Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cúrsa Oiliúna san Iriseoireacht á reáchtáil ag TG4 i gcomhar le Gréasán na Meán Skillnet & Údarás na Gaeltachta 

01.04.26

Dianchúrsa Iriseoireachta 2026

 

Cúrsa Oiliúna san Iriseoireacht á reáchtáil ag TG4 i gcomhar le Gréasán na Meán Skillnet & Údarás na Gaeltachta
 

Tá cúrsa iriseoireachta á chur ar fáil arís i mbliana ag TG4 i gcomhar le Gréasán na Meán Skillnet & Údarás na Gaeltachta. 
 

Beidh béim ar oiliúint phraiticiúil iriseoireachta ilmheáin a chur ar fáil i rith an chúrsa, a bheidh ar siúl ar feadh coicíse ón 18 – 29 Bealtaine.
 

Tá an cúrsa seo dírithe ar iriseoirí nua-cháilithe nó atá ag tosú amach ina ngairm.  

I gCampas Íosagáin i mBaile Bhuirne a reáchtálfar an chéad seachtain agus beidh an dara seachtain ar siúl sa Spidéal i gConamara. Beidh áit do chúigear déag ar an gcúrsa. 
 

Cuirfear oiliúint ar rannpháirtithe an chúrsa iriseoireachta chun tuairisc nuachta a chur le chéile do na meáin ar líne agus don teilifís. Foghlaimeoidh siad faoin gcaoi le scéalta láidre a bhailiú, a fhiosrú agus a scríobh don ré ilardáin ilmheáin ina bhfuilimid. 
 

Cuirfear oiliúint orthu freisin i dtaobh taighde a dhéanamh, foinsí a dheimhniú agus ar dhlí na meán. Chomh maith leis sin, cuirfear oiliúint orthu i gcruinnscríobh na Gaeilge, scripteanna agus ailt nuachta a scríobh don idirlíon agus an chaoi leis an nuacht a léiriú do na meáin shóisialta. 
Foghlaimeoidh siad na bunscileanna ar an gcúrsa seo atá de dhíth ar gach iriseoir chun go mbeidh siad ábalta oibriú i seomra nuachta an lae inniu. 
 

Is í Grett O’Connor, a chaith fiche bliain ina hIriseoir Teilifíse le Nuacht TG4, Stiúrthóir an chúrsa. Cháiligh Grett ina cóitseálaí feidhmeannach in 2018, tráth ar fhág sí RTÉ chun a comhlacht féin ‘My Media’ a bhunú. Tá sí ag obair ó shin i leith san earnáil cumarsáide – ag léiriú físeán, ag cur oiliúint ar lucht na meán, ag léachtóireacht go páirtaimseartha agus bíonn sí ina bean an tí ó am go chéile ag comhdhálacha agus ócáidí poiblí eile. 
Is í Bainisteoir Cláir & Oiliúna Champas Íosagáin i nGaeltacht Mhúscraí chomh maith.  
 

Lena suim a léiriú sa chúrsa, ní mór d’Iarrthóirí:

  • A bheith os cionn 18 mbliana d’aois.
  • A bheith ina gcainteoirí líofa Gaeilge.
  • An-spéis a bheith acu sa chumarsáid, i gcúrsaí nuachta agus sna meáin.
  • A bheith fiosrach, dúthrachtach agus féinspreagtha agus sásta iad féin a dhíriú go hiomlán ar chlár oiliúna dian.
  • Gan bheith in oideachas lánaimseartha.

 

Clúdófar costais an chúrsa, mar aon le lóistín agus lón, do rannpháirtithe an chúrsa.  
Níl ort ach físeán gearr a thaifeadadh díot féin ina míníonn tú an chúis ar mhaith leat freastal ar an gcúrsa iriseoireachta seo. 
 

Seol an físeán chuig noirin.ui.chonghaile@tg4.ie roimh 4pm an 22 Aibreán 2026.