Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Laura Ní Cheallaigh ceaptha ina Stiúrthóir Ábhair ag TG4

09.02.26


 
Tá Laura Ní Cheallaigh ceaptha ina Stiúrthóir Ábhair ag TG4 do thréimhse seacht mbliana. Tá breis ‘s 25 bliain de thaithí ag Laura mar léiritheoir, stiúrthóir agus Eagarthóir Coimisiúnaithe ar chláracha Gaeilge agus Béarla do TG4 agus do RTÉ.
 
Tá Laura ina hEagarthóir Coimisiúnaithe agus Ceannacháin le TG4 ó 2015, ag plé le raon leathan seánraí, lena n-áirítear fíorasach, siamsaíocht, ceol, na healaíona agus stair. Tá sí freagrach as straitéis agus roghnú ábhar ceannacháin an stáisiúin chomh maith. Tharraing cláracha faoina stiúir aird náisiúnta ina measc Uchtú, Síle Seoige: Deireadh Tochta, Slí na mBeaglaoich, PEIG, Naíonra, Misneach, Marú inár Measc, Le Ceangal, Dessie: Glór na Bó Finne, Junior Eurovision agus Meanapás: Meon Nua.
 
Roimhe sin chaith sí na blianta mar stiúrthóir agus léiritheoir san earnáil léiriúcháin neamhspleách agus seal le Rannóg Gaeilge RTÉ.
 
Tá iliomad gradam bronnta ar a saothair; cúig ghradam IFTA, ceithre ghradam Torc na Meán Ceilteach, dhá ghradam Radharc agus dhá Ghradam Chumarsáide an Oireachtais do na cláracha Páidí Ó Sé: Rí an Pharóiste, Ceolchuairt, Maidhm, Concerto Chaitlín Maude, The High Hopes Choir, My Father’s War, The Radharc Squad, Guth na nGael agus Bean an Tí.
 
Bhí sí ina teagascóir meáin le Fiontar, Coláiste Phádraig, Coláiste Dhúlaigh agus le Gréasán na Meán.
 
Bhain si céim céadonóracha amach sa Ghaeilge agus sa Stair ó Choláiste na Tríonóide, Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach ó Ollscoil na Gaillimhe, agus Dioplóma Gairmiúil sa Cheannaireacht ó Institiúid Bainistíochta na hÉireann. Tá máistreacht aici freisin i gCumarsáid Pholaitíochta agus Phoiblí ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
 
Tá Laura ina cónaí i mBaile Átha Cliath lena fear chéile Enda agus a gclann Sadhbh & Diarmuid.
 
Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Deirdre Ní Choistín, “Cuirim fáilte mhór roimh cheapachán Laura Ní Cheallaigh sa ról nua tábhachtach mar Stiúrthóir Ábhair TG4. Tá an taithí agus an tuiscint ag Laura chun straitéis ábhair chruthaithigh TG4 a threorú agus a mhúnlú don ré ilardáin i ré an rogha don lucht féachana as seo go ceann seacht mbliana. Guím gach rath uirthi.”
 
Dúirt Laura Ni Cheallaigh “Is mór an onóir dom a bheith ceaptha sa ról seo. Tá ról lárnach ag TG4 i scéalaíocht chomhaimseartha na Gaeilge agus tá deis thar a bheith spreagúil romhainn freastal ar ár lucht féachana le hábhar cruthaitheach, uaillmhianach agus nuálach trasna gach ardán. Táim ag tnúth le bheith ag obair leis an bhfoireann agus leis an earnáil léiriúcháin neamhspleách chun tógáil ar an obair láidir atá déanta agus chun todhchaí inbhuanaithe d’ábhar Gaeilge a neartú.”

 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: