Preas
Ocht nAinmniúchán faighte ag cláir TG4 do Ghradaim RTS na hÉireann 2026
19.03.26
| ![]() |
Tá áthas ar TG4 ocht n-ainmniúchán a fháil ag Gradaim RTS na hÉireann, ag a ndéantar ceiliúradh ar bharr feabhais earnáil an léiriúcháin in Éirinn. Tugtar aitheantas ag gradaim an Royal Television Society (RTS) do scoth na craoltóireachta agus tá ríméad orainn go bhfuil aitheantas á thabhairt ag scoth an tionscail dár gcuid saothair. Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas mór Déardaoin an 16 Aibreán san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath.
Áirítear ar na hainmniúcháin atá faighte:
Beo Faoin bhFód (Clár Fíorasach Aonair) – Black Lobster Productions
Is clár faisnéise é Beo Faoin bhFód, arna choimisiúnú agus arna mhaoiniú ag TG4 agus ag Coimisiún na Meán, faoi fhear a cuireadh faoin bhfód dá dheoin féin agus é ina bheatha féachaint le clú agus cáil a bhaint amach. Taispeánadh an scannán den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe, agus taispeánadh ag an IFI Documentary Festival agus ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Chiarraí é chomh maith.
Cuireadh Mick Meaney faoin bhfód i Londain i gcónra shimplí adhmaid in 1968. Tháinig na céadta ag an adhlacadh chun Mick a cheiliúradh. Ach, mar a tharlaíonn sé, ní raibh Mick básaithe. Bhí sé ag glacadh páirt i gcomórtas féachaint leis an gcuriarracht dhomhanda don “Am is Faide ag Duine Beo faoin bhFód” a shárú.
Trí úsáid a bhaint as ábhar cartlainne, beochana agus agallaimh le daoine a raibh aithne phearsanta acu ar Mick, tugtar an scéal seo chun beatha trí shúile a iníne ceanúla, Mary, atá ag streachailt le hoidhreacht aisteach a hathar. Is léargas spraíúil agus uathúil é Beo faoin bhFód ar eachtra aisteach atá dearmadta den chuid is mó
Nasc chuig an gclár: https://nasc.tg4.tv/Beo_Faoin_bhFód
Beo ón Electric Picnic (Siamsaíocht) – Cian McCarthy Productions Ltd T/A 84 Productions
Craoladh speisialta ón gCollchoill agus ón bPuball Gaeilge ag Electric Picnic na bliana seo caite. Tá agallaimh le cuid de na ceoltóirí is fearr ag féile na bliana seo le feiceáil freisin. Á chur i láthair ag Síomha Ní Ruairc agus John Sharpson.
I measc na gceoltóirí a ghlac páirt bhí Bláithín Mhic Cana & Piaras Ó Lorcáin, IMLÉ, John Spillane, Eve Belle, Clada, Amano, Caolan Ryan agus Dysania.
Nasc chuig an gclár: https://nasc.tg4.tv/Beo_ón_Electric_Picnic
British & Irish Lions v Argentina – 1888 Cup (Spórt) – IRIS Productions
Comhléiriú ollmhór i gcomhpháirtíocht le S4C inar craoladh an chéad chluiche beo agus saor go haer. TG4 a chraol cluiche camchuairte na Breataine agus na hÉireann i gcoinne na hAirgintíne anuraidh. Clúdach eisiach beo saor go haer a bhí ann den chéad chluiche ó Chamchuairt Leoin na Breataine agus na hÉireann i gcomhléiriú stairiúil i gcomhpháirtíocht le S4C.
Tháinig TG4 agus S4C le chéile chun clúdach saor go haer a chur ar fáil de chéad chluiche riamh na Leon in Éirinn, mar aon leis an gcéad chomhléiriú idir an dá chraoltóir seirbhíse poiblí a chur ar fáil.
Craoladh eisiach beo ar an gcluiche idir Foireann Leoin na Breataine agus na hÉireann agus an Airgintín i gCorn 1888. Á chur i láthair ag Gemma Ní Chionnaith, Cuán Ó Flatharta agus aíonna eile. Is é seo an chéad uair ag Foireann Leoin na Breataine agus na hÉireann ag imirt in Éirinn.
GAA BEO: SÁR-DHOMHACH/SUPER SUNDAY (Spórt) – Nemeton TV
Craolann TG4 na cluichí go léir i Roinn 1 agus i Roinn 2 i Sraith Peile Allianz ar ‘Shár-Dhomhnach’ ar lá é anois a mbíonn an-éileamh air san fhéilire spóirt gach bliain mar gurb é Babhta 7 i Sraith Peile Allianz a chinneann na foirne a bheidh ag fáil ardú céim, ísliú céime agus a bheidh ag cáiliú do chluichí ceannais na sraithe an deireadh seachtaine dár gcionn.
Le craoladh GAA Beo TG4, cuireadh tús le haicsean ilscáileáin, agus bíonn na táblaí sraithe á dtabhairt cothrom le dáta i rith an lae, rud a chuireann go mór le taithí féachana lucht leanúna CLG. Anuas ar mhíreanna a chur ar fáil beo ó na cluichí éagsúla a bhí ar siúl ar an teilifís, cinntíonn TG4 go mbíonn gach aon chluiche ó Roinn 1 agus i Roinn 2 i mBabhta 7 le fáil le féachaint orthu beo agus ag an am céanna. Déantar péire de na cluichí a chraoladh beo ar TG4 agus craoltar na sé chluiche eile i Roinn 1 agus i Roinn 2 a shruthú beo ar leathanach YouTube Spórt TG4.
Rugbaí Beo: URC Final 2025 – Leinster v Vodacom Bulls (Spórt) – IRIS Productions
Craoladh beo ar Chluiche Ceannais Chraobh Rugbaí Aontaithe: Cúige Laighean v Vodacom Bulls. Á chur i láthair ag Gemma Ní Chionnaith agus Cuán Ó Flatharta.
George Best i gCorcaigh (Clár Faisnéise Spóirt) – Dearg Films
Clár faisnéise faoin tréimhse a chaith George Best ag imirt do Cork Celtic, ag comóradh 50 bliain ó d’imir sé i Sraith na hÉireann. Tá agallaimh eisiacha agus píosaí scannánaíochta ón gcartlann de Best ag imirt le Cork Celtic le feiceáil sa gclár. Ba é an t-imreoir sacair is fearr ar domhan é, ba mhór a cháil agus bhí saol na bhfuíoll aige. D’imir sé le Manchester United ar feadh 11 bliain agus bhí an domhan mór ag faire air go bhfeicfí céard a dhéanfadh sé nuair a d’imigh sé uathu. Mar a tharla sé, bhí rún aige seal a chaitheamh i gCorcaigh. Arna léiriú ag Dearg Films
Nasc chuig an gclár: https://nasc.tg4.tv/George_Best_i_gCorcaigh
Oileán Glas, Fásach Bán (Sainchlár fíorasach) – Crossing the Line Productions
Sa tsraith dhá chlár Oileán Glas, Fásach Bán, caitheann Eoin Warner, fear dúlra, tréimhse bliana ag siúl na gcnoc is na leac go léiríonn sé saol ceilte an réigiúin. Déanann sé a mhachnamh ar stair na dúiche – tagann ar áit adhlactha na ndaoine is túisce a rinne cónaí anseo, a ghlan na foraoisí agus a chruthaigh ceantar Bhoirne mar is eol dúinne inniu é agus siúlann sé bóithre gan ceann scríbe a rinneadh aimsir an drochshaoil, ré gruama de stair Bhoirne.
Díol suntais faoi Bhoirinn gur gnáthóg de dhéantús an duine atá ann; ba iad na daoine a bhí in Éirinn i ré luath na staire a leag na crainn ionas gur fágadh na leaca aolchloiche lom. I gceantar Bhoirne atá ceann de na séadchomharthaí seandálaíochta is iomráití sa tír seo, dolmain Pholl na Brón. Síneann réimse geolaíochta Bhoirne go hOileáin Árann agus in Inis Mór atá Dún Aonghasa, ceann de na dúnta ceann tíre is cáiliúla in iarthar na hEorpa. Arna léiriú ag Crossing the Line Productions.
Nasc chuig an gclár: https://nasc.tg4.tv/Oileán-Glas-Fásach-Bán
Iniúchadh TG4 – Trump agus na Gaeil (Cúrsaí Reatha) – Clean Slate
Eagrán speisialta d’Iniúchadh TG4 ina ndeachaigh Kevin Magee go Nua- Eabhrac chun tuairimí a fháil ón bpobal Gael-Mheiriceánach faoin Uachtarán Trump agus é ag tabhairt faoin dara bliain dá théarma.
Moladh do shaoránaigh de chuid na hÉireann a bhfuil cónaí orthu sna Stáit Aontaithe gan cháipéisíocht chuí gan a theacht ar ais go hÉirinn le haghaidh na Nollag in 2025 mar gheall ar imní faoi bhearta géara an Uachtaráin Donald Trump maidir le hinimirce mídhleathach.
Sa chlár faisnéise, thug Kevin Magee, iriseoir fiosrúcháin, turas go dtí na Stáit Aontaithe go bhfeicfeadh sé an cás ina bhfuil na hÉireannaigh gan cháipéisí atá sáinnithe ag feachtas dian docht an Uachtaráin Trump imircigh mhídhleathacha a dhíbirt, feachtas atá á chur i bhfeidhm ag oifigigh de chuid an US Immigration & Customs Enforcement, nó ICE mar is fearr aithne orthu.
Nasc chuig an gclár: https://nasc.tg4.tv/IniúchadhTG4-Trump_agus_na_Gaeil
Cuirfear tús inniu freisin leis an vóta poiblí do Ghradam Rogha an Lucht Féachana ag Gradaim RTS, a bhfuil Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann ag déanamh urraíochta orthu. Is deis é seo do lucht féachana na hÉireann aitheantas a thabhairt don chlár teilifíse is fearr leo a craoladh in 2025 ar cheann de na craoltóirí comhpháirtíochta (Virgin Media Television, RTÉ, TG4 nó Sky). Dúnfar an vóta ag 23:59 Dé Luain an 6 Aibreán. Ní bheidh cead ag daoine ach vóta amháin an duine a chaitheamh. Cliceáil anseo chun do vóta a chaitheamh: https://pollunit.com/en/polls/rtsireland2026
Dúirt Mary Ellen Ní Chualáin, Bainisteoir Coimisiúnaithe TG4: “Táimid thar a bheith mórtasach as an aitheantas atá á thabhairt do léiriúcháin TG4 ag Gradaim RTS na hÉireann 2026. Léirítear leis na hainmniúcháin seo an réimse iléagsúil d’ábhar ar ardchaighdeán a ndéanaimid ár ndícheall é a chur ar fáil. Is léiriú é an t-aitheantas seo ar chumas, ar dhíograis agus ar phaisean chomhlachtaí neamhspleácha léiriúcháin na hÉireann agus ár gcomhpháirtithe cómhaoinithe. Tá TG4 tiomanta i gcónaí do thacaíocht a thabhairt d’ábhar bunaidh Éireannach a bhfuil dáimh ag an lucht féachana leis anseo sa mbaile agus thar lear. Tréaslaímid leis na dreamanna go léir a fuair ainmniúchán.”
Íomhanna: Flickr TG4
Teagmháil do na meáin i TG4:
Linda Ní Ghríófa | Eagraí Cumarsáide | linda.ni.ghriofa@tg4.ie
