Téarmaí & Coinníollacha
Téarmaí agus Coinníollacha Comórtais
TG4 & parkrun Ireland – An Comórtas “Tacaigh le do Chontae”
![]() |
![]() |
Téarmaí agus Coinníollacha:
1. Tionscnóir
Is é TG4 amháin a dhéanann fógraíocht maidir leis an gcomórtas seo agus a dhéanann é a bhainistiú agus a riar. Cé go bhfuil an comórtas á reáchtáil i gcomhar le parkrun Ireland, níl aon fhreagracht ná dliteanas ar parkrun Ireland as riaradh, bainistiú ná oibriú an chomórtais.
2. Tréimhse an Chomórtais
Cuirfear tús leis an gcomórtas ag 00:01 Dé Sathairn, an 25 Iúil 2026 agus tiocfaidh deireadh leis ag 23:59 Dé Domhnaigh, an 26 Iúil 2026. Ní mheasfar iontrálacha a chuirfear ar aghaidh lasmuigh den tréimhse sin.
3. Incháilitheacht
· Tá an comórtas oscailte do dhuine ar bith a bhfuil cónaí air i bPoblacht na hÉireann nó i dTuaisceart Éireann.
· Ní mór d’iontrálaithe faoi bhun 18 mbliana d’aois cead a fháil ó thuismitheoir nó ó chaomhnóir chun cur isteach ar an gcomórtas.
· Níl fostaithe TG4, parkrun Ireland ná aon duine a bhfuil baint dhíreach acu le riaradh an chomórtais i dteideal cur isteach ar an gcomórtas.
4. An Chaoi le Cur Isteach ar an gComórtas
Chun cur isteach air:
· Glac páirt in aon imeacht parkrun oifigiúil Dé Sathairn, an 25 Iúil 2026 nó Dé Domhnaigh, an 26 Iúil 2026.
· Caith dathanna do chontae.
· Roinn grianghraf nó físeán ó d’imeacht parkrun ar do Scéal Instagram nó ar do phróifíl Facebook.
· Clibeáil @tg4tv agus @parkrunIE i do Scéal Instagram NÓ @TG4 agus @parkrunEIRE ar Facebook.
Ní bheidh ach iontrálacha a chomhlíonann gach ceann de na critéir thuas incháilithe.
5. Duais
I measc na nduaiseanna tá:
· Ticéid chuig Cluichí Ceannais Chraobhchomórtas na hÉireann i bPeil na mBan (2 Pas Teaghlaigh);
· Leagan speisialta de gheansaithe TG4 x O’Neills;
· húdaithe TG4; agus
· málaí féiríní TG4.
Níl na duaiseanna inaistrithe agus ní thairgfear airgead tirim ina n-ionad.
6. Roghnú na mBuaiteoirí & Scéal a Chur Chucu
Roghnóidh TG4 na buaiteoirí go randamach ó gach iontráil incháilithe.
Rachfar i dteagmháil leis na buaiteoirí trí Theachtaireacht Dhíreach ar Instagram más ar Instagram a dhéantar an iontráil nó trí Theachtaireacht Dhíreach ar Facebook más ar Facebook a dhéantar an iontráil agus ní mór freagra a bheith faighte uathu faoi Dé Céadaoin an 29 Iúil 2026. Mura bhfreagraíonn buaiteoir faoin dáta seo, forchoimeádann TG4 an ceart buaiteoir eile a roghnú.
7. Seachadadh na nDuaiseanna
· Eiseofar ticéid na gcluichí go leictreonach.
· Cuirfear geansaithe, húdaithe agus málaí féiríní ar an bpost chuig buaiteoirí tar éis dóibh a seoladh poist a dheimhniú.
8. Poiblíocht
Trí chur isteach ar an gcomórtas, aontaíonn na hiontrálaithe, má roghnaítear iad mar bhuaiteoir, go mbeidh a n-ainm, a n-ainm úsáideora Instagram agus/nó a n-iontráil sa chomórtas le feiceáil ar TG4 agus ar chainéil meán sóisialta parkrun Ireland agus ar ábhar promóisin eile a bhaineann leis an gcomórtas.
9. Grianghrafadóireacht & Scannánaíocht
Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhféadfaidh TG4 agus/nó parkrun Ireland ábhar grianghrafadóireachta agus físe a ghabháil ag imeachtaí áirithe parkrun Dé Sathairn, an 25 Iúil 2026. D’fhéadfaí an t-ábhar sin a úsáid ar fud ardáin dhigiteacha agus meán sóisialta TG4, Spórt TG4 agus parkrun Ireland.
10. Cosaint Sonraí
Úsáidfear aon fhaisnéis phearsanta a bhaileofar chun an comórtas seo a riar agus chun duaiseanna a sheachadadh, agus chuige sin amháin, i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme maidir le cosaint sonraí. Ní úsáidfear sonraí pearsanta chun críoch margaíochta gan toiliú an iontrálaí. Is é TG4 a choinneoidh aon sonraí atá le coinneáil.
11. Dliteanas
Tá parkrun ag gníomhú ina chomhpháirtí promóisin agus ní bheidh sé freagrach as fadhbanna amhail iontrálacha nach bhfaightear, deacrachtaí leis an suíomh gréasáin ná díospóidí a bhaineann le cur isteach ar an gcomórtas.
12. Séanadh Meta
Níl an comórtas seo urraithe, formhuinithe ná riartha ag Meta ná níl sé bainteach le Meta ar bhealach ar bith.
13. Ginearálta
Forchoimeádann TG4 an ceart an comórtas a leasú, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar más gá de bharr imthosca nach bhfuil smacht réasúnach aige orthu. Is cinneadh críochnaitheach é cinneadh TG4 maidir le gach gné den chomórtas agus ní dhéanfar aon chomhfhreagras ina leith.

