Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

BLOC

Comórtas SLÓMÓ BLOC


 
Ba mhaith le BLOC deis a thabhairt duitse Pacáiste MOJO a bhuachan i gComórtas SLÓMÓ BLOC.

An Duais: Iphone XR, Tríchosach Manfrotto, Maidhc Rode agus Pluga Cluaise – gach ní a theastaíonn le bheith i do MOJO
 
Chun cur isteach ar an gcomórtas:
Ní chaithfidh tú ach físeán 10 soicind a thaifeadadh agus é a sheoladh chuig Instagram BLOC nó ar ríomhphost ag bloc@tg4.ie

Foilseofar na físeáin ar chuntas Instagram BLOC i rith mhí Eanáir 2020

Is féidir an físeán a thaifeadadh le fón póca nó ceamara
 
An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 31/01/2020
 
Tabhair ar aird*: Ní mór do gach duine a bheidh ag cur isteach ar chomórtas SLÓMÓ BLOC na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann leis an gcomórtas a léamh go cúramach ar dtús. Is féidir teacht orthu thíos!

 
 

BLOC – Comórtas SLÓMÓ

Téarmaí & Coinníollacha:

  1. Is féidir le daoine iarratas amháin an duine a dhéanamh ar an gcomórtas seo.
  2. Deimhníonn gach duine a dhéanann iarratas ar an gcomórtas seo gurb é/í an duine atá ag déanamh iarratais ar an gcomórtas a ghlac an físeán atáthar a chur isteach ar an gcomórtas, gur leis an duine sin an físeán sin, agus go bhfuil lánteideal ag an duine sin mar an t-úinéir, an físeán sin a úsáid do BLOC.
  3. Ní ghlacfar le físeáin a bhfuil athrú ollmhór go digiteach déanta orthu (clónáil, ag cur nithe leis an bhfíseán, ag baint nithe as an bhfíseán). Tá cead an físeán a fheabhsú de bheagán, mar shampla, an ghile agus an chodarsnacht a choigeartú, agus an físeán a ghéarú.
  4. Ní mór ainm agus sonraí teagmhála an té atá ag cur isteach ar an gcomórtas, chomh maith le teideal agus cur síos ar an áit ar taifeadadh an físeán a bheith le gach iontráil.
  5. Ní mór duit a bheith 18+ d’aois le cur isteach ar chomórtas SLÓMÓ BLOC. Ní mór do gach duine sa bhfíseán a bheith 18+ d’aois. D’fhéadfaí a iarraidh ar an té a mbeidh an comórtas buaite aige cóip dá phas a chur ar fáil chun a (h)aois a dheimhniú.
  6. Sa chás is go mbeidh duine nó daoine (le haithint) sa bhfíseán a cuireadh isteach ar chomórtas SLÓMÓ BLOC tugann an t-iarrthóir barántas go bhfuil a gcead tugtha ag na daoine sin an físeán a úsáid sa chomórtas.
  7. Trí fhíseán a chur isteach ar an gComórtas, tugann na hiarrthóirí cead iomlán agus nach féidir dul siar air do BLOC TG4 an físeán a úsáid tráth ar bith agus in aon fhormáid ar ardán foilsitheoireachta.
  8. Tugann tú barántas dúinn go bhfuil gach ábhar a chuirtear ar fáil de réir an dlí agus nach bhfuil an t-ábhar sin ag sárú cearta ar bith aon tríú páirtí agus go dtabharfaidh tú slánaíocht dúinn i ndáil le haon sárú a dhéantar ar an mbarántas sin.
  9. Ní ghlacfaidh BLOC TG4 le haon dliteanas maidir le hábhar a chuirfidh tríú páirtithe ar aghaidh.
  10. Beidh an cinneadh a dhéanfaidh an painéal a bheidh ceaptha ag BLOC TG4 chun moltóireacht a dhéanamh ar na físeáin ina chinneadh deiridh.
  11. Ní chuirfidh tú físeán atá gránna, maslach, míchuí, clúmhillteach ná gáirsiúil ar aghaidh.
  12. Dícháileofar duine ar bith a chuirfidh faisnéis bhréagach nó míthreorach ar fáil go huathoibríoch.
  13. Glacfaidh tú leis go bhféadfaimis smacht eagarthóireachta a ghlacadh ar an bhfíseán agus a chinneadh gan foilsiú an fhíseáin sin a cheadú dár lánrogha féin.
  14. Ní bheidh TG4 freagrach as aon dliteanas, gortú, damáiste nó caillteanas a bhainfeadh d’iarrthóir de bharr é a bheith páirteach sa chomórtas seo.
  15. Is féidir le BLOC TG4, dá lánrogha féin, aon iarrthóir a dhícháiliú, tráth ar bith nó ar chúis ar bith.
  16. Duais MOJO – Iphone XR, Tríchosach Manfrotto, Maidhc Rode, Pluga Cluaise.
  17. Ní dhéanfar na duaiseanna a mhalartú ar airgead.
  18. Beidh an duais bailí ar feadh 12 mhí ón dáta a bhfuair an buaiteoir scéala go bhfuil an comórtas buaite aige/aici.
  19. Féadfaidh daoine in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe cur isteach ar an gcomórtas.
  20. Dícháileofar iarratasóir ar bith a thugann neamhaird ar na rialacha seo go huathoibríoch, dá rogha iomlán TG4.
  21. Is ionann a bheith páirteach sa chomórtas seo agus glacadh leis na téarmaí agus coinníollacha seo.
  22. Trí chur isteach ar an gcomórtas seo, glacfar leis go bhfuil na rialacha glactha ag na hiarratasóirí agus go bhfuil siad faoi cheangal acu agus go dtoilíonn siad a gcuid sonraí pearsanta a aistriú chuig an Rialaitheoir Sonraí (is é sin TG4) chun críocha an comórtas seo a reáchtáil agus chun críocha aon aidhm eile a bhfuil a thoiliú tugtha ag an iarratasóir ina leith.
  23. Déanfar an Comórtas seo agus na Téarmaí agus Coinníollacha a rialú de réir Dhlíthe Phoblacht na hÉireann agus beidh aon díospóid a eascróidh astu faoi réir dhlínse eisiach chúirteanna na hÉireann.
  24. Ní bheidh aon dliteanas ar TG4 i leith aon dhliteanas, gortú, caillteanas, damáiste ná damáiste iarmhartach de chineál ar bith cibé más faoi chonradh, ar thort lena n-áirítear faillí ná a mhalairt a tharlóidh trí ghlacadh leis na téarmaí agus coinníollacha seo nó a bhainfeadh le bheith páirteach sa chomórtas nó a bhainfeadh leis an duais.

 

Fiosrúcháin ó na Meáin: roisín.ní.thuairisg@tg4.ie

 

www.tg4.ie/bloc (@bloc_TG4)

 

 

Facebook-BLOC
Instagram-BLOC
Twitter-BLOC
Youtube-BLOC
Twitch-BLOC