Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Laochra Gael - ar ais ar TG4 don cheathrú séasúr is fiche

Ochtar clúiteach a rinne éacht ar an bpáirc imeartha. Ocht scéal phearsanta shuntasacha.

13.01.26


 

 
Beidh Laochra Gael, an tsraith shuntasach CLG, ar ais ar TG4 don cheathrú séasúr is fiche. Cuirfear ocht gclár úrnua i láthair sa tsraith is údarásaí CLG ar an scáileán. Is ochtar Laochra Gael nua a rinne gaisce ar an bpáirc agus a bhfuil scéalta agus saol ar leith acu ar fad is ábhar don tsraith. Is fíor-laochra iad seo go léir agus tá a gcáil rompu. Sa tsraith seo, tabharfar léargas iomlán pearsanta orthu agus ar an gceangal atá acu lena spórt agus leis an saol mórthimpeall orthu. Is í a ngairm sa spórt a bheidh mar chúlra don scéal, ach pléifear i bhfad níos mó ná sin sa tsraith seo agus beidh saol na Laochra taobh amuigh den pháirc ina ábhar spéise tarraingteach don lucht féachana chomh maith.

Den chéad uair riamh, beidh deis i mbliana ag lucht féachana TG4 an chéad chlár eile sa tsraith a fheiceáil ar Sheinnteoir TG4 sula gcraoltar ar an teilifís é, mar atá le feiceáil thíos. 

 

          DÁTA            AR AN TEILIFÍS                                      AR AN SEINNTEOIR

Clár 1:  22 Eanáir – Conor McManus                       Cyril Farrell ag 10.30pm

Clár 2:  29 Eanáir – Cyril Farrell                                 Grace Walsh  ag 10.30pm

Clár 3:  5 Feabhra – Grace Walsh                              Marty Clarke  ag 10.30pm

Clár 4:  12 Feabhra – Marty Clarke                           Pádraig Horan ag 10.30pm

Clár 5:  19 Feabhra – Pádraig Horan                        Neil McManus ag 10.30pm

Clár 6:  26 Feabhra – Neil McManus                        Louise Ní Mhuircheartaigh ag 10.30pm

Clár 7:  5 Márta – Louise Ní Mhuircheartaigh         Kevin McManamon ag 10.30pm

Clár 8:  12 Márta – Kevin McManamon

 
 

Conor McManus

Cuirfear tús leis an tsraith le scéal Conor McManus, duine de mhóruaisle na peile Gaelaí nua-aimseartha agus duine de na tosaithe ba cheannasaí a chaith geansaí Mhuineacháin riamh.

Imreoir ceannasach ag tráthanna cinniúnacha a bhí thar barr faoi bhrú agus ábalta scóranna dodhéanta a fháil. Ach tá níos mó ná tallann i gceist le mórgacht. Bíonn íobairt — agus praghas – i gceist. Céim chun tosaigh sa saol a mhair McManus go dtí sin. Is scéal é seo faoin tionchar a bhí ag an spórt agus tú ag déanamh do mhíle dhícheall do do chlub agus do do chontae ar an gcolainn.

Rannpháirtithe: Conor McManus; Vinny Corey; David McCague; Cahair O’Kane; Dara Ó Cinnéide; Ronan McNamee; Hannah Gallagher; Mary McManus; Frank McManus; Kathy McManus; Laura McManus; Bernie Boyle; Patrick Duffy; Annette Ní Thuathail. Stiurthóir:  Cormac Morel. Eagarthóir: Cían O’Halloran

 

Cyril Farrell

Tá cáil ar Cyril Farrell as an tréimhse thar a bheith rathúil a chaith sé ag imirt ar fhoireann iománaíochta na Gaillimhe sna 1980idí. Tá clú chomh maith air as a sheal ar The Sunday Game, ról a léirigh an t-ábhar grinn a bhí ann mar aon lena chora cainte.

In 1980, ghlac Cyril le post an bhainisteora ar iománaithe na Gaillimhe. Bhí 57 bliain caite ó bhuadar Craobh na hÉireann den chéad uair. Bhí sé ina bhainisteoir ar fhoireann sinsir Chontae na Gaillimhe ar thrí ócáid ​​ar leith, agus bhuaigh sé Cluiche Ceannais na hÉireann trí huaire le linn na dtréimhsí sin. Ní dheachaigh an tionchar a bhí aige ar an gcluiche i léig áfach nuair a d’éirigh sé as ina bhainisteoir, choinnigh sé air ag traenáil clubanna difriúla, foirne contae agus foirne scoile sna blianta ina dhiaidh sin… agus do lucht leanúna na hiomána ar fud na tíre, fuair siad tuiscint ar na tuairimí láidre atá aige faoi chúrsaí iomána ar The Sunday Game, mar ar léirigh sé an paisean agus an saineolas céanna a bhí aige agus é ina bhainisteoir.

Rannpháirtithe: Cyril Farrell; Pat Fleury; Donal O’Grady; Tomás Mulcahy; Vincent Hogan; Joe Hayes; Pete Finnerty; Michael “Babs” Keating. Stiúrthóir:  Cormac Morel. Stiúrthóir faoi oiliúint: Lia Nic Craith. Eagarthóir: Yvonne Weafer.

 

Grace Walsh

Lena bonn Uile-Éireann, trí ghradam Allstar, ainmniúchán d’imreoir na bliana in 2020, bhí clú agus cáil ar Grace Walsh Chill Chainnigh as a hildánacht ó cheann ceann na páirce.

Is ó ríshliocht iomána mhuintir Walsh Grace agus déantar cur síos uirthi mar dhuine de na laochra is fearr a d’imir an cluiche riamh. Tar éis tréimhse fhada a chur isteach leis an gcontae, trí bhonn uile-Éireann a bhuachan agus í ag iarraidh ní dhá ach trí thrá a fhreastal – an club, an contae agus a gairm bheatha ina haltra in Áth Cliath – d’éirigh Grace as an imirt idirchontae in 2025. Tá oidhreacht dhochreidte, cheannaireachta agus dhúthrachtach fágtha ina diaidh aici — ní hamháin a cuid gaiscí, ach is eiseamláir í freisin d’imreoirí níos óige atá ag teacht chun cinn.

Rannpháirtithe: Grace Walsh; Tommy Walsh; Micheal Walsh; Frankie Walsh; Paudie Walsh; Shane Walsh; Martin Walsh; Daragh Ó Conchúir; Amy O’Connor; Aoife Prendergast; Laura Murphy; Jack O’Connor. Stiúrthóir: Moira Sweeney. Eagarthóir: Seánaí Mac Craith.

 

Marty Clarke

Tarraingíodh aird ar Marty Clarke agus é ina ógánach ag imirt peile lena scoil. D’imir sé i gCraobh Mionúr na hÉireann leis an Dún in 2005 agus mealladh go Melbourne é chun imirt san AFL nuair nach raibh sé ach 17 mbliana d’aois.

D’fhill sé ar Éirinn in 2009 agus d’éirigh leis an Dún dul chomh fada le Cluiche Ceannais na hÉireann in 2010 agus bhain sé Gradam All-Star amach. Chuaigh sé ar ais go dtí an Astráil in 2011 agus tar éis 3 bliana eile thall, tugadh faoi deara go raibh galar Addison air. Ní raibh sé in ann conradh eile a fháil, d’fhill sé ar Éirinn arís eile ach bhí sé deacair aige socrú síos sa bhaile arís. Caitheann Marty go leor dá chuid ama anois ag cóitseáil foirne, rud a mbaineann sé an-tairbhe as.

Rannpháirtithe: Marty Clarke; Anna Clarke; Rose Clarke; Louis Clarke ; Ava Clarke ; Thomas Clarke; Eileen Clarke ; John Clarke; Danny Hughes; Conor Laverty; Dara Ó Cinnéide; Tomás Ó Flatharta; Cahair O’Kane; Noel O’Leary. Stiúrthóir: Miriam Fitzsimons. Eagarthóir: Cían O’Halloran.

 

Pádraig Horan

Bhí Padraig Horan ina chaptaen ar fhoireann Uíbh Fhailí nuair a bhuaigh siad Craobh na hÉireann an chéad uair riamh in 1981 – éacht a léirigh cor cinniúnach i gcursaí iománaíochta in Uíbh Fhailí agus a dhaingnigh áit na foirne sin i stair spóirt an chontae.

Tá meas mór air as a dhiongbháilteacht agus as an tionchar a bhí aige ar an bpáirc agus lasmuigh di, agus tá sé fós ar dhuine de na pearsaí iománaíochta is mó a bhfuil meas air in Uíbh Fhailí.. D’imir sé iomáint gan eagla féachaint le gach dúshlán a tháinig roimhe ar an bpáirc a shárú……ach le blianta beaga anuas, lasmuigh den pháirc, tá sé ag comhrac le dúshlán eile ar fad, galar Parkinson.

Rannpháirtithe: Pádraig Horan; Carmel Horan; Pat Fleury; Joachim Kelly; Vincent Hogan; Ger Coughlan; Damien Martin; Liam Fennelly; Shane Horan; Cathal Horan; Niamh Horan; Diarmuid Horan; John Kennedy. Stiúrthóir:  Cormac Morel. Eagarthóir: Ray Kirby.

 

Neil McManus

Tá Neil McManus ar dhuine de na hiománaithe is ceannasaí in Aontroim, agus tá meas ollmhór air as a chumhacht, a chomhsheasmhacht agus a cheannaireacht le linn ré imeartha a mhair os cionn deich mbliana.

Scórálaí thar a bheith cumasach a bhí ann lena láithreacht cheannasach sa líne tosaigh agus ba phríomhphearsa é ar fhoireann shinsearach Aontroma agus ina chlub, Ruairí Óg Bun Abhann Dala. Aithnítear é as a ráta oibre eisceachtúil, a chruinneas le pocanna saor, agus a dhúthracht do chur chun cinn na hiomána in Ulaidh. Chuidigh McManus le glúin nua imreoirí a spreagadh agus é ag déanamh ionadaíochta ar Aontroim le bród. Shín a thionchar níos faide ná an pháirc chomh maith, áit a raibh sé go mór i bhfách leis an gcluiche a fhorbairt agus a neartú ar fud an chúige.

Rannpháirtithe: Neil McManus; Hugh McManus; John McManus; Dorothy McManus; Maria McManus; Aileen McManus; Aoibhín & Páidí McManus; Arron Graffin; Richie Hogan; Cairbre Ó Cairealláin; Pat Fleury; Cahair O’Kane; Paddy McGill. Stiúrthóir:  Sarah McCoy. Eagarthóir: Ray Kirby.

 

 

Louise Ní Mhuircheartaigh

Meastar go forleathan gurb í Louise Ní Mhuircheartaigh duine de na himreoirí is fearr i bPeil na mBan riamh.

Tá a ré imeartha lán le honóracha: bhuaigh sí cúig Ghradam All Star TG4 agus ainmníodh í mar Imreoir na Bliana in 2023. Bhain sí a gaisce is mó amach sa bhliain 2024 nuair a chuidigh sí le Ciarraí deireadh a chur leis an ngátar – 31 bliain ó bhuaigh Ciarraí Corn Brendan Martin – agus léirigh sí a ceannasaíocht an lá úd sin nuair a bhain sí bonn Uile-Éireann amach.  Ba shiombail de dhíograis, athléimneacht agus ceannaireacht í Louise – duine a bhfuil a tionchar le braith taobh amuigh den pháirc freisin agus í ag spreagadh glúin nua d’imreoirí ar fud Chiarraí agus níos faide i gcéin.

Rannpháirtithe: Louise Ní Mhuircheartaigh; Colm Ó Muircheartaigh; Nóirín Uí Mhuircheartaigh; Diarmuid Ó Muircheartaigh; Liam Ó Rócháin; Dara Ó Cinnéide; Lorraine Scanlon; Declan Quill; Darragh Long; Mary-Kate Lynch; Máire Ní Bhraonáin. Stiúrthóir:  Aisling Ní Fhlaithearta. Eagarthóir: Seánaí Mac Craith.

 

Kevin McManamon

Kevin McManamon – príomhphearsa ar fhoireann peile shinsearach Bhaile Átha Cliath le linn ré cheannasach sna 2010idí.

Bhain McManamon clú agus cáil amach le linn chluiche ceannais na hÉireann in 2011 nuair a cuireadh chun páirce é agus nuair a scóráil sé cúl ríthábhachtach a chuidigh le deireadh a chur leis an ngátar 16 bliana ó bhuaigh Áth Cliath Corn Mhig Uidhir go deireadh. Le linn a ré imeartha d’aimsigh sé ocht mbonn Uile-Éireann. Cé go dtugtar “super-sub” air go minic, bhí tionchar i bhfad níos mó ná sin ag McManamon – tháinig cuid mhaith dá chuid cúl ag amanna cinniúnacha, agus tá ceiliúradh forleathan ar a chumas cluichí a athrú ón mbinse. Ó d’éirigh sé as, tá sé fós gníomhach sa spórt – baineann sé úsáid as a chúlra sa tsíceolaíocht spóirt agus i gcóitseáil ardfheidhmíochta chun tacú le lúthchleasaithe.

Rannpháirtithe: Kevin McManamon, Brendan McManamon, Josie McManamon, Seán McManamon; Cian O’Sullivan, Dara Ó Cinnéide, Conor McKeon, Tom Parsons, Vincent Hogan; Ciara Losty, Steph Conlon. Stiúrthóir:  Edel Fox, Eagarthóir: Cían O’Halloran.

 

Dúirt Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Jarlath Burns: “Tá Laochra Gael anois ina chuid lárnach de réimse craoltóireachta CLG. Sraith í ina mbíonn idir imreoirí agus lucht tacaíochta ag súil go mór léi. Cé a shamhlódh, nuair a cuireadh an coincheap le chéile an chéad lá riamh, go mbeadh a leithéid de thóir air, de bharr scéalta na gcluichí agus na n-imreoirí a bheith tugtha chun beatha ar bhealach chomh beo agus chomh tarraingteach sin. Go deimhin féin, tá an tsraith ag gabháil ó neart go neart le blianta beaga anuas. Is léiriú é sin ar thiomantas agus ar ghrá Nemeton agus TG4 dár gcluichí agus dár dteanga go bhfuil an oiread sin tóir fós ar an tsraith. Guím rath orthu agus tá mé ag dúil go mór leis an chéad sraith eile”

 

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín Tá ríméad ar TG4 an 24ú sraith de Laochra Gael a chraoladh i mbliana, sraith a thugann aitheantas do scoth na laochra spóirt sa CLG, i bPeil na mBan agus sa Chamógaíocht. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na himreoirí uile atá le feiceáil sa tsraith nua seo agus buíochas ar leith a ghabháil le Nemeton as cláracha ardchaighdeáin, siamsúla a chur ar fáil agus scéalta na laochra seo á n-insint acu. Bíonn Laochra Gael ar cheann de na sraitheanna is mó éilimh ar TG4 bliain i ndiaidh bliana, ar an teilifís agus ar Sheinnteoir TG4 araon, agus tarraingíonn sé spéis an lucht féachana  i bhfad agus i ngearr.  I mbliana, den chéad uair riamh, beidh deis ag lucht féachana TG4 agus ag lucht leanúna spóirt an chéad chlár eile sa tsraith a fheiceáil ar Sheinnteoir TG4 sula gcraoltar ar an teilifís é, rud a léiríonn uaillmhian TG4 a bheith ina sholáthraí meán ilardán.

 

Léiriú de chuid NemetonTV é seo, comhlacht neamhspleách ón Rinn, i nGaeltacht na nDéise a léiríonn formhór de chláir spóirt TG4.
 

Teagmháil do na Meáin:

TG4: Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide | linda.ni.ghriofa@tg4.ie
Nemeton TV: Sarah McCoy | Nemeton | sarah@nemeton.ie


Cuir aithne orainn: