Preas
An-tóir go deo ar an gcoirscéinséir Gaeilge CRÁ – Díolta le hardáin i 68 dtír agus ag sruthú go hidirnáisiúnta
10.06.25
CRÁ – Féach air ANSEO
Tá an-tóir ar fud an domhain ar CRÁ, an dráma coireachta Gaeilge de chuid TG4, atá díolta anois le hardáin i 68 dtír agus atá ag sruthú faoin ainm idirnáisiúnta Boglands. Tá an tsraith sé chuid seo tar éis craoltóirí agus lucht féachana araon a mhealladh, agus tá cearta ar an tsraith faighte anois ag ardáin mhóra amhail ARTE sa Fhrainc agus AMC Networks / Acorn TV sna Stáit Aontaithe. Tá ‘CRÁ’ á shruthú i nGaeilge le fotheidil sna Stáit Aontaithe agus san Astráil faoi láthair, ag tabhairt ardán do scéalaíocht chomhaimseartha na Gaeilge. Le súil tógáil ar rath na chéad sraithe, tá na léiritheoirí agus na craoltóirí ag brú anois chun tús a chur le scannánú shéasúr 2 i dtús na bliana 2026.
Cuireadh fearadh na fáilte roimh chéad léiriúchán CRÁ ar TG4 agus ar Seinnteoir TG4 (TG4.ie) ar dtús an 11 Samhain, 2024, agus tá daoine fós ag baint ardtaitneamh as. Le súil tógáil ar rath na chéad sraithe, tá na léiritheoirí agus na craoltóirí ag brú anois chun tús a chur le scannánú shéasúr 2 i dtús na bliana 2026.
Scéal faoi Rúin, Tost agus Ceart agus Cóir
Suite i dtírdhreach álainn Dhún na nGall, insíonn CRÁ scéal an Gharda Conall Ó Súilleabháin (Dónall Ó Héalaí – Monster, Foscadh), atá sáite, dá bhuíochas, i gcás an-phearsanta nuair a aimsítear corp a mháthar, Sabine, cúig bhliana déag tar éis a báis. Cuirtear cosc air tabhairt faoin imscrúdú oifigiúil agus dá bhrí sin, téann Conall i gcomhar le Ciara-Kate (Hannah Brady), iriseoir ceanndána a bhaineann leas as a podchraoladh faoi choirscéalta a tharla chun na rúin is dorcha sa sráidbhaile a nochtadh.
De réir mar a théann an bheirt go domhain sa scéal, ní fada go dtuigeann siad nach mórán fonn cainte atá ar bpobal faoi agus go bhfuil coimhlint mhorálta i gceist. Cuirtear gach cor agus casadh san imscrúdú i láthair go poiblí ar phodchraoladh Ciara-Kate, agus tagann coimhlint chun cinn idir an ní a cheart a bheith príobháideach agus poiblí. An dtiocfaidh an fhírinne chun cinn nó an bhfanfaidh rúin áirithe faoi cheilt go deo?
Cliar chumasach a bhfuil duaiseanna buaite aici
Tá cliar den scoth i CRÁ ina measc Dónall Ó Héalaí, Alex Murphy (The Young Offenders), agus an réalta thar oíche Hannah Brady mar Ciara-Kate. I measc na n-aisteoirí tacaíochta tá Barry McGovern (Obituary), Róisín Murphy (Vikings), Tara Breathnach (Borderline, Dune 2), Caoimhe Farren (The Woman in the Wall), agus Alan Mahon (King Frankie).
Ba iad Doireann Ní Chorragáin agus Richie Conroy (Fran the Man) a scríobh an chéad sraith, a stiúraigh Philip Doherty (Redemption of a Rogue), agus a léirigh Ciarán Charles. I measc na léiritheoirí feidhmiúcháin tá Darach Ó Tuairisg ó Fíbín Media, Máire Ní Chonláin ó TG4, agus Karen Kirby ó BBC Thuaisceart Éireann.
Aitheantas Idirnáisiúnta agus Tionchar Cultúir
Arna choimisiúnú ag TG4 agus BBC Thuaisceart Éireann, fuair CRÁ tacaíocht ó Fhís Éireann, ó Choimisiún na Meán, ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, agus faoi Dhreasacht Chánach na hÉireann don Scáileán Cruthaitheach. Is iad APC (About Premium Content) atá i mbun dáileadh idirnáisiúnta, agus tá Boglands anois ar cheann de na drámaí coireachta i dteangacha iasachta is mó a bhfuil suntas á thabhairt dó.
“Bhí a fhios againn ón gcéad lá gur mba sraith ar leith a bheadh i CRÁ,” a dúirt Darach Ó Tuairisg, Léiritheoir Feidhmiúcháin Fíbín Media. “Is mistéir nua-aimseartha é atá suite in áit ar leith in Éirinn, a léiríonn scoth na tallainne as Éirinn. Á taispeáint anois in 68 dtír, tá sí ar an gcéad sraith Ghaeilge a craoladh ar BBC Network agus tá sí á craoladh i gcríocha amhail na Stáit Aontaithe agus an Astráil sa bhunteanga, is léiriú é sin ar neart na meithle cruthaithí agus ar an tsuim atá ar fud an domhain i scéalta tarraingteacha bunaidh Gaeilge.”
Tá tionchar idirnáisiúnta na sraithe molta ag: Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4:
“Is ábhar bróid é do TG4 agus do mheán seirbhíse poiblí na Gaeilge an rath atá ar CRÁ ar fud an domhain. Léiríonn sé an tarraingt uilíoch atá ar scéalta cruthaitheacha Gaeilge. Léiríonn CRÁ tiomantas TG4 d’ábhar tarraingteach a chur ar fáil lasmuigh d’Éirinn agus pobal na Gaeilge, agus tá lúcháir orainn go bhfuil CRÁ ar fáil anois do lucht féachana domhanda.”
Dar le Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe i TG4:
“Táimid thar a bheith bródúil as meitheal agus as cliar CRÁ, a bhfuil an scéal cumhachtach seo tugtha chun beatha acu lena gcuid tallainne agus dúthrachta. Is mar gheall ar a gcuid oibre agus a gcruthaitheacht a bhfuil rath ar an tsraith, sa bhaile agus go hidirnáisiúnta. Is sampla den chéad scoth an tsraith seo den tóir agus den comhbhá atá ar fud an domhain le scéalaíocht na Gaeilge.”
Fuaimrian agus Eispéireas Ilmheán
Chomh maith le rath a bheith ar an tsraith ó thaobh an chláir féin, tá seinnliosta eisiach ag CRÁ ar Spotify don lucht leanúna, seinnliosta a bhfuil ceol bunaidh a cumadh go speisialta don tsraith air. Leagadh amach an fuaimrian le go dtabharfadh an ceol léiriú ar bhuaicphointí mothúchánacha an scéil, aistear fuaime tumthach a thugann an t-éisteoir isteach i gcroílár shaol CRÁ.
Eolas faoin tsraith
· Teideal (Éire): CRÁ
· Teideal Idirnáisiúnta: Boglands
· Eipeasóidí: 6 x 45 nóiméad
· Teanga: Gaeilge (le fotheidil go hidirnáisiúnta)
· Suíomh Scannánaíochta: Gaoth Dobhair, Dún na nGall
Teagmháil do na meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie