Preas
An Chéad Scannán Beochana Nollag comhchoimisiúnaithe á sheoladh ag TG4, BBC Northern Ireland agus S4C
Craolfar an scannán speisialta séasúrach seo den chéad uair an 14 Nollaig, i nGaeilge ar TG4, ar Cúla4, ar BBC Two Northern Ireland, BBC iPlayer agus i mBreatnais ar S4C.
26.11.25


Is údar bróid do TG4, do BBC Northern Ireland agus do S4C comhchoimisiún cinniúnach a fhógairt den chéad scannán beochana Nollag riamh a cruthaíodh trí chomhléiriú bríomhar idir trí náisiún, le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge & Ciste Scáileáin, Scáileán Thuaisceart Éireann agus ó Choimisiún na Meán.
Craolfar an scannán speisialta séasúrach seo den chéad uair an 14 Nollaig, i nGaeilge ar TG4, ar Cúla4, ar BBC Two Northern Ireland, BBC iPlayer agus i mBreatnais ar S4C.
Is iad Taunt Studios a léirigh an scannán, ina dtugtar an lucht féachana ar aistear draíochtúil, croíúil a leanann Nollaig – nó Nollaí mar is fearr aithne air, gnáthfhia a bhfuil rún dochreidte ag baint leis.
Eolas faoin Scannán:
Gnáthfhia é Nollaig (nó Nollaí mar is fearr aithne air). Tá sé beagáinín ard d’fhia, ceart go leor, ach dúradh riamh leis go raibh sé mórchnámhach. Tá sé ag caitheamh saol breá dó féin ar an bhfeirm in éineacht lena theaghlach daonna; a dheirfiúr agus an cara is fearr atá aige, Sadhbh, agus Daid. Buailimid le Nollaí den chéad uair ar a ‘bhreithlá’ – sin é a thugann a theaghlach ar an lá ar aimsigh siad ar dtús é. Oíche gheimhriúil amháin deich mbliana ó shin a tháinig sé isteach i saol Shaidhbh agus Daid nuair a d’aimsigh siad Nollaí taobh istigh de liagchiorcal ar an sliabh. Ó tharla nach raibh radharc ar bith ar aon fhia eile, thug siad an fia abhaile leo agus rinneadh cuid den teaghlach de. Imíonn na blianta: Bíonn sé deacair ar Nollaí a bheith ina fhia ollmhór i ndomhan atá leagtha amach do dhaoine daonna ach is breá leis an pobal ina thimpeall, mar sin féin. Ansin, lá amháin, cuirtear a shaol ar fad trína chéile nuair a thagann sé ar eolas, trí thimpiste, go bhféadfadh sé gurb eisean an Megaloceros Giganteus (AKA Fia Mór na mBeann, speiceas d’fhia nach ann dó a thuilleadh) deireanach ar domhan!
Cuireann an t-eolas seo tús le heachtra mhór, agus filleann Nollaí agus Sadhbh ar an liagchiorcal inar aimsíodh é chun eolas a fháil faoina chúlra. Ar an mbealach, castar Stoca orthu; ialtóg theochroíoch atá beagáinín craiceáilte, agus atá gafa leis an Nollaig. Tá Stoca breá sásta a bheith páirteach san eachtra. Le chéile tagann siad ar an liagchiorcal agus aimsíonn siad tairseach chuig domhan eile – domhan fhianna móra na mbeann! Téann Nollaí thar an tairseach agus buaileann sé le fia ollmhór cairdiúil a chuireann fáilte abhaile roimhe. Ach tosaíonn an tairseach ag dúnadh sula mbíonn aon eolas faighte aige. Is féidir le Nollaí fanacht i ndomhan na bhfianna ollmhóra – áit a raibh sé ar bís lena haimsiú – ach má fhanann sé, beidh sé bliain sula bhfeicfidh sé a theaghlach daonna arís. Tagann lagmhisneach ar Shadhbh agus ar Stoca; tá siadsan ag fanacht le Nollaí ar an taobh eile den tairseach agus tá imní orthu nach dtiocfaidh sé ar ais, ach filleann sé ag an nóiméad deireanach agus tá an triúr le chéile arís. B’fhéidir nár éirigh le Nollaí an domhan eile a shiúl an uair seo, ach tá a fhios aige go mbeidh sé in ann dul ar ais arís, nuair a bheidh sé réidh.
Máire Uí Choisdealbha, Eagarthóir Coimisiúnaithe, TG4:
“Tá ríméad orainn an chéad scannán beochana Nollag riamh de chuid TG4 a choimisiúnú in éindí lenár gcomhpháirtithe iontacha. Is comhléiriú idirnáisiúnta fíor-spreagúil é. Tugann an comhoibriú seo meascán iontach den chruthaitheacht agus den scéalaíocht chultúir as Éirinn agus as an mBreatain Bheag le chéile agus tá scannán séasúrach cruthaithe mar thoradh air sin a chuirfidh gliondar ar theaghlaigh go ceann blianta fada. Céim chinniúnach atá ann do TG4 agus is léiriú é ar an tsamhlaíocht chultúir chomhroinnte atá i bpáirt ag na craoltóirí seo le chéile. Is fada linn go bhfeicfidh an lucht féachana draíocht an scannáin dóibh féin.”
Karen Kirby, Feidhmeannach Coimisiúnaithe do BBC Thuaisceart Éireann:
“Is é seo an chéad chomhoibriú dá leithéid do BBC Northern Ireland agus do BBC Gaeilge agus tá an-áthas orainn dul i bpáirt lenár gcomhpháirtithe craolta agus maoinithe chun an scéal beochana álainn Nollag seo a chur os comhair ár lucht féachana ar BBC iPlayer agus ar chainéal teilifíse BBC Two Northern Ireland. Is scéal aoibhinn é Nollaí a bhaineann leis an ngrá agus leis an muintearas. Is scéal uilíoch é ar féidir a insint san iliomad teangacha agus cuireann buanna dochreidte na n-aisteoirí, na foirne beochana agus na gceoltóirí beocht iontach sa scéal. Tá súil agam go mbainfidh óg agus aosta taitneamh as an scannán i dteannta a chéile i gcaitheamh na Nollag.”
Sioned Geraint, Coimisinéir Ábhair S4C – Páistí agus Foghlaimeoirí:
Tá ríméad orm go raibh baint ag S4C le Nollaí, nó Nolig sa Bhreatnais. Is scannán beochana álainn croíúil é seo a rachaidh i bhfeidhm ar go leor dár lucht féachana. Beidh sé ina bhuaicphointe inár sceideal séasúrach do Leanaí agus do theaghlaigh go ceann blianta fada. Bhí sé iontach oibriú lenár gcomhpháirtithe Ceilteacha arís, agus a bheith ag cur leis an gcaidreamh atá á neartú i gcónaí idir TG4 agus S4C. Is iontach go deo freisin go mbeimid in ann an scannán seo a sheoladh i nGaeilge agus i mBreatnais an lá céanna ar an dá chainéal.”
Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán i gCoimisiún na Meán:
“Táimid fíor-shásta a bheith ag tacú le léiriú Nollaí trínár Scéim Maoinithe Fuaim & Fís. Bunaíodh an scéim chun tacaíocht a chur ar fáil chun ábhar nua, nuálach Gaeilge a chruthú a mbainfidh lucht féachana idir óg agus aosta taitneamh as.”
Áine Walsh, Príomhoifigeach Teanga & Cultúrtha agus Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ag Scáileán Thuaisceart Éireann:
“Agus ár bhfichiú bliain á comóradh againn, tá bród ar fhoireann an Chiste Craoltóireachta Gaeilge tacú le Nollaí, an chéad scannán beochana Nollag Gaeilge riamh a rinneadh i dTuaisceart Éireann. Is léiriú é ar uaillmhian agus ar thallann ár bhfoirne cruthaitheacha áitiúla, ar chuidigh a gcuid scileanna agus comhoibrithe le gach céim den tionscadal. Cuirfidh an scéal séasúrach seo, atá fréamhaithe i mbéaloideas na hÉireann, gliondar ar an lucht féachana óg agus beidh sé ina ábhar féachana Gaeilge a fheilfidh don teaghlach go léir an Nollaig seo. Tá lúcháir orainn go bhfeicfear é ar BBC TÉ, ar TG4, ar Cúla4 agus ar S4C, agus go dtarraingeofar aird ar ardchaighdeán an ábhair atá á chruthú go háitiúil do theaghlaigh ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin.”
Tom Getty, Taunt Studios / Aisling McElroy, Taunt Studios:
“Bhí am den scoth againn ar fad anseo in TAUNT agus ár scannán beag Nollaí á chruthú againn. Is foireann muid atá gafa leis an Nollaig. Mar sin, ba gheall le brionglóid dúinn a bheith ag obair chun an scannán seo a thabhairt chun fíre le bliain anuas. Ní éireodh linn aon chuid de seo a bhaint amach murach tacaíocht BBC TÉ, TG4 agus S4C, agus tacaíocht na maoinitheoirí; ILBF, Fís Thuaisceart Éireann agus Coimisiún na Meán. Tá súil againn go dtaitneoidh sé chomh mór céanna libhse is a thaitníonn sé linne.”
Eolas maidir le Craoladh
- TG4 & Cúla4 (Gaeilge): 14 December @ 17:05
- BBC Two Northern Ireland agus BBC NI iPlayer (Gaeilge): Available from 14 December @ 18:40
- S4C (Breatnais): 14 December @ 17:05
Nótaí breise – Eagarthóirí
Nollaí – Aisteoirí Gutha & Foireann Chruthaitheach:
Nollaí / Nolig:
Is é Jude Hartigan guth Nollaí i nGaeilge agus i mBéarla, agus rinne sé an príomhpháirt á léiriú go sciliúil, snasta. Is é an tionscadal seo an chéad scannán suntasach don aisteoir óg atá ag tosú amach ina ghairm, agus é ag cur leis na róil a bhí aige roimhe seo, an scannán beochana Sol le Paper Owl Films ina measc. Is léiriú é a chuid oibre in Nollaí ar an scil atá aige mar aisteoir atá ag teacht chun cinn, agus ar na féidearthachtaí móra atá roimhe mar thaibheoir.
Ba é Osian Snelson a rinne guthú ar Nolig i mBreatnais, agus rinne sé an pháirt sin a léiriú go croíúil, mealltach. Is é Nolig an chéad ról aisteoireachta gutha ag Osian agus tháinig an obair go nádúrtha leis.
Sadhbh / Siân
Is í Bláithín McCusker a rinne an carachtar Sadhbh, an dara príomhpháirt, a ghuthú i nGaeilge agus i mBéarla, agus chuir sí neart beochta agus doimhneachta sa charachtar. Tá aithne mhaith ar Bhláithín mar gurbh í a bhí i bpáirt Nóinín sa tsraith Dar le Daideo, sraith theilifíse de chuid Cúla4 TG4 a léirigh Zoogon agus atá á craoladh faoi láthair.
Ba í Marged Llwyd a rinne Siân a ghuthú i mBreatnais, agus guth geal, bríomhar á thabhairt aici chuig an dara príomhról. Tá aithne mhaith ar Marged as guthú a dhéanamh ar Eli an giorria in Y Ŵhŵs, atá á craoladh faoi láthair ar S4C, agus as an tsraith theilifíse Fferm Fach.
Stoca / Siriol
Is í an bhean ghrinn Mary Flanigan a rinne guthú ar an gcarachtar Stoca i nGaeilge agus i mBéarla. Chuir a stíl bhríomhar agus a scil mhór i dtaobh an ghrinn go mór leis an ról. I measc a cuid saothar don scáileán agus don raidió go dtí seo tá Soft Border Patrol (Sraith 3) BBC TÉ, bhí sí ina scríbhneoir agus ina príomhaisteoir in The Rest of Us ar Radio 4, agus bhí páirt aici le déanaí in Parish Matters.
Ba í Clare Hingott a rinne Siriol a ghuthú i mBreatnais, agus chuir sí neart grinn agus spraoi leis an bpáirt sin. Is aisteoir agus amhránaí snagcheoil í Clare. Tá eolas ag daoine uirthi mar gheall gurb í atá i bpáirt Cheryl, banaltra a bhfuil acmhainn grinn thirim aici sa chlár Stella ar Sky 1. Rinne Clare na carachtair Tiny Buds/Egin Bach a ghuthú le déanaí chomh maith do ITVX agus S4C i gcomhar le Bumpy Box.
Daid
Is é Conor Mac Neill a rinne guthú i nGaeilge agus i mBéarla ar Dhaid, agus chuir sé croí agus láíocht sa charachtar. Aisteoir é Mac Neill as Tuaisceart na hÉireann, a bhfuil cáil air i ngeall ar na tionscadail mhóra a raibh páirt aige iontu lena n-áirítear Industry (BBC/HBO), The Sixth Commandment, The Tourist, Derry Girls, an scannán Belfast a bhain gradam Oscar amach, agus Outlander:Blood of My Blood.
Ba é Dion Davies a rinne Daid a ghuthú sa Bhreatnais, agus chuir a stíl lách go mór leis an ról croíúil. Aisteoir stáitse agus teilifíse é Dion, a raibh páirteanna aige in iliomad sraitheanna teilifíse, Pobol y Cwm ar S4C ina measc. Tá cáil air mar gheall ar na sraitheanna do pháistí Y Doniolis agus Jen a Jim. Tá guthú déanta aige do go leor sraitheanna beochana eile freisin. Is é Davies cailleach na geamaireachta in Hereford faoi láthair.
Oisín / Osian
Dannan Flynn a rinne guthú ar an gcarachtar tacaíochta Oisín i nGaeilge agus i mBéarla. Cuireann sé go leor beochta sa ról go fuinniúil, spraíúil. Tá sé le feiceáil i Dar le Daideo ar Cúla 4 faoi láthair. I measc saothair eile a raibh sé ag aisteoireacht iontu le déanaí tá an gearrscannán beochana Pals do RTÉ, agus Cois Cladaigh a bheidh á chraoladh ar Cúla 4 in 2026.
Albi Morgan a rinne guthú i mBreatnais ar Osian. Chuir sé an-bheocht agus spraíúlacht sa ról. Is é Albi an duine is óige den fhoireann aisteoirí gan é ach 8 mbliana d’aois. Is é seo an chéad tionscadal guthaithe dá chuid.
Teagmháil do na Meáin:
TG4: Áine Lally | Communications Manager TG4 | aine.lally@tg4.ie
BBC Northern Ireland: Michelle Loughran | Michelle.Loughran01@bbc.co.uk
S4C: Tomos Evans | tomos.evan@s4c.cymru