Preas
Tús Curtha leis an Scannánaíocht ar an Dara Sraith den Choirdhráma Crá
Beidh aisteoirí nua i dteannta na cléire seanbhunaithe freisin
29.01.26
![]() |
![]() |
![]() |
![]() |
Alex Murphy (clé: pic: Fnati.h ), Hannah Brady (lár: pic: Lorna Fitzsimons), Dónall Ó Héalaí (lár: pic: Graham Keogh), Aoife Nic Ardghail (ar dheis: pic: Lorna Fitzsimons.)
Tá Crá (Sraith a 1) ar sheinnteoir TG4
Cuireadh tús an tseachtain seo i nGaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall leis an scannánú ar an dara sraith den choirdhráma Gaeilge Crá.
Ba é an coirdhráma Gaeilge seo, ar éirigh go geal lena chéad shraith agus a léirigh Fíbín Media agus Zoogan Ltd do TG4 agus BBC Gaeilge. Tá an-tóir ag an lucht féachana ar fud an domhain ar Crá, atá díolta le 68 tír agus atá á shruthú faoin teideal idirnáisiúnta Boglands.
Fuair an Garda Conall Ó Súilleabháin (Dónall Ó Héalaí) amach ag deireadh na chéad sraithe céard a tharla dá mháthair Sabine a bhfuarthas a corp curtha go mistéireach sa bportach.
Sa dara sraith, fiosrófar saol pearsanta agus gairmiúil an lucht dlí atá ag obair i gceantar gar don teorainn nach bhfuil mór airde ann ar an dlí agus beidh ar Chonall, atá ag traenáil le bheith ina bhleachtaire, aghaidh a thabhairt ar an am atá caite chun dul ar aghaidh sa saol.
Ag filleadh don tsraith ina sé cuid seo beidh Dónall Ó Héalaí (Hidden Assets, Foscadh), Alex Murphy (The Young Offenders) i bpáirt Barry, Hannah Brady (Soulm8te) i bpáirt Chiara-Kate, agus Colm Mac Giolla Easbuic (Ros na Rún) i bpáirt Iarla.
I measc na n-aisteoirí nua a bheidh le feiceáil sa tsraith seo beidh Siobhán O’Kelly (Mix Tape), Lochlann Ó Mearáin (Mr Loverman, The Head), Art Parkinson (Aontas, Say Nothing), Aoife Nic Ardghail (Casual) agus Tony Devlin (Say Nothing). Beidh tuilleadh eolais faoi na haisteoirí a bheas i Crá (2) amach anseo.
Fíbín Media agus Fíbín Films NI atá i mbun léirithe ar an dara sraith do TG4 agus BBC Gaeilge le cabhair airgid ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, ó Choimisiún na Meán agus ó na dáileoirí About Premium Content (APC).
Is iad Ciarán Charles agus Darach Ó Tuairisg thar ceann Fíbín Media agus Méabh Nic Alastair thar ceann Fíbín Films NI na léiritheoirí.
I mbun scríbhneoireachta ar an tsraith nua, tá Richie Conroy (Crá sraith a haon, Leonard & Hungry Paul),
Sarah Gordon agus Damian McCann (Aontas) agus Noel McCann (Blue Lights) agus Philip Doherty (Stiúrthóir Crá sraith a haon), agus tá Aoife Nic Ardghail, aisteoir agus bean scannánaíochta, ag teacht ar an bhfoireann chomh maith.
Tá Crá le fáil ar sheinnteoir TG4: https://nasc.tg4.tv/CRÁ
Teagmháil do na Meáin:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Michelle Loughran | BBC NI, Poiblitheoir | Michelle.Loughran01@bbc.co.uk



