Preas
Comhdháil Bhliantúil Sustainable Media Ireland 2026 i gCathair na Gaillimhe
Is féidir clárú anois do chomhdháil bhliantúil Sustainable Media Ireland 2026 a bheidh ar siúl i gCathair na Gaillimhe le tacaíocht ó TG4 & Coimisiún na Meán
11.02.26
![]() |
![]() |
Is sa PorterShed i nGaillimh a bheidh comhdháil bhliantúil Sustainable Media Ireland (SMI) ar siúl in 2026. Is é seo an chéad uair an chomhdháil a bheith ar siúl taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath agus tá ríméad ar TG4 a bheith ina óstach uirthi.
Is líonra d’eagraíochtaí meán é Sustainable Media Ireland a thagann le chéile chun eolas a phlé agus a roinnt, beartas a mheas agus rannpháirtíocht a chur chun cinn maidir le gach gné den inbhuanaitheacht ar fud earnáil na meán in Éirinn. Ar na heagraíochtaí atá ina mbaill de SMI tá TG4, RTÉ, Virgin Media Ireland, Fís Éireann, Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann, Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann (IBI), Craol a dhéanann ionadaíocht ar an bpreas tráchtála agus ar líne sna meáin náisiúnta, áitiúla agus pobail, le tacaíocht ó Choimisiún na Meán.
Ócáid lae is ea an chomhdháil, ina mbeidh cainteanna agus painéil ag breathnú ar go leor gnéithe de na meáin in Éirinn, ó thaobh na hinbhuanaitheachta de. Cé gur léir go gciallaíonn sé seo go mbíonn an comhshaol go mór i gceist, breathnaítear freisin ar an seasmhacht eacnamaíoch agus ar an tionchar a bhíonn ag ár gcuid oibre go sóisialta agus go cultúrtha.
Go dtí seo bhíodh imeachtaí SMI ar siúl i stiúideonna Virgin Media Ireland agus i stiúideonna RTÉ.
Ag ócáid na bliana seo tabharfar léargas ar an méid a rinne Manchán Magan don Ghaeilge, don teilifís agus don mheas atá againn ar an talamh. Déanfaidh an nuálaí teicneolaíochta Glen Mulcahy cur síos ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an Intleacht Shaorga roimh i bhfad. Agus tar éis tús thar a bheith fliuch agus stoirmiúil a bheith curtha leis an mbliain, déanfar plé freisin faoi acmhainneacht i gcúrsaí gnó tráth a bhfuil tionchar na drochaimsire ag éirí níos measa.
Dúirt Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán i gCoimisiún na Meán: “Tá Coimisiún na Meán tiomanta do thacaíocht a thabhairt don dea-chleachtas maidir leis an inbhuanaitheacht ar fud earnáil na meán in Éirinn. Tugann an t-imeacht bliantúil seo de chuid Sustainable Media Ireland deis do gach ball a bheith ag líonrú, ag malartú tuairimí agus ag forbairt beartas. Tá lúcháir orainn a bheith ag tabhairt ár n-aghaidh siar agus an ócáid a bheith á reáchtáil taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath den chéad uair. Táimid i gcónaí ag iarraidh lorg carbóin na hócáide a bhainistiú trí amanna a roghnú atá áisiúil don iompar poiblí, rud atá á mholadh go láidir againn, agus roghanna lónadóireachta veigeatóracha amháin a chur ar fáil. Cúis áthais dúinn freisin sruthú ar líne a thabhairt isteach den chéad uair do bhaill nach mbeidh in ann taisteal agus beidh rannpháirtithe idirnáisiúnta linn ar nasc físe. I saol ina bhfuil an drochaimsir ag cur as do gach cuid de shochaí na hÉireann, táimid ag tnúth le plé a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaidh na meáin aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide ar bhealach fiúntach.”
Dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4:“Tá ríméad ar TG4 a bheith ag óstáil ár gcomhghleacaithe don ócáid iontach seo. Caithfidh an inbhuanaitheacht a bheith i gcroílár gach a mbíonn ar bun againn mar eagraíochtaí. Beidh sé iontach a bheith ag roinnt an dea-chleachtais, ag éisteacht leis an dream spreagúil atá i mbun nuálaíochta sa táirgeadh inbhuanaithe, na dúshláin atá romhainn go léir a phlé, agus oibriú le chéile chun réitigh fhadtéarmacha, inmharthana a aimsiú. Trí dhaoine a thabhairt go Gaillimh, is féidir linn léargas a thabhairt ar na samplaí is fearr den rud atá ag tarlú in earnáil an léiriúcháin anseo san Iarthar agus ceiliúradh a dhéanamh ar a bhfuil bainte amach ag ár ngairmithe sár-chumasacha sna meáin agus i réimse na cruthaitheachta.”
Beidh an chomhdháil ar siúl Dé Céadaoin an 25 Feabhra agus is féidir le baill agus le baill foirne SMI freastal uirthi saor in aisce.
Teagmháil do na Meáin:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie

