Preas
Clúdach Forleathan ar Shraitheanna Náisiúnta Lidl i bPeil na mBan Deimhnithe ag TG4
24 Eanáir – 12 Aibreán: Clúdach Beo agus Digiteach ar Gach Ceann de na Ceithre Roinn
28.01.26

Tá Peil na mBan Beo Ar Ais
Tá ríméad ar TG4 a dheimhniú go mbeidh siad ag cur clúdach cuimsitheach ar Shraitheanna Náisiúnta Lidl i bPeil na mBan 2026 ar fáil. Beidh aicsean beo agus buaicphointí ó chluichí ar fud na tíre againn don lucht féachana i rith an earraigh.
Taispeánfar an t-aicsean ó sheacht mbabhta uile Roinn 1 beo ar fud ardáin TG4, ionas go mbeidh an lucht féachana in ann gach cluiche cinniúnach a fheiceáil agus an tsraith ag dul chun cinn. Beidh dhá chluiche as a chéile á dtaispeáint Lá Fhéile Bríde ina dtabharfar tús áite agus ardán do na mná an deireadh seachtaine sin.
Tús na gCluichí
Cuirfear tús leis an gcraoladh beo Dé Sathairn, an 24 Eanáir, agus tabharfaidh seaimpíní Uile-Éireann 2025, Áth Cliath, faoi sheaimpíní na bliana 2024, Ciarraí, sa chéad chluiche beo ó Pháirc Parnell. Cuirfidh cluiche idir an dá fhoireann is déanaí a bhfuil an craobhchomórtas buaite acu tús iontach le feachtas na sraithe.
Leanfaidh TG4 lena chlúdach ar feadh na sraithe agus cuirfear clabhsúr uirthi le Cluichí Ceannais Lidl i bPeil na mBan nuair a chraolfar na ceithre cluiche ceannais roinne beo an 11 agus an 12 Aibreán.
Rialacha Nua
Tá sé deimhnithe ag Cumann Pheil na mBan go mbeidh an 12 athrú atá tagtha ar na rialacha i bhfeidhm, sé cinn de na bearta sin atá ag teacht le feabhsúcháin an Choiste Athbhreithnithe Peile ar chluiche na bhfear ina measc: marc an chic amach, stua scórála dhá phointe, triúr imreoirí le fanacht laistigh de leath an fhreasúra i gcónaí, cos go lámh agus imigh, agus ciceanna saora a thabhairt chun cinn le haghaidh feallta d’aon ghnó nó easaontas ón taobhlíne. Tá na hathruithe eile dírithe ar rialacha a bhaineann go sonrach le Cumann Pheil na mBan cheana, amhail gnéithe den taicil, agus é d’aidhm ag na hathruithe sin a chinntiú go bhfuil rialacha an chluiche cóir, comhsheasmhach, ionchuimsitheach agus go léiríonn siad dul chun cinn nua-aimseartha i bpeil na mban.
Buaicphointí Pheil na mBan TG4
Beidh buaicphointí seachtainiúla ó chluichí éagsúla i Sraitheanna Náisiúnta Lidl i bPeil na mBan ar chlár buaicphointí chluichí Gaelacha TG4, GAA 2026, a chraolfar gach oíche Dé Luain ag a 8pm. Tabharfar achoimre cuimsitheach sa chlár ar aicsean an deireadh seachtaine, chomh maith le clúdach níos leithne a chur ar fáil de pheil na mban, Sraitheanna Allianz, agus cluichí faoi aois agus tríú leibhéal CLG.
Léiríonn clúdach leathan TG4 ar Shraitheanna Lidl i bPeil na mBan a thiomantas leanúnach d’ardán a thabhairt do chluichí Gaelacha na mban, trí rochtain gan sárú ar an leibhéal is airde sa spórt a chur ar fáil ar theilifís saorchraolta agus ar ardáin dhigiteacha.
Teagmháil do na Meáin i TG4:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie