Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

26 Ainmniúcháin Faighte ag TG4 agus Cúla4 do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025

18.09.25

 
Tá 26 ainmniúcháin fáighte ag cláracha agus láithreoirí TG4 agus Cúla4 i sé chatagóir do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2025.
 
“Comhghairdeas leis na léiritheoirí, láithreoirí, stiúrthóirí agus scríbhneoirí a bhfuil a saothair ainmnithe i nGradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana. Is aitheantas é líon na n-ainmniúchán a fuair TG4 agus Cúla4 i mbliana ar chaighdeán na gclár atá á léiriú do TG4 ón earnáil léiriúcháin neamhspleách sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre.” Ard-Stiúrthóir TG4 Deirdre Ní Choistín
 

Seo a leanas an Gearrliosta a bhaineann le TG4 agus Cúla4:

SCANNÁN / CLÁR / SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA DO DHAOINE ÓGA
Nuacht Cúla4 MEANGADH FIBÍN
Scoil Choille CORCRA MEDIA
Anfa MEANGADH FIBÍN
Lí Ban PAPER OWL FILMS
Mo Pheata MEANGADH FÍBÍN
 

CLÁR TEILIFÍSE / SCANNÁN NA BLIANA
Carna an Cheoil agus na nAmhrán ANIAR TV
Níl Aon Tinteán CLEAN SLATE PRODUCTIONS
Báite DANÚ MEDIA
Na Lumière Gaelacha CORMORANT FILMS
Aontas PÚCA PICTURES
 

IRISEOIR NA BLIANA
Caoimhe Ní Laighin NUACHT TG4 / RTÉ
Marian O’Flaherty NUACHT TG4 / RTÉ
Kevin Magee INIÚCHADH TG4
 

PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
Proinsias Ó Coinn
Áine Ní Bhreisleáin
Louise Cantillon
John Sharpson
Síomha Ní Ruairc
 

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Is Mise le Mess ROINN TV
Sonas ANIAR TV
Crá FIBÍN MEDIA / ZOOGON LTD
Scéalta ár Stampaí MIDAS PRODUCTIONS
 

RÉALTA ÓG NA BLIANA
Katelyn Hayes NUACHT CÚLA4
Joe Mac Aoidh NUACHT TG4 / NUACHT CÚLA 4 / 7 LÁ
Máire Ní Churraoin TG4 / ARDÁIN ILMHEÁN
Rhiann Flemming NUACHT TG4 / NUACHT CÚLA 4
 

Chuile bhliain déanann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar sháriarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge. Tugann na Gradaim seo aitheantas do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus lucht déanta clár raidió agus teilifís a bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimsí éagsúla meán le dhá mhí dhéag anuas.
 
Roghnóidh painéal moltóirí buaiteoirí na gcatagóirí éagsúla ach is ar bhonn vóta poiblí a roghnófar Réalta Óg na Bliana.
 
Cuirfear tús leis an vótáil poiblí Dé Máirt seo chugainn, 23 Meán Fómhair 2025. Fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ar 22 Deireadh Fómhair 2025. Beidh searmanais bronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais ar an 29 Deireadh Fómhair 2025.
 
Eolas: www.antoireachtas.ie.
 
 

Teagmháil do na Meáin TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: