Preas
Tá Paramount Pictures i gcomhar le TG4 ag fógairt 'SpongeBob an Scannán: Cá bhfuil SquarePants?'
19.02.26

Blaisín
Íomhánna
Cá bhfuil an scannán le feiceáil? Eolas anseo
Tá ríméad ar Paramount Pictures Ireland, i gcomhar le TG4, a fhógairt go mbeidh SpongeBob an Scannán: Cá bhfuil SquarePants? ar fáil i nGaeilge i bpictiúrlanna na hÉireann i mí Márta seo chugainn chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Tá deireadh tagtha i mBaile Átha Cliath leis an léiriú dubála ar an tionscadal áitiúil seo le Macalla Teoranta, an fhoireann a dhéanann dubáil ar an tsraith theilifíse mhóréilimh SpongeBob SquarePants a chraolann TG4/Cúla4.
Agus é bunaithe ar shraith theilifíse Nickelodeon a bhfuil ardmholadh faighte aige, in SpongeBob an Scannán: Cá bhfuil SquarePants ?, ó Paramount Animation agus Nickelodeon Movies, i gcomhar le Domain Entertainment agus MRC, feictear SpongeBob agus a chairde in Bikini Bottom ag bualadh bóthair san eachtra scannánaíochta is mó agus is nuaí riamh nach féidir leat a chailleadh – SpongeBob an Scannán: Cá bhfuil SquarePants? Agus é go mór ag iarraidh a thaispeáint gur fear mór é, cuireann SpongeBob roimhe a chrógacht a chruthú don Uasal Krabs agus é ag leanúint The Flying Dutchman, an foghlaí mara bradach taibhsiúil mistéireach taghdach, ar eachtra grinn mara a thugann é go grinneall na farraige, áit nach ndeachaigh aon Sponge riamh cheana.
Sa scannán seo, a bhfuil níos mó ná $140m saothraithe aige go hidirnáisiúnta, tá na príomhpháirteanna ag Tom Kenny, Clancy Brown, Rodger Bumpass, Bill Fagerbakke, Carolyn Lawrence, Mr. Lawrence, George Lopez, Isis “Ice Spice” Gaston, Arturo Castro, Sherry Cola chomh maith le Regina agus Mark Hamill.
Lisa Stewart, PGA, Pam Brady agus Aaron Dem a léirigh é. Tá sé bunaithe ar an tsraith “SpongeBob SquarePants” a chruthaigh Stephen Hillenburg. Is iad Marc Ceccarelli & Kaz agus Pam Brady an a chum an scéal agus is iad Pam Brady agus Matt Lieberman a scríobh script an scannáin. Tá an scannán á stiúradh ag Derek Drymon.
“Le breis agus 25 bliain, is iad TG4 agus Cúla4 baile SpongeBob SquarePants in Éirinn. Tá sé ar cheann de na cláir is mó éilimh agus is mó a thaitníonn leis an lucht féachana óg. Ceanglaíonn go leor daoine in Éirinn SpongeBob leis an nGaeilge anois, agus tugann SpongeBob an Scannán: Cá bhfuil SquarePants? léargas ar an misean atá ag Cúla4 siamsaíocht atá taitneamhach agus ar ardchaighdeán a chur ar fáil do dhaoine óga i nGaeilge.” – Karina Feirtéar, Bainisteoir Chainéal Cúla4.
Ag labhairt di faoin tionscadal ar leith seo, dúirt Niamh McCaul, Bainisteoir Ginearálta Paramount Pictures in Éirinn: “Tá lúcháir orainn an deis seo a bheith againn oibriú le TG4 agus SpongeBob an Scannán: Cá bhfuil SpongePants? a eisiúint inár dteanga náisiúnta. Tá súil agam go dtacóidh lucht féachana na hÉireann leis an tionscnamh seo i mí an Mhárta nuair a bheidh ceiliúradh á dhéanamh againn ar gach rud Gaelach.”
Beidh SpongeBob an Scannán: Cá bhfuil SquarePants? le feiceáil sna pictiúrlanna rannpháirteacha ón 1 Márta go dtí an 17 Márta | Teastas: G
Teagmháil do na Meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie