Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

14 Ainmniúchán Faighte ag Cláir TG4 ag Gradaim Fhéile na Meán Ceilteach 2025

06.03.25

Tá ainmniúchán do cheithre ghradam déag faighte ag TG4 ag Gradaim bhliantúla Barr Feabhais Torc Fhéile na Meán Ceilteach a fógraíodh inniu.
 
Bíonn Féile na Meán Ceilteach ar siúl in ionad éagsúil sna críocha Ceilteacha gach bliain. Cuirtear iontrálacha sna duais-aicmí éagsúla faoi bhráid giúiré náisiúnta ina dtír féin ar dtús agus cuirtear an chuid is fearr ansin ar ghearrliosta le dul san iomaíocht ag an gcomórtas idirnáisiúnta. Beidh Féile na Meán Ceilteach ar siúl i mbliana i gCorn na Breataine ón 3-5 Meitheamh.
 
Is iad seo a leanas cláir TG4 a bhfuil ainmniúcháin faighte acu:
 
CRÁ: Sraith Dhrámaíochta Sa tsraith seo cuirtear tús le fiosrúchán dúnmharaithe nuair a aimsítear corp mháthair an Gharda áitiúil, Conall Ó Súilleabháin. Tá cosc iomlán ar Chonall páirt a ghlacadh sa bhfiosrúchán ach níl baol air fanacht glan ar an gcás. Socraíonn iriseoir óg, Ciara-Kate, podchraoladh faoin gcás a thosú agus tugann Conall faoi deara go bhfuil Ciara-Kate in ann eolas a fháil ó dhaoine nach bhfuil sásta labhairt leis na Gardaí. Más mian le Conall an chóir a éileamh beidh air dul i mbun oibre leis an iriseoir seo. Tá aistear gruama i ndán don bheirt acu ach an bhfillfidh an feall ar an bhfeallaire? Tá Dónall Ó Héalaí, Hannah Brady, Alex Murphy, Barry McGovern, Róisín Murphy agus Niall Mac Eachmharcaigh i measc na n-aisteoirí. Léiriú le Meangadh Fíbín.

Pic: CRÁ – Conall Ó Suilleabháin (Dónall Ó Héalaí)
 

Dhá ainmniúchán do KNEECAP – Drámaíocht Aonair agus Spiorad na Féile. KNEECAP, an tríréad rapcheoil spleodrach ceannródaíoch Gaeilge, agus an bealach ar tháinig siad i gceann a chéile an chéad lá riamh, sin scéal an scannáin. Tá príomhpháirt ag baill an ghrúpa féin sa scannán: Mo Chara, Móglaí Bap agus DJ Próvaí. In iarthar Bhéal Feirste, 2019, atá an scannán suite agus tugtar cuntas ar an gcinniúint a thug an triúr le chéile agus ar an mbealach ‘ar athraigh siad an ceol Gaelach go deo na ndeor’ ina dhiaidh sin. Léiriú le Fine Point Films LTD.

 

Glór Tíre: Siamsaíocht. Bhí cuid de na hoirfidigh is mó sa gceol tíre linn sa tsraith seo chomh maith le hochtar iomaitheoirí nua. Cuireadh tús leis an tsraith le ceithre cheolchoirm leis na meantóirí -Michael English, Claudia Buckley, Jim Devine agus Johnny Brady – a chuir a gcuid iomaitheoirí in aithne dúinn. Bhí na moltóirí Jó agus Caitríona as ais agus bhí aoi-mholtóir éagsúil ina dteannta gach seachtain. Aoife Ní Thuairisg a chuir an tsraith i láthair. Léiriú le Bláth na hÓige Teo t/a Gaelmedia.

Pic: Aoife Ní Thuairisg
 

Fuair dhá chlár eile de chuid an stáisiúin ainmniúchán i gcatagóir na nEalaíon.

Inis Meáin, Idir Dhá Linn. Leathchéad bliain ó shin rinne an scannánóir, Chris Rodmell, taifeadadh ar shaol mhuintir Inis Meáin ag an am, saol a bhí ar tí athrú ó bhonn. Thaifead sé muintir an oileáin agus iad i mbun ghnáthchúrsaí an tsaoil. Bhí an pobal iargúlta seo ar imeall thiar na hEorpa go mór i mbaol ag an am de bharr na himirce agus faitíos orthu féin go raibh deireadh ré i ndán. Sa chlár seo tugann Chris cuairt arís ar an oileán chun léargas a fháil ar an saol sa lá atá inniu. Léiriú le Aniar.

 

Ó Bhéal. Tá ceoltóirí hip hap agus ceoil leictreonaigh na hÉireann ag tarraingt as tobar domhain an traidisiúin béil, ón tseanfhilíocht agus ón amhránaíocht ar an sean-nós, ag briseadh talamh nua i réimse an cheoil le tamall beag anuas. Trí shúile ceathrar ceoltóirí – Mory, Oisín Mac, Fehdah agus StrangeBoy, gheobhaimid léargas géar ar an gcaoi a bhfuil siad ag brú teorainneacha nua agus ag cruthú ceol úrnua do na Gaeil. Maoinithe faoi Scéim ilDÁNA – An Chomhairle Ealaíon / TG4. Léiriú le Mind the Gap Films Ltd.

Pic: Ó Bhéal – Fehdah
 

Dhá ainmniúchán a fuarthas sa chatagóir Siamsaíocht Fhíorasach. Siad sin;

Aerfort Dhún na nGall – Léargas ar an méid a bhíonn ag tarlú ó lá go lá in Aerfort Dhún na nGall, aerfort ar vótáladh gur aige atá an stráice tuirlingthe is áille ar domhan. Ó lucht taistil laethúil, úinéirí gnó agus mic léinn go dtí Rescue 118, taistealaithe idirnáisiúnta agus othair a bhfuil cóir leighis riachtanach á cur orthu, cuireann an t-aerfort seo seirbhís ríthábhachtach ar fáil dá lucht úsáide. Tabharfar léargas ar leith ar a bhíonn i gceist le haerfort beag réigiúnach a bhainistiú á insint ag na paisinéirí a eitlíonn isteach agus amach as an aerfort, agus ar an bhfoireann a bhfuil dualgas orthu na paisinéirí a choinneáil sábháilte. Léiriú le HG Productions.

 

Naíonra – Tugtar léargas sa tsraith seo nach bhfuil feicthe fós in Éirinn, léargas ar shaol páistí sa naíonra. Leanfar an saol i dhá naíonra thar tréimhse bliana, naíonra amháin i dTamhlacht, i mBaile Átha Cliath agus ceann eile i Mala, i gCorcaigh. Is blianta tábhachtacha iad seo i saol an duine ina bhfoghlaimítear scileanna tuisceana, cumarsáide agus cairdis. Léiriú le Tyrone Productions.

 

Inis na nIontas: Sraith Fhíorasach – Ó Reachlainn ó thuaidh go Cléire ó dheas, tá stair agus miotaseolaíocht ag baint leis na hoileáin amach ó chósta na hÉireann. Ach tá fiadhúlra agus pobal ar leith daoine ag baint leis na hoileáin chéanna. Tabharfaidh Ardal O’Hanlon faoi thuras chun stair, fiadhúlra agus lucht na n-oileán seo a fhiosrú. Léiriú le One Tribe TV Ltd.

Pic: Ardal O’Hanlon
 

An Bothy Band: Clár Ceoil Beo – Tháinig The Bothy Band, an banna ceoil thraidisiúnta is iomráití in Éirinn, ar ais in éineacht do chlár faisnéise speisialta. I 1974 a tháinig an banna ar an bhfód agus cé nach raibh siad baileach cúig bliana in éineacht d’éirigh leo 4 albam, a raibh an-mholadh orthu, a eisiúint agus clú ollmhór a bhaint amach. Trí agallaimh speisialta agus píosaí ón gcleachtadh ar chúl stáitse, déanfar iniúchadh ar an mbanna agus ar a oidhreacht. Tiocfaidh baill an bhanna atá fós linn -Matt Molloy, Dónal Lunny, Tríona Ní Dhomhnaill, Kevin Burke, Paddy Glackin & Paddy Keenan- le chéile do cheolchoirm an-speisialta. Léiriú le Big Mountain Productions.

 

Idir Dhá Bhaile – Ó Chív go Corcaigh: Faisnéis Aonair – Tugtar léargas sa gclár faisnéise seo ar na dúshláin a chaitheann teaghlach amháin as an Úcráin a shárú agus iad ag cur fúthu in Éirinn. Déantar cur síos ar an aistear corraitheach a bhí acu ó Chív go Corcaigh agus tugtar léargas ar an éiginnteacht a bhíonn i ndán do theifigh agus iad ag éalú ó chogadh ina dtír dúchais. Tá an saol saothraithe go maith ag an teaghlach seo de dheasca an chogaidh agus iad idir dhá thine Bealtaine. Léiriú le Below the Radar TV.

 

Tá trí ainmniúchán faighte ag cláir de chuid Cúla4.

Lí Ban: Beochan – Scéal Lí Ban agus a madra Con agus iad ag eachtraíocht faoi uisce. Tá laochra iontacha, bithiúnaigh fhinscéalacha agus réaltacht atá fite fuaite i ndraíocht na gCeilteach i gcroílár eachtraí Lí Ban, cailín dána 12 bhliain d’aois. Tá na scéalta seo ar chuid de na cinn is fiáine atá tugtha ag na glúnta Ceilteacha dúinn. Léiriú le Lí Bán Series One Limited.

 

Siar Linn: Cláir do Dhaoine Óga – Bíonn fiosracht ghrúpa páistí á múscailt i ‘Siar Linn’ nuair a chuirtear siar iad go ré atá caite fadó fadó. Is seó cluichí é ina ndéantar taiscéalaíocht ar Ré staire dhifriúil i ngach eipeasóid. Léiriú le Macalla Teoranta.

 

Scríofa sna Réalta: Gearrdhráma – Is ábhar misnigh é an scannán seo a thugann spreagadh do dhaoine dúshláin a shárú. Is buachaill naoi mbliana é Seán agus is breá leis a bheith ag aisteoireacht. Bíonn sé deacair ar Sheán a línte a chur de ghlanmheabhair ó tharla go bhfuil disléicse air ach ní stopadh an diabhal féin é a bheith ar stáitse agus éiríonn leis an phríomhpháirt a fháil i ndráma. Tugann a mhuintir cúnamh dó a chuid línte a fhoghlaim ach an éireoidh leis? Léiriú le Sin É Films Teo.

 

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, “Tá ríméad ar TG4 ceithre ainmniúchán déag a fháil ag Féile na Meán Ceilteach. Taispeánann na hainmniúcháin seo an raon clár atá ag TG4 agus Cúla4 atá léirithe ar ardchaighdeán don lucht féachana.”
 
 

Teagmháil do na meáin i TG4:

Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: