Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

16 Ainmniúchán Faighte ag Cláir TG4 ag Gradaim Fhéile na Meán Ceilteach 2026

11.03.26

Aontas, Éire agus Na Chéad Náisiúin & Báite

 
Íomhánna
 
Tá ainmniúcháin do shé ghradam déag faighte ag TG4 ag Gradaim bhliantúla Barr Feabhais Torc Fhéile na Meán Ceilteach atá fógartha inniu.
Bíonn Féile na Meán Ceilteach ar siúl in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha gach bliain. Cuirtear iontrálacha sna duais-aicmí éagsúla faoi bhráid giúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús agus cuirtear an chuid is fearr ansin ar ghearrliosta le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta. Beidh Féile na Meán Ceilteach ar siúl i mbliana i mBéal Feirste ón 2-4 Meitheamh.
 

“Tá muid thar a bheith mórtasach go bhfuil 16 ainmniúchán faighte ag cláir TG4 ag Gradaim Barr Feabhais Torc Fhéile na Meán Ceilteach 2026. Is iontach an t-aitheantas é seo ar an gcruthaitheacht, ar an uaillmhian agus ar an gcaighdeán a bhíonn le fáil i gcláir agus ábhar TG4 agus ar an obair a dhéanann na comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha ar fud na tíre a bhfuil sé de phribhléid againne a bheith ag obair leo. Leagann an réimse ainmniúchán a fuarthas san iliomad seánraí béim ar láidreacht, éagsúlacht agus beocht na scéalaíochta Gaeilge sa lá atá inniu ann. Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le gach duine a raibh baint acu leis na léiriúcháin den scoth seo agus mo bhuíochas a chur in iúl dóibh.”Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4.
 

Is iad seo a leanas cláir TG4 a bhfuil ainmniúcháin faighte acu:

Spiorad na Féile

Na Lumière Gaelacha – Cormorant Films – TG4

Léargas ar thús na scannánaíochta in Éirinn. Is triúr deartháireacha, gréasaithe as baile beag in oirthear Chorcaí, a chur tús le cúrsaí scannánaíochta in Éirinn. Nuair a chonaic siad an obair a bhí ar bun san Eoraip ó thaobh cúrsaí scannánaíochta agus beochana shocraigh siad féin triail a bhaint as. Insítear scéal na deartháireacha Horgan as Eochaill sa gclár seo, ceannródaithe grianghrafadóireachta, scannánaíochta agus beochana a thug faoin gceird seo ag an am céanna leis na deartháireacha Lumière sa bhFrainc. D’fhéadfaí a rá gur in Eochaill a cuireadh tús le cúrsaí scannánaíochta in Éirinn.

Nasc: https://nasc.tg4.tv/Na_Lumière_Gaelacha

 

Drámaíocht Aonair – (os cionn 30 nóiméad ar fhad)

Aontas – Púca Pictures – TG4

Socraíonn triúr gadaithe, faoi stiúir mná atá ar tí cliseadh néarógach a bheith aici, comhar creidmheasa faoin tuath a robáil. Cuirtear tús leis an scéal seo agus cúrsaí imithe in aimhréidh i ndiaidh na robála agus téitear siar san am go bhfeictear an méid a tharla roimhe sin. Feictear an tionchar a bhíonn ag na cinntí a dhéanann daoine ar an saol a bhíonn acu agus mar is féidir le cuimhní áirithe srian a chur ar dhaoine sa scannán seo.

 

Báite – Danú Media Teo – TG4

Is mistéir é Báite: scéal atá lán le rúin. Meán Fómhair 1975, is gnáthlá atá ann do Peggy Casey agus í ag fáil faoi réir don deireadh seachtaine, tá sí ag súil go mbeidh a teach tábhairne lán go béal le hiascairí. Ach baintear siar as muintir na háite nuair a thagtar ar chorp i loch i ngar don bhaile. Tagann an Bleachtaire Sáirsint Frank Ryan as Baile Átha Cliath chun dul i mbun fiosrúcháin agus is léir go bhfuil rún folaigh ag muintir an bhaile.

 

Fréamhacha (Fréwaka) – DoubleBand Films & Wildcard – TG4

Is í an t-oibrí cúraim Shoo croí scéal an scannáin FRÉAMHACHA. Cuirtear Shoo ag obair i sráidbhaile scoite ina labhraítear Gaeilge chun aire a thabhairt do bhean a bhfuil faitíos uirthi a teach a fhágáil. Tá faitíos freisin uirthi roimh na comharsana agus roimh na Sídhe, neacha scáfara ón mbéaloideas a gcreideann sí a d’fhuadaigh í féin blianta fada roimhe sin. De réir mar a fhásann dlúthchairdeas eatarthu, bíonn Shoo ite ag paranóia, deasghnátha agus piseoga na seanmhná, agus ar deireadh thiar tugann sí aghaidh ar na huafáis a tharla ina saol féin.

 

Na hEalaíona

David Keenan – Focla ar Chanbhás Tua Films – TG4

Ceithre bliana i ndiaidh do David Keenan a albam Beginner’s Guide to Bravery a chur amach filleann sé ar an stiúideo chun ceol nua a thaifeadadh. Feicfear David ag cumadh agus ag cruthú ceoil thar thréimhse 500 lá sa gclár seo.

 

Clár Faisnéise Aonair – (suas le 60 nóiméad ar fhad)

Beo Faoin bhFód – Black Lobster Productions – TG4

In 1968, cuireadh Mick Meaney i gcónra adhmaid sé troithe faoin bhfód i Londain ach bhí sé fós beo. Is ag iarraidh curiarracht dhomhanda a bhaint amach a bhí sé. Is in California sna 1920idí a chuirtear tús leis an scéal seo agus críochnaíonn sé le bean rialta ón Ísiltír atá curtha i bpáirc aonaigh i Skegness. Is iníon le Mick a insíonn a scéal aisteach sa gclár seo.

Nasc: https://nasc.tg4.tv/Beo_Faoin_bhFód (Éire amháin/Ireland only)

 

Cúrsaí Reatha

Iniúchadh TG4 – Bricí Lochtacha, Pobail Bhriste – Clean Slate Television – TG4

Fiosraíonn Kevin Magee scannal na mbloc lochtach agus iarracht an rialtais an scéal a réiteach. Caitheann sé súil ar scéim cúitimh nua an rialtais agus é ag féachaint an bhfuil sé ag cabhrú leo siúd atá ag fulaingt.

Nasc: https://nasc.tg4.tv/IniúchadhTG4-BricíLochtacha_PobailBhriste

 

Sraith Fhíorasach

Néara-Éagsúlacht: Dearcadh Difriúil – Tyrone Productions – TG4

Sraith dhá chlár ina dtugtar léargas ar néara-éagsúlacht in Éirinn. Tugtar léargas ionraic, daonna sa tsraith thochtmhar seo ar scéalta nach dtugtar cluas go minic dóibh.

Nasc: https://nasc.tg4.tv/Néara-Éagsúlacht

 

Fadchlár Faisnéise (61 nóiméad nó níos faide)

An Grá Ciúin – Curious North Productions – TG4

Sa chlár faisnéise pearsanta seo, roinnfidh trí lánúin as pobal na mBodhar a scéalta grá urghnácha i dteanga chomharthaíochta: grá nach raibh ceadaithe ach a mhair 50 bliain agus a sháraigh an deighilt reiligiúnach, lánúin LADT agus iad ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le hiníonacha atá Bodhar agus iníonacha a bhfuil éisteacht acu a thógáil, agus dornálaí atá Bodhar agus a pháirtí a bhfuil éisteacht aici ag tabhairt aghaidh ar chinneadh dodhéanta. Tugtar léargas álainn sa bhailiúchán seo de litreacha grá cineamatacha ar shaol na mBodhar agus ar chumhacht an ghrá bhuain.

 

Stair

Éire agus na Chéad Náisiúin – Ronin Films – TG4

Scéal dochreidte faoin dóigh ar chaith muintir na hÉireann le bundúchasaigh Thuaisceart Mheiriceá. Léirigh meon na nÉireannach coimhlint dhomhain an choilínithe, bhí siad ina gcairde agus ina n-eascairde araon ag na Chéad Náisiúin. Agus iad curtha óna dtír dhúchais féin, bhí ról lárnach ansin acu i gcoilíniú Mheiriceá. Pléifidh lucht acadúil agus tráchtairí ón dá thaobh an scéal comhaimseartha faoi thuras stairiúil na nÉireannach a chuaigh go Meiriceá, ní hamháin óna bpeirspictíocht féin ach trí shúile na ndaoine ar ruaigeadh as a n-áit féin iad.

Nasc: https://nasc.tg4.tv/Éire_agus_Na_Chéad_Náisiúin

 

Na Lumière Gaelacha – Cormorant Films – TG4

Léargas ar thús na scannánaíochta in Éirinn. Is triúr deartháireacha, gréasaithe as baile beag in oirthear Chorcaí, a chur tús le cúrsaí scannánaíochta in Éirinn. Nuair a chonaic siad an obair a bhí ar bun san Eoraip ó thaobh cúrsaí scannánaíochta agus beochana shocraigh siad féin triail a bhaint as. Insítear scéal na deartháireacha Horgan as Eochaill sa gclár seo, ceannródaithe grianghrafadóireachta, scannánaíochta agus beochana a thug faoin gceird seo ag an am céanna leis na deartháireacha Lumière sa bhFrainc. D’fhéadfaí a rá gur in Eochaill a cuireadh tús le cúrsaí scannánaíochta in Éirinn.

Nasc: https://nasc.tg4.tv/Na_Lumière_Gaelacha

 

Clár Beo

Fleadh25 BEO – Power Pictures Ltd – TG4

Craoladh beo ó Loch Garman ar Fhleadh Cheoil na hÉireann 2025. Bhí ceol, amhráin agus damhsa den chéad scoth le feiceáil le linn na féile, idir mhór uaisle an cheoil agus curaidh nua na hÉireann. Bhí TG4 ag craoladh beo as Loch Garman thar cheithre oíche. Aoife Ní Thuairisg, Doireann Ní Ghlacáin agus Peadar Ó Goill a chuir na cláir i láthair.

Nasc: https://nasc.tg4.tv/Fleadh25

 

Clár Faisnéise Spóirt

LGFA@50 – Nemeton TV – TG4

Clár faisnéise speisialta chun ceiliúradh a dhéanamh ar 50 bliain de Pheil na mBan. Tabharfar léargas ar chuile ghné den spórt ón bpáirc áitiúil go Páirc an Chrócaigh. Feicfear imreoirí, ceannairí agus lucht féachana as gach cearn den tír sa gclár seo agus an tionchar a bhí, agus atá, acu ar an rath atá ar Pheil na mBan. Beidh na ceannródaithe agus na hiar-imreoirí atá i gcroílár an spóirt ar an gclár freisin.

Nasc: https://nasc.tg4.tv/LGFA-50

 

Clár do Pháistí

Mamó & Mise – Desmond Bros Media Limited – TG4

Téann Fionn ag múitseáil ón scoil chun lá amháin eile a chaitheamh lena Mhamó. Scéal a thógfaidh do chroí faoin saol agus briseadh croí.

 

Drámaíocht Ghearr – (suas le 30 nóiméad ar fhad)

Babaí Brain – Fíbín Media – TG4

Ní shásóidh tada Sarah go mbeidh páiste aici agus bíonn sí i gcruachás nuair a theipeann ar chóireáil IVF. Bíonn sí ite le huaigneas agus í ag iarraidh go mbeadh chuile shórt foirfe ag an am céanna is ní fada go dtagann siabhrán uirthi.

 

Foirm Ghearr – (suas le 20 nóiméad ar fhad)

An Poitín – Gwyn Productions – YouTube / BLOC TG4

Clár faisnéise mar dhea faoi fhear darbh ainm Braon Poitín. Is fear aisteach ach cumasach é Braon atá ag iarraidh poitín a dhíol go hidirnáisiúnta. Creideann Braon go leigheasfaidh an poitín deacrachtaí an tsaoil ach tá a mhuintir féin agus muintir na háite tinn dá chuid amaidí agus é ag iarraidh gnó amhrasach a bhunú.

Nasc: https://nasc.tg4.tv/An-Poitín
 
 

Teagmháil do na meáin i TG4:

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: