Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Fógra faoi Scéimeanna Maoinithe Gearrscannánaíochta Tús agus Céim Eile

Is údar áthais do TG4, Fís Éireann agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann iarrthóirí rathúla na scéimeanna maoinithe gearrscannánaíochta Tús agus Céim Eile a fhógairt

11.02.26

 
Tús: Bronnadh €30,000 in aghaidh an tionscadail ar 3 thionscadal gearrscannáin (12 nóiméad ar a mhéad)

Céim Eile: Bronnadh €100,000 in aghaidh an scannáin ar 3 scannán (30 nóiméad ar a mhéad)
 
Ó d’éirigh go seoigh leis an infheistíocht a rinneadh i scéimeanna Forbartha Drámaíochta Teilifíse Cine4 agus TG4/Fís Éireann, a bunaíodh chun an chéad ghlúin eile de scríbhneoirí cumasacha a spreagadh, tá TG4, Fís Éireann agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF) Scáileán Thuaisceart Éireann ag obair as lámha a chéile chun scríbhneoireacht nua don scáileán a chur chun cinn.

Is é seo an dara babhta den tionscnamh seo a seoladh in 2024, agus is léiriú atá sa scéim ar thiomantas leanúnach Fís Éireann, ILBF agus TG4 do shaothar mealltach, ardchaighdeáin a fhorbairt i scannánaíocht na Gaeilge. Bhí iomaíocht an-ghéar sa scéim i mbliana, agus bhí an coiste roghnaithe fíorthógtha le hardchaighdeán na n-iarratas.
 

“Chuaigh uaillmhian na n-iarrthóirí agus caighdeán na n-iarratas ar na tionscnaimh Tús agus Céim Eile go mór i bhfeidhm orainn i mbliana. Tá ról ríthábhachtach ag na scéimeanna seo maidir le bheith ag tacú le cruthaitheoirí Gaeilge atá ag teacht chun cinn, agus tá TG4 bródúil as bheith ag obair le Fís Éireann agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann chun an Ghaeilge a chur i gcroílár na scéalaíochta don scáileán comhaimseartha.”Mary Ellen Ní Chualáin, Bainisteoir Coimisiúnaithe TG4
 

“B’iontach an chruthaitheacht agus an uaillmhian a fheiceáil sna hiarratais ar thionscnaimh Tús agus Céim Eile in 2025. Léiríonn réimse na scéalta a insíodh agus éagsúlacht na dtéamaí a pléadh go bhfuil todhchaí gheal roimh scríbhneoireacht scáileáin na Gaeilge. B’iontach an rud é a bheith ag obair go dlúth lenár gcomhpháirtithe i TG4 agus san ILBF chun an Ghaeilge a chur i gcroílár na scéalaíochta náisiúnta agus tréaslaímid leis na foirne uile a raibh baint acu leis na tograí rathúla a fógraíodh inniu.”Keith Potter: Ceannasaí Príomhscannán, Fís Éireann
 

“Tar éis fiche bliain de bheith ag tacú le cruthaitheoirí, agus de bheith ag obair chun tírdhreach na scéalaíochta Gaeilge a athrú ó bhonn, tá an Ciste Craoltóireachta Gaeilge ag leanúint de thacaíocht a chur ar fáil do rabharta eile de dhaoine cruthaitheacha. Cuireadh iarratais den chéad scoth isteach ar na scéimeanna Tús agus Céim Eile i mbliana. Is léiriú é seo ar an muinín agus ar an uaillmhian atá i measc na hearnála faoi láthair agus í i mbarr a réime. Agus muid ag comhoibriú le TG4 agus le Fís Éireann, tá ag éirí go maith linn scríbhneoirí agus stiúrthóirí Gaeilge a aimsiú agus a fhorbairt. Cinnteoidh sé seo ní hamháin go gcoinneofar beocht i ndrámaíocht na Gaeilge, ach go mbeidh sí níos feiceálaí, go mbeidh tionchar níos mó aici, agus go mbeidh suntas ag baint léi ar bhonn idirnáisiúnta.”Áine Walsh, Príomhoifigeach Teanga & Cultúrtha & Ceannasaí ILBF i Scáileán Thuaisceart Éireann.
 

Tionscadail rathúla Tús

An Scoilt: Am cinniúnach is ea é do rámhaí óg agus í ag streachailt a bealach a dhéanamh trí shruthanna móra a saoil, idir a caidrimh phearsanta agus mianta a croí. Scríbhneoir/Stiúrthóir: Barra Convery. Léiritheoir: Leeona Duff (Upon Blue Ridge Productions).

Fear: Cuirtear dúshlán roimh phríomhoide úr i gColáiste Gaeilge, agus cinneadh le déanamh aige faoi lóistín a shocrú do Dhreoilín, cailín trasinscneach 15 bliana d’aois. Ar chóir Dreoilín a chur leis na cailíní nó leis na buachaillí? Scríbhneoirí: Grace Mulvey & Antóin Beag Ó Colla. Stiúrthóir: Oisín Ó Heartáin.

Haigh a Chairde!: Féachann bean le bheith ina tionchaire ar na meáin shóisialta cé nach bhfuil ag éirí go maith lena caidrimh féin sa saol. Scríbhneoir/Stiúrthóir: Louise Richardson. Léiritheoir: Brídín Ní Mhaoldomhnaigh (Danú Media).
 

Tionscadail rathúla Céim Eile

An Mháthair: Nuair a chasann bean ar an bhfear óg a mharaigh a mac, socraíonn sí díoltas a imirt air. Scríbhneoir: Seán Keeley. Stiúrthóir: Vincent Gallagher. Léiritheoir: (Keeper Pictures.)

Ar Strae: Tagann casadh dorcha ar an oíche do bhean, agus ise an t-aon bhean i láthair ag cóisir déanach san oíche, i measc grúpa fear nach bhfuil aithne cheart aici orthu. Scríbhneoir/Stiúrthóir: Ciara Ní É. Léiritheoirí: Robert Davis & Jamie O’Rourke. (South Paw Pictures)

Rith Maith: Agus é amuigh ag rith faoin tuath ar mhaithe leis an imní atá air a smachtú, casann fear ar dhrongadóir agus duine eile a chúnamh dó le linn dóibh a bheith ag fáil réidh le corp. Scríbhneoir/Stiúrthóir: Oisín Mistéil. Léiritheoir: Ailbhe Nic Dhonncha (Tua Films).
 

Nótaí d’Eagarthóirí:

Tionscnamh Scripte do Ghearrscannáin Ghaeilge is ea Tús (12 nóiméad ar a mhéad) do Scríbhneoirí & do Chruthaitheoirí Nua. Is é aidhm Tús ná drámaíocht nua i nGaeilge a spreagadh, a chothú agus a chur chun cinn agus cuidiú le daoine éagsúla, cruthaitheacha a bhfuil Gaeilge acu agus iad ag céim luath ina ngairm bheatha. Tháinig na trí thionscadal rathúla a fógraíodh inniu ón dara babhta den phróiseas roghnúcháin, inar cuireadh 10 script ghearrfhoirme ar ghearrliosta le haghaidh tuilleadh forbartha. Bronnadh €30,000 in aghaidh an scannáin ar na tionscadail rathúla chun na scannáin a léiriú.

Tionscnamh Scripte do Ghearrscannáin leathuair an chloig is ea Céim Eile do Scríbhneoirí & do Chruthaitheoirí Nua. Bunaíodh an scéim chun cruthaitheoirí Gaeilge atá ag teacht chun cinn a spreagadh agus ní mór do chainteoirí líofa Gaeilge a bheith páirteach i ngach tionscadal rathúil. Ba chóir do na scéalta a bheith éagsúil, nuálach, uaillmhianach agus dúshlánach i dtaobh ábhair, stíle agus cuir chuige. Ar dtús, roghnaíodh ocht dtionscadal le haghaidh tuilleadh forbartha i gcomhar le heagarthóir scripte. Roghnaíodh 3 thionscadal ón ngearrliosta seo ina dhiaidh sin, ar bronnadh buiséad €100,000 in aghaidh an tionscadail orthu leis na scannáin a léiriú.

 
 

Teagmháil do na Meáin:

TG4 | Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Fís Éireann | Louise Ryan | louise.ryan@screenireland.ie
ILBF | Finola Guinnane | finola@northernirelandscreen.co.uk


Cuir aithne orainn: