Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

An dara sraith den dráma coireachta Crá coimisiúnaithe ag TG4 agus BBC Thuaisceart Éireann

12.11.25


Pic: Cíaran Charles, Karen Kirby, Seán Ó Baoill, Máire Ní Chonláin agus Áine Walsh ag an Belfast Media Festival (Creidiúint: Phil Smyth Photography)
 

Ag ócáid níos luaithe inniu le linn Fhéile Meán Cumarsáide Bhéal Feirste, fógraíodh go bhfuil an dara sraith de Crá, dráma coireachta, coimisiúnaithe ag BBC Thuaisceart Éireann agus TG4.

Cuirfear tús leis an scannánaíocht don tsraith sé chlár i gContae Dhún na nGall i dtús na bliana 2026.

Fíbín Media agus Fíbín Films NI Ltd a léiríonn Crá do TG4 agus do BBC Gaeilge le cabhair airgid ó Fhís Éireann, ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, ó Choimisiún na Meán agus ó na dáileoirí About Premium Content (APC).
 
Deir Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4: “Is breá linn Crá a fheiceáil ar ais leis an dara sraith. Fuair an chéad séasúr greim ar an lucht féachana lena chur i láthair, sa chruthaitheacht agus i gcineál an ghrinn agus le Richie Conroy agus Philip Doherty i mbun mheitheal speisialta cruthaitheachta, tá muid cinnte go mbeidh cláir spéisiúla dhrámaíochta a bhaineann go háirithe le hÉirinn le feiceáil ag an lucht féachana arís leis an dara sraith.”
 

Deir Karen Kirby, Feidhmeannach Coimisiúnaithe le BBC Gaeilge: “Ba é Crá an chéad sraith dhrámaíochta coirscéalta i nGaeilge a craoladh ar BBC One Thuaisceart Éireann, BBC iPlayer agus BBC Four agus tar éis moladh chomh mór ón lucht féachana, is iontach an scéal go bhfuil an dara sraith ar na bacáin. Is fada liom go bhfeicfidh mé an casadh a bheidh sa scéal a chuirfear os comhair an lucht féachana sa dara sraith.”
 

Is iad Ciarán Charles agus Darach Ó Tuairisg thar ceann Fíbín Media agus Méabh Nic Alastair thar ceann Fíbín Films NI a léireoidh an dara sraith de Crá.

I mbun scríbhneoireachta don tsraith nua, beidh Richie Conroy (Crá sraith a haon, Leonard & Hungry Paul), Sarah Gordon agus Damian McCann (Aontas) agus Noel McCann (Blue Lights) agus Philip Doherty (Stiúrthóir Crá sraith a haon), agus tá Aoife Nic Ardghail, aisteoir agus bean scannánaíochta, ag teacht ar an bhfoireann chomh maith.
 

Deir Darach Ó Tuairisg, Léiritheoir Feidhmiúcháin: “Tá Fíbín Media thar a bheith sásta Crá a thabhairt ar ais don dara sraith ionas go gcuirtear leis an spéis a cruthaíodh sa chéad séasúr. Tá an-ríméad orainn a bheith ag obair arís le cliar iontach aisteoirí agus le criú na chéad sraithe, chomh maith le fáiltiú roimh dhaoine nua cumasacha ar an bhfoireann.”
“Chuaigh an saol dorcha faoi leith a cruthaíodh i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana agus tá muid buíoch dár gcuid páirtnéirí uilig as an gcúnamh leanúnach ionas gur féidir an dráma sainiúil Gaeilge seo a léiriú. Tá i ndán gur mó arís an t-ábhar iontais a bhainfidh leis an dara sraith.”

 

Deir Kate McColgan, Ceannasaí Teilifíse, Fís Éireann: “Is iontach an rud é Crá a fheiceáil ar ais ar an scáileán leis an dara sraith. Is sárshaothar teilifíse Gaeilge an tsraith seo a bhuaigh gradaim le scripteanna iontacha, daoine cumasacha os comhair an cheamara agus taobh thiar den cheamara agus láithreacha scannánaíochta sceirdiúla i nDún na nGall. Is cúis áthais dúinn gur féidir é a fheiceáil anois i 68 dtír ar fud an domhain. Is ábhar mórtais ag Fís Éireann cuidiú le saothar Fíbín Media agus Fíbín Films NI.”
 

Deir Áine Walsh, Ceannasaí Chiste Craoltóireachta na Gaeilge le Scáileán Thuaisceart Éireann: “Is cúis ríméid ag Ciste Craoltóireachta na Gaeilge seasamh leis an dara sraith den dráma gradamúil Crá. Tharraing an chéad sraith aird an lucht féachana ar TG4 agus ar an BBC, agus i líon níos mó ná 60 dlínse ar fud an domhain, leis na scéalta spéisiúla agus an taobh tíre sceirdiúil i nDún na nGall. Is breá an rud é forás leanúnach ar earnáil drámaíochta na Gaeilge sa Tuaisceart a fheiceáil agus táthar ag tnúth le toradh acmhainn cruthaitheachta na scríbhneoirí, na n-aisteoirí agus na léiritheoirí a fheiceáil arís leis an dara sraith.”
 

Dúirt Rónán Ó Domhnaill, an Coimisinéir um Fhorbairt na Meán i gCoimisiún na Meán: “Tá an-ríméad orainn an tacaíocht leanúnach seo a chur ar fáil don dara sraith seo de ‘Crá’ faoi Scéim Maoinithe Fuaim & Fís. Cuirfidh an maoiniú seo ar a gcumas drámaíocht Ghaeilge, atá cumhachtach, saibhir ó thaobh cultúir agus a bheidh léirithe anseo sa bhaile, a chur ar fáil a mbainfidh an lucht féachana an-sult aisti.”
 

Is iad Darach Ó Tuairisg thar ceann Fíbín Media, Karen Kirby thar ceann BBC Thuaisceart Éireann agus Máire Ní Chonláin thar ceann TG4 na Léiritheoirí Feidhmiúcháin.

 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: