint agus ar mhaithe le cúiseanna dlisteanacha gnó.  I gcásanna den sórt sin, d’fhéadfadh go gcuirfeadh TG4 do chuid sonraí pearsanta ar fáil do na húdaráis cuí.

An Bunús faoin Dlí le Próiseáil a dhéanamh ar Shonraí Pearsanta faoin Rialachán GDPR

D’fhéadfadh go ndéanfaí próiseáil ar do chuid sonraí pearsanta i gcúinsí mar seo a leanas:

  • Toiliú:  sa chás go dtoilíonn tú féin go sainráite le próiseáil ar do chuid sonraí pearsanta ar mhaithe le cuspóir nó cuspóirí sonracha faoi alt 71 den Acht um Chosaint Sonraí 2018. Is féidir leat toiliú den sórt sin a chur ar ceal tráth ar bith is mian leat.
  • Conradh a chomhlíonadh:  sa chás gur gá sin chun comhaontú leat a chomhlíonadh.
  • Feidhm faoin reachtaíocht a chomhlíonadh  leagtar feidhmeanna ar TG4 faoi alt 118 san Acht Craolacháin 2009 (arna leasú) agus déantar próiseáil, i mbun na bhfeidhmeanna sin a chomhlíonadh, ar shonraí pearsanta i gcomhréir le halt  s38(1) den Acht um Chosaint Sonraí 2018.
  • Comhairle dlí agus imeachtaí dlí:  chun críche comhairle dlí faoi alt 41 den Acht um Chosaint Sonraí 2018.
  • Cartlannaíocht ar mhaithe le leas an phobail: chun críche cartlannaíocht a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail agus ar mhaithe le hobair staidrimh  faoi alt 42 den Acht um Chosaint Sonraí 2018.
  • Ar mhaithe le hiriseoireacht: ar mhaithe le hobair iriseoireachta, ealaíne agus litríochta faoi alt 43 den Acht um Chosaint Sonraí 2018 trína soirbhítear do cheart TG4 tuairim a chur in iúl.  Ar an gcuma chéanna, d’fhéadfadh go mbainfeadh comhlacht léiriúcháin úsáid as sonraí pearsanta dhaoine a ghlacan páirt i gcláracha arna léiriú do TG4 i gcomhréir le polasaí príobháideachais gach comhlacht léiriúcháin faoi leith agus bunaithe ar fhoras na gcuspóirí iriseoireachta agus ba chóir do dhaoine atá rannpháirteach i gclár polasaí príobháideachais an chomhlacht léiriúcháin lena mbaineann a scrúdú.

 

Cén bunús faoin dlí a bhíonn le próiseáil a dhéanamh ar na sonraí pearsanta a luaitear sa Ráiteas Príobháideachais seo?

Cineál na próiseála/cuspóir: Anailís ar ábhar cláir agus ar roghnú cláracha ionas go dtagtar le roghanna an lucht féachana / Láthair an lucht féachana a thabhairt chun suntais – Bunús faoin dlí: Feidhm faoin reachtaíocht a chomhlíonadh faoin Acht Craolacháin 2009 (arna leasú) faoina gceanglaítear ar TG4 seirbhís craolacháin a chur ar bun agus a choinneáil ag feidhmiú, láithreáin gréasáin a chur ar bun, cartlann a chur ar bun agus ábhar cláracha a chruthú agus a cheannach.  Bunús breise faoin dlí: Cartlannaíocht ar mhaithe le leas an phobail.

Cineál na próiseála/cuspóir: Sonraí a bhaineann le páirt a ghlacadh i gclár  – Bunús faoin dlí: Feidhm faoin reachtaíocht a chomhlíonadh faoin Acht Craolacháin 2009 (arna leasú) faoina gceanglaítear ar TG4 seirbhís craolacháin a chur ar bun agus ábhar cláracha a chruthú. Bunús breise faoin dlí: Feidhm faoin reachtaíocht a chomhlíonadh faoin Acht Craolacháin 2009 (arna leasú) faoina gceanglaítear ar TG4 cartlann a chur ar bun agus a choinneáil i bhfeidhm.  Bunús breise faoin dlí: Cartlannaíocht ar mhaithe le leas an phobail agus ar mhaithe le hobair staidrimh  faoi alt 42 den Acht um Chosaint Sonraí 2018.  Bunús breise faoin dlí: Ar mhaithe le hobair iriseoireachta faoi alt 43 den Acht um Chosaint Sonraí 2018.

Cineál na próiseála/cuspóir: fógraíocht, táirgí agus seirbhísí a dhíol – Bunús faoin dlí: conradh a fheidhmiú agus feidhm faoin reachtaíocht a chomhlíonadh faoin Acht Craolacháin 2009 (arna leasú) faoina gceanglaítear ar TG4 deiseanna tráchtála a shaothrú.

Cineál na próiseála/cuspóir: Comórtais/fógraí ríomhphoist/nuachtlitreacha – Bunús faoin dlí: Feidhm faoin reachtaíocht a chomhlíonadh faoin Acht Craolacháin 2009 (arna leasú) faoina gceanglaítear ar TG4 seirbhís craolacháin a chur ar bun agus a choinneáil ag feidhmiú.  Bunús breise faoin dlí: toiliú an úsáideora.

Cineál na próiseála/cuspóir: Faisnéis clárúcháin/sonraí riaracháin/sonraí seirbhíse maidir le hearráidí nó briseadh seirbhíse a bhailiú – Bunús faoin dlí: Feidhm faoin reachtaíocht a chomhlíonadh faoin Acht Craolacháin 2009 (arna leasú) faoina gceanglaítear ar TG4 seirbhís craolacháin a chur ar bun agus a choinneáil ag feidhmiú.

Cineál na próiseála/cuspóir: Cumarsáid le páirtnéirí tráchtála/margaíocht dhíreach/bolscaireacht – Bunús faoin dlí: toiliú.

Cé na cearta atá agat faoin rialachán GDPR i ndáil le do chuid sonraí pearsanta?

Geallann TG4 aird a thabhairt ar rúndacht do chuid sonraí pearsanta agus a chinntiú gur féidir leat do chuid cearta a fheidhmiú.

Tá de cheart agat:

  • A iarraidh go mbeifeá ar an eolas faoi na sonraí pearsanta i do leith atá ar coimeád ag TG4 agus an ceart teacht ar do chuid sonraí pearsanta. I ngach cás inar féidir sin ó thaobh cúrsaí teicneolaíochta, bíonn de rogha agat féin go díreach, sa rannóg maidir le réamhshocruithe cuntais, do chuid sonraí pearsanta a fheiceáil. Murar féidir sin a dhéanamh ar chúiseanna teicniúla, cuirtear in iúl dúinn go bhfuil cúnamh uait ina leith seo. Is féidir a iarraidh, i scríbhinn, go gcuirfí cóip ar fáil duit de na sonraí pearsanta i do leith atá ar coimeád ag D’fhéadfadh go n-iarrfadh TG4 eolas breise maidir le deimhniú aitheantais sula scaoiltear faisnéis den chineál sin leat.  Bíonn 30 lá ag TG4 chun déanamh de réir iarratas den chineál sin, faoi réir ag forálacha na nAchtanna um Chosaint Sonraí.

 

  • A iarraidh go ndéanfaí do chuid sonraí pearsanta a cheartú. Tá de cheart agat a thabhairt go ndéantar aon fhaisnéis neamhiomlán nó míchruinn i do leith atá ar coimeád ag TG4 a cheartú. I ngach cás inar féidir sin ó thaobh cúrsaí teicneolaíochta, bíonn de rogha agat féin go díreach, sa rannóg maidir le réamhshocruithe cuntais, do chuid sonraí pearsanta a leasú.  Murar féidir sin a dhéanamh ar chúiseanna teicniúla, cuirtear in iúl dúinn go bhfuil cúnamh uait ina leith seo. (Alt 92 den Acht um Chosaint Sonraí 2018).
  • Cur in aghaidh phróiseáil a dhéanamh ar do chuid sonraí pearsanta. Tá seo de cheart agat sa chás go mbíonn TG4 ag dul i dtuilleamaí leas dlisteanach a bheith leis an bpróiseáil mar bhunús faoin dlí leis sin a dhéanamh agus go mbaineann ní éigin le do chás féin go háirithe a fhágann gur mian leat agóid a dhéanamh in aghaidh na próiseála ar an bhforas seo.  Tá de cheart agat cur in aghaidh próiseála freisin sa chás go ndéantar sin ar mhaithe le margaíocht dhíreach.  Is féidir leat, tráth ar bith ar mian leat sin, deireadh a chur leis an gclárú a rinne tú maidir leis an nuachtlitir a sheoladh chugat agus sin an t-aon bheart amháin a dhéanann TG4 faoi láthair maidir le margaíocht dhíreach.  Sa chás go dtugann TG4, san am atá le theacht, faoi mhargaíocht dhíreach de chineálacha eile, ní tharlóidh aon chomhfhreagras le duine ar bith den lucht úsáide ar mhaithe le margaíocht dhíreach mura mbíonn toilithe ag an té sin leis agus ar an gcuma chéanna, ní ligfidh TG4 an fhaisnéis seo leis an tríú páirtí ar mhaithe le margaíocht dhíreach mura mbíonn toilithe ag duine leis sin.  Is féidir le duine den lucht úsáide toiliú den chineál sin a tharraingt siar ag tráth ar bith.
  • A iarraidh go ndéanfaí do chuid sonraí pearsanta a scrios. I ngach cás inar féidir sin ó thaobh cúrsaí teicneolaíochta, bíonn de rogha agat féin go díreach, sa rannóg maidir le réamhshocruithe cuntais, do chuid sonraí pearsanta a scrios.  Murar féidir sin a dhéanamh ar chúiseanna teicniúla, cuirtear in iúl dúinn go bhfuil cúnamh uait ina leith seo. (Alt 92 den Acht um Chosaint Sonraí 2018).
  •  A iarraidh go ndéanfaí do chuid sonraí pearsanta a aistriú. Cuirfidh TG4 ar fáil duitse, nó don tríú páirtí is rogha leat, do chuid sonraí pearsanta ar bhealach struchtúrtha, gnáthúsáide, inléite ag meaisín. Tugtar chun aire gur le faisnéis uathoibríoch amháin a bhaineann an ceart seo, faisnéis ar thoiligh tú ar an gcéad iarraidh lena úsáid ag TG4 nó faisnéis a d’úsáid TG4 maidir le conradh leat a fheidhmiú.
  • Toiliú a tharraingt siar. Tá de cheart agat toiliú a thug tú le do chuid sonraí pearsanta a úsáid a tharraingt siar.  Sa chás go dtarraingíonn tú siar toiliú, ní móide go mbeadh ar chumas TG4 deis a thabhairt duit feidhmeanna áirithe de chuid na seinnteoirí a thapú.

Cé leis a bpléitear in TG4 i ndáil le faisnéis phearsanta a bailíodh trí úsáid as na seinnteoirí agus atá á choinneáil ag TG4?

Seoltar teachtaireacht ríomhphoist chuig dp@tg4.ie

An Coimisiún um Chosaint Sonraí

Tá eolas ginearálta maidir le cosaint sonraí ar fáil ar láithreán gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí (www.dataprotection.ie) agus is féidir caidreamh a dhéanamh leis an gCoimisiúin um Chosaint Sonraí má cheapann tú nach bhfuil TG4 ag cloí leis na coinníollacha maidir le cosaint sonraí.  Ós eagraíocht TG4 den chineál ar a bhfuil ceangal clárú le hOifig an Choimisinéara um Chosaint Sonraí, tá breis eolais faoi chineál na faisnéise a bhíonn ar coimeád ag TG4 le feiceáil ar an gclár poiblí atá ar fáil freisin ar láithreán gréasáin an Choimisinéara.

Príobháideachas Leanaí

Tá roinnt de na haipeanna ar do leanaí faoi bhun 13 bliana d’aois a dhéantar iad.  Ní bhailítear aon fhaisnéis phearsanta inaitheanta ó dhuine ar bith faoi bhun 13 bliana d’aois.  Sa chás gur tuismitheoir nó caomhnóir tú ar eol duit gur chuir leanbh de do chuid sonraí pearsanta ar fáil dúinn, bheifí buíoch díot ach sin a chur in iúl dúinn.  Sa chás go dtuigtear dúinn gur bhailíomar sonraí pearsanta ó aon duine faoi bhun 13 bliana d’aois gan toil tuismitheora leis sin a dheimhniú, déantar bearta chun an fhaisnéis sin a ghlanadh de na freastalaithe.  Déantar ina dhiaidh sin sonraí pearsanta a bhailiú ó leanaí faoi bhun 13 bliana d’aois a chuireann isteach ar chomórtais ach bíonn toiliú tuismitheora leis sin de dhíth sular féidir le leanaí faoi bhun 13 bliana d’aois cur isteach ar chomórtas.

Athrú ar an Ráiteas Príobháideachais seo

D’fhéadfadh go leasófaí an Ráiteas Príobháideachais ó am go chéile mar gheall ar chora nua i gcúrsaí teicneolaíochta, sa reachtaíocht nó maidir le gnáis TG4 a chuirfeadh athrú ar an gcaoi a ndéantar próiseáil ar fhaisnéis phearsanta.  Cuirfear aon athrú in iúl tríd an Ráiteas Príobháideachais nua a chur ar fáil ar an leathanach seo.

Comhfhreagras

Má tá ceist ar bith le cur agat faoin Ráiteas Príobháideachais seo, seoltar teachtaireacht ríomhphoist chuig dp@tg4.ie nó chuig webmaster@tg4.ie