Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 chun ‘Sár-Satharn’ agus ‘Sár-Domhnach’ i mBabhta Ceannais Shraitheanna Allianz a Chraoladh

20.03.26

 

Beidh scoth na gcluichí beo CLG le feiceáil ar TG4 an deireadh seachtaine seo agus 11 chluiche ó Shraitheanna Allianz á gcraoladh ar chainéal teilifíse TG4, ar Sheinnteoir TG4 agus ar chainéal YouTube Spórt TG4.
 
Taispeánfar formáid ‘Sár-Domhnach’ GAA Beo a bhfuil an-tóir air anuas ar ‘Sár-Satharn’ i Sraith Iomána Allianz den chéad uair, chun deireadh seachtaine mór den chraoladh a chur ar fáil sa dá chód.
 
Is í seo an tríú bliain a bhfuiltear ag craoladh ‘Sár-Domhnach’ ar clár é nach mbeidh lucht féachana CLG ag iarraidh a chailleadh agus ina gcuirtear craoladh beo ag an am céanna ar fáil ar Roinn 1 agus ar Roinn 2 i Sraith Peile Allianz. Cinnteofar le clúdach níos leithne na bliana seo nach gcaillfear oiread is nóiméad den aicsean, mar go mbeidh cluichí á dtaispeáint beo ar iliomad ardán.
 
Le linn an dá lá, beidh clúdach scáileáin roinnte, preabghrafaicí de scórtha beo agus an t-eolas is déanaí i bhfíor-am ar thábla na sraithe san áireamh i bhformáid craolacháin nuálach TG4. Cinnteoidh sin go mbeidh gach eolas ag an lucht féachana faoin méid atá ag tarlú i dtaobh na bhfoirne a bheidh ag fáil ardú céime agus i dtaobh na bhfoirne atá ag troid chun ísliú céime a sheachaint. Is léir go bhfuil ag éirí thar cionn leis an bhformáid dhinimiciúil seo i measc an lucht féachana, agus táthar á cur i gcomparáid le clúdach “RedZone” mór le rá an NFL.
 

SÁR-SATHARN – SRAITH IOMÁNA ALLIANZ

Cuirtear tús breá leis an deireadh seachtaine tráthnóna Dé Sathairn le scoth na hiomána:

  • Cuirfidh an cluiche idir Luimneach agus Gaillimh tús le craoladh beo TG4 ar chainéal teilifíse TG4 agus beidh an t-eolas is déanaí á chur ar fáil beo as gach cluiche eile i Roinn 1A.
  • Sruthófar Corcaigh v Uíbh Fhailí agus Tiobraid Árann v Cill Chainnigh beo ag an am céanna ar YouTube Spórt TG4.

 

SÁR-DOMHNACH – SRAITH PEILE ALLIANZ

Cuirfear tús le hollchraoladh peile an Domhnaigh ag 12:30pm:

Roinn 2

  • Cill Dara v Lú – Beo ar TG4 – agus cuirfear an t-eolas is déanaí ó gach cluiche eile i Roinn 2 ar fáil beo freisin.
  • Doire v an Cabhán, Tír Eoghain v Corcaigh, Uíbh Fhailí v an Mhí – Beo ar chainéal YouTube Spórt TG4.

Roinn 1 (ó 3:00i.n.)

  • Gaillimh v Áth Cliath – Beo ar TG4 – agus cuirfear an t-eolas is déanaí ó gach cluiche eile i Roinn 1 ar fáil beo freisin.
  • Muineachán v An Dún, Maigh Eo v Ros Comáin – Beo ar chainéal YouTube Spórt TG4.

 

CLÚDACH BREISE

Beidh cluiche aonair i Roinn 3 idir Loch Garman agus an Iarmhí ar fáil beo ar Sheinnteoir TG4 agus ar an Aip (14:00) chomh maith, agus beidh craoladh iarbheo ar an gcluiche á thaispeáint ar chainéal teilifíse TG4 níos déanaí san oíche.
 

BÍGÍ LINN

Is féidir leis an lucht féachana a bheith ag faire ar chainéal teilifíse TG4, ar chainéal YouTube Spórt TG4 agus ar Sheinnteoir TG4 le haghaidh deireadh seachtaine ollmhór cinniúnach agus lán aicsin i Sraitheanna Allianz.

Lean Spórt TG4 ar na meáin shóisialta don scéal is déanaí, buaicphointí, anailís agus príomhphointí cainte beo le linn deireadh seachtaine iontach de chluichí CLG.
 

Teagmháil do na Meáin Spórt i TG4:

Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: