Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

‘BÁITE’ CINE4 á Thaispeáint den Chéad Uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe

10.07.25


Cliar & Criú ‘Báite’

 

 
Taispeánadh Báite, scannán cumhachtach Gaeilge a léiríodh faoin scéim Cine4, den chéad uair ag an 37ú heagrán de Fhleadh Scannán na Gaillimhe Dé Máirt, an 9 Iúil in Amharclann Halla na Cathrach, Gaillimh.

Rinneadh an scannán a cheiliúradh le hócáid speisialta sa Corrib Tea House i gCathair na Gaillimhe. I measc na ndaoine a bhí i láthair ag an seoladh bhí Patrick O’Donovan, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, a thug cuairt ar TG4 níos luaithe sa lá.

Léirithe ag Danú Media, is cuid den scéim Cine4 é Báite, tionscnamh atá cómhaoinithe ag Fís Éireann, TG4 agus Coimisiún na Meán.

Báite suite i mbaile faoin tuath deireadh seachtaine Chraobhchomórtas Uile-Éireann na bliana 1975. Feictear dúrún dúnmharaithe agus achrann teaghlaigh de réir mar a thosaíonn saol Peggy Casey ag titim as a chéile nuair a thagann corp go barr uisce i loch saorga áitiúil. Le Ruán Magan i mbun stiúrtha den chéad uair ar fhadscannán, fadscannán a scríobh Sheena Lambert, tá an script bunaithe ar a húrscéal The Lake, foilsithe ag HarperCollins.

Is iad Eleanor O’Brien, Moe Dunford, Oisín Mistéil, Fionnuala Gygax, agus Marc Mac Gearailt príomhaisteoirí an scannáin seo, a taifeadadh i gConamara sa samhradh i 2023. Léirithe ag Siobhán Ní Ghadhra agus John Brady as Danú Media, fuair an scannán tacaíocht ó TG4, Fís Éireann, Alt 481 agus Coimisiún na Meán.

Dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4, “Ba é fís Alan Esslemont do Cine4 ná go mbuafadh scannán Gaeilge Gradam Oscar lá éigin, agus go ndéanfadh scannáin Ghaeilge sa phictiúrlann an teanga a normalú i sochaí na hÉireann. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Danú Media ar an scannán ‘Báite’, an scannán is déanaí faoi scéim Cine4. Spreag Báite agus gach aon cheann de na scannáin Cine4 go dtí seo feasacht agus tuiscint nua ar an nGaeilge agus ar scéalaíocht chruthaitheach Éireannach.”

Is éard a dúirt Désirée Finnegan, Príomhfheidhmeannach Fís Éireann: “Is ábhar mór bróid d’Fhís Éireann an tionscnamh Cine4, agus is iontach an tionchar cultúir a bhí aige go dtí seo. Leanann Fís Éireann lena dtiomantas do scannánaíocht na Gaeilge a fhorbairt, le réimse infheistíochtaí agus tacaíochtaí ar feadh earnáil na scannánaíochta agus na teilifíse araon. Táimid thar a bheith bródúil as an tacaíocht a thugamar do Báite i gcomhar lenár bpáirtnéirí TG4 agus Coimisiún na Meán. Ba mhaith linn comhghairdeas a dhéanamh leis an meitheal chruthaitheachta a rinne an scannán ar é a thaispeáint don domhan den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana.”

Dúirt Siobhán Ní Ghadhra, Léiritheoir le Danú Media, freisin gur “ónár gcroí amach a léiríomar Báite ar an scáileán. D’oibrigh an fhoireann gan stad gan staonadh chun ómós a léiriú do chroí an scéil agus don phríomhaisteoir mná cumhachtach, Peggy. Tá ríméad orainn an scannán a thaispeáint den chéad uair i nGaillimh, áit ar saolaíodh an oiread den fhuinneamh agus den chruthaitheacht a chuaigh isteach ann.”

Bhí seoladh speisialta ann freisin ag comóradh 20 bliain de Scéim Maoinithe Fuaim agus Fís Choimisiún na Meán freisin, a leanann de thacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus d’ábhar clos-amhairc lena mbaineann tábhacht chultúir.

Dúirt Aoife MacEvilly, Coimisinéir Craoltóireachta agus Físeán ar Éileamh, Coimisiún na Meán, “Is eiseamláir é Báite den mhéid a bhí beartaithe a dhéanamh leis an scéim Cine4 – chun tacú le drámaíocht chumhachtach i nGaeilge de chuid na hÉireann, atá saibhir ó thaobh cultúir de, a fhorbairt agus a léiriú le go mbainfidh lucht féachana sásamh as. Tá an-áthas ar Choimisiún na Meán tacaíocht leanúnach a chur ar fáil tríd an Scéim Maoinithe Fuaim agus Fís do chláir ina léirítear teanga, cultúr agus oidhreacht na hÉireann.”

Is í Mairéad Campbell a roghnaigh na haisteoirí don scannán Báite le cúnamh cruthaitheach ó Ronan Fox (DOP), Gemma Keenan (Dearadh Feistis), Jennifer Bowman (Gruaig agus Smideadh), Stephen Molloy, (Fuaim), agus Conor Dennison (Dearadh Léiriúcháin). Cuireadh an obair iarléirithe i gcrích in Outer Limits, Baile Átha Cliath.

 

Teagmháil do na meáin:

Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: