Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Ardú Mór ar an Lucht Féachana ar Líne maidir le Clúdach TG4 ar Oireachtas na Samhna 2025

07.11.25


 

Féach ar chlúdach den Oireachtas anseo: https://nasc.tg4.tv/OnaS25
 
D’éirigh thar barr le clúdach cuimsitheach TG4 ar Oireachtas na Samhna 2025 ar a chuid ardán go léir leis an lucht féachana ag faire go fonnmhar chun an chuid is fearr de chultúr, de chruthaitheacht agus de phobal na hÉireann a cheiliúradh.

Shroich cláir Oireachtas na Samhna beagnach 200,000 duine den lucht spéise ar sheirbhís líneach teilifíse TG4, buaicphointí ar nós Steip, Lár Stáitse 2025, 7LÁ agus Nuacht TG4 ina measc.

Bhí ardú ollmhór ar líon na sruthanna agus ar an méid caidrimh a spreagadh maidir le comórtais #OnaS25 ar ardáin dhigiteacha uile TG4, TG4.ie, YouTube, agus Facebook Live ina measc, i gcomparáid le 2024.
 
NA MEÁIN SHÓISIALTA

Bhí ardú go háirithe ar ghníomhaíocht an lucht spéise ar na meáin shóisialta. Bhain ábhar a bhain leis an Oireachtas ar fud chainéil shóisialta TG4, Molscéal, TG4 Trad, Cúla4, BLOC, Foghlaim TG4 agus Nuacht TG4 níos mó ná 900,000 amharc físe ó 29 Deireadh Fómhair.
 


 
Is ar fhíseán de Bhuaiteoir an Chomórtas Rapcheoil is mó a bhfuil faire air go dtí seo, agus tá breathnaithe ag na mílte daoine ar an bhfíseán sin ar leathanach Instagram Cúla4: https://www.instagram.com/reel/DQmUqCdDPUX/

 
Dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4:
“Is ócáid thábhachtach a bhíonn in Oireachtas na Samhna, ceiliúradh bliantúil na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh, do TG4 gach bliain. Bhí an-mhórtas orainn go rabhamar in ann ceithre lá de chlúdach cuimsitheach a chur ar fáil don lucht féachana anseo in Éirinn agus ar fud an domhain. Is léiriú ar an gceangal láidir atá ag ár lucht féachana le teanga, cultúr agus traidisiúin na hÉireann an fás leanúnach atá ar ardáin ar líne TG4. Ceiliúradh bríomhar ar an gcruthaitheacht agus ar luachanna an phobail i gcónaí é Oireachtas na Samhna, luachanna atá croílárnach i misean TG4 freisin.”
 
Chinntigh comhpháirtíocht TG4 le hOireachtas na Gaeilge arís eile gur shroich an fhéile lucht féachana domhanda, ó Bhéal Feirste go Bostún, trí chlúdach beo, caidreamh ar na meáin shóisialta, agus rochtain ar éileamh trí Sheinnteoir TG4 (TG4.ie).
 

Na Buaicphointí i bhFigiúirí

  • 900,000+ radharc ar fhíseáin ar fud bhrandaí uile meán sóisialta TG4 – ardú 12% ar 2024.
  • 200,000 ag féachaint ar chainéal teilifíse TG4.
  • Caidreamh leis an Lucht Féachana ar fud Facebook, Instagram agus TikTok.
  • Ardú 62% ar shruthanna ar TG4.ie, YouTube agus Facebook Live in éineacht.

 
Pictiúir ar fáil anseo Oireachtas na Samhna 2025

 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: