Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Folúntais

 

 


Rúnaí / Fáilteoir

Conradh Buan
 

Is mian le TG4 Rúnaí / Fáilteoir a earcú ar bhonn buan i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann. Is post lánaimseartha é seo agus beidh an té a cheapfar freagrach don bhainisteoir tí.

Fostóir comhionannais deiseanna é TG4 agus déantar iarratais incháilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
 
An Ról
Éireoidh leat sa ról seo más duine tú atá ábalta oibriú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil. Beifear ag súil go mbeidh tú dírithe ar an obair, go mbeidh ardscileanna cumarsáide agat, go mbeidh tú ábalta oibriú mar chuid d’fhoireann agus go mbeidh tú in ann a léiriú go bhfuil taithí agat ar bheith ag obair i ról den chineál seo.
 
I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, gan bheith teoranta dóibh, beidh;

  • Dualgais ghinearálta riaracháin agus tacaíochta a chur ar fáil do gach rannóg
  • Cuidiú Orduithe Ceannaigh (PO) a ullmhú
  • Freagrach as seomraí cruinnithe a chur in áirithe agus carranna TG4
  • Na sonraí ceoil a riar agus iad a sheoladh chuig IMRO.
  • Cuidiú leis an rannóg AD nuair is gá
  • Dualgais an fháilteora a chomhlíonadh
  • Fáilte a chur roimh chuairteoirí, custaiméirí agus aíonna agus sóláistí a ordú do chruinnithe a bheidh ar siúl in TG4
  • Cuidiú a thabhairt chun taisteal agus lóistín a chur in áirithe nuair is gá
  • Aon fhreagrachtaí réasúnta eile a mheasann do bhainisteoir líne nó an fhoireann Ardbhainistíochta bunaithe ar riachtanais an ghnó.

 
Nithe atá riachtanach don phost seo:

  • A bheith tiomanta d’Fhís, Misean agus Straitéis TG4 a chur i bhfeidhm.
  • Eolas maith ar ríomhairí (sárthuiscint ar Microsoft Office Suite (word, excel etc), ar na hArdáin Meán Sóisialta) agus a bheith ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa.
  • Ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.
  • Fócas dearfach, cumas maith foirne agus taithí ar obair riaracháin agus ar obair fáiltithe.
  • A bheith discréideach maidir le sonraí agus eolas íogair TG4
  • Ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh.
  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.

 
Sa gCeannáras i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe atá an post seo. Tá polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm ag TG4.
 
4pm Déardaoin an 9 Iúil 2026 an spriocdháta d’iarratais. Seol do CV mar aon le litir iarratais chuig cv@tg4.ie.

 

Eolas Breise don Iarratasóir

Grád an Phoist:
Grád 6

Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Is ón 9:00-17:00, ó Luan go Déardaoin agus ón 09:00 – 16:00 Dé hAoine na huaireanta oibre.

Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.

Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.

Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:

  • Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
  • Saoire Staidéir agus Scrúduithe
  • Táillí Ballraíochta Gairmiúla
  • Pinsean Ranníocach
  • An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre

 

 
 


Eagarthóir Nuachta

 

Is mian le TG4 Eagarthóir Nuachta a earcú don tseirbhís dhigiteach nuachta nua a bheidh ag tosú in 2026. Ag tuairisciú don Cheannaire Nuachta & Cúrsaí Reatha, beidh an té a cheapfar ag obair ar seal agus freagrach as seirbhís laethúil dhigiteach Nuacht agus Cúrsaí Reatha TG4 a mhaoirsiú agus a chur in eagar.

Is craoltóir náisiúnta teilifíse Gaeilge é TG4 atá lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Tá ábhar TG4 ar fáil ar gach ardán teilifíse ar fud na hÉireann, ar fud an domhain ar an idirlíon agus ar na hardáin dhigiteacha. Is craoltóir-foilsitheoir seirbhíse poiblí é TG4 a fhaigheann formhór a ábhair ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha, ábhar a bhfuil duaiseanna agus gradaim go leor buaite aige.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach Gaeilge den scoth a bheith ag iarrthóir, idir scríobh agus labhairt na teanga. Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó gur duine den Lucht Siúil atá i gceist.

Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.

I gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe a bheidh an phost seo lonnaithe.
 
Freagrachtaí an Phoist:

  • Scéalta nuachta a aimsiú, a bhriseadh, a roghnú agus a chur in oiriúint d’ardáin dhigiteacha nuachta TG4 lena n-áirítear suíomh nuachta nua, ardáin dhigiteacha, agus meáin shóisialta eile.
  • Ardbhreithiúnas eagarthóireachta a fheidhmiú ar ábhar nuachta
  • Treoir eagarthóireachta laethúil a thabhairt d’fhoireann iriseoirí, agus comhoibriú eagarthóireachta le Ceannaire Nuachta & Cúrsaí Reatha TG4 agus le foireann teilifíse Nuacht TG4
  • A chinntiú go bhfuil gach ábhar ag teacht le dlí na meán in Éirinn agus le cód nuachta Choimisiún na Meán
  • Eagarthóireacht a chur i bhfeidhm agus treoir eagarthóireachta a thabhairt ar scéalta nuachta atá á léiriú agus á scríobh do sheirbhís nuachta TG4.
  • Scéalta iriseoirí a phrofáil agus a cheartú.
  • Cur chuige nuálaíoch a ghlacadh i dtaobh scéalta físe nuachta a léiriú agus a chur in oiriúint d’ardáin dhigiteacha éagsúla, le béim ar ábhar nuachta gearrfhoirme.
  • Scripteanna a scríobh agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu do mhíreanna físe.
  • Athchóiriú a dhéanamh ar scéalta nuachta agus cúrsaí reatha eile lena gcur in oiriúint do na meáin dhigiteacha.
  • Pleanáil chun cinn a dhéanamh.
  • An fhoireann agus na hiriseoirí a fhorbairt i gcomhar leis an gCeannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha
  • Treoir a ghlacadh ón gCeannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha chun straitéis nuachta a chur chun cinn.
  • Comhoibriú le foireann teilifíse Nuacht TG4 chun seirbhís nuachta ilardáin a chur ar fáil don lucht féachana.
  • Cur le branda na nuachta agus le feidhm na nuachta i TG4 i gcomhar leis an gCeannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha

 

Riachtanais don Ról:

  • Sárthaithí agus tuiscint ar chúrsaí nuachta
  • Grinntuiscint ar shaol na Gaeltachta, na Gaeilge agus na hÉireann.
  • Tá cruinneas i scríobh agus labhairt na Gaeilge riachtanach don phost.
  • Taithí ábhartha eagarthóireachta nó iriseoireachta idir scríofa, digiteach nó craolta.
  • Tuiscint ar fheidhm nuachta TG4, nuacht do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta agus ar straitéis lucht féachana TG4.
  • Tuiscint ar fhís agus ar bhranda TG4
  • Taithí ar fhoireann a bhainistiú nó a chomhordú
  • Sárthuiscint ar na meáin shóisialta, agus tuiscint ar fhorbairt lucht féachana ar líne
  • Bheadh tuiscint nó taithí ar phatrúin úsáide idirlín (UX), SEO, Google Analytics ina bhuntáiste sa phost seo.
  • Ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa.
  • Dearcadh dearfach, solúbtha, eagraithe agus ábalta oibriú faoi bhrú.

 

Éireoidh leat sa ról seo más duine tú atá ábalta oibriú go muiníneach, go solúbtha agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.
 
Tabhair ar aird: Is treoir é an sainchuntas poist seo maidir le réimsí leathana freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart breathnú air mar liostú cuimsitheach. D’fhéadfadh an sainchuntas poist a bheith faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise struchtúir nua agus / nó athrú a bheith ag teacht ar riachtanais TG4.
 
Iarrtar ar iarrthóirí CV mar aon le litir chumhdaigh ina mbeidh smaointe ar nuacht digiteach do phost an Eagarthóra Nuachta a sheoladh chuig cv@tg4.ie roimh 4pm Dé hAoine an 17 Iúil 2026.

 

Eolas Breise don Iarratasóir

Grád an Phoist: Grád 3

Uaireanta Oibre:
Is post ar sheal oibre 78 uair sa choicís a bheidh sa phost seo.

Laethanta Saoire:
Beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.

Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.

Taisteal:
Beidh taisteal i gceist ó am go chéile mar chuid den ról, in Éirinn agus thar lear.

Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:

  • Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
  • Saoire Staidéir agus Scrúduithe
  • Táillí Ballraíochta Gairmiúla
  • Pinsean Ranníocach
  • An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre

 

 
 


Iriseoirí Ilmheán Nuachta agus Cúrsaí Reatha

Conradh 2 bhliain
 

Is craoltóir náisiúnta teilifíse Gaeilge é TG4 atá lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Tá ábhar TG4 ar fáil ar gach ardán teilifíse ar fud na hÉireann, ar fud an domhain ar an idirlíon agus ar ardáin dhigiteacha. Is craoltóir-foilsitheoir seirbhíse poiblí é TG4 a fhaigheann formhór a ábhair ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha, ábhar a bhfuil duaiseanna agus gradaim go leor buaite aige. Tá TG4 ag féachaint faoi láthair ar Iriseoirí Ilmheán a earcú do sheirbhís dhigiteach nuachta.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach Gaeilge den scoth a bheith ag iarrthóir, idir scríobh agus labhairt na teanga. Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.

Ag tuairisciú don Cheannaire Nuachta & Cúrsaí Reatha, agus ag obair go laethúil le hEagarthóir Nuachta, beidh na hiarrthóirí a n-éiríonn leo freagrach as scéalta nuachta digiteacha a chur ar fáil agus a léiriú. Beidh obair ar seal agus obair deireadh seachtaine i gceist leis na poist seo.

I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, gan bheith teoranta dóibh, beidh;

  • Scéalta nuachta a aimsiú agus a léiriú, idir scríobh, taifeadadh físe nó fuaime, ar ardchaighdeán d’ardáin dhigiteacha Nuacht agus Cúrsaí Reatha TG4.
  • Scéalta nuachta a scríobh i nGaeilge agus a chur ar fáil don suíomh nuachta agus don Eagarthóir Nuachta.
  • Moltaí a thabhairt agus a ghlacadh maidir le scéalta agus pleanáil chun cinn.
  • Scéalta a chur i láthair ar cheamara nó mar ghearrthóga fuaime le béim ar an nuacht ghearrfhoirme do na meáin shóisialta.
  • Cur chuige nuálaíoch a ghlacadh maidir leis na hardáin dhigiteacha agus na hardáin meán sóisialta agus suim a chur san iriseoireacht sa réimse seo.
  • Aon dualgais bhailí eile a iarrann Bainisteoir, Stiúrthóir na Rannóige nó an tArd-Stiúrthóir ort a chomhlíonadh.

 
Tabhair faoi deara: Is treoir atá sa sainchuntas poist seo maidir le réimsí éagsúla freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart breathnú air mar liosta cuimsitheach. D’fhéadfadh an sainchuntas poist a bheith faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise struchtúir nua agus / nó athrú a bheith ag teacht ar riachtanais TG4.

Bíonn tionscal na teilifíse ag síorathrú. Glacann TG4 go fonnmhar leis na hathruithe seo agus athróidh an comhlacht agus dualgais na foirne dá réir.

 

Taithí riachtanach don Phost:

  • Cáilíocht 3ú leibhéal san iriseoireacht nó taithí dhá bhliain ar a laghad san iriseoireacht.
  • Ábalta cóipscríbhneoireacht a dhéanamh agus scripteanna a scríobh d’fhíseáin ar líne
  • Ábalta taighde a dhéanamh
  • Eolas a bheith agat ar dhlí na meán in Éirinn agus ar chód nuachta Choimisiún na Meán.
  • Eolas agus tuiscint ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge agus ar na scéalta nuachta a spreagann iad.
  • Suim sa scéalaíocht dhigiteach do chúrsaí nuachta.
  • Cruinneas i scríobh agus labhairt na Gaeilge
  • Scileanna scríbhneoireachta agus profála.
  • Tuiscint ar SEO/Wordpress nó ar chórais foilsithe eile.
  • Suim san fhorbairt ghairme agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa.
  • Sásta freastal ar chúrsaí oiliúna de réir mar a éilíonn TG4.
  • A bheith in ann glacadh le treoir agus comhoibriú le hiriseoirí agus foirne eile
  • A bheith fiosrach agus suim a bheith agat i nuacht agus cúrsaí reatha Gaeltachta, Náisiúnta agus Idirnáisiúnta
  • Is buntáiste é eolas a bheith agat ar fhoilsiú ar líne, ar léiriú físeán agus ar léiriú fuaime digití.

 
Éireoidh leat sa ról seo más duine tú atá ábalta oibriú go muiníneach, go solúbtha agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil agus faoi bhrú ama.
 
Iarrtar ar iarrthóirí CV, litir chlúdaigh agus físeán gearr fút féin agus roinnt samplaí de do chuid oibre do phost an Iriseora Ilmheán a sheoladh chuig cv@tg4.ie roimh 4pm Dé hAoine an 17 Iúil 2026.
 

Eolas Breise don Iarratasóir

Tuarastal: Grád 5

Uaireanta Oibre:
Is post ar seal 78 uair sa choicís a bheidh sa phost seo. Táthar ag súil, mar gheall ar riachtanais an phoist, go mbeifeá solúbtha ó am go ham, i.e. go mbeifeá sásta, scaití, oibriú lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.

Laethanta Saoire:
Beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.

Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.

Taisteal:
Beidh taisteal in Éirinn, agus thar lear ó am go chéile, i gceist mar chuid den ról seo.

Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:

  • Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
  • Saoire Staidéir agus Scrúduithe
  • Táillí Ballraíochta Gairmiúla
  • Pinsean Ranníocach
  • An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre