Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Beagnach leathmhilliún duine a d’fhéach ar 'Fleadh25' ar TG4 & TG4.ie

12.08.25

Caoimhe & Séamus (ar chlé), Doireann Ní Ghlacáin, Peadar Ó Goill agus Aoife Ní Thuairisg – Fleadh25 (lár), Seán Keane (ar dheis)

Íomhánna: Melissa Mannion Photography

 

Féach ar ‘Fleadh25’: https://nasc.tg4.tv/Fleadh25
 
Bhí TG4 i lár an aonaigh ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2025 le Doireann Ní Ghlacáin, Aoife Ní Thuairisg agus Peadar Ó Goill ag cur íomhánna agus fuaimeanna ón gceiliúradh is mó ar cheol traidisiúnta na hÉireann i láthair na milliún anseo sa mbaile agus thar lear.

Cheangail Fleadh25, le linn ceithre oíche de chraoltaí príomhama, de shruthú ar Sheinnteoir TG4 (TG4.ie), agus de scéalaíocht bhríomhar ar na meáin shóisialta, an lucht spéise ar fud na hÉireann, na Ríochta Aontaithe, na Stát Aontaithe, Cheanada, na hAstráile, na Fraince, na Spáinne, na Seapáine agus níos faide i gcéin le chéile. Rinneadh óstáil i mBaile Fleidhe TG4 i Loch Garman ón 7 go dtí an 10 Lúnasa ar 92 taibheoir ar cheithre stáitse, ina measc réaltaí ceoil as Éirinn, na Stáit Aontaithe, an Astráil, Ceanada, Dubai, an Iodáil, an Albain, an Úcráin agus neart áiteanna eile. Baineadh uimhreacha féachana ilardáin amach nár facthas riamh cheana:

  • TG4 & Seinnteoir TG4 – Bhí beagnach 500,000 duine den lucht féachana ag féachaint ar na ceithre oíche de Fleadh25 agus ar Fleadh25: Na Cúigí (TAM Ireland, Live + VOSDAL, Daoine Aonair 4+). Bhí lucht féachana as mórthíortha éagsúla ag féachaint ar Sheinnteoir TG4, rud a chur leis na huimhreacha.
  • Mol Comórtas TG4.ie – Sruthaíodh na comórtais mhóra beo, ina measc Babhta Ceannais Bhannaí Céilí na Sinsear, a léirigh an bís a bhí ar an lucht spéise sa Fleadh Dome don lucht féachana ar fud an domhain.
  • Tionchar na Meán Sóisialta – Tá breis is 3.8 milliún amharc go dtí seo ginte ag buaicphointí físeáin, ábhar ó chúl stáitse agus freagairt an lucht spéise ar fud chainéil @TG4TV, @TradTG4, agus @Cúla4, leis an haischlib #Fleadh25 ag sroicheadh breis is 60 milliún duine (Brand Mentions Hashtag Tracker) agus an lucht féachana ar líne ag baisteadh ‘Fleadhstonbury’ ar an gclúdach.

 
 

Séamie Séan Ó Braonáin


Séamie Séan Ó Braonáin le Aoife Ní Thuairisg

Ceann de bhuaicphointí móra Fleadh25 ab ea nuair a bhí Séamie Séan Ó Braonáin, atá sé bliana d’aois, as Scoil Náisiúnta na Craobhaí i Ros Neamhlach, Co. Dhún na nGall i lár stáitse ar an aer agus ar fud ardáin meán sóisialta TG4 oíche Déardaoin. Tá os cionn 620,000 amharc faighte cheana féin ag a mhír ar TikTok agus Instagram agus tá na huimhreacha sin fós ag ardú.

Séamie Seán – Fleadh25

Is mac le Seanan Brennan ón mbanna ceoil Kíla agus leis an gceoltóir/aisteoir Fiona Maria Fitzpatrick, Séamie Séan agus tá sé tumtha sa gceol ón lá a rugadh é. Tá sé ag dul isteach sna Naíonáin Mhóra faoi láthair agus tá eolas ag daoine cheana féin air mar gheall ar na cultacha breátha a bhíonn air agus a asal seanré a bhfuil an-tóir aige air.

Cruthaíodh an mhír, a scaip go mear, nuair a d’iarr láithreoir TG4 Aoife Ní Thuairisg air teacht ar stáitse fad is a bhí sé ag fanacht lena athair a fheiceáil ag ceol. Bhí sé ag insint d’Aoife níos túisce sa tseachtain go raibh misean aige dul ag buscáil ag an bhFleadh chun go mbeadh sé in ann an chulaith a bhí air go deimhin a cheannach. Bhí sé ráite ag a mháthair leis go bhféadfadh sé an chulaith a cheannach dá saothródh sé féin an t-airgead. Agus murar shaothraigh sé é!

Tharraing an físeán aird Kayleigh Trappe, an réalta beolbheachtaithe agus aithriseoir, a rinne a leagan féin den mhír a scaip go rábach.

Thaifead Lorg Media a chéad uair ag buscáil ar shráideanna beomhara Loch Garman, mír a bhí lán de chumas ceoil, mealltacht agus muinín buachalla bó, rud a tharraing tuilleadh lucht leanta dó. Tá “Réalta na Fleidhe” baiste cheana féin ag an lucht spéise ar Shéamie Seán, agus is fada leo go bhfeicfidh siad tuilleadh ón siamsóir óg seo.
 

 
Cuireadh sceideal breá ceoltóirí as Éirinn agus níos faide i gcéin i láthair le linn ceithre oíche de Fleadh25, ina measc Seán Keane, Kíla le Prás, Iarla Ó Lionáird, Altan, Daniel O’Donnell, Paddy Keenan, Máirtín O’Connor Band, Séamus & Caoimhe, Dermot Byrne, Chasing Abbey, Gearóid McCarthy, The Rising, Damien Mullane & the Laads, Caoimhín Ó Raghallaigh & Mick O’Brien, Beartla Ó Flatharta Céilí Band, The Kabin Crew, agus neart eile.

Ba é Glór na dTonn Céilí Band ó CCÉ Scoil Acla, i Maigh Eo a thug leis an chéad áit i gComórtas mór le rá Bhannaí Céilí na Sinsear ag Fleadh Cheoil na hÉireann 2025. Sruthaíodh an comórtas beo ar Sheinnteoir TG4.
 
 

Fleadh25: Comhpháirtíochtaí & Léiriú den Scoth

Power Pictures i gcomhar le Comhaltas Ceoltóirí Éireann a léirigh Fleadh25 le tacaíocht ó TVM. Lorg Media a bhí ag cruthú ábhair dona meáin shóisialta agus Telegael a chuir na comórtais ar sheinnteoir TG4. Chinntigh comhpháirtíocht meán oifigiúil TG4 go raibh teacht ag an lucht féachana is leithne agus arbh fhéidir ar Fhleadh Cheoil na hÉireann.

“Tá cumhacht na teilifíse, an tsruthaithe agus na meán sóisialta pobail ar fud an domhain a cheangal lena chéile cruthaithe arís ag clúdach TG4 ó Fhleadh Cheoil na hÉireann 2025,” a dúirt Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4. “Leanann an comhar atá againn le Comhaltas dena chinntiú go mbíonn ceol, amhráin agus damhsa na hÉireann fós bríomhar, feiceálach agus inrochtana ag chách.” “Bhí breis is 110 pearsanra léirithe as ceithre comhlacht léiriúcháin agus saoráide ar conradh ar feadh ceithre lá chun clúdach beo ar gach ardán a chur ar fáil. Daingníonn na figiúirí lucht féachana agus an t-aiseolas arís eile áit TG4 ina bhaile teilifíse ag na taibhealaíona traidisiúnta. Gabhaimid buíochas mór leis na hiomaitheoirí agus leis an iliomad ceoltóirí a rinne turais fhada le bheith ag an bhFleadh chun an draíocht a roinnt”, a dúirt Proinsias Ní Ghráinne.
 
 

#Fleadh25 | @TG4TV | @TradTG4

 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie

Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: