Léiriúchán
Spriocanna 2019
Sprioc TG4 don ILBF – 1ú Feabhra | Sprioc ILBF – 1ú Márta, 2019 |
Sprioc TG4 don BAI – 27ú Márta | Sprioc BAI – 6ú Bealtaine, 2019 |
Sprioc TG4 don ILBF – 1ú Lúnasa | Sprioc ILBF – 12ú Meán Fómhar, 2019 |
Sprioc TG4 don BAI – 26ú Lúnasa | Sprioc BAI – 7ú Deireadh Fómhar, 2019 |
Scéim ‘Amharc’
Bunaíodh an scéim ‘Amharc’ chun tacú le mórléirithe scannáin fhaisnéise ar shaol agus déantús na n-ealaíon i dTuaisceart Éireann an lae inniu. Beidh mórshaothair á gcruthú faoin scéim, mórshaothair a chuirfidh le saibhreas phríomhsceideal clár BBC NI agus TG4, agus a thaispeánfar sna hamharclanna.
Breis Eolas Anseo…
Tairiscint RTÉ do TG4 – “Cláracha Gaeilge – Sraitheanna Siamsaíochta don Teaghlach”
Tá RTÉ ag iarraidh moltaí do réimse sraitheanna siamsaíochta don teaghlach le craoladh tráthnóna Domhnaigh ar TG4 i rith na mblianta 2019 – 2021. Táthar ag lorg smaointe atá nua ón mbonn nó formáidí cruthanta a tharraingeoidh lucht féachana ginearálta teaghlaigh agus a chuirfidh siamsaíocht ar fáil dóibh ag an tráth craolta. Ba chóir na sraitheanna seo a réamhthaifeadadh i stiúideo nó in ionad feiliúnach eile.
Nasc: https://about.rte.ie/commissioning/2018/12/06/claracha-gaeilge-tg4-programming-2019-2021/
Comhlacht a chlárú nó Iarratas a Uaslódáil
Is féidir áis e-coimisiúnú TG4 a úsáid chun do [ Chomhlacht a Chlárú ] nó/agus do [ Iarratas a Uaslódáil ] anseo.