Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Ardú ar Lucht Féachana TG4 Arís i 2025, Cúig Bliana as a Chéile

21.01.26


 

 
Tháinig ardú gach bliain le cúig bliana anuas ar sciar TG4 den lucht féachana – an tréimhse is faide d’fhás leanúnach le 16 bliana. Is cláracha beo spóirt, cláracha ceoil agus fíorasacha na cúiseanna is mó leis an ardú.
 
De réir na bhfigiúirí ó TAM Ireland, ghnóthaigh TG4 meánsciar 2.3% den lucht féachana i rith na bliana 2025, agus d’fhéach 77.2% den lucht féachana teilifíse in Éirinn ar an gcainéal le linn na bliana 2025.
 

“Is dea-scéal é do TG4 ardú ar an lucht féachana a bhaint amach cúig bliana as a chéile. Is léiriú é sin ar a mhéid a théann TG4 i bhfeidhm ar an lucht féachana agus ar an gcúram a leagtar orainn maidir le seirbhís meán i nGaeilge a chur ar fáil. Is teist iad na figiúirí seo ar fheabhas an ábhair, ar an tóir atá go leanúnach ar chláracha beo spóirt agus ar imeachtaí beo eile, agus ar an dlús atá á chur leis an gceangal leis an lucht féachana ar na hardáin éagsúla de réir mar a chuirimid lenár n-ábhair ilardáin le freastal ar na nósanna athruithe atá ag lucht féachana anois.”Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4
 
 

Spórt agus Ceol chun Tosaigh

Ba iad cláracha beo spóirt is mó a mheall lucht féachana in 2025. Ba é Cluiche Ceannais Shraith Peile Allianz idir Ciarraí agus Maigh Eo (30 Márta 2025) an clár ba mhó lucht féachana ag an gcainéal anuraidh nuair a tarraingíodh meán lucht féachana de 221,900 duine.

Bhí cláracha spóirt go mór chun tosaigh i measc na 10 gclár líneach ba mhó lucht féachana agus tharraing Sraitheanna Allianz, Craobhchomórtais na gClubanna, Rugbaí Beo (An Craobhchomórtas Rugbaí Aontaithe) agus Peil na mBan lucht féachana mór i rith na bliana.

Bhí slua mór daoine ag faire ar an gcluiche is deireanaí idir céilí comhraic na Mumhan Corcaigh agus Luimneach i mBabhta 2 de Shraith Iománaíochta Allianz i bPáirc Uí Chaoimh SuperValu. Bhí an líon ba mhó sruthanna riamh, 172,000 ar Sheinnteoir TG4 ar an 1 Feabhra don chluiche seo.

Ba éacht ar leith é na craoltaí spóirt ilardáin ar Dhomhnach na Cinniúna, an 23 Márta 2025, nuair a bhí gach cluiche i Roinn 1 agus Roinn 2 de Shraith Allianz á chraoladh ar TG4 nó á shruthchraoladh ar YouTube/Seinnteoir TG4. Taispeánadh 9 gcluiche an lá sin (dhá chluiche ar an gcainéal líneach, 6 chluiche ar YouTube agus cluiche amháin ar Sheinnteoir TG4.) Amharcaíodh 320,000 uair ar chainéal YouTube Spórt TG4 an lá sin i ndáil le 6 cinn de chluichí. Bhí beagnach leath na ndaoine a d’fhéach ar chainéal YouTube Spórt TG4 i rith na bliana 2025 faoi bhun 35 bliana d’aois, cruthúnas eile ar dhúthracht TG4 maidir le nuabheartaíocht agus freastal ar lucht féachana óg ar na hardáin a mbíonn siad féin ag faire.
 
 

Siamsaíocht agus Cláracha Gaeilge



Láithreoirí Fleadh 25

Chomh maith leis na cláracha spóirt, lean TG4 ag feidhmiú go maith i réimse na siamsaíochta agus cláracha fíorasacha. Tharraing Fleadh 25 buaiclíon nua lucht féachana riamh ar oíche ar bith den chraoladh ó Fhleadh Cheoil na hÉireann (Dé hAoine, an 8 Lúnasa 2025), agus bhí sraitheanna nua de chláracha de leithéid Hector OZ/NZ, Opry le Daniel, Laochra Gael agus Glór Tíre i measc na gcláracha ba mhó lucht féachana ar an gcainéal arís. D’éirigh go maith freisin le sraitheanna nua, Ó Mhuir go Tír, Scoil Cheoil an Earraigh agus Beo ón Electric Picnic.

Féach ar Ó Mhuir go Tír: https://nasc.tg4.tv/Ó-Mhuir-go-Tír

Féach ar Hector OZ/NZ: https://nasc.tg4.tv/Hector-OZ-NZ

Féach ar Scoil Cheoil an Earraigh: https://nasc.tg4.tv/Scoil-Cheoil-an-Earraigh
 
 

Borradh Maith faoi na hArdáin Dhigiteacha



Nuacht Cúla4

Is suntasach an borradh a bhí faoi ardáin dhigiteacha TG4 i rith na bliana 2025. Tháinig ardú 28% ar líon na sruthanna ar Sheinnteoir TG4.

Bhí ábhar beo spóirt go mór i gceist maidir leis an mborradh faoi úsáid Sheinnteoir TG4 agus bhí Ros na Rún ar an gclár ba mhó a sruthaíodh mar ábhar Físeáin ar a Éileamh (VOD) agus Laochra Gael agus CRÁ le háireamh chomh maith. Beidh tús á chur leis an obair scannánaíochta ar an dara sraith de CRÁ i dTír Chonaill go gairid.

Tháinig ardú 22% ar an lucht féachana idirnáisiúnta maille le sruthanna dá gcuid ar Sheinnteoir Cúla4 i rith na bliana 2025. Super Simple Amhráin an clár ba mhó lucht féachana ar Sheinnteoir Cúla4, chun tosaigh ar Nuacht Cúla4, an tseirbhís nuachta do leanaí.

Bhí Nollaí ar an mbunscannán Gaeilge do dhaoine óga ba mhó lucht féachana ar TG4 agus Cúla4 i rith shéasúr na Nollag. Is togra mór le rá é seo maidir le saothar beochana i nGaeilge, coimisiún i bpáirt idir TG4, BBC Thuaisceart Éireann agus S4C. Rinneadh an scannán a léiriú trí chomhar páirtnéireacht trí náisiún le cabhair ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge (CCG) Scáileán Thuaisceart Éireann, Screen Fund agus Coimisiún na Meán.

Féach ar Nollaí: https://nasc.tg4.tv/Nollaí

Íomhánna Nollaí: https://flic.kr/s/aHBqjCBPns
 
 

Na Meáin Shóisialta agus Dul i bhFeidhm ó Thaobh Cultúir

KNEECAP ag na BAFTAs (ar chlé) – Séamie Seán agus Aoife Ní Thuairisg – Fleadh 25

KNEECAP ag ócáid ghradaim BAFTA a bhí le feiceáil sa ghearrthóg is fearr a chruthaigh ar na meáin shóisialta de chuid an chainéil agus bhí míreanna nóiméid shuntasacha ó Fleadh 25, ina measc Séamie Seán agus Séamus & Caoimhe Ní Fhlatharta ag canadh leagan de ‘Blackbird’ leis na Beatles, a chuaigh i gcion go fada fairsing ar líne freisin.

Lean TG4 arís ag cur leis an mhéid a théann sé i gcion ó thaobh cultúir le hábhar ar fud bhrandaí BLOC, Molscéal, Foghlaim TG4 agus Trad TG4.

Naisc:

KNEECAP- BAFTAs

Foghlaim TG4 – IS LINNE Í

Molscéal: Siansa:

BLOC: KNEECAP:
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: