Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Amhrán Nua na hÉireann do Junior Eurovision 2025

05.11.25


 


 

Beidh Lottie O’Driscoll Murray as Contae Chorcaí ag canadh ar son na hÉireann i gcomórtas Junior Eurovision 2025 leis an amhrán úrnua ‘Rúin’. Beidh Lottie i measc 18 iomaitheoir a bheidh ag glacadh páirt i gcomórtas na bliana seo a bheidh ar siúl in Tbilisi sa tSeoirsia. Beidh an ócáid mhór le feiceáil beo ar TG4, Dé Sathairn, an 13 Nollaig 2025.

Is féidir le lucht féachana ó gach cearn den domhan vóta a chaitheamh ar www.jesc.tv. Murab ionann is an comórtas sinsearach, is féidir le lucht leanúna Junior Eurovision vóta a chaitheamh ar son a dtíre féin!

Tabhair tacaíocht d’Éirinn agus caith vóta do Lottie!

Tá Lottie O’Driscoll Murray ag canadh os comhair sluaite ó bhí sí an-óg, le tacaíocht láidir óna máthair Celine agus a mamó Charlotte. Ghlac sí páirt sa Late Late Toy Show, chan sí in Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí, agus is minic í le cloisteáil ag buscáil i gCorcaigh le haghaidh feachtais charthanachta.

Shroich Lottie an babhta ceannais anuraidh i Junior Eurovision Éire ar TG4, ach faraor níor éirigh léi an bua a bhaint amach an uair sin. I mbliana, áfach, chuir sí na moltóirí faoi gheasa lena glór álainn agus lena teacht i láthair ar an stáitse, agus d’éirigh léi an lá a thabhairt léi.

Deir a mamó Charlotte: “Tá sí ar ais agus níos fearr ná riamh. Beidh an bua aici i mbliana — táim cinnte de sin!”

Is iad Ian James White, Nicky Brennan agus Jenny Ní Ruiséil a scríobh an t-amhrán ‘Rúin’. Tá breis is 20 bliain de thaithí cheoil ag White agus Brennan, agus tá an stáitse roinnte acu le ceoltóirí mór le rá idirnáisiúnta.

Beidh an físeán ceoil oifigiúil le feiceáil ar leathanach YouTube TG4, Dé Máirt, an 4 Samhain 2025.

I mbliana freisin, beidh Éire ag ceiliúradh 10 mbliana ó ghlac sí páirt den chéad uair sa Junior Eurovision. Chan Aimee Banks don tír in 2015, agus ó shin i leith tá torthaí den scoth bainte amach ag Éirinn – lena n-áirítear an ceathrú háit do Sophie Lennon in 2022.

Mar chuid den cheiliúradh, craolfar clár speisialta ar TG4, Dé Domhnaigh, an 7 Nollaig, ina mbeidh agallaimh le hiar-ionadaithe uile na hÉireann sa Junior Eurovision.

Bí linn do chomórtas Junior Eurovision 2025 a bheidh beo ar TG4, Dé Sathairn, an 13 Nollaig 2025 — agus caith vóta ar son na hÉireann ar www.jesc.tv
 

Teagmháil do na Meáin i TG4
Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: