Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Traenáil & Forbairt

Intéirneacht le TG4

Scéim Intéirneachta Bliana le TG4 do Chéimithe nó do Thosaitheoirí
Iúil 2026 -> Iúil 2027

 

Cuirfear fáilte roimh iarratais ó thosaitheoirí nó ó chéimithe ollscoile chun tréimhse bliana a chaitheamh ar intéirneacht i TG4 i mBaile na hAbhann.

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.

Is deis é seo do dhaoine atá ag tosú amach san earnáil Físe agus atá ag iarraidh taithí phraiticiúil a fháil chun cur leis an oiliúint atá faighte acu go dtí seo. Íocfar tuarastal le linn na bliana taithí oibre seo agus beidh deiseanna oiliúna eile ar fáil le linn na bliana.

Daoine a bhfuil Gaeilge den scoth acu agus a bhfuil suim acu sna hardáin meán sóisialta atá á lorg againn. Beifear ag súil go mbeidh scileanna taighde agus cumas maith scríofa (i nGaeilge & i mBéarla) ag an té a cheapfar chomh maith le tuiscint a bheith acu ar céard is scéal mealltach ann.
 
I measc na ndualgas a bheidh ar an té a cheapfar, beidh:

  • Míreanna a aimsiú, a sceidealú agus a chur in eagar le cur ar ardáin shóisialta TG4.
  • Beidh ceannscríbhinn agus fotheidil le cruthú d’ábhar ar líne, mar aon le hábhar a chur in oiriúint do na hardáin shóisialta.
  • Beidh an té a cheapfar ina phointe teagmhála ag an bpobal agus beidh cúram air/uirthi comhordú a dhéanamh ar fhreagraí chuig an bpobal ar na hardáin shóisialta.
  • Aon fhreagrachtaí eile arna sannadh agus arna meas ag bainisteoir/stiúrthóir na rannóige bunaithe ar riachtanais ghnó.

Tabhair ar aird: Is treoir atá sa sainchuntas poist seo maidir le réimsí éagsúla freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart breathnú air mar liosta cuimsitheach. D’fhéadfadh an sainchuntas poist a bheith faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise struchtúir nua agus / nó athrú a bheith ag teacht ar riachtanais TG4.

Bíonn tionscal na teilifíse ag síorathrú. Glacann TG4 go fonnmhar leis na hathruithe seo agus athróidh an comhlacht agus dualgais na foirne dá réir.

Gheobhaidh an té a cheapfar taithí chuimsitheach ar bheith ag obair i réimse an léiriúcháin faoi láthair ina ndéantar comhordú ar obair eagarthóireachta agus ar obair foilsitheoireachta ar na hardáin Dhigiteacha.
 
Tá daoine faoi oiliúint á lorg sna réimsí seo a leanas:

  • Intéirneach le BLOC
  • Intéirneach le MOLSCÉAL
  • Intéirneach le Spórt TG4
  • Intéirneach san Ábhar Oideachais
  • Ealaíontóir Grafaicí faoi oiliúint
  • Intéirneach Eagarthóireachta

Seol CV, litir iarratas agus sampla de do chuid oibre ar na meáin shóisialta/obair grafaicí/obair eagarthóireachta i bpéire (2) de na réimsí thuas ar a mhéad – Molscéal, BLOC, Spórt, Oideachas, GrafaicíEagarthóireacht chuig cv@tg4.ie.

Cuir do chéad dá rogha as na roghanna thuas in iúl.

Cinntigh freisin go bhfuil an taithí oibre ábhartha atá curtha ar do CV agat ag teacht leis na hardáin a bhfuil suim agat cur isteach orthu.

An dáta deiridh a nglacfar le hiarratais: 5pm Dé Domhnaigh an 12 Aibreán 2026.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4.

Is poist lánaimseartha iad seo agus beidh na daoine a cheapfar lonnaithe i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann, i gCo. na Gaillimhe.

 

 

Eolas Breise don Iarratasóir

Grád an Phoist: Grád Intéirneachta

Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Táthar ag súil, mar gheall ar riachtanais an phoist, go mbeifeá solúbtha ó am go ham, i.e. go mbeifeá sásta, scaití, oibriú lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.

Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.

Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.

Taisteal: Beidh taisteal in Éirinn i gceist ó am go ham mar chuid den ról.

Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:

  • Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
  • Saoire Staidéir agus Scrúduithe
  • Táillí Ballraíochta Gairmiúla
  • Pinsean Ranníocach
  • An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre