Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Téarmaí & Coinníollacha

Téarmaí & Coinníollacha

 

Tá an láithreán gréasáin seo (“Láithreán”) á oibriú ag Teilifís na Gaeilge (“TG4”). Féadfaidh TG4, ó am go ham, na seirbhísí seo a leanas a sholáthar ar an Láithreán: Seinnteoirí TG4 a áiríonn tg4.ie, tg4.com, tg4.tv, cúla4.com, ponc.com, cine4.ie, gradam.ie, molscéal.ie agus aon seinnteoirí eile a chruthaíonn TG4 ó am go ham, feidhmchláir, láithreán Chartlann TG4, láithreán ecoim, láithreáin meán sóisialta a óstálann ardáin tríú páirtí, leathanaigh pobail, boird teachtaireachta agus aon ghnéithe, ábhar, prómóisin, cluichí nó feidhmchláir eile (mar aon le “Seirbhísí TG4”).

Cearta maidir le Rogha an Diúltaithe/maidir le Forchoimeádas a dhéanamh i leith Mianadóireacht Téacsanna agus Sonraí faoi a53(b) den Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000 (arna leasú):

Is é atá i mianadóireacht téacsanna agus sonraí aon teicníc anailíseach uathoibrithe atá dírithe ar anailís a dhéanamh ar théacsanna agus ar shonraí i bhfoirm dhigiteach chun faisnéis a ghiniúint ina n-áirítear patrúin, treochtaí agus comhghaoil, ach gan beith teoranta do na nithe sin. Déanann TG4 úsáid an ábhair go léir is cuma cén cineál ábhair atá ann a áirítear ar an láithreán seo agus ar Sheirbhísí TG4 a fhorchoimeád go sainráite lena atáirgeadh nó lena asbhaint chun críoch mianadóireacht téacsanna agus sonraí. Ní cheadaíonn TG4 mianadóireacht téacsanna agus sonraí agus ní fhéadfar ábhar is cuma cén cineál ábhair atá i gceist a atáirgeadh nó a asbhaint chun críoch mianadóireacht téacsanna agus sonraí. Tá rogha an diúltaithe sin (forchoimeádas ceart) ar thaobh TG4 de réir a53(B) den Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000 (arna leasú) lena gceanglaítear go bhfuil rogha an diúltaithe ag sealbhóir ceart (a) meaisín-inléite i gcás ábhar a chuirtear ar fáil go poiblí ar líne, lena n-áirítear meiteashonraí agus téarmaí agus coinníollacha láithreáin gréasáin nó seirbhíse agus (b) i gcás ábhair nach gcuirtear ar fáil go poiblí ar líne go gcuirtear in iúl é do gach duine a bhfuil rochtain dhleathach acu air.

Déanann TG4 rogha an diúltaithe/Forchoimeádann TG4 a chearta i dtaca le mianadóireacht Téacsanna agus Sonraí de réir téarmaí comhchosúla mar atá réamhráite faoi a53(B) den Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000 (arna leasú) maidir le gach ábhar de chuid TG4 nach gcuirtear ar fáil go poiblí ar líne, lena n-áirítear, gan teorannú, cainéil líneacha TG4.

Trí chuairt a thabhairt ar an Suíomh, glacann tú leis na Téarmaí agus na Coinníollacha seo, lena n-áirítear aon mhodhnuithe orthu amach anseo, ar comhaontú iad (“Comhaontú“) idir tusa agus TG4 agus aontaíonn tú a bheith faoi cheangal acu, agus cloí leis na dlíthe, na cóid, na rialacha agus na rialacháin go léir is infheidhme (a dtugtar an “Dlí Infheidhme” orthu le chéile). Féadfaidh TG4 an Comhaontú seo a mhodhnú nó a leasú agus beidh éifeacht leis an modhnú sin nó leis na modhnuithe sin ar an gComhaontú uasdátaithe a chur suas ar an Suíomh. Má leanann tú den Suíomh agus/nó de Sheirbhísí TG4 a úsáid tar éis aon mhodhnú den sórt sin a dhéanamh, measfar go nglacann tú leis an gComhaontú arna mhodhnú amhlaidh agus go n-aontaíonn tú a bheith faoi cheangal aige. Mura n-aontaíonn tú a bheith faoi cheangal ag an gComhaontú seo agus cloí leis an Dlí Infheidhme, ní mór duit an Suíomh a fhágáil láithreach agus scor de Láithreán TG4 agus de Sheirbhísí TG4 a úsáid. Is ceart aon cheisteanna nó tráchtaí nó fadhbanna maidir leis an Suíomh a chur chuig Riarthóir an tSuímh ag webmaster@tg4 .ie.

Incháilitheacht agus Úsáideoirí do Chosaint Faisnéis Logála

Ní mór d’úsáideoirí an tSuímh agus Sheirbhísí TG4 atá faoi bhun 16 bliana toiliú a fháil óna dtuismitheoirí. Ní cheadaítear do TG4 sonraí pearsanta aon duine atá faoi bhun 16 bliana d’aois a bhailiú mura bhfuil toiliú faighte againn ó do thuismitheoir. Ní mór go mbeidh aon fhaisnéis cláraithe a chuireann tú isteach chun cuntas a chruthú cruinn, iomlán agus cothrom le dáta i gcónaí. Tá tú freagrach as rúndacht do phasfhocail agus tá tú freagrach as an úsáid go léir ar do chuntas. Tá sé tábhachtach ar an ábhar sin nach dtugann tú do phasfhocal do dhuine ar bith.

Téarma

Leanfaidh an Comhaontú seo de lánfheidhm agus de lánéifeacht a bheith leis le linn duit an Suíomh agus Seirbhísí TG4 a úsáid. Féadfaidh TG4 do shuibscríobh nó do chomhaltas nó an úsáid a bhaineann tú as an Suíomh nó as Seirbhísí TG4 a fhoirceannadh aon tráth gan rabhadh a thabhairt ach leanfaidh an Comhaontú seo d’éifeacht a bheith leis.

Ábhar TG4

Tá Suíomh agus Seirbhísí TG4 comhdhéanta d’ábhar éagsúil lena n-áirítear faisnéis, téacs, comhaid, íomhánna, físeanna, fuaimeanna, saothair cheoil, podchraoltaí, grianghraif, saothair chlosamhairc, saothair chóipchirt, feidhmchláir, agus ábhair nó ábhar eile (a dtugtar “Ábhar” orthu le chéile) de chuid TG4  (“Ábhar TG4 “). Tá TG4 cosanta le cóipcheart agus le dlíthe eile agus, amhail idir tusa agus TG4, is le TG4 gach ceart in Ábhar TG4, i Láithreán TG4 agus i Seirbhísí TG4 agus coinníonn sí na cearta sin. Leis seo, deonaíonn TG4 ceadúnas teoranta inchúlghairthe duit chun rochtain a fháil ar Ábhar TG4 agus chun é a thaispeáint le haghaidh úsáid phearsanta neamhthráchtála amháin i dtaca le breathnú ar an Suíomh agus Seirbhísí TG4 a úsáid i gcomhréir leis an gcóras bainistithe ceart digiteach is infheidhme maidir leis an Ábhar atá i gceist. Féadfaidh ábhar úsáideora agus ceadúnóirí eile TG4 a bheith ar an Suíomh agus i Seirbhísí TG4 freisin. Mura n-údaraíonn TG4 duit i scríbhinn déanamh amhlaidh, ní cead duit aon Ábhar a chuirtear i láthair ar an Suíomh nó ar Sheirbhísí TG4, nó tríothu, a chóipeáil, a íoslódáil, a shruthghabháil, a atáirgeadh, a dhúbláil, a chur i gcartlann, a uaslódáil, a mhodhnú, a aistriú, a fhoilsiú, a chraoladh, a tharchur, a atarchur, a dháileadh, a thaispeáint, a dhíol ná leas a bhaint as ná é a úsáid ar bhealach ar bith.

Ní cead duit saothair nó ábhair a chruthú a dhíorthaíonn as Ábhar TG4 nó atá bunaithe ar Ábhar TG4. Ní cead duit cur isteach, go díreach nó go neamhdhíreach, ar aon chóipcheart, trádmharc ná fógraí dílseánaigh eile atá ar Ábhar TG4, ná aon sásra bainistithe ceart digiteach ná beart cosanta ábhair eile a bhaineann le hÁbhar TG4 lena n-áirítear sásraí geoscagtha. Ní fhéadfaidh tú iarracht a dhéanamh ais-innealtóireacht, díthiomsú ní díchóimeáil a dhéanamh ar an Láithreán nó ar Sheirbhísí TG4 nó ní fhéadfaidh tú iarracht a dhéanamh cód foinseach nó idéanna bunúsacha nó algartaim bhunúsacha an Laithreáin nó Sheirbhísí TG4 a dhíorthú. Ní fhéadfaidh tú saothair dhíorthacha de chuid an Láithreáin nó de chuid Sheirbhísí TG4 a mhodhnú, a aistriú, a logánú nó a chruthú nó aistriúchán a dhéanamh orthu. Ní fhéadfaidh tú aon víreas, péisteanna, Traígh nó meicníocht ríomhchlárúcháin a scaipeadh atá ceaptha chun damáiste a dhéanamh d’aon chóras nó d’aon sonraí ar Láithreán TG4 nó ar Sheirbhísí TG4. Ní fhéadfaidh tú aon fhaisnéis a bhailiú ón Láithreán nó ó Sheirbhísí TG4 trí úsáid a bhaint as aon mhodh uathoibrithe, lena n-áirítear, gan teorannú, aon script, rannsaitheoir, feidhmchlár “scríobadh scáileáin” nó “scríobadh bunachair sonraí” nó ní fhéadfaidh tú rochtain neamhcheadaithe a fháil, nó iarracht a dhéanamh rochtain neamhcheadaithe a fháil, ar aon mhodh, ar Láithreán TG4 nó ar Sheirbhísí TG4. Ní fhéadfaidh tú an Láithreán nó Seirbhísí TG4 a úsáid de shárú ar aon dlíthe nó cóid nó rialacha rialála is infheidhme maidir le TG4.

Láithreán Chartlann TG4

Ceadaítear duit breathnú ar ábhar ar láithreán Chartlann TG4 ( rud a airíonn an Tairseach chartlainne ar mhaoinigh Coimisiún na Meán í) ach iarrtar ort a thabhairt do d’aire nach gcomhlíonfaidh roinnt d’ábhar na Cartlainne dlíthe is infheidhme faoi láthair, lena n-áirítear, gan teorannú, an reachtaíocht maidir le cúrsaí craolacháin agus cóid agus rialacha rialála agus glacann an breathnóir le freagracht iomlán as comhlíontacht i ndáil leis a méid réamhráite má úsáideann sé nó sí ábhar na Cartlainne agus, faoi réir an mhéid sin roimhe seo, ceadaítear duit láithreán Chartlann TG4 a úsáid mar a leanas:

  • Úsáid ábhar na Cartlainne ar mhaithe le húsáid neamhtráchtála, lena n-áirítear úsáid phearsanta nó úsáid oideachasúil de réir Charta Rátaí na hÚsáide Neamhthráchtála rud a áiríonn téarmaí agus coinníollacha is infheidhme maidir leis an úsáid atá i gceist.
  • Úsáid ábhar na Cartlainne ar mhaithe le saothrú tráchtála de réir an gCárta Rátaí Tráchtála nó Carta Rátaí le haghaidh Úsáid TG4 amháin (de réir mar is infheidhme rud a áiríonn téarmaí agus coinníollacha is infheidhme maidir leis an úsáid atá i gceist. Ábhar Nuachta agus Cúrsaí Reatha i gCartlann TG4.

Nuair a fhaigheann breathnóir rochtain ar ábhar nuachta nó cúrsaí reatha ar TG4, d’fhéadfadh sé tarlú go measfar nach bhfuil an t-ábhar sin cruinn nó cóir i gcás tríú páirtithe dá ndéantar tagairt san ábhar sin tráth na rochtana agus go mbeadh seans ann go gcruthódh athúsáid ábhar den sórt sin éagothroime nó go mbeadh míchruinnis ann mar thoradh air. Ní ghlacann TG4 le haon fhreagracht as aon ábhar nuachta nó cúrsaí reatha atá ar fáil ar láithreán Chartlann TG4: soláthraítear é “sa riocht ina bhfuil sé” mar a leanas:

(a) i gcás ina ndéantar ábhar nuachta agus cúrsaí reatha a sholáthar do cheadúnaí ar mhaithe le húsáid tráchtála i gclár atá á léiriú ag TG4, tiocfaidh sé faoi réir an Chárta Rátaí le haghaidh Úsáid TG4 amháin ina bhfuil na téarmaí agus na coinníollacha a mbeidh feidhm acu maidir leis an gceadúnas i leith an ábhair sin agus glacann an ceadúnaí le freagracht iomlán as úsáid an ábhair sin agus as comhlíontacht maidir le dlíthe is infheidhme lena n-áirítear reachtaíocht, cóid agus rialacha maidir le craolachán; agus

(b) I gcás ina ndéantar ábhar nuachta nó cúrsaí reatha a sholáthar ar mhaithe le húsáid neamhthráchtála, tiocfaidh sé faoi réir Charta Rátaí na hÚsáide Neamhthráchtála ina bhfuil na téarmaí agus na coinníollacha a mbeidh feidhm acu leis an úsáid sin agus glacann an ceadúnaí le freagracht iomlán as úsáid an ábhair nuachta agus cúrsaí reatha sin.

(c) Is ceart do bhreathnóir ar mian leis nó léi ceadúnas a fháil i leith ábhar nuachta agus cúrsaí reatha i gCartlann TG4 lena úsáid i gclár nár léiríodh do TG4, teagmháil a dhéanamh go díreach le Cartlann RTÉ.

 

  • Úsáid ábhar na Cartlainne faoin díolúine chóipchirt:

Le díolúine chóipchirt “Taighde nó Staidéar Príobháideach faoi a59(2)(a) den Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000 (arna leasú), lena gceadaítear do TG4, ina cháil mar leabharlann agus mar chartlann fhorordaithe, cóip de CHUID de chlár a sholáthar, chun críoch taighde nó staidéar príobháideach, ar choinníoll nach gcuirtear ach cóip amháin ar fáil.

Ní bheidh feidhm ag aon téarmaí agus coinníollacha cárta rátaí maidir leis an úsáid díolúine cóipchirt seo, ach ní cheadófar úsáid ach amháin ar choinníoll go síníonn an t-iarratasóir an Dearbhú Éigeantach, agus go gcomhlíonann sé nó sí go docht leis, ar dearbhú é a bhfuil feidhm aige leis an díolúine chóipchirt seo agus ar choinníoll go ndéantar aon chostas riaracháin a íoc roimh ré le TG4 chun costas aisghabhála/breathnaithe/cóipeála/ aistrithe a chlúdach.

Déanann TG4 ábhar a úsáidtear ar iontaoibh na díolúine cóipchirt sin a sholáthar “sa riocht ina bhfuil sé”.Láithreán Ecoim

Má chláraíonn tú le haghaidh láithreán ecoim, beidh an úsáid a bhaineann tú as an láithreán faoi rialú an Chomhaontaithe seo.

Seirbhísí TG4 a Úsáid

Tairgtear Seirbhísí TG4 le haghaidh úsáid phearsanta amháin agus ní cead iad a úsáid chun críoch tráchtála. Cosnaíonn TG4 an ceart chun ábhar tráchtála nó ábhar eile a bhaint dá lánrogha féin. Tuigtear duit go bhfuil tú freagrach as an ábhar go léir a dhéanann tú a chur suas, a uaslódáil, a tharchur, a chur le ríomhphost nó a chur ar fáil ar shlí eile ar Sheirbhísí TG4 nó tríothu nó i dtaca leo (a dtugtar “Ábhar Úsáideora” orthu le chéile). Ní fhéadfaidh tú aon Ábhar Úsáideora a phostáil ar ábhar é a sháraíonn aon dlíthe nó cóid nó rialacha rialála is infheidhme maidir le TG4. Dá réir sin, bí cúramach le do thoil agus an fhaisnéis a chuireann tú suas ar Sheirbhísí TG4 nó tríothu nó i dtaca leis á roghnú agat. Tuigtear duit nach bhfuil smacht ag TG4 ar an Ábhar Úsáideora a chuireann úsáideoirí suas trí Sheirbhísí TG4 agus, ar an ábhar sin, tuigtear duit go bhféadfaí Ábhar inchonspóide a nochtadh duit. Ach amháin mar a cheanglaítear leis an dlí, ní ghlacann TG4 aon fhreagracht as faireachán a dhéanamh ar Sheirbhísí TG4 le haghaidh Ábhair nó iompair mhíchuí agus ní ghlacann sí aon oibleagáid uirthi féin aon Ábhar Úsáideora a mhodhnú nó a bhaint, agus ní ghlacann sí aon fhreagracht as iompar aon úsáideora. Aontaíonn tú gan aon ábhar atá mídhleathach, díobhálach nó gráiniúil nó a sháraíonn aon chearta tríú páirtí nó a sháraíonn aon dlíthe nó cóid rialála is infheidhme maidir le TG4 a chur suas ná ceangal a dhéanamh leis. Aontaíonn tú gan aon ní a dhéanamh a chuirfidh isteach ar úsáideoirí eile leas a bhaint as an Suíomh nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oibriú nó do shlándáil an tSuímh. Aontaíonn tú gan iarracht a dhéanamh rochtain a fháil ar fhaisnéis phearsanta Úsáideoirí eile.  Le linn an Suíomh nó Seirbhísí TG4 a úsáid, aontaíonn tú gan aon duine eile a aithisiú ná a chiapadh ná goilliúint ar aon duine eile ná bac a chur ar aon duine eile. Aontaíonn tú gan aithris a dhéanamh ar dhuine eile agus gan íomhá nó físeán de dhuine eile a chur suas, a uaslódáil ná a tharchur ar shlí eile gan toiliú an duine sin nó gan toiliú thuismitheoirí an duine sin má tá sé nó sí faoi bhun 16 bliana d’aois. Aontaíonn tú gan faisnéis phearsanta a nochtadh óna bhféadfaí tú a aithint, amhail d’ainm iomlán, do sheoladh ríomhphoist, do sheoladh nó d’uimhir theileafóin.

Tá an ceart ag TG4, ach níl d’oibleagáid uirthi, Ábhar Úsáideora a sháraíonn an Comhaontú seo, arna chinneadh ag TG4 dá lánrogha féin a bhaint agus cuntas úsáideora a fhoirceannadh.

Cláir Teachtaireachtaí agus Fóraim Phoiblí

Féadfaidh TG4 a thairiscint d’úsáideoirí teachtaireacht poiblí a chur suas ar chláir teachtaireachtaí agus ar Fhóraim (“Fóraim“). Aithníonn tú gur teachtaireachtaí poiblí teachtaireachtaí a chuirtear suas ar Fhóraim den sórt sin. Níl TG4 freagrach as ábhar ná cruinneas aon fhaisnéise a chuirtear suas ar Fhóram. Féadfaidh TG4 srian a chur le d’Ábhar Úsáideora nó é a bhaint d’Fhóram ar aon chúis aon tráth.

 

Príobháideacht

Rialaítear úsáid Sheirbhísí TG4 leis an Ráiteas Príobháideachta freisin, a chorpraítear sa Chomhaontú seo leis an tagairt seo. Beidh an fhaisnéis phearsanta go léir a choinníonn TG4 á coinneáil de réir an dlí cosanta sonraí agus ní úsáidfear í ach amháin mar atá leagtha amach sa Ráiteas Príobháideacheachais.

Do Chearta Dílseánaigh

Má dhéanann tú aon Ábhar Úsáideora a chur suas ar Sheirbhísí TG4 nó tríothu nó i dtaca leo, deonaíonn tú leis seo do TG4, dá cheadúnaithe agus dá úsáideoirí údaraithe – gan aon íocaíocht leatsa – ceadúnas suthain domhanda chun an tÁbhar Úsáideora sin a úsáid, a mhodhnú agus a dháileadh i ngach formáid meán atá ar eolas anois nó a cheapfar amach anseo, chun aon chríocha agus chun gach críoch, ar Sheirbhísí TG4, nó ar sheirbhísí eile de chuid TG4 nó ar sheirbhísí de chuid tríú páirtithe. Níl aon oibleagáid ar TG4 an tÁbhar Úsáideora a úsáid. Féadfaidh TG4 d’ainm a thaispeáint i dteannta d’ábhair, mura n-iarrann tú a mhalairt, ach ní féidir sin a dhéanamh i gcónaí ar chúiseanna a bhaineann le hoibríochtaí.

Tugann tú le fios agus tugann tú baránta gur leatsa an tÁbhar Úsáideora chuireann tú suas ar Sheirbhísí TG4 nó tríothu nó i dtaca leo, nó go bhfuil an ceart agat thairis sin an ceadúnas atá leagtha amach sa Roinn seo a dheonú agus nach sáraítear cearta aon duine nó aonáin nó nach sáraítear aon dlíthe nó cóid nó rialacha rialála má dhéanann tú Ábhar Úsáideora a chur suas ar Sheirbhísí TG4 nó tríothu nó i dtaca leo.

Cóipchearta agus Maoin Intleachtúil Eile

Tugann TG4 ómós do mhaoin intleachtúil daoine eile agus ceanglaíonn sí ar a cuid úsáideoirí sin a dhéanamh freisin. Ní cead duit ábhar a sháraíonn aon chóipcheart, paitinn, trádmharc, rún trádála nó cearta maoine eile de chuid aon duine nó aonáin a uaslódáil, a neadú, a chur suas, a chur le ríomhphost, a tharchur ná a chur ar fáil ar shlí eile. Déanfaidh TG4 rochtain sáraitheoirí athuaire ar an Suíomh nó ar Sheirbhísí TG4 a fhoirceannadh in imthosca cuí.

Naisc, Seirbhísí agus Fógraíocht Tríú Páirtí

Féadfaidh TG4, nó féadfaidh tríú páirtithe, naisc chuig suímh idirlín, feidhmchláir nó acmhainní eile nó seirbhísí eile arna gcruthú ag tríú páirtithe (“Seirbhísí Tríú Páirtí“) a sholáthar. Nuair a ghabhann tú don tSeirbhís Tríú Páirtí, tá idirchaidreamh á dhéanamh leis an tríú páirtí agus ní le TG4. Níl TG4 freagrach as ábhar nó cleachtais aon suíomh idirlín seachas an Suíomh, fiú má tá nasc ann idir an suíomh idirlín agus an Suíomh. Má sholáthair TG4 naisc nó pointeoirí chuig suímh idirlín eile ar an Suíomh, is mar áis duit amháin a dhéantar amhlaidh agus ní ceart a thuiscint ná a thoimhdean uaidh sin ná ní ceart go dtugtar le tuiscint leis an méid sin go bhfuil baint ag TG4 leis na suímh idirlín sin ná go ndéanann sí iad a oibriú ná a rialú ná tacú leo. Ní bhaineann na Téarmaí agus na Coinníollacha seo ach amháin le Suíomh TG4 agus ní bhaineann siad le Seirbhísí Tríú Páirtí ná le suímh Tríú Páirtí. Tagann Seirbhísí agus láithreáin Tríú Páirtí faoi réir théarmaí agus choinníollacha Sheirbhísí agus láithreán an Tríú Páirtí sin.

Ní ghlacann TG4 aon fhreagracht as fógráin tríú páirtí a chuirtear suas ar an Suíomh ná ní ghlacann sí aon fhreagracht as na hearraí nó na seirbhísí a sholáthraíonn a cuid fógróirí. Tagann na fógráin sin agus na hearraí agus na seirbhísí sin faoi réir théarmaí agus choinníollacha na bhfógróirí atá i gceist.

Faisnéis Phearsanta

d’fhéadfadh TG4 a iarraidh ar an Úsáideoir roinnt faisnéise pearsanta a sholáthar óna mbeidh an duine inaitheanta chun dul i dteagmháil leis an Suíomh. Ní úsáidfear an fhaisnéis phearsanta ach amháin mar atá leagtha amach i Ráiteas Príobháideachais TG4.

Séanadh

Soláthraítear an Suíomh agus Seirbhísí TG4 “faoi mar atá” agus “de réir mar atá [siad] ar fáil”  agus ní thugann TG4 aon ráthaíocht ná gealltanas i leith aon torthaí sonracha as an Suíomh nó Seirbhísí TG4 a úsáid. Séanann TG4 go sainráite aon bharántaí agus coinníollacha d’aon chineál, cibé acu sainráite nó intuigthe, lena n-áirítear barántaí indíoltachta, oiriúnacht le haghaidh cuspóra áirithe agus neamhshárú, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin. Go háirithe, ní thugann TG4 aon bharánta go gcuirfear an Suíomh agus/nó Seirbhísí TG4 ar fáil lena n-úsáid gan víreas, cur isteach, go tráthúil, slán agus gan earráid ná go mbeidh aon fhaisnéis a fhaigheann tú ar Sheirbhísí TG4 nó Seirbhísí Tríú Páirtí nó tríothu nó i dtaca leo (lena n-áirítear trí Ábhar Úsáideora nó trí fhógráin tríú páirtí, ach gan a bheith teoranta dóibh) cruinn iontaofa. Ní bheidh TG4 freagrach in imthosca ar bith as aon chaillteanas nó damáiste, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta don mhéid sin, damáiste do mhaoin mar thoradh ar an Suíomh agus/nó Seirbhísí TG4 a úsáid nó fadhbanna nó mífheidhm theicniúil i dtaca le húsáid an tSuímh agus/nó Sheirbhísí TG4, aon ábhar a rinneadh a íoslódáil nó a fháil ar shlí eile i dtaca leis an Suíomh agus/nó Seirbhísí TG4, aon Ábhar Úsáideora, fógrán tríú páirtí nó Seirbhísí Tríú Páirtí a cuireadh suas ar an Suíomh agus/nó ar Sheirbhísí TG4 nó tríothu nó i dtaca leo, nó iompar éinne de lucht úsáidte Sheirbhísí TG4, cibé acu ar líne nó as líne. Is ortsa amháin atá an fhreagracht as Ábhar Úsáideora, fógráin tríú páirtí, Seirbhísí Tríú Páirtí agus na hearraí nó na seirbhísí a sholáthraíonn siad a úsáid agus is ortsa atá an priacal. Ní léiriú ar thuairimí ná beartais TG4 aon Ábhar Úsáideora, fógráin tríú páirtí ná Seirbhísí Tríú Páirtí.

Teorainn le Dliteanas

Ní bheidh TG4 faoi dhliteanas riamh i do leith as aon damáistí, lena n-áirítear damáistí neamhdhíreacha nó iarmhartacha, nó aon damáistí a thig as an úsáid nó as cailleadh na húsáide, cur isteach ar ghnó, cailleadh sonraí nó brabús, cibé acu i gconradh nó i bhfaillí nó a eascraíonn as an úsáid a bhaineann tú as an Suíomh nó as Seirbhísí TG4.

Slánaíocht

Aontaíonn tú TG4 a chosaint agus a shlánú agus a mheas í a bheith neamhdhíobhálach de dhroim na húsáide a bhaineann tú as an Suíomh agus/nó as Seirbhísí TG4; de dhroim sárú nó sárú líomhnaithe ar an gComhaontú seo ar do thaobhsa; de dhroim sárú nó sárú líomhnaithe ar chóipcheart, trádmharc, cearta dílseánaigh nó cearta eile tríú páirtithe ar do thaobhsa; nó de dhroim an úsáid a bhaineann tú as an Suíomh agus/nó as Seirbhísí TG4 ar bhealach a fhágann go bhfuil TG4 ag sárú an dlí nó na gcód nó na rialacha rialála.

Foirceannadh

Cosnaíonn TG4 an ceart an úsáid a bhaineann tú as an Suíomh nó an rochtain atá agat ar an Suíomh a fhoirceannadh aon tráth ar aon chúis nó gan aon chúis, agus fógra nó míniú á thabhairt roimh ré, nó gan é a thabhairt, agus gan aon dliteanas. Ina theannta sin, fiú tar éis do chuntas úsáideora nó an rochtain atá agat ar chuid den Suíomh a fhoirceannadh, leanfaidh an Comhaontú seo d’éifeacht a bheith leis.

Díospóidí

Déantar an Comhaontú seo a rialú le dlíthe na hÉireann, agus forléirítear é dá réir, agus is iad cúirteanna na hÉireann a chinnfidh aon díospóidí.

Eile

Ní oibreoidh mainneachtain ar thaobh TG4 aon cheart nó aon fhoráil de chuid an Chomhaontaithe seo a fheidhmiú nó a fhorghníomhú mar tharscaoileadh ar an gceart sin nó ar an bhforáil sin. Má tá aon fhoráil den Chomhaontú seo neamhdhleathach, ar neamhní nó gan a bheith infhorghníomhaithe, meastar an fhoráil sin a bheith inscartha leis an gComhaontú seo agus ní dhéanann sí difear do bhailíocht aon fhorálacha eile dá chuid ná d’aon fhorálacha eile dá chuid a bheith infhorghníomhaithe.