Preas
Líon Mór Cluichí i Sraitheanna Náisiúnta Allianz le Taispeáint ar TG4
21.01.26

24 Eanáir – 5 Aibreán: Níos mó ná 45 Cluiche Beo idir Pheil agus Iománaíocht
Is cúis ríméid do TG4 a fhógairt go mbeidh an líon is mó cluichí riamh i Sraitheanna Peile agus Iománaíochta Allianz á dtaispeáint acu i mbliana. Ón 24 Eanáir go dtí an 5 Aibreán, beidh níos mó ná 45 cluiche ar fáil beo ag an lucht féachana, cluichí idir na foirne is fearr agus iomaíocht ghéar as gach cuid den tír.
Beidh cluichí á dtaispeáint as gach roinn den tsraith peile agus iománaíochta. Beidh an imirt ó Roinn 1 go dtí Roinn 4 ina ábhar suilt ag lucht féachana na peile agus taitneamh ag lucht leanúna na hiománaíochta as cluichí i Roinn 1A, Roinn 1B agus Roinn 2. Beidh na cluichí ceannais i ngach Roinn acu sin thuas á gcraoladh beo ag TG4 chomh maith rud a chiallaíonn nach gcailleann an lucht leanúna oiread is nóiméad de na cluichí cinniúnacha ceann séasúir.
Sár-Domhnach / Super Sunday
Ar cheann de bhuaicphointí chraoladh na gcluichí ar TG4, beidh Sár-Domhnach, a thaitníonn go mór le daoine, don bhabhta deiridh de Shraith Náisiúnta Allianz sa Pheil ar an 22 Márta. Craoladh speisialta a bheidh anseo le tuairisceoireacht ilscáileán ó na cluichí ar fad sa bhabhta deireanach i Sraith 1 agus Sraith 2, ionas go mbíonn cur i láthair cuimsitheach tumthach ar GAA Beo. Deimhneofar sruthanna beo Dhomhnach na Cinniúna i rith na sraitheanna.
Den chéad uair riamh, cuirfidh TG4 Sár-Satharn ar fáil do lucht spéise na Sraithe Iomána an 21 Márta, le pleananna déanta le haghaidh craoladh ilscáileán. Cuirfear an dráma agus na tráthanna cinniúnacha go léir ón mbabhta deiridh sna cluichí iománaíochta ó ar fud na tíre ar fáil don lucht spéise.
Tús na gCluichí
Cuirfear tús le craoladh na gcluichí an Satharn beag seo, an 24 Eanáir nuair a thabharfaidh Áth Cliath agus Dún na nGall faoina chéile i Roinn 1 sa pheil i bPáirc an Chrócaigh. Leanfar leis an scleondar Dé Domhnaigh an 25 Eanáir le dhá chluiche mhóra eile peile – tabharfaidh Gaillimh aghaidh ar Mhaigh Eo i Staid an Phiarsaigh agus beidh Ros Comáin le Ciarraí i gCill Airne.
Cuirfear tús leis na cluichí iomána Dé Domhnaigh an 25 Eanáir le Corcaigh agus Port Láirge ag tabhairt aghaidh ar a chéile i Roinn 1A i bPáirc Uí Chaoimh SuperValu.
Buaicphointí na Seachtaine ar GAA 2026
Craolfar GAA 2026 ag 8pm gach oíche Dé Luain ar TG4 i rith Shraitheanna Allianz. Clár cuimsitheach buaicphointí é seo a chinntíonn nach gcailleann an lucht spéise aon chuid de na tráthanna ríthábhachtacha sin. Beidh buaicphointí ar an gclár ó na cluichí tábhachtacha go léir a imríodh ar fud na tíre, agus tabharfaidh sin léargas ceart cuimsitheach ar aicsean an deireadh seachtaine don lucht féachana. Anuas air sin, áireofar ábhar nua agallaimh ar GAA 2026 ó chluichí i Sraith Allianz, buaicphointí ó Shraitheanna Lidl i bPeil na mBan, mar aon le buaicphointí ó chluichí faoi aois agus tríú leibhéal CLG – clár seachtainiúil riachtanach a bheidh ann do lucht leanta díograiseach CLG.
Ná Caill Nóiméad den Aicsean
Cinntíonn sceideal cuimsitheach cluichí TG4 gur féidir leis an lucht leanúna ar fud na hÉireann gníomhartha éachtúla Shraitheanna Náisiúnta Allianz a fheiceáil ó thús go deireadh. Le craoladh beo, buaicphointí seachtainiúla, anailís saineolaithe agus tuairiscí ilscáileán, is é TG4 príomhstáisiún Shraitheanna Náisiúnta Allianz sna Cluichí Gaelacha.
Liosta Iomlán na gCluichí
Féach thíos chun liosta iomlán na gcluichí a fháil.
| Date | Competition | Round | Home Team | Away Team | Venue | TV / Online | Time |
| 24/01/2026 | Sraith Peile Allianz 1 | Babhta 1 | An Mhí | Doire | Páirc an Chrócaigh | Beo ar Seinnteoir / Aip | 14:45 |
| 24/01/2026 | Sraith Peile Allianz 1 | Babhta 1 | Áth Cliath | Dún na nGall | Páirc an Chrócaigh | Beo ar TG4 | 17:00 |
| 25/01/2026 | Sraith Peile Allianz 1 | Babhta 1 | Gaillimh | Maigh Eo | Staid an Phiarsaigh | Beo ar TG4 | 13:45 |
| 25/01/2026 | Sraith Iomána Allianz 1A | Babhta 1 | Corcaigh | Port Láirge | SuperValu Páirc Uí Chaoimh | Beo ar TG4 | 15:45 |
| 25/01/2026 | Sraith Peile Allianz 1 | Babhta 1 | Ciarraí | Ros Comáin | Staid Mhic Gearailt | Beo ar Seinnteoir / Aip
Iarbheo ar TG4 |
14:00
17:30 |
| 31/01/2026 | Sraith Iomána Allianz 1A | Babhta 1 | Gaillimh | Corcaigh | Staid an Phiarsaigh | Beo ar TG4 | 19:00 |
| 01/02/2026 | Sraith Peile Allianz 1 | Babhta 2 | Dún na nGall | Ciarraí | Páirc an Athar Uí Thiarnaigh | Beo ar TG4 | 13:30 |
| 01/02/2026 | Sraith Peile Allianz 2 | Babhta 2 | An Cabhán | An Mhí | Kingspan Breffni | Beo ar TG4 | 15:45 |
| 01/02/2026 | Sraith Iomána Allianz 1A | Babhta 2 | Port Láirge | Luimneach | Páirc an Bhreathnaigh Azzurri | Beo ar Seinnteoir / Aip
Iarbheo ar TG4 |
14:00
17:30 |
| 07/02/2026 | Sraith Iomána Allianz 1B | Babhta 3 | Loch Garman | Ceatharlach | Páirc Loch Garman Chadwicks | Beo ar TG4 | 17:15 |
| 08/02/2026 | Sraith Iomána Allianz 1A | Babhta 3 | Port Láirge | Uíbh Fhailí | Páirc an Bhreathnaigh Azzurri | Beo ar TG4 | 13:45 |
| 08/02/2026 | Sraith Iomána Allianz 1A | Babhta 3 | Luimneach | Cill Chainnigh | Páirc na nGael TUS | Beo ar TG4 | 15:45 |
| 08/02/2026 | Sraith Iomána Allianz 1B | Babhta 3 | Cill Dara | Antrim | Páirc Naomh Connlaodh Cedral | Beo ar Seinnteoir / Aip
Iarbheo ar TG4 |
14:00
17:30 |
| 14/02/2026 | Sraith Peile Allianz 1 | Babhta 3 | Áth Cliath | Muineachán | Páirc an Chrócaigh | Beo ar TG4 | 19:00 |
| 15/02/2026 | Sraith Peile Allianz 1 | Babhta 3 | Dún na nGall | Maigh Eo | Páirc Uí Dhomhnaill | Beo ar TG4 | 13:45 |
| 15/02/2026 | Sraith Peile Allianz 2 | Babhta 3 | Tír Eoghain | An Cabhán | Páirc Uí Éalaithe O’Neills | Beo ar TG4 | 15:45 |
| 15/02/2026 | Sraith Peile Allianz 1 | Babhta 3 | Ros Comáin | Ard Mhacha | Páirc de hÍde King & Moffatt | Beo ar Seinnteoir / Aip
Iarbheo ar TG4 |
14:00
17:30 |
| 21/02/2026 | Sraith Peile Allianz 1 | Babhta 4 | Áth Cliath | Ciarraí | Páirc an Chrócaigh | Beo ar TG4 | 19:00 |
| 22/02/2026 | Sraith Allianz | TBC | Beo ar TG4 | ||||
| 22/02/2026 | Sraith Peile Allianz 1 | Babhta 4 | Ard Mhacha | Dún na nGall | Páirc Lúthchleasa BOX-IT | Beo ar TG4 | 15:45 |
| 22/02/2026 | Sraith Allianz | TBC | Beo ar Seinnteoir / Aip
Iarbheo ar TG4 |
||||
| 28/02/2026 | Sraith Peile Allianz 2 | Babhta 5 | An Cabhán | Lú | Kingspan Breffni | Beo ar TG4 | 17:15 |
| 01/03/2026 | Sraith Peile Allianz 1 | Babhta 5 | TBC | Beo ar TG4 | |||
| 01/03/2026 | Sraith Iomána Allianz 1A | Babhta 5 | Cill Chainnigh | Corcaigh | Páirc Uí Nualláin UPMC | Beo ar TG4 | 15:15 |
| 01/03/2026 | Sraith Allianz | TBC | Beo ar Seinnteoir / Aip
Iarbheo ar TG4 |
||||
| 07/03/2026 | Sraith Allianz | TBC | Beo ar TG4 | ||||
| 08/03/2026 | Sraith Iomána Allianz 1A | Babhta 6 | An Clár | Loch Garman | Páirc Uí Chíosóg Zimmer Biomet | Beo ar TG4 | 13:15 |
| 08/03/2026 | Sraith Iomána Allianz 1B | Babhta 6 | Port Láirge | Tiobraid Árann | Páirc an Bhreathnaigh Azzurri | Beo ar TG4 | 15:15 |
| 08/03/2026 | Sraith Iomána Allianz 1B | Babhta 6 | Cill Dara | Ceatharlach | Páirc Naomh Connlaodh Cedral | Beo ar Seinnteoir / Aip
Iarbheo ar TG4 |
14:00
17:30 |
| 14/03/2026 | Sraith Peile Allianz 2 | Babhta 6 | Áth Cliath | Ard Mhacha | Páirc an Chrócaigh | Beo ar TG4 | 19:00 |
| 15/03/2026 | Sraith Peile Allianz 2 | Babhta 6 | Ros Comáin | Dún na nGall | Páirc de hÍde King & Moffatt | Beo ar TG4 | 13:30 |
| 15/03/2026 | Sraith Peile Allianz 2 | Babhta 6 | Muineachán | Gaillimh | Páirc Grattan, Inis Caoin | Beo ar TG4 | 15:45 |
| 15/03/2026 | Sraith Allianz | TBC | Beo ar Seinnteoir / Aip
Iarbheo ar TG4 |
||||
| 21/03/2026 | Sraith Allianz | TBC | Beo ar TG4 | ||||
| 22/03/2026 | Sraith Allianz | TBC | Beo ar TG4 | ||||
| 22/03/2026 | Sraith Allianz | TBC | Beo ar TG4 | ||||
| 22/03/2026 | Sraith Allianz | TBC | Beo ar Seinnteoir / Aip
Iarbheo ar TG4 |
||||
| 28/03/2026 | Sraith Peile Allianz 4 | Cluiche Ceannais | Beo ar TG4 | ||||
| 28/03/2026 | Sraith Peile Allianz 3 | Cluiche Ceannais | Beo ar TG4 | ||||
| 29/03/2026 | Sraith Peile Allianz 2 | Cluiche Ceannais | Beo ar TG4 | ||||
| 29/03/2026 | Sraith Peile Allianz 1 | Cluiche Ceannais | Beo ar TG4 | ||||
| 05/04/2026 | Sraith Iomána Allianz 1 | Cluiche Ceannais | Beo ar TG4 |
Teagmháil do na Meáin i TG4:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie