Preas
Nuashonrú maidir leis na hÁiteanna ar féidir féachaint ar Cúla4
Cén áit ar féidir féachaint ar Cúla4?
29.10.25

 
Bhí Cúla4 dhá bhliain ar an aer i mí Mheán Fómhair 2025, agus rinneadh ceiliúradh ar dhá bhliain mhóra de bheith ag spreagadh an lucht féachana óig, ag cur oideachais orthu agus ag cur siamsaíochta ar fáil dóibh i nGaeilge.

Láitheoirí Cúla4: (C-D) Síle Ní Chonghaile, Seosamh Mac Seoin & Nimah Ní Chróinín 
Ó seoladh an cainéal i mí Mheán Fómhair 2023, is spás bríomhar iontaofa anois é Cúla4 (cainéal tiomnaithe do dhaoine óga) do leanaí agus do theaghlaigh ar fud na hÉireann agus bíonn sé ar an aer ó 6am go 8pm gach lá. Leanann an cainéal de mheascán spraíúil agus éagsúil d’ábhar beochana, drámaíochta, siamsaíochta agus oideachais a chur ar fáil, a bhfuil sé d’aidhm aige grá don Ghaeilge a chothú i measc lucht féachana níos óige.
 
Mar chuid de nuashonruithe leanúnacha, tá TG4 ag cur uimhreacha nua chainéil Sky do Cúla4 i gcuimhne don lucht féachana lena chinntiú go mbeidh teacht go héasca i gcónaí ag teaghlaigh ar fud na hÉireann air.
 

Cén áit ar féidir Féachaint ar Cúla4? – Eolas Nuashonraithe ar na Cainéil: 
- Sky: Ar Chainéal 621 anois i bPoblacht na hÉireann & Sky: Cainéal 624 i dTuaisceart Éireann
- Sky Glass: i bPoblacht na hÉireann 202 & 213 i dTuaisceart Éireann
- Saorview: Cainéal 18
- Virgin Media: Cainéal 602
- Eir TV: Le fáil ar ardán Eir TV
- Android TV
- Fire TV
- Sony
- Vodafone 616
- Ar Líne: Cula4.com
- Aip Cúla4
Leanann Cúla4 ag dul ó neart go neart agus ag cur cláir ardchaighdeáin ar fáil a thacaíonn le foghlaim na teanga, leis an gcruthaitheacht agus le bród cultúir.     
 
Lean Cúla4 ar Líne
 
Bí ar an eolas faoi na cláir, míreanna agus gníomhaíochtaí is déanaí ar: 
- YouTube: @Cúla4
- Instagram: @cula4_tg4
- Facebook: Cúla4
- TikTok:  @cula4tg4
 Teagmháil do na Meáin i TG4 Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie 
 Étaín Ní Thuairisg | Cúla4 | etain.ni.thuairisg@tg4.ie