Preas
Cúrsa Ceannródaíoch Iriseoireachta Gaeilge seolta ag TG4 agus Gréasán na Meán Skillnet
25.06.25
Cóitseálaí Meán agus Cumarsáide Grett O’Connor ar chlé, Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4 sa lár, Maria Griffin ó Ghréasán na Meán Skillnet ar dheis – leis na rannpháirithe ar an gcúrsa i gConamara.
Tá cúrsa nua oiliúna iriseoireachta Gaeilge faoi stiúir TG4 i gcomhpháirtíocht le Gréasán na Meán Skillnet ar siúl faoi láthair i gConamara, agus tá 17 rannpháirtí as gach cearn d’Éirinn páirteach ann.
Tá an clár praiticiúil coicíse, a thosaigh an tseachtain seo (Dé Luain 23 Meitheamh 2025), leagtha amach chun go bhforbróidh na rannpháirtithe príomhscileanna iriseoireachta lena n-úsáid ar na hardáin teilifíse agus ar líne. Cuirtear oiliúint phraiticiúil orthu le linn an chúrsa i mbailiú nuachta, scríbhneoireacht, tuairisciú iniúchta, dlí na meán, scéalaíocht dhigiteach agus na meáin shóisialta trí mheán na Gaeilge.
Gheobhaidh na rannpháirtithe treoir freisin maidir le podchraoltaí, iriseoireacht mhóibíleach (MOJO), scileanna gutha agus cur i láthair, cibearshlándáil d’iriseoirí, agus scríobh na Gaeilge don nuacht.
Is í an cóitseálaí meán Grett O’Connor, iar-iriseoir le Nuacht TG4 agus bunaitheoir ‘My Media’, atá ag stiúradh an chúrsa, agus beidh sainteagascóirí agus sainchomhairleoirí eile ina teannta, lena n-áirítear:
- Mark Egan (BBC/Al Jazeera)
- Harry McGee (The Irish Times)
- Gráinne Ní Aodha (PA Media)
- Kevin Magee (Iriseoir Iniúchta, TG4 agus BBC NI)
- Glen Mulcahy (Speisialtóir MOJO)
- Eimear Ní Chonaola (Nuacht TG4)
- Máire T. Ní Mhadaoin (Nuacht TG4)
- Caroline Ní Nia (Speisialtóir Teanga)
- Norita Ní Chartúir (Iriseoir Craolacháin agus Teagascóir in Ollscoil na Gaillimhe)
- Sarah Kieran (Dlíodóir Meán)
- Brian Honan (Saineolaí Cibearshlándála)
- Aideen Finnegan (Léiritheoir Podchraoltaí, The Irish Times)
- Katelyn Hayes (Nuacht Cúla4)
Dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4: “Tá TG4 tiomanta do scileanna iriseoireachta Gaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt ar mhaithe leis an gcéad ghlúin eile d’iriseoirí Gaeilge a chothú. Cuireann an cúrsa seo oiliúint chuimsitheach phraiticiúil ar fáil a fhreagraíonn d’fhíor-riachtanais sheomraí nuachta na linne ó shainchleachtóirí nuachta ar fud disciplíní éagsúla. Táimid ag súil go mór le forbairt na hiriseoireachta a eascróidh as cúrsa na bliana seo a fheiceáil.”
Ag labhairt di ag tús an chúrsa, dúirt an Cóitseálaí Meán agus Cumarsáide Grett O’Connor an méid seo a leanas: “Tá an cúrsa seo dírithe ar dhaoine óga atá ag iarraidh a bheith ina n-iriseoirí Gaeilge a ullmhú do thírdhreach il-ardáin na meán sa lá atá inniu ann, agus déanaimid é sin ar bhealach an-phraiticiúil, rannpháirteach. Tá saineolaithe ó gach réimse iriseoireachta ag teacht go Conamara chun a gcuid eolais agus taithí a roinnt le rannpháirtithe an chúrsa. Beidh cleachtaí praiticiúla i mbailiú nuachta, scríbhneoireacht agus scéalaíocht le pictiúir ina gcuid lárnach den chúrsa. Ní chuireann sé aon iontas orm go bhfuil sé glactha orthu féin ag TG4 an cúrsa seo a reáchtáil i gcomhar le Gréasán na Meán Skillnet. Bhí TG4 nuálach agus solúbtha riamh ina chur chuige, agus is sampla iontach eile de sin an cúrsa seo. Táim ag baint an-taitneamh as an deis oibriú leis an gcéad ghlúin eile d’iriseoirí Gaeilge, agus táim ag tnúth lena ngairmeacha beatha a fheiceáil faoi bhláth sna blianta amach romhainn.”
Dúirt Maria Griffin ó Ghréasán na Meán Skillnet: “Tá ríméad orainn a bheith ag comhoibriú le TG4 ar an gclár nuálach oiliúna iriseoireachta seo. Tá forbairt scileanna sna meáin Ghaeilge lárnach inár misean, agus tugann an cúrsa seo deis ar leith do na rannpháirtithe a bheith ag foghlaim na ceirde ó roinnt de na daoine is fearr sa tionscal. Léiríonn an t-éileamh mór atá ar áiteanna ar an gcúrsa seo go bhfuil fonn ar iriseoirí atá ag teacht chun cinn scéalta a insint trí Ghaeilge ar iliomad ardán. Is cúis bhróid dúinn tacú leis an tionscnamh tábhachtach seo a neartóidh todhchaí na hiriseoireachta Gaeilge.”
Teagmháil do na meáin:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríófa | Eagraí Cumarsáide | linda.ni.ghriofa@tg4.ie