Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Sroicheann Clúdach Saor go hAer CLG Os Cionn 2 Mhilliún ar TG4

27.03.26

Kyle Hayes Emmet Carolan Robert Finnerty

 

Os Cionn 2 Mhilliún Duine sroichte ag Clúdach Saor go hAer CLG TG4 ar an mBabhta Deireanach i Sraitheanna Allianz

Bhí lucht féachana ollmhór ag faire ar ardáin teilifíse, sruthaithe agus meán sóisialta le linn GAA Beo ar ‘Sár-Shatharn’ agus ‘Sár-Dhomhnach’, agus níos mó ná 2 mhilliún amharc bainte amach ag clúdach saor go haer TG4 ar bhabhta deireanach Shraitheanna Iomána agus Peile Allianz. Léiríonn sé seo an t-éileamh leanúnach atá ar chlúdach beo inrochtana CLG.
 

Mar chuid de GAA Beo Shár-Shatharn agus Shár-Dhomhnach, chuir TG4 clúdach cuimsitheach beo ar fáil ó gach cluiche peile i Roinn 1 agus 2 agus gach cluiche iomána i Roinn 1A, chomh maith le cluiche peile amháin i Roinn 3, rud a chinntigh go raibh lucht leanúna ar fud na tíre in ann an babhta cinniúnach a leanúint saor in aisce.

 
Os Cionn 1 Mhilliún ag Faire Beo
 
Bhí breis agus 1,172,000 duine ag faire ar chlúdach beo ar 11 chluiche CLG thar an deireadh seachtaine ar fud ardáin chraolta agus dhigiteacha TG4:
• Teilifís: 654,200
• YouTube: 439,300
• Seinnteoir/Aip: 79,100

 
I measc na gcluichí ba mhó a sheas amach bhí:
• Luimneach v Gaillimh (Iomáint Roinn 1A) – 234,000
• Gaillimh v Áth Cliath (Peil Roinn 1) – 217,800

 
Léiríonn na figiúirí seo an t-éileamh mór atá ar chlúdach ardchaighdeáin saor in aisce ar Shraitheanna Allianz, agus TG4 fós ag cur na bpríomhchluichí ar fáil don lucht féachana is leithne.

1.1 Milliún Amharc Breise ar na Meáin Shóisialta

 
Chomh maith leis an gclúdach beo, ghnóthaigh ábhar TG4 ar na meáin shóisialta 1,136,029 amharc breise ar Instagram, Facebook agus X, rud a léiríonn an ról níos mó atá ag ardáin dhigiteacha maidir leis an gcaoi a mbíonn lucht féachana ag féachaint ar ábhar CLG.

 
I measc an aicsin is fearr ón deireadh seachtaine bhí:
• An cic pionóis a chur Gaillimh amú agus an t-achrann ina dhiaidh sin ar an taobhlíne (Gaillimh v Áth Cliath) – 158,313 amharc (X)
• Cúl drámatúil déanach Sean Ryan chun ardú céime a chinntiú do Loch Garman – 122,427 amharc (X)

 
Chuir na postálacha seo drámaíocht an bhabhta dheireanaigh in iúl, agus chuaigh siad go mór i bhfeidhm ar lucht féachana ar na meáin shóisialta.

Clúdach Saor go hAer i gCroílár Chluichí CLG

 
Cuireann clúdach GAA Beo TG4 cluichí beo Shraitheanna Allianz ar fáil don phobal saor in aisce, ag cinntiú go mbíonn teacht ag an lucht leanúna in Éirinn agus thar lear orthu.
Nemeton TV i nGhaeltacht na Rinne a léiríonn ‘Sár-Shatharn’ agus ‘Sár-Dhomhnach’, chomh maith le gach cluiche ar GAA Beo, do TG4. Tá clúdach ‘Sár-Dhomhnach’ 2025 ainmnithe faoi láthair do Ghradam de chuid Royal Television Society 2026 sa chatagóir Spórt Beo.
 

Teagmháil do na Meáin Spórt i TG4:

Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: