Preas
Ba mhaith le TG4 agus Foghlaim TG4 tuairimí Mhúinteoirí Meánscoile a fháil
Tuairimí Mhúinteoirí Meánscoile - Suirbhé
21.05.25
Suirbhé : https://nasc.tg4.tv/suirbhescoile2025
Ba mhaith le TG4 agus Foghlaim TG4 tuairimí Mhúinteoirí Meánscoile a fháil. Cuideoidh an suirbhé agus na torthaí a bhaileoidh seo le TG4 acmhainní agus áiseanna a chur ar fáil atá ag teacht le héilimh agus riachtanais na scoileanna fud fad na tíre.
Ní amháin sin ach cuideoidh an taighde seo le comhlachtaí léiriúcháin an cur chúige is fearr a roghnú maidir le físábhair, agus le TG4 agus Foghlaim TG4 an tacaíocht is fearr agus is féidir a chur ar fáil do scoileanna.
Inseoidh an taighde seo an dóigh atá múinteoirí agus scoiláirí ag úsáid ábhar Foghlaim TG4 sa seomra ranga faoi láthair, agus na dóigheanna gur féidir linn na hacmhainní seo a fheabhsú agus acmhainní úra a choimisiúnú leis an tacaíocht is fearr a chur ar fáil do scoileanna.
Chomh maith leis sin, cuideoidh an taighde seo le TG4 pleanáil éifeachtach a dhéanamh don todhchaí agus acmhainní a dhíriú ar na foinsí cuí.
Dúirt Eagarthóir Oideachais TG4, Conall Ó Máirtín, “Tá sé iontach tábhachtach dúinn in TG4 go bhfuil muid ag éisteacht le múinteoirí agus go ndéanann muid cláracha agus áiseanna a fhorbairt atá de dhíth sna scoileanna agus a thacaíonn le teagasc éifeachtach a dhéanamh. Cuideoidh taighde mar seo go mór linn Foghlaim TG4 a fhorbairt agus tá muid thar a bheith buíoch do mhúinteoirí am a ghlacadh leis an suirbhé a líonadh amach”
Bheadh muid an-bhuíoch dá mbeadh múinteoirí meánscoile in ann an suirbhé seo a líonadh roimh an 04 Meitheamh 2025 chun cuidiú le Foghlaim TG4 acmhainní oideachais don mheánscoil a fhorbairt.
Tá TG4 ag obair leis an gcomhlacht taighde ‘Opinions’ chun freastal níos fearr a dhéanamh ar mhúinteoirí meánscoile trí acmhainní Foghlaim TG4.
Bhí muid i mbun taighde roimhe seo le múinteoirí bunscoile, ach ba mhaith linn anois cloisteáil anois ó mhúinteoirí meánscoile.
Nasc: https://nasc.tg4.tv/suirbhescoile2025
Spriocdháta : 04 Meitheamh 2025
WWW: ‘Foghlaim TG4’ : https://foghlaim.tg4.ie/
Na Meáin Shóisialta: ‘Foghlaim TG4’: @TG4Foghlaim
Teagmháil do na meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie