Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Plant the Planet - GAA in Uganda, Clár faisnéise nua ar Aimsiú domhanda Chumann Lúthchleas Gael

30.03.26

Plant the Planet Plant the Planet 2 Plant the Planet 3

 

Plant the Planet – GAA in Uganda

Dé Domhnaigh an 29 Márta ag 18:15 ar TG4 nó Plant the Planet – GAA in Uganda ar Sheinnteoir TG4
 

Fiosrófar i gclár faisnéise nua cumhachtach ar TG4, Plant the Planet – GAA in Uganda, aimsiú domhanda Chumann Lúthchleas Gael agus an chumhacht atá ag an spórt, an cultúr agus ag an bpobal chun daoine a thabhairt le chéile i mór-ranna éagsúla.
 

Sa chlár seo, a taifeadadh i dtír bhríomhar Uganda, leanfar grúpa imreoirí idirchontae CLG atá thall in Oirthear na hAfraice le haghaidh tionscnamh seachtaine bunathraitheach. Tá dhá aidhm ag an misean: tacú leis an inbhuanaitheacht chomhshaoil trí mhilliún crann a chur, agus an pobal CLG sa gceantar atá ag fás a neartú.
 

Tá scéal spreagúil na Simba Wolfhounds, club as Uganda a bhfuil glactha go fonnmhar acu leis na Cluichí Gaelacha, i gcroílár an chláir faisnéise. Le linn a dturais, feicfidh na himreoirí dóibh féin an chaoi a ndéanann croíluachanna CLG, pobal, mórtas agus ionchuimsitheacht, teorainneacha a shárú agus dul i bhfeidhm go mór ar chultúir nua.
 

Ócáid chinniúnach a léirítear sa chlár faisnéise is ea tógáil na chéad chúirte liathróide láimhe riamh in Uganda, rud a chuirfidh an spórt i láthair os cionn 1,000 páiste den chéad uair riamh agus a dhéanfaidh na Cluichí Gaelacha a leabú tuilleadh i bpobail áitiúla.
 

Léiríodh an clár i gcomhar le Self Help Africa, Cumann Imreoirí Gael (GPA) agus Warriors for Humanity, agus leagtar béim ann ar an tionchar sóisialta as cuimse a bhíonn ag an spórt don cheangailteacht, cumasú agus forbairt fhadtéarmach.
 

Cé go bhfuil an CLG fréamhaithe go domhain i bhféiniúlacht na hÉireann, léireoidh Plant the Planet – GAA in Uganda an chaoi a bhfuil a spiorad scaipthe i bhfad i gcéin, ag cothú muintearais, ag spreagadh pobal agus ag cruthú cultúr comhroinnte domhanda tríd an spórt.
 

Nemeton TV, comhlacht léiriúcháin neamhspleách ceannródaíoch, a léirigh an clár agus is cláir spóirt agus ábhar craolacháin bheo na sainábhair a chuireann siad ar fáil.
 

Teagmháil do na Meáin Spórt i TG4:

Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: