Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Aontas ar TG4 16 Márta

02.03.26

 


 
Íomhánna Aontas
 
Craolfar scéinséir gadaíochta Gaeilge nua, Aontas, ar TG4 & TG4.ie an 16 Márta ag a 9:30in. Arna stiúradh ag Damian McCann (Doineann), le Carrie Crowley (An Cailín Ciúin, Smother), Bríd Brennan (Shadow Dancer, Doineann) agus Eva-Jane Gaffney (Kin, Harry Wild) sna príomhróil. Beidh an scannán le feiceáil freisin ag an am céanna ar an BBC iPlayer agus BBC One Northern Ireland. Léiríodh Aontas le ó TG4, BBC Gaeilge agus Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann le tacaíocht ó Yellowmoon.
 
Féachann triúr gadaithe as an ngnáth le comhar creidmheasa a robáil, ach cailleann siad an cloigeann ina bun. Cuirtear tús leis an scannán Aontas agus an robáil imithe ó smacht ar na gadaithe, agus insítear an scéal droim ar ais, caibidil ar chaibidil, go bhfeictear na heachtraí a tharla roimh ré. Iompaíonn gadaíocht nár éirigh léi isteach ina léiriú ar bhean cheanndána nach bhfuil in ann an méid a tharla san am atá caite amach as a cloigeann. Léirítear an tionchar a bhíonn ag ár gcuid roghanna agus ag ár gcuid cuimhní féin orainn nuair nach féidir linn dearmad a dhéanamh orthu agus bogadh ar aghaidh sa saol.
 
Is iad Órfhlaith Ní Chearnaigh (Aonaracht) agus Christopher Myers (Doineann) a léirigh an scannán agus is iad Sarah Gordon agus Damian McCann a scríobh é. Is é seo an chéad fhadscannán ón gcomhlacht nua dátheangach, Púca Pictures.
 
Deir an stiúrthóir Damian McCann: “D’eascair Aontas as comhrá a bhí agam le mo mháthair inar chuir sí síos go mion ar an dóigh a ndéanfadh sise banc a robáil (robálaí bainc neamhghnách a bheadh inti). Ón chomhrá sin, tháinig scannán chun cinn a chuaigh i bhfeidhm ar lucht féachana timpeall an domhain. Tá sé doiligh a chreidiúint an fhreagairt a bhí air go dtí seo, agus tá mé ar bís go mbeidh deis ag lucht féachana sa bhaile é a fheiceáil.”
 
“Táimid thar a bheith mórtasach go mbeidh lucht féachana TG4 in ann Aontas a fheiceáil an 16 Márta ag 9.30pm. Chuaigh an scannán i bhfeidhm go mór ar an lucht spéise agus ar lucht na bhféilte scannán ar fud an domhain, agus is léiriú ar an scéalaíocht chumhachtach agus ar chumas ar chumas na n-aisteoirí chomh maith is atá ag éirí leis an scannán seo go hidirnáisiúnta. Táimidne i TG4 dúthrachtach faoi thacú le drámaíocht ar leith na Gaeilge, agus is sampla ar leith é Aontas den uaillmhian sin ar an stáitse idirnáisiúnta.” Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe, TG4.
 
Rinneadh scannánú ar Aontas i mí Mhárta 2024 i nGleann Arma, Contae Aontroma, agus rinneadh iarléiriú air in Yellowmoon Post Production, Ard Mhic Nasca, Co. an Dúin.
 
Bhí a première idirnáisiúnta aige i Santa Barbara, California an 12 Feabhra 2025, agus a première Eorpach aige i bPictiúrlann Light House, Baile Átha Cliath an 22 Feabhra 2025. Ó shin i leith, tá Aontas taispeánta ag níos mó ná 40 féile go hidirnáisiúnta agus in Éirinn, agus tá níos mó ná 13 duais, an Scannán is Fearr, an Stiúrthóir is Fearr agus an Script is Fearr san áireamh, buaite aige. Ainmníodh Aontas le haghaidh 6 IFTA le déanaí.
 
 

Teagmháil do na meáin i TG4:

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: