Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Coimisiúnú

Babhta Coimisiúnaithe faoin gCiste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF), Samhradh 2024

Sprioc-am d’iarratais chuig TG4 – 4i.n. Dé Céadaoin an 22 Bealtaine 2024

 

Cuirfidh TG4 Foghlaim, Cúla4 agus BLOC fáilte roimh iarratais le haghaidh ábhar oideachais don bhabhta Ábhar Digiteach & Fuaime, Samhradh 2024, den Chiste Craoltóireachta Gaeilge.
 
Critéir nach mór a bheith i d’iarratas chuig TG4:
Sa bhabhta coimisiúnaithe seo roghnófar tograí le cur ar aghaidh lena mbreithniú do thacaíocht faoin gcéad bhabhta eile den Chiste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF). Ná cuir ar aghaidh ach tionscadail atá incháilithe faoin scéim.
 

Ní mór gach iarratas ar an mbabhta seo a chur isteach go leictreonach trí chóras ríomhchoimisiúnaithe TG4, agus a cheangal mar cháipéis pdf agus buiséad iomlán mar cheangaltán Excel a bheith leis.

Ní dhéanfar tograí nach bhfuil buiséad forbartha mar chuid de a mheas
 

Ní mór na nithe seo a leanas a bheith san áireamh san iarratas:

  • Achoimre chruthaitheach ar an gclár nó ar an tsraith.
  • Buiséad iomlán
  • Léiritheoir & Stiúrthóir tugtha mar aon leis an bpríomhfhoireann taobh thiar den cheamara.
  • Cur chuige físiúil ón stiúrthóir
  • Moltaí maidir le tallann/rannpháirtithe atá le bheith ar an scáileán
  • Sprioclucht féachana TG4 agus an sprioc-am craolta
  • Plean nó sceideal léiriúcháin
  • Plean maoinithe
  • Straitéis Dhigiteach 360

 
Ba chóir go sonrófaí sna hiarratais cé acu de na Gnéithe Inghlactha thíosluaite den bhabhta
seo den ILBF a bhfuil siad ag tagairt dóibh, i.e. TG4 Foghlaim, Cúla4 nó BLOC.

 
 
 

TG4 Foghlaim

Tá sé mar sprioc ag TG4 Foghlaim forbairt a dhéanamh ar na hábhair churaclaim atá ar fáil ar an suíomh TG4 Foghlaim faoi láthair. Cuirfear fáilte roimh ábhar oideachais úr atá spreagúil agus siamsúil a bheidh ina ábhar tacaíochta do mhúinteoirí agus tuismitheoirí atá ag teagasc i nGaelscoileanna, atá ag teagasc na Gaeilge i scoileanna Béarla nó ag tógáil páistí le Gaeilge sa bhaile. Is ábhar é seo a bheidh in úsáid i mbunscoileanna agus meánscoileanna, scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Béarla.
 
Ní mór d’iarratais díriú ar na bearnaí atá ann ó thaobh soláthair don earnáil oideachais agus comhairle a lorg ó na páirtithe leasmhara oideachais – Comhairle na Gaelscolaíochta, Altram agus CCEA.
 
Tá sé riachtanach comhairleoir oideachais agus teanga a aithint in aon iarratas a chuirfear ar aghaidh. Molaimid na féidearthachtaí d’acmhainní breise foghlama a fhiosrú sna hiarratais. Mar shampla taifid fuaime, grafaicí eolais nó quizeanna idirghníomhacha a thacaíonn leis an ábhar físe.
 
Tá fáilte roimh chomhlachtaí teagmháil a dhéanamh linn chun smaointe agus iarratais a phlé.
Tá suim againn in iarratais a chomhlíonann na riachtanais seo go háirithe:

    Ábhar oideachais a thacaíonn le cláracha atá ar fáil ar TG4/Cúla4.
    Ábhar Naíscoile, bunscoile agus Meánscoile (ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge)
    Naíscoil: Formáidí a thacaíonn leis an sealbhú teanga sna luathbhlianta, forbairt phearsanta, gluaiseacht, an domhan thart orainn. Fáiltíonn muid roimh roinnt formáidí fuaime a thacaíonn leis an sealbhú teanga agus scileanna pearsanta.
    Tá deiseanna anseo ábhar siamsúil a chruthú do theaghlaigh agus tuismitheoirí atá ag tógáil leanaí le Gaeilge agus teaghlaigh ag foghlaim na Gaeilge.
    Bunscoil: Formáidí a thacaíonn le Litearthacht agus Teanga; Scéalaíocht agus scríbhneoireacht chruthaitheach, Mata – Mata san fhíorshaol agus Mata Meabhrach, STEM, An Domhan thart orainn – Stair agus Tíreolaíocht, Corpoideachas agus Folláine, Forbairt Phearsanta.
    Meánscoil: Formáidí a thacaíonn le Gaeilge – EC3 agus G.C.S.E, Foghlaim don saol agus don obair, Tíreolaíocht EC3, Stair EC3, STEM EC3
    Formáidí a thacaíonn le Gramadach na Gaeilge d’fhoghlaimeoirí.
    Ábhar a thacaíonn le foghlaim na Gaeilge i scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla
    Meánscoileanna Béarla: Formáidí a thacaíonn le Gaeilge – G.C.S.E agus Ardleibhéal
    Formáidí a thacaíonn le foghlaim na Gaeilge do thuismitheoirí/caomhnóirí páistí atá ag freastal ar Ghaelscoil nó le daoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge.
    Formáidí fuaime a thacaíonn le foghlaimeoirí nó le múinteoirí atá ag iarraidh an Ghaeilge a theagasc i suíomhanna an tumoideachais.

 
 
 

Cúla4

Tá ábhar tarraingteach agus siamsúil, a spreagann fiosracht agus foghlaim, ach a bhfuil féith an ghrinn ag baint leis a bheidh oiriúnach do chraoladh líneach agus úsáid trasardáin do Cúla4 á lorg. Ní mór siamsaíocht agus idirghníomhaíocht a bheith lárnach in aon ábhar oideachais, mar atá sna sraitheanna atá againn cheana ar nós ‘Is Eolaí Mé’ agus ‘Innealtóirí’.
 
Tá suim againn in iarratais a chomhlíonann na riachtanais seo go háirithe:

    Naíonáin, 0-3 bliana
    Formáidí a thacaíonn le luathfhoghlaim na Gaeilge don aoisghrúpa seo, ar bhealach siamsúil agus idirghníomhach. Ceol, scéalaíocht, rannta, foclóir. Tá deiseanna anseo ábhar siamsúil a chruthú do theaghlaigh agus do thuismitheoirí atá ag tógáil leanaí le Gaeilge agus teaghlaigh ag foghlaim na Gaeilge.
    Lucht féachana réamhscoile, 3-5 bliana
    Scéalaíocht, gluaiseacht agus cúrsaí folláine (mothúcháin, bia, gluaiseacht), ceol
    Lucht féachana luath-bhunscoile, 5-7 mbliana
    Eolaíocht, ealaín, gluaiseacht agus cúrsaí folláine, ceol, teicneolaíocht, nádúr, ainmhithe, fiosrú an domhain agus conas a oibríonn rudaí.
    Lucht féachana bunscoile, 8-12 bhliain
    Sábháilteacht idirlín, tuiscint ar na meáin, stair, tíreolaíocht, eacnamaíocht, teicneolaíocht, ealaín.

 
Táimid ar fáil chun smaointe agus iarratais a phlé. Déan teagmháil le Maire.Ui.Choisdealbha@tg4.ie agus Siobhan.Ni.Bhradaigh@tg4.ie.
Moltar do chomhlachtaí comhairleoir oideachais agus teanga a bheith luaite le haon iarratas.
 
Formáid: Sraith de chláracha, fad éagsúil.
Lucht Féachana: Páistí, Croí-lucht féachana.
 
 
 

Sraitheanna Gearrfhoirme


Tá ríméad ar BLOC TG4 fáilte a chur roimh smaointe d’ábhar do na hardáin dhigiteacha chun freastal ar Ghlúin Z.
Tá muid ag lorg sraitheanna grinn, gearrfhoirme atá feiliúnach do YouTube, Instagram agus TikTok, atá thart ar 60 soicind ar fhad.
Ónár dtaithí agus taighde, tá Glúin Z ag lorg ábhar atá siamsúil, greannmhar (ar nós scig-gháire) agus drámata.
 
Sraitheanna ina bhfuil taifeadadh agus scríbhneoireacht ar ardchaighdeán a thabharfaidh léargas ar scripteanna úrnua agus atá in ann an dream óg a mhealladh le téamaí a gcuireann siad suim iontu. Téamaí ó threochtaí chultúr na ndaoine, nó cúrsaí reatha. Bíodh an dialóg iontaofa, grinn, ábhartha agus an luas i stíl na meán sóisialta.
Cuireann muid fáilte roimh smaointe spraíúla fuinniúla craiceáilte agus dána.
 
 
Sraith Cláir Faisnéise
Tá muid ag lorg smaointe do chlár faisnéise a dhéanann mionscrúdú ar glúin Z, ina dtugtar léargas ar an eispéireas, dearcadh agus domhan ina maireann daoine óga in Éirinn inniu agus iad ag iarraidh ciall a bhaint as an saol.
 
Ba mhaith linn go leagfaí béim san ábhar ar a gcuid scéalta féin agus ar na rudaí atá ag déanamh imní don ghlúin seo agus a bhaineann go sonrach leo. Ábhar a chíorann ceisteanna polaitíochta agus sóisialta an lae.
 
Tabharfaidh an clár faisnéise seo tuiscint agus léargas níos fearr ar rudaí a chuireann imní orthu nó nithe atá á gceistiú acu.
 
 
Tá BLOC ag lorg sraith cláir faisnéise bunaithe ar théamaí éagsúla a bhaineann le glúin Z agus a bheadh feiliúnach do na hardáin dhigiteacha – go mór mór YouTube agus seinnteoir TG4 agus beidh tacaíocht mhargaíochta ag an gclár ó na hardáin eile meán sóisialta.
Ba cheart don chlár a bheith cruthaitheach agus i stíl dhigiteach na meán sóisialta.

 


 

Caithfear na hiarratais a dhéanamh go leictreonach. Mura bhfuil an comhlacht cláraithe, caithfear clárú ar dtús ar an suíomh eCoimisiúin https://ecomm.tg4.ie, agus an t-iarratas a uaslódáil roimh an sprioc-am tríd an rogha, ‘ILBF Digiteach, Samhradh 2024’, a roghnú ón roghchlár anuas. Tiocfaidh admháil chugat go leictreonach go huathoibríoch. Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an sprioc-ama agus caithfidh na comhlachtaí iad féin déanamh cinnte gur seachadadh na hiarratais. Má tá aon cheisteanna agat maidir le haon chuid den bhabhta seo, cuir ríomhphost chuig Julieann Ní Fhátharta julieann.ni.fhatharta@tg4.ie
 

Glacfar le hiarratas ar an mbonn go gcomhlíonfaidh iarrthóir na hoibleagáidí reachtúla iomchuí uile.

Níl dualgas ar TG4 glacadh leis an iarratas is ísle praghas, ná le h-aon iarratas.

Beidh aon chonradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim.

An tAcht um Shaoráil Faisnéise: Cuirtear iarrthóirí ar an eolas gur ceadmhach eolas a sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí aird a tharraingt ar aon fhaisnéis íogair (más ann di) agus an chúis go bhfuil an fhaisnéis sin íogair a lua. Ní féidir glacadh leis nach mbeidh dualgas ar TG4 faisnéis a eisiúint, fiú más dóigh leis an iarrthóir gur faisnéis íogair í agus go bhfuil sin curtha in iúl do TG4.

Ní ann d’aon chineál ceangail – conartha nó aon chineál eile – go dtí go mbeidh conradh foirmiúil scríofa forghníofa ag nó thar ceann TG4.