Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Déardaoin 18 Iúil

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 199

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 19

    Gairdín

    Tá Rita agus Crogall chun síolta glasraí a chur sa ngairdín. Ach céard a dhéanfaidh siad faoi na héin atá ag ithe na síolta orthu?

  • 7:07AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 20

    Caisleán

    Nuair a thugann Rita agus Crogall cuairt ar chaisleán, míníonn Rita dá cara go mbíodh ríthe i gceannas ar chuile dhuine fadó.

  • 7:12AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 15

    An Binse Cairdis

    Tá díomá ar Icklewoo nach raibh sí in ann dul chuig cóisir Wingston. Airíonn sí go bhfuil sí ag cailleadh amach ar na cluichí ar fad anois.

  • 7:20AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 16

    Nuacht an Lae

    Níl aon scéal iontach ag Wufflebum do Bhean Grinzzlesniff tar éis an deireadh seachtaine.

  • 7:27AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 34

    Ceist an Scátha Báistí

    Tá scáthanna báistí ag teastáil ó Pheg agus ó Chat ach níl siad in ann iad a fháil!

  • 7:39AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 14

    An Spinosaurus

    Tagann Don ar mhaide atá an-chosúil leis an Sean-Spinosaurus. Níl aon mhaith aige ann go seasfaidh an Sean-Spinosaurus dó fad a dhéanfaidh sé dealbh de.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 34

    Eachtra i bPlimpán

    Faigheann Olly post ina thuairisceoir leis an nuachtán áitiúil.

  • 7:56AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 34

    Damhsa an Lasairéan

    Ba mhaith le Francois an lasairéan a bheith in ann damhsa ach tá sé ag cinneadh air. Céard a dhéanfaidh Wissper agus a cairde le cúnamh a thabhairt dó?

  • 8:03AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 46

    Lá Eachtrúil

    Tagann poll i roth Tom ar a bhealach chuig an margadh.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 34

    Fan Socair Elmo

    Níl Elmo in ann fanacht socair.

  • 8:25AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 34

    Zou agus an Comórtas Gleacaíochta

    Tá sé deacair ag Zou a bheith ionraic le Elzee inniu.

  • 8:38AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 8

    Ag Tógáil Pictiúr

    Faigheann Masha seancheamara agus tógann sí pictiúir dá cairde ar fad.

  • 8:45AM
    Loopdidoo

    LoopdidooSraith 5, Eipeasóid 44

    Tuairisc Scoile

    Déanann Loopdidoo iarracht tuairisc scoile Petunia a sciobadh ón mbosca litreach le nach bhfeicfidh a cuid tuismitheoirí é.

  • 8:51AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 46

    An Chóisir

    Tá Dot agus a hathair ag iarraidh cóisir a eagrú.

  • 9:03AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 46

    Má Fhaighim Caillte

    Tá Sailí agus Nic ag ligean orthu féin go bhfuil siad amú. Ach cén chaoi a mbeadh sé dá rachadh siad amú i ndáiríre?

  • 9:15AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 34

    Peata don Phrionsa

    Rachaidh Úna chuig a cairde i Scoil Éinne sa Spidéal i gCo. na Gaillimhe áit a bhfuil scéal acu di faoi phrionsa. Is breá le hÚna scéalta ríoga agus bíonn neart spraoi aici sa rang lena cairde. Ach cén peata a roghnaigh an prionsa? Éistfidh Úna go cúramach nuair a léifidh Ella an scéal 'Peata don Phrionsa'.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Sraith a thugann léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Tugann oibrí tarrthála cuairt ar an sorcas lena chinntiú go bhfuil aire cheart á dtabhairt do na hainmhithe a ghlacann páirt sa seó.

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 12

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 2, Eipeasóid 13

    The Talking Machine

    Is maith le Laura agus le Nellie an buachaill nua atá tagtha chuig an scoil, Jason. Déanann siad beirt a ndícheall é a mhealladh.

  • 11:50AM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 3, Eipeasóid 13

    The Two Bartlets

    Bíonn ar Josh saoire a bhí pleanáilte aige in éineacht le Amy Gardiner, bean a bhíonn ag plé la cearta na mban, a chur ar ceal chun déileáil le cúrsaí i bPórtó Ríce. Iarrann Donna ar Josh cúnamh a thabhairt di éalú ó dhualgas giúiré.

  • 12:40PM
    Tour de France - Súil Siar

    Tour de France - Súil SiarSraith 15, Eipeasóid 12

    Céim 11 Albi go Toulouse

    Súil siar ar an 11ú céim de Tour de France 2019 inar thug na rothaithe faoi thuras ó Albi go Toulouse.

  • 1:10PM
    Tour de France Beo

    Tour de France BeoSraith 15, Eipeasóid 12

    Céim 12 Toulouse go Bagnéres-de-Bigorre

    Craoladh beo ar an 12ú céim de Tour de France 2019. Tabharfaidh na rothaithe faoi thuras ó Toulouse go Bagnéres-de-Bigorre. Is iad Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Quinn a bheidh i mbun tráchtaireachta.

  • 4:33PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:35PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 1, Eipeasóid 24

    An Pionós / Lá na gCrann

    Briseann Harvey pláta agus ceapann sé gur cheart pionós mór a chur air le go mbeidh sé in ann dearmad a dhéanamh air.

  • 5:00PM
    Na Dúlradóirí (TS)

    Na Dúlradóirí (TS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    Ialtóga

    Níl spéis ag na Dúlradóirí i ní ar bith ach sa timpeallacht - ní nach ionadh! Ialtóga a bheidh faoi chaibidil ag Na Dúlradóirí inniu. Cén ialtóg is mó ar an domhan? Cé méad feithide atá ialtóg in ann a ithe in aon oíche amháin? Beidh Fionnuala gnóthach ag maisiú teach nua do na hialtóga... ar mhaithe leis an eolaíocht dar ndóigh.

  • 5:15PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 5, Eipeasóid 5

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Féachfaidh duine amháin le curiarracht nua a bhaint amach i gcúrsaí cispheile inniu. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 199

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:35PM
    GAA - Club na mBan (OS & TS)

    GAA - Club na mBan (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Sraith faoi mhná agus Cumann Lúthchleas Gael a thugann léargas ón taobh istigh dúinn ar shaothar agus ar dhúthracht na mban a bhíonn páirteach sna cluichí ag gach leibhéal. Tabharfaidh Rena agus Sinéad aghaidh ar a chéile i bPáirc an Chrócaigh sa gCluiche Ceannais. Fágfaidh Bernie agus foireann Mothers and Others na páistí sa mbaile le go mbeidh píosa spraoi acu féin sa mbaile mór. Féachann Gwen le Conall a ullmhú chun filleadh ar an bpáirc imeartha, agus beidh ceiliúradh mór ag Alma lena teaghlach agus lena cairde.

  • 6:05PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 3, Eipeasóid 12

    Lorelai Out of Water

    Sraith ghrinn drámaíochta. Tá fear eile ag Lorelai anois agus é socraithe acu dul ag iascach. Níl a fhios ag Lorelai dada faoi iascach agus iarrann sí ar Luke cúpla nod a thabhairt di.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 199

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 199

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:15PM
    GAA Beo (TS)

    GAA Beo (TS)Sraith 18, Eipeasóid 109

    Cluiche Ceannais Peile na Mumhan Faoi 20

    Craoladh beo ar Chluiche Ceannais Peile na Mumhan EirGrid Faoi 20. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill.

  • 9:05PM
    Tour de France - Súil Siar

    Tour de France - Súil SiarSraith 15, Eipeasóid 13

    Céim 12 Toulouse go Bagnéres-de-Bigorre

    Súil siar ar an 12ú céim de Tour de France 2019 inar thug na rothaithe faoi thuras go Bagnéres-de-Bigorre.

  • 9:35PM
    Hollywood in Éirinn (OS & TS)

    Hollywood in Éirinn (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Moby Dick

    Sraith ina gcaitheann an t-aisteoir Denis Conway súil siar ar an tionchar a d'imir mórscannáin ar an bpobal in Éirinn inar tharla an scannánú. Eochaill in oirthear Chorcaí a roghnaigh an stiúrthóir John Huston don scannán Moby Dick sa mbliain 1954. Ba í an chuairt sin a d'adhain ar dtús an grá ar leith a bhí ag Huston d'Éirinn agus a thug air teacht chun cónaithe anseo ina dhiaidh sin agus iarracht a dhéanamh tionscal ceart scannán a fhorbairt anseo.

  • 10:05PM
    The Field - Crá sa Chré (OS & TS)

    The Field - Crá sa Chré (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Is Fearr Comharsana ná Ór

    Sraith staire ina bhfiosraítear an tábhacht atá le talamh do mhuintir na hÉireann agus an spéis atá acu ann. Caithfear súil ar chuid de na cásanna cúirte ba mhó sa tír a bhain le talamh. An t-achrann idir comharsana de bharr talún is ábhar do chlár na hoíche anocht.

  • 10:35PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 199

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 10:40PM
    Fíorscéal (OS & TS)

    Fíorscéal (OS & TS)Sraith 19, Eipeasóid 34

    Sodar i dTreo na Gealaí 1

    Clár faisnéise ina ndéanfar cur síos ar an gcoimhlint mhór a bhí idir na Meiriceánaigh agus ná Sóivéidí ag deireadh na 1950í, le linn an Chogaidh Fhuair, an spás a bhaint amach ar dtús. Tar éis don Rúis cúpla spáseitilt a dhéanamh, bhunaigh Meiriceá NASA agus seoladh clár Mearcair. Ba é an sprioc a bhí acu an ceann is fearr a fháil ar na Rúisigh agus fear a chur amach sa spás. Rinneadh laochra móra de na spásairí a thug a n-aghaidh ar Mhearcair, chomh maith lena gcuid ban a bhí le feiceáil ar irisleabhair ar fud Mheiriceá.

  • 11:45PM
    Scannán: Homeless to Harvard The Liz Murray Story (TS)

    Scannán: Homeless to Harvard The Liz Murray Story (TS)

    (2003, Beathaisnéis, Dráma) Is iad Thora Birch, Michael Riley agus Robert Bockstael na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Peter Levin. Scannán é seo atá bunaithe ar scéal fíor. Is cailín óg i Liz Murray a bhfuil fadhbanna drugaí ag a muintir. Nuair a fhágtar gan dídean í ag chúig bhliana déag d'aois ní bhíonn aon rogha aici ach tosú ag obair chun a cuid scolaíochta a chríochnú.

  • 1:25AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 199

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.