Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Coimisiúnú

Tús 2024 & Céim Eile 2024

Is é 3 i.n. Dé Luain an 9 Meán Fómhair 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais don bhabhta seo

1. Tús 2024

Tionscnamh Scripteanna Gearrscannán do Scríbhneoirí agus Cruthaitheoirí Nua as Éirinn
(12 nóiméad ar a mhéad)

 
Tá TG4 agus Fís Éireann i gcomhar leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge, i ndiaidh chomh maith is a d’éirigh leis an infheistíocht a rinneadh i scéim Forbartha Drámaíochta Teilifíse Cine4 agus TG4/Fís Éireann, chun glaoch a dhéanamh ar an gcéad ghlúin eile de scríbhneoirí cumasacha.
 
Is é aidhm an chomhthionscnaimh seo, ‘Tús’ ná drámaíocht nua i nGaeilge a spreagadh, a chothú agus a chur chun cinn agus chun tacú le guthanna éagsúla cruthaitheacha a bhfuil Gaeilge acu atá ag céim luath dá ngairmeacha, lena n áirítear cur chuige “Súil Eile”. Ní mór d’iarratasóirí dul i mbun comhpháirtíochta le comhlacht léiriúcháin a bhfuil taithí aige mar chuid den iarratas a bhfuil sé d’acmhainn acu an scannán a thabhairt chun críche sa chéim forbartha agus sa chéim léirithe araon.
 
Táthar ag súil go mbeidh tionchar ag na scéalta seo ar an lucht féachana náisiúnta anseo in Éirinn agus ar an lucht féachana domhanda araon agus go dtabharfaidh siad léargas ar scéalaíocht nua agus éagsúil, ar phobail nua agus éagsúil agus ar shochaí na linne. Ba cheart do na drámaí a bhfuil scripteanna leo a bheith idir 10 agus 12 nóiméad ar fad.
 
Roghnófar suas le deich dtionscadal ar a mbronnfar buiséad forbartha €6,000 an ceann orthu agus roinnfear iad le heagarthóir scripte a dhéanfaidh meantóireacht orthu le linn na forbartha.
 
Bronnfar €30,000 an ceann ar suas le trí script gearrfhoirme as na deich gcinn a bheidh ar an ngearrliosta chun a scannán a léiriú.

 
 

2. Céim Eile 2024

Tionscnamh Scripteanna Gearrscannán leathuaire do Scríbhneoirí agus Cruthaitheoirí Nua as Éirinn
(25 – 30 nóiméad)

 
Tá TG4 agus Fís Éireann i gcomhar leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge, i ndiaidh chomh maith is a d’éirigh leis an infheistíocht a rinneadh i scéim Forbartha Drámaíochta Teilifíse Cine4 agus TG4/Fís Éireann, chun glaoch a dhéanamh ar an gcéad ghlúin eile de scríbhneoirí cumasacha.
 
Is é is aidhm leis an tionscnamh i gcomhar ‘Céim Eile’ ná ugach a thabhairt do dhaoine cumasacha a bhfuil Gaeilge acu atá ag teacht chun cinn. Ní mór cainteoirí líofa Gaeilge a dheimhniú in iarratais tionscadail. Ní mór d’iarratasóirí dul i mbun comhpháirtíochta le dheimhniú in iarratais tionscadail. Ní mór d’iarratasóirí dul i mbun comhpháirtíochta le comhlacht léiriúcháin a bhfuil taithí aige mar chuid den iarratas a bhfuil sé d’acmhainn acu comhlacht léiriúcháin a bhfuil taithí aige mar chuid den iarratas a bhfuil sé d’acmhainn acu an scannán a thabhairt chun críche sa chéim forbartha agus sa chéim léirian scannán a thabhairt chun críche sa chéim forbartha agus sa chéim léirithe araon.
 
Ba chóir do na scéalta a bheith éagsúil, nuálach, uaillmhianach agus dúshlánach i dtaobh ábhair, stíle agus cuir chuige.
 
Roghnófar suas le hocht dtionscadal ar a mbronnfar buiséad forbartha €15,000 an ceann orthu agus roinnfear iad le heagarthóir scripte a dhéanfaidh an ceann orthu agus roinnfear iad le heagarthóir scripte a dhéanfaidh meantóireacht orthu le linn na forbartha.
 
Roghnófar trí thionscadal sa deireadh thiar le dul i mbun léirithe a mbeidh buiséad €100,000 an ceann i gceist leis.

 

Is é príomhaidhm an chiste:

  1. Daoine cumasacha nua a spreagadh
  2. Éagsúlacht, Cothromas & Ionchuimsiú
  3. Scríobh scripteanna i nGaeilge a spreagadh
  4. Lucht féachana náisiúnta agus domhanda a mhealladh i dtreo scéalta Gaeilge.
  5. Deis, Meantóireacht, Oiliúint a chruthú tríd an nGaeilge

 

Ba cheart iad seo a leanas a áireamh in iarratais:

  • Teideal
  • Sluán agus Gné Uathúil Dhíolacháin
  • Buntuiscint agus téama
  • Gearrchuntas – inis an scéal i d’fhocail féin
  • Cén fáth a dteastaíonn an t-ábhar seo ó TG4
  • Seánra
  • An lucht féachana molta
  • Cur síos ar na príomhcharachtair agus ar a n-aistear
  • An Fhoireann Chruthaitheach

Ní mór comhlacht léiriúcháin a bheith páirteach san iarratas ón tús.
 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin dá bhabhta déan teagmháil le:
Máire Uí Choisdealbha maire.ui.choisdealbha@tg4.ie
 
Ní mór gach togra a chur ar aghaidh go leictreonach chuig TG4 roimh 3 i.n. Dé Luain an 9 Meán Fómhair 2024. Ní mór do chomhlachtaí léiriúcháin a chinntiú ar dtús go bhfuil siad cláraithe ar ár gcóras eCoimisiúin https://ecomm.tg4.ie, agus an t iarratas a uaslódáil roimh an dáta deiridh trí ‘Tús 2024’‘Céim Eile’ a roghnú ón roghchlár anuas.

Cuirfear in iúl duit, go huathoibríoch, nuair atá do thogra curtha ar aghaidh. Ní ghlacfar le tograí nuair a bheidh an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais caite.

Is féidir ceist ar bith maidir leis an mbabhta seo agus maidir le hoiriúnacht an tionscadail a sheoladh chuig Julieann Ní Fháthartaa sheoladh chuig Julieann Ní Fhátharta julieann.ni.fhatharta@tg4.ie
 
Glacfar le hiarratas ar an mbonn go gcomhlíonfaidh iarrthóir na hoibleagáidí reachtúla iomchuí uile.iomchuí uile.

Níl dualgas ar TG4 glacadh leis an iarratas is ísle i bpraghas, ná le haon iarratas.

Beidh aon chonradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim.

An tAcht um Shaoráil Faisnéise: Cuirtear iarrthóirí ar an eolas gur ceadmhach eolas a sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí aird a tharraingt ar aon fhaisnéis íogair (más ann di) agus an chúis go bhfuil an fhaisnéis sin íogair a lua. Ní féidir glacadh leis nach mbeidh dualgas ar TG4 faisnéis a eisiúint, fiú más dóigh leis an iarrthóir gur faisnéis íogair í agus go bhfuil sin curtha in iúl do TG4.

Ní ann d’aon chineál ceangail – conradh ná aon chineál eile conradh ná aon chineál eile – go dtí go mbeidh conradh go dtí go mbeidh conradh foirmiúil scríofa forghníofa ag nó thar ceann TG4.