Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

An scoth de chláir faisnéise, scannáin, ceol, spórt agus siamsaíocht do dhaoine óga romhat ar TG4 agus ar Cúla4 an Nollaig seo

Tá sceideal suntasach fhéile na Nollag foilsithe ag TG4 le meascán breá de chláir faisnéise, de chláir speisialta ceoil agus de scannáin do dhaoine de gach aoisghrúpa. 

08.12.25

Íomhánna: TG4 agus Cúla4 an Nollaig seo

Tá sceideal suntasach fhéile na Nollag foilsithe ag TG4 le meascán breá de chláir faisnéise, de chláir speisialta ceoil agus de scannáin do dhaoine de gach aoisghrúpa. 

Tá téagar faoi leith i gcláir faisnéise na bliana seo. Is portráid nua d’aisteoir iomráiteach Hollywood Gene Kelly – Réalt an Rince agus is ócáid faoi leith i stair scéalaíocht an scáileáin in Éirinn Scannán Cine4: Fidil Ghorm a thaispeáint ar an teilifís den chéad uair.

Ríomhtar ar George Best i gCorcaigh an scéal faoi thréimhse an imreora sacair sin i gCorcaigh, tréimhse nach raibh coinne leis, agus leis an mBliain Úr tagann Cartlann Christy Moore, machnamh mionchúiseach fíorphearsanta á dhéanamh ag duine de na ceoltóirí is ansa le muintir na hÉireann.

Caithfear go maith le lucht an cheoil freisin le réimse iontach de chláir fhéiltiúla agus de chláir chultúir. Beidh an chuid is fearr de cheol na hÉireann le feiceáil os comhair lucht éisteachta an domhain mhóir ar Gradam Ceoil TG4 @ Expo 25 as an tSeapáin agus leanfaidh Ceiliúradh ar Mhicheál D Ó hUigínn sin, clár ómóis ón gcroí maidir le hoidhreacht chultúir an iar-Uachtaráin.

Feicfear roinnt de na cláir fhéiltiúla a mbíonn tóir mhór orthu ar ais le Geantraí na Nollag 2025 ó Eastát na Droma Riabhaigh, ANÚNA: A Whisper of Paradise agus Fleadh 25 – Na Bannaí Céilí. Leantar leis an gceiliúradh isteach san athbhliain le Bláth na hÓige An Turas go Lorient, ina léirítear ceoltóirí de chuid na hÉireann i gceartlár fhéile Interceltique na Briotáine.
 

CLÁIR FAISNÉISE AR TG4 AN NOLLAIG SEO


Gene Kelly

Gene Kelly – Réalt an Rince

DÉARDAOIN 25/12/25 – LÁ NOLLAG – 10.05pm

Bhí aithne mhór ar Gene Kelly in Hollywood. Aisteoir, damhsóir, amhránaí agus stiúrthóir a bhí ann a chuir cuid de na ceoldrámaí is fearr riamh ar stáitse. Bhí Kelly an-bhródúil gur as Éirinn a tháinig a mhuintir agus is minic a tháinig sé go hÉirinn ar saoire. Bhí an-suim aige i stair, cultúr agus damhsa na hÉireann. Tugtar léargas ar a shaol sa gclár faisnéise seo.
 

George Best

George Best i gCorcaigh

DÉ hAOINE 26/12/25 – 8.15pm

Blaisín: George Best

Clár faisnéise faoin tréimhse a chaith George Best ag imirt do Cork Celtic, ag comóradh 50 bliain ó d’imir sé i Sraith na hÉireann. Tá agallaimh eisiacha agus píosaí scannánaíochta ón gcartlann de Best ag imirt le Cork Celtic le feiceáil sa gclár. Ba é an t-imreoir sacair is fearr ar domhan é, ba mhór a cháil agus bhí saol na bhfuíoll aige. D’imir sé le Manchester United ar feadh 11 bliain agus bhí an domhan mór ag faire air go bhfeicfí céard a dhéanfadh sé nuair a d’imigh sé uathu. Mar a tharla sé, bhí rún aige seal a chaitheamh i gCorcaigh.
 

Against All Odds 1 Againt All Odds Against All Odds 3

Ceiliúradh ar Mhicheál D Ó hUiginn

DÉ SATHAIRN 3/1/26 – 9.00pm

Tháinig cuid de na ceoltóirí is fearr sa tír le chéile sa gCeoláras Náisiúnta i mí Mheán Fómhair 2025 chun albam d’fhilíocht ó bhéal le Micheál D Ó hUigínn ‘Against All Certainty’ a sheoladh. Feicfear leithéidí Paula Meehan agus Sebastian Barry ag léamh dánta ón mbailiúchán agus beidh ceol ó Mary Coughlan, Paul Brady, Imelda May, Rónán Ó Snodaigh agus Andy Irvine ar an gclár freisin. Bhí Ceolfhoireann Náisiúnta na hÉireann, faoi stiúir David Brophy, ag tionlacan gach a bhí ar stáitse ag an ócáid. Á chur i láthair ag Tommy Tiernan.
 

CEOL AR TG4 AN NOLLAIG SEO

Expo 25 Expo 25 Ceol na Nollag 3

Gradam Ceoil TG4 @ Expo 25

DÉ DOMHNAIGH 21/12/25 – 9.30pm

Déanfar ceiliúradh ar na ceangail chultúrtha atá idir Éire agus an tSeapáin sa gceolchoirm seo. Beidh buaiteoirí Ghradam Ceoil TG4 2025 chomh maith le damhsóirí agus ceoltóirí tradisiúnta ón tSeapáin ar stáitse le chéile. Seinnfidh Siobhán Peoples, Matt Cranitch, Cathy Jordan, Colm Broderick, Johnny Óg Connolly, Flook agus Kozo Toyota píosa nuachumtha chun ómós a thabhairt don scríbhneoir Patrick Lafcadio Hearn. Beidh amhránaíocht as Okinawa, drumadóireacht Taiko agus damhsa Bon Odori fite fuaite le ceol traidisiúnta na hÉireann. Á chur i láthair ag Áine Hensey.
 

Cartlann Christy Moore Cartlann Christy Moore Cartlann Christy Moore 3

Cartlann Christy Moore

DÉ CÉADAOIN 31/12/25 – OÍCHE CHINN BHLIANA – 10.10pm

Blaisín: Cartlann Christy Moore

Labhraíonn an t-amhránaí mór le rá Christy Moore le Liam O’Connor atá ina stiúrthóir ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann chun súil siar a chaitheamh ar a shaothar ceoil. Tá a chartlann phearsanta féin bronnta ag Christy ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann agus tugtar léargas ar a chruthaíocht agus ar a choinsias sóisialta trína lámhscríbhinní, taifeadtaí, litreacha, seitliostaí agus liricí nach bhfacthas riamh cheana. Beidh cuid de mhórcheoltóirí na hÉireann ar an gclár freisin chun oidhreacht cheoil Christy Moore a cheiliúradh.
 

Geantraí na Nollag 1 Geantraí na Nollag 2 Geantraí na Nollag 3

Geantraí na Nollag 2025

DÉARDAOIN 25/12/25 – LÁ NOLLAG – 7.00pm

Ceiliúradh ar bheagnach 30 bliain ó cuireadh tús leis an tsraith Geantraí. Bíonn an-tóir ar an tsraith ceoil thraidisiúnta seo i gcónaí agus is iomaí ceoltóir agus amhránaí mór le rá a bhí ar an gclár le blianta anuas. Is in Eastát an Droma Riabhaigh i gContae Mhaigh Eo a chuirfear clár speisialta na Nollag 2025 i láthair agus beidh ceoltóirí agus amhránaithe den chéad scoth ar an gclár.
 

Bláth na hÓige An Turas go Lorient Bláth na hÓige An Turas go Lorient 2

Bláth na hÓige An Turas go Lorient

DÉARDAOIN 1/1/26 -LÁ CAILLE – 8.45pm

Clár faisnéise faoi Bhláth na hÓige agus iad ag triall ar Fhéile Idircheilteach Lorient sa mBriotáin. Buailfidh siad le ceoltóirí as an áit chun blaiseadh a fháil de chultúr na Briotáine agus feicfear an banna ag fáil faoi réir chun tabhairt faoin stáitse ag an bhféile Cheilteach is mó ar domhan. Rogha ceoil le téama an gheimhridh, cuid de na carúil Nollag is cáiliúla ar domhan san áireamh. Is in 2020 a rinneadh taifeadadh ar an gclár seo mar chuid de shraith ar líne a rinne an cór Voces8 as an mBreatain. Is é an cumadóir as Baile Átha Cliath Michael McGlynn a chóirigh an ceol agus is i Séipéal San Parthalán i nDroichead na Dothra a rinneadh taifeadadh ar an gclár.

Bláth na hÓige Ar Stáitse in Lorient

DÉ hAOINE 2/1/26 – 8.50pm

Tugadh cuireadh do Bhláth na hÓige casadh ag Féile Idircheilteach Lorient i Lúnasa 2025. Is í seo an fhéile Cheilteach is mó ar domhan agus bíonn suas le milliún duine i láthair gach bliain. Feicfear Bláth na hÓige ag casadh ag a gcéad fhéile idirnáisiúnta sa gclár seo. Beidh Megan Nic Ruairí, Máire Ní Churraoin, Caoimhe Ní Fhlatharta, Méabh Ní Bheaglaoich, Piaras Ó Lorcáin, Cathal Ó Curráin, Colm Mac an Iomaire agus Síle Denvir le feiceáil ar an gclár.

Cuas in Lorient

DÉ LUAIN 29/12/25 – 8.45pm

Is ceathrar as Corca Dhuibhne atá sa mbanna ceoil Cuas agus tháinig siad le chéile in 2024 chun albam a thaifeadadh. Is iad Niamh Varian Barry, Méabh Ní Bheaglaoich, Nicole Ní Dhubhshláine agus Kyle Macaulay atá sa mbanna agus tá an-tóir orthu in Éirinn agus thar lear. Feicfear ar stáitse ag an bhFéile IdirCheilteach in Lorient na Briotáine i mí Lúnasa 2025 iad sa gclár seo.
 

Anúna 1 Anúna 2

ANÚNA, A Whisper of Paradise

DÉ CÉADAOIN 24/12/25 OÍCHE NOLLAG – 4.20pm

Rogha ceoil le téama an gheimhridh, cuid de na carúil Nollag is cáiliúla ar domhan san áireamh. Is in 2020 a rinneadh taifeadadh ar an gclár seo mar chuid de shraith ar líne a rinne an cór Voces8 as an mBreatain. Is é an cumadóir as Baile Átha Cliath Michael McGlynn a chóirigh an ceol agus is i Séipéal San Parthalán i nDroichead na Dothra a rinneadh taifeadadh ar an gclár.
 

Bannaí Céilí Fleadh 25 1 Bannaí ceilí Fleadh 25 2

Fleadh 25 – Na Bannaí Céilí

DÉ CÉADAOIN 24/12/25 OÍCHE NOLLAG – 8.45pm

Buaicphointí agus ceol ón 12 banna céilí a ghlac páirt i gComórtas Sinsir na mBannaí Céilí ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2025. Á chur i láthair ag Freda Hatton.
 

Tráthnóna le Éilís Ní Chinnéide

DÉ DOMHNAIGH 28/12/25 – 8.45pm

Oíche cheoil agus amhráin i dteannta Éilís Ní Chinnéide as Daingean Uí Chúis. Beidh ceoltóirí ar nós Peter Blanchette, Eamon McElholm, Matt Griffin, Jeremy Spencer, Donogh Hennessy, Laurence Courtney agus Pauline Scanlon i dteanna Éilis i dteach tábhairne a muintire, John Benny’s.
 

CEOL & DAMHSA Ó OIREACHTAS NA SAMHNA

Oireachtas um Nollag 1 Oireachtas um Nollag 2 Oireachtas um Nollag 3

Steip na nÓg 2025

DÉ SATHAIRN 27/12/25 – 3.25pm

Buaicphointí ó chomórtais Steip do dhaoine óga ag Oireachtas na Samhna 2025.
 

Cúl Stáitse – Oireachtas 2025

DÉ LUAIN 29/12/25 – 7.15pm

Is iomaí athrú agus is mór an fás atá tagtha ar fhéile an Oireachtais ach mar sin féin feictear iomaitheoirí ag tabhairt faoin stáitse chun amhrán a chasadh, steip a dhéanamh nó lúibín a rá mar rinne na daoine ar fad a ghlac páirt san Oireachtas ó bunaíodh é in 1897. Ghlac níos mó ná 1,000 duine páirt sa bhféile i mBéal Feirste i mbliana agus feictear iad ar chúl stáitse sa gclár seo agus iad ag fáil faoi réir beart a dhéanamh. Feicfear idir shean agus óg, iomaitheoirí nua agus dream eile atá ag triall ar an Oireachtas le fada.
 

Steip 2025

DÉARDAOIN 1/1/26 – LÁ CAILLE – 3.25pm

Buaicphointí ó chomórtas Steip ag Oireachtas na Samhna 2025 i mBéal Feirste.
 

Corn Uí Riada 2025

DÉ SATHAIRN 3/1/26 – 3.30pm

Súil siar ar Chorn Uí Riada 2025, an príomhchomórtas amhránaíochta a bhíonn ag Oireachtas na Samhna.
 

SCANNÁIN DEN SCOTH AR TG4 AN NOLLAIG SEO

Fidil Ghorm Fidil Ghorm

Scannán Cine4: Fidil Ghorm

DÉARDAOIN 25/12/25 – LÁ NOLLAG – 8.30pm (Première teilifíse)

(2024 Dráma) Is iad Edith Lawlor, Ruadhán Ó Flatharta, Barry Mc Govern, Siobhán O’Kelly agus Aindrias De Staic na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Anne McCabe. Scannán faoi chailín óg a cheapann go dtiocfaidh a hathair as cóma má chasann sí an fhidil dó. Éiríonn Molly fiosrach nuair a chloiseann sí dochtúir ag insint dá máthair nach ndúiseoidh a hathair mura dtarlaíonn míorúilt. Tá seanfhear cantalach ina chónaí san ionad athshlánúcháin freisin agus nuair a fhaigheann Molly amach gur togha fidléara a bhí ann le “draíocht ina lámha” iarrann sí air an fhidil a mhúineadh di.
 

Scannán Cine4: An Cailín Ciúin

DÉ LUAIN 22/12/25 – 9.45pm

(2022 Dráma) Is iad Carrie Crowley, Andrew Bennett agus Catherine Clinch na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Choilm Bhairéid. Cuirtear Cáit chun bealaigh chun an samhradh a chaitheamh le gaolta léi. Cé nach mbíonn dáimh aici lena teaghlach nua i dtús ama ní fada go mbíonn siad ar fad mór le chéile agus cuireann Cáit an chúthaileacht di. Bunaithe ar an ngearrscéal ardmholta Foster le Claire Keegan.
 

CLÁIR FAISNÉISE SPÓIRT & SPÓRT BEO AR TG4 AN NOLLAIG SEO

GAA 70's Réabhlóid Sóisialta GAA 70's Réabhlóid Sóisialta

GAA 70’s – Réabhlóid Sóisialta

DÉ LUAIN 22/12/25 – 7.45pm agus DÉ MÁIRT 30/12/25 – 9.00pm

Tugtar léargas ar an mborradh a tháinig ar pheil Ghaelach sna 70idí chomh maith leis an tionchar socheolaíoch a bhí aige sin ar mhuintir na hÉireann. Insíonn iar-imreoirí na Gaillimhe scéalta nár insíodh cheana agus iad ag filleadh ar Pháirc an Chrócaigh chun súil a chaitheamh siar ar an gcoimhlint a bhí idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath ag an am. Caithfear súil siar freisin ar an ngéarchoimhlint a bhí idir Ciarraí agus Baile Átha Cliath. Tá an tréimhse ar cheann de na réanna is tábhachtaí i stair an CLG. (Ateangaireacht TCÉ ar fáil.)
 

Clann na nGael Clann na nGael

Clann na nGael

DÉ hAOINE 26/12/25 – 7.15pm

Tá Comórtas Peile na Gaeltachta ar cheann de hócáidí bliantúla is mó do mhuintir na Gaeltachta agus do lucht leanta peile. Is i Ráth Chairn Glas na Mí a bhí an Comórtas in 2025 agus an fhoireann áitiúil Clann na nGael ag cur fáilte roimh chách chuig an bhféile. Feicfear imreoirí, bainisteoirí agus lucht leanúna sa gclár faisnéise seo agus iad ag iarraidh corn a chrochadh leo. Feicfear lucht eagraithe i mbun oibre freisin chun ócáid pheile agus chultúrtha den scoth a chur ar bun.
 

Rugbaí Beo

DÉ SATHAIRN 20/12/25 -1.25pm agus 3.55pm agus 7.40pm

Craoladh beo ó Cape Town ar an gcluiche idir na Stormers agus na Lions sa gCraobh Rugbaí Aontaithe. Cuirfear tús leis an gcluiche ag 13:30.

Craoladh beo ó Durban ar an gcluiche idir na Sharks agus na Bulls sa gCraobh Rugbaí Aontaithe. Cuirfear tús leis an gcluiche ag 16:00.

Craoladh beo ó Newport ar an gcluiche idir na Dragons agus Cúige Chonnacht sa gCraobh Rugbaí Aontaithe. Cuirfear tús leis an gcluiche ag 19:45.
 

DÉ SATHAIRN 27/12/25 – 5.00pm

Craoladh beo ó Staid Dexcom ar an gcluiche idir Cúige Chonnacht agus Cúige Uladh sa gCraobh Rugbaí Aontaithe. Cuirfear tús leis an gcluiche ag 17:30.
 

DÉ SATHAIRN 3/1/26 – 1.25pm agus 5.00pm

Craoladh beo ó Durban ar an gcluiche idir na Sharks agus na Lions sa gCraobh Rugbaí Aontaithe. Cuirfear tús leis an gcluiche ag 13:30.

Craoladh beo ó Staid Aviva ar an gcluiche idir Cúige Laighean agus Cúige Chonnacht sa gCraobh Rugbaí Aontaithe. Cuirfear tús leis an gcluiche ag 17:30.
 

GAA Beo

DÉ DOMHNAIGH 21/12/25 – 1.00pm agus 3.10pm

Craoladh beo ar Chluichí Leathcheannais Iomána na hÉireann i gCraobh na gClubanna AIB. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill.
 

Cluichí na Bliana

DÉ LUAIN 29/12/25 – DÉ hAOINE 2/1/26 – 4.00pm

Súil siar ar na cluichí CLG is fearr ó 2025: Cluiche Leathcheannais na hÉireann i bPeil na mBan idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh.

Súil siar ar na cluichí CLG is fearr ó 2025: Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann idir Corcaigh agus Tiobraid Árann i bPáirc an Chrócaigh.

Súil siar ar na cluichí CLG is fearr ó 2025: Cluiche Ceannais Peile na hÉireann idir Ciarraí agus Dún na nGall i bPáirc an Chrócaigh.

Súil siar ar na cluichí CLG is fearr ó 2025: Babhta 1 de Chraobh Iomána na Mumhan idir Tiobraid Árann agus Luimneach i Staid Semple.
 

CÚLA4 – SCANNÁIN DO NA DAOINE ÓGA AN NOLLAIG SEO


Scannáin Ghaeilge an Nollaig seo
NOLLAÍ – Scannán nua ar Cúla4 an Nollaig seo

Cúla4 um Nollag Cúla4 um Nollag Cúla4 um Nollag

Scannán: Shrek

Oíche Nollag 24/12 @ 17:25

(2001, Beochan) Leagan Gaeilge: Is gruagach é Shrek atá ina chónaí leis féin sa gcoill agus tá faitíos ag muintir Duloc ar fad roimhe. Bíonn suaimhneas breá aige go dtí go ndíbríonn an Tiarna Farquaad gach a bhfuil sna scéalta sí isteach sa gcoill. Ní mó ná sásta a bhíonn Shrek agus socraíonn sé rud éigin a dhéanamh faoi!

Nollaí

Lá Nollag 25/12 @ 16:50

Is gnáthfhia é Nollaig nó Nollaí mar is fearr aithne air. Tá sé cineál ard b’fhéidir ach is mórchnámhach atá sé a deirtear leis. Bíonn saol maith ag Nollaí ar an bhfeirm lena theaghlach daonna, sin go bhfaigheann sé amach go bhfuil an baol ann gur fia mór na mbeann é! Téann Nollaí ar aistear chun fáil amach cá as a dtáinig sé ach déanann sé dearmad ar an teaghlach a thóg é. (Scannán Nua Beochana Gaeilge)

Scannán: Kung Fu Panda

Lá Nollag 25/12 @ 17:20

(2008, Beochan) Leagan Gaeilge: Is é Po an panda is leisciúla agus is místuama i nGleann an tSuaimhnis, ach ba bhreá leis a bheith ina laoch cung fú. Nuair a bhagraíonn an liopard sneachta mailíseach Tai Lung tír dhúchais Po a ionsaí, roghnaítear an panda mí-ámharach le Gleann an tSuaimhnis a chosaint.

Scannán: Dr Seuss’ The Lorax

Lá Fhéile Stiofáin 26/12 @ 17:30

(2012, Beochan) Leagan Gaeilge: Is iad Séamus Ó Scanláin, Gearóid Kavanagh agus Pól Ó Gríofa atá i mbun ghlór na bpríomhcharachtar sa scannán seo faoi stiúir Eoin Mac Diarmada. Tá Ted, atá 12 bhliain, ag cuardach crann speisialta don chailín is ansa leis ach níl aon chrann ag fás ar an mbaile níos mó mar sin is cinnte gur dúshlán mór a bheidh anseo!

Scannán: Ice Age: Continental Drift

Lá Caille 1/1/26 @ 17:25

(2012 Beochan) Leagan Gaeilge: Téann Manny, Diego agus Sid ar eachtra eile nuair a thosaíonn an mór-roinn ag bogadh. Casfar ainmhithe mara orthu agus beidh orthu foghlaithe mara a sheachaint agus cnoc oighir mar bhád acu.
 

Teagmháil do na Meáin:
Áine Lally | Communications Manager TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríofa | Communications Editor TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: