Preas
39 Imreoir as Éirinn le feiceáil i gclúdach AFLW ar TG4
Aussie Rules na mBan ar TG4 ón Satharn an 16 Lúnasa
07.08.25
Grace Kelly, Kayleigh Cronin, Amy Boyle-Carr agus Niamh Kelly – Adelaide Crows
Tá áthas ar TG4 a fhógairt go mbeidh Aussie Rules na mBan ag filleadh ar an stáisiún agus go gcuirfear clúdach seachtainiúil de shéasúr 2025 den Australian Football League Women’s (AFLW) ar fáil arís do lucht féachana na hÉireann. Gealltar go mbeidh séasúr 2025 ar an gceann is corraithí fós, le 39 imreoir as Éirinn páirteach i mbliana ann.
I measc na n-imreoirí sin tá Orla O’Dwyer ó Thiobraid Árann atá ag imirt thall ó 2022 chomh maith le himreoirí nua mar Kayleigh Cronin, a bhuaigh Laoch na hImeartha do Chiarraí i gCluiche Ceannais na hÉireann anuraidh. Tá liosta iomlán de na himreoirí le fáil thíos.
Tosóidh séasúr 2025 Dé hAoine an 16 Lúnasa, agus beidh na foirne go léir ag iarraidh áit a dheimhniú sa Chluiche Ceannais a bheidh ar siúl Dé hAoine an 29 Samhain. Craolfar dhá chluiche iarbheo gach deireadh seachtaine mar chuid de Aussie Rules na mBan ar TG4, chomh maith le buaicphointí seachtainiúla gach Luan ag 8.00pm mar chuid den chlár GAA 2025.
Cuirfear tús leis an gcraoladh ag 5.15pm Dé Sathairn an 16 Lúnasa nuair a thabharfaidh Geelong Cats aghaidh ar na Kangaroos.
Beidh Port Adelaide le Fremantle ansin ag 5.15pm Dé Domhnaigh an 17 Lúnasa.
Beidh gach cluiche le fáil ar TG4 agus ar TG4.ie.
Beifear ábalta an t-aicsean ar fad a leanúint ar @SportTG4 ar na meáin shóisialta lena n-áirítear buaicphointí, agallaimh agus ábhar eisiach eile i rith an tséasúir.
Imreoirí as Éirinn
- Amy Boyle-Carr (Adelaide)
- Kayleigh Cronin (Adelaide)
- Grace Kelly (Adelaide)
- Niamh Kelly (Adelaide)
- Neasa Dooley (Brisbane)
- Jennifer Dunne (Brisbane)
- Orla O’Dwyer (Brisbane)
- Maria Cannon (Carlton)
- Dayna Finn (Carlton)
- Erone Fitzpatrick (Carlton)
- Síofra O’Connell (Carlton)
- Aisling Reidy (Carlton)
- Muireann Atkinson (Collingwood)
- Kellyann Hogan (Collingwood)
- Sarah Rowe (Collingwood)
- Joanne Cregg (Fremantle)
- Orlagh Lally (Fremantle)
- Aisling McCarthy (Fremantle)
- Amy Mulholland (Fremantle)
- Aine Tighe (Fremantle)
- Rachel Kearns (Geelong)
- Kate Kenny (Geelong)
- Aishling Moloney (Geelong)
- Clara Fitzpatrick (Gold Coast)
- Niamh McLaughlin (Gold Coast)
- Grace Kos (GWS)
- Eilish O’Dowd (GWS)
- Aileen Gilroy (Hawthorn)
- Aine McDonagh (Hawthorn)
- Sinead Goldrick (Melbourne)
- Blaithin Mackin (Melbourne)
- Bláithín Bogue (North Melbourne)
- Amy Gavin Mangan (North Melbourne)
- Erika O’Shea (North Melbourne)
- Vikki Wall (North Melbourne)
- Aoibhín Cleary (Richmond)
- Tanya Kennedy (Sydney)
- Paris McCarthy (Sydney)
- Julie O’Sullivan (Sydney)
Aussie Rules na mBan ar TG4
Dáta |
Babhta |
Foirne |
Ionad |
Am (TG4) |
16/08/2025 |
1 |
Geelong Cats v Kangaroos |
GMHBA Stadium |
17:15 |
17/08/2025 |
1 |
Port Adelaide v Fremantle |
Alberton Oval |
17:15 |
23/08/2025 |
2 |
Hawthorn v Carlton |
Kinetic Stadium |
14:15 |
24/08/2025 |
2 |
Adelaide Crows v Geelong Cats |
Unley Oval |
17:15 |
30/08/2025 |
3 |
GWS Giants v Kuwarna (Adelaide Crows) |
Henson Park |
17:20 |
31/08/2025 |
4 |
Brisbane Lions v Carlton |
Brighton Homes Arena |
17:20 |
Teagmháil do na meáin i TG4:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie
Séamus Ó Brádaigh | Rannóg Spóirt TG4 | seamus.o.bradaigh@tg4.ie