Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Rásaí Beo ag filleadh ar TG4 le Clúdach Beo ó Thigh na Sióg

02.04.26

Rásaí na Gaillimhe 2025 Rásaí na Gaillimhe 2025

 

Fillfidh Rásaí Beo ar TG4 an Satharn beag seo, an 4 Aibreán, le clúdach beo ó Thigh na Sióg, ag cur tús le séasúr eile lán le rásaíocht capall den scoth ar TG4.
 

Beidh réamhamharc cuimsitheach ar an Irish Grand National mar chuid den deireadh seachtaine freisin, a bheidh ar siúl Luan Cásca i dTigh na Sióg. Haiti Couleurs, a thraenáil ag Rebecca Curtis, a bhuaigh an duais ba mhó, agus táthar ag súil go mór cheana féin le rás na bliana seo.

Leanfaidh foireann Rásaí Beo leis an gclúdach fairsing ar fud na tíre i rith an tsamhraidh. I lár mhí na Bealtaine, craolfaidh TG4 Lá Trialacha Royal Ascot ó Ráschúrsa an Náis don dara bliain as a chéile. Le breis agus €300,000 i nduaiseanna ar fáil, is ócáid thábhachtach í san fhéilire rásaíochta chomh maith le bheith ina céim ríthábhachtach i dtreo an Royal Ascot.

Seachtain ina dhiaidh sin, fillfidh an clúdach ar Ráschúrsa álainn Bhaile an Róba don chúigiú bliain as a chéile. Is é an Mayo National príomhrás na hócáide. Bhuaigh Danny Gilligan ar Western Fold, leis an traenálaí Gordon Elliott, rás na bliana 2025.
 

Bhí tóir mhór ar an gclár a chraol Rásaí Beo ó Ráschúrsa Chorcaí i Mala in 2025 do phríomhimeacht na féile, an Munster Oaks. Le craoladh na hócáide sin, bhí rásaí ó 23 ráschúrsa as 26 ráschúrsa an oileáin á dtaispeáint ar TG4, sin léiriú arís ar thiomantas TG4 do rásaíocht ar fud na tíre a chur chun cinn.

Leanfaidh clúdach an tsamhraidh le Rásaí na Gaillimhe a bhfuil an-tóir orthu, agus beidh TG4 i mBaile an Bhriotaigh agus ag craoladh beo Dé hAoine agus Dé Sathairn na féile.
 

I mí Mheán Fómhair, tabharfaidh Rásaí Beo cuairt arís ar Lios Tuathail d’Fhéile an Fhómhair, ag leanúint den traidisiún fada atá ar an bhfód anois le 22 bliain. Gealltar leis an 168ú eagrán d’fhéile Chiarraí go mbeidh seachtain eile rásaíochta den scoth á cur ar fáil. Spanish Harlem, leis an traenálaí Willie Mullins agus a raibh Danny Mullins sa diallait a bhuaigh an Kerry National anuraidh.
 

Seán Bán Breathnach a chuirfidh an clúdach i láthair arís i mbliana agus beidh Mánus Ó Conghaile, Sarah Lynam, Tomás Báicéir agus Evelyn Ní Ghriallais ina theannta don anailís. Ón bparáid, tabharfaidh Daragh Ó Conchúir ábhar léargais dúinn agus cuirfidh sé agallamh ar na marcaigh, traenálaithe, úinéirí agus lucht spéise. Beidh Meghann Scully ar an bhfoireann freisin le linn fhéilte na Gaillimhe agus Lios Tuathail.
 

Le féilire gnóthach de rásaíocht ó chuid de na hionaid is iomráití in Éirinn, tá séasúr eile lán le spleodar, anailís shaineolach, agus rochtain gan sárú ar chroílár rásaíocht na hÉireann romhainn ar Rásaí Beo.
 

Teagmháil do na Meáin Spórt i TG4:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie | 086-8315842

Cuir aithne orainn: