Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Boscraí Iontacha de Dhrámaí nua ó Gach Cearn den Domhan curtha le Seinnteoir TG4

16.10.25

‘Dark City:The Cleaner’ ón Nua-Shéalainn ar cheann de na príomhbhoscraí drámaíochta idirnáisiúnta is déanaí atá mar chuid de sceideal TG4, agus tá sé ar fáil anois le sruthú ar Sheinnteoir TG4 (TG4.ie). Curtha leis an Seinnteoir freisin tá ‘Deep Fake’ ó Cheanada, ‘The Hunt’ ón Ísiltír, agus na drámaí Sualannacha ‘A Life’s Worth’ agus ‘Vanguard’. Tugann na sraitheanna cumhachtacha agus spreagúla seo, atá ina lóin machnaimh, scéalaíocht idirnáisiúnta a fuair ardmholadh agus atá ábhartha pé áit a bhfuil tú, chuig lucht féachana na hÉireann.
 

Drámaíocht – Nua-Shéalainn

Dark City: The Cleaner

I rith an lae, is glantóir é Joe i stáisiún na bpóilíní, áit nach dtugann duine ar bith aird air. Ach san oíche is ceird eile ar fad atá aige – mar gurb eisean an dúnmharfóir srathach a bhfuiltear ag tabhairt an Christchurch Carver air. Nuair a dhúnmharaítear bean eile arís ina teach féin, tá na póilíní amhrasach faoin Carver – ach tá a fhios ag Joe nach é a mharaigh í. Cuireann sé roimhe an dúnmharfóir atá ag aithris air a aimsiú. Ach de réir mar a théann sé ar aghaidh lena chuid cuardaigh faigheann sé amach go bhfuil duine sa tóir air féin – namhaid atá níos cliste agus níos contúirtí ná é féin.
 
Gach Dé Céadaoin ar TG4 nó is féidir an tsraith iomlán a fháil ar Sheinnteoir TG4.
Dark City -The Cleaner
(Sraith 1, 6 chlár, 2024)

Dark City: The Cleaner

 

Drámaíocht – Ceanada

Deep Fake

Le físeáin bhréige réalaíocha á nginiúint anois ag AI, cén chaoi ar féidir linn an fhírinne a dheighilt ón mbréag, an réaltacht ón seachmall? Déanann Deep Fake iniúchadh ar fheiniméan do-bhraite an domhainbhrionnaithe atá anois ina thús. Tugann an tsraith scéinséir seo aghaidh ar cheist ríthábhachtach: nuair nach féidir leat do shúile ná do chluasa a chreidiúint, cén duine – nó cén rud – a bhféadfaidh tú?
Deep Fake
(Sraith 1, 6 chlár, 2025)

Deep Fake

 

Drámaíocht – An Bhoisnia

A Life’s Worth

Sraith an-chumhachtach i sé chlár is ea A Life’s Worth atá bunaithe ar scéal fíor faoi chéad chathlán Sualannach na Náisiún Aontaithe a cuireadh go dtí an Bhoisnia in 1993. Cuirtear ceathrar saighdiúirí óga, Forss, Babic, Strand, agus Kilpinen, ar a gcéad mhisean thar lear i gceartlár choimhlint fhuilteach na mBalcán. Is éard a thagann ina dhiaidh sin ná fiosrúchán cáinteach maidir le brúidiúlacht an duine, aincheisteanna morálta nach féidir a réiteach, agus an dlúthchairdeas, an grá agus an dílseacht a chruthaítear le linn cogaidh.
A Lifes Worth
(Sraith 1, 6 chlár, 2025)

A Life's Worth

 

Drámaíocht – An tSualainn

Vanguard

Scéal é Vanguard faoi bhoc mór neamhghnách de chuid na meán atá ina cheannródaí mar a bhaineann le leasuithe teicneolaíochta, ach atá i ngalar na gcás nuair atá an paisean agus an dualgas ag teacht salach ar a chéile. Scéal faoi fhiontraíocht gan faitíos, faoin mian an domhan a athrú – agus faoi iomaíocht idir siblíní i dteaghlach cumhachtach nár tháinig chuige féin riamh óna n-achrann.
Vanguard
(Sraith 1, 5 chlár, 2025)

Vanguard

 

Drámaíocht – An Ísiltír

The Hunt

In 1999, thángthas ar chorp chailín 16 bliana d’aois in aice le hionad d’iarrthóirí tearmainn san Ísiltír. Agus é bunaithe ar choirscéal fírinneach, a bhí go mór sa nuacht ar feadh breis agus deich mbliana, déanann The Hunt iniúchadh ar an imscrúdú fada ar léiríodh frustrachas ina thaobh. Tugann an tsraith léargas ar an tseineafóibe, an ciníochas agus na teoiricí comhcheilge a chuaigh i gcion ar bhaile beag Ollannach fad a bhí siad ag feachtasaíocht ar son an chirt.
The Hunt
(Sraith 1, 6 Chlár, 2024)

The Hunt

 

Ros na Rún Ar Fáil Go Digiteach

Ros na Rún Ros na Rún Ros na Rún

Ros na Rún ag ceiliúradh 30 Séasúr ar an aer agus, den chéad uair riamh, beidh na cláir le fáil ar Sheinnteoir TG4 sula gcraolfar ar an teilifís iad
 
Blaisín de Ros na Rún: Blaisín Ros na Rún
Íomhánna Ardtaifigh: Flickr Ros na Rún
Beidh teacht ar Ros na Rún gach Luain agus Céadaoin ar Sheinnteoir TG4
Ros na Rún

Tá ríméad ar TG4 a fhógairt go bhfuil gach clár nua den 30ú séasúr de Ros na Rún ar fáil le sruthú ar Sheinnteoir TG4 (TG4.ie) gach Luan agus Céadaoin, rud a fhágann go mbeidh deis ag an lucht féachana breathnú air lá sula gcraolfar ar TG4 é ag 20:30. Is céim iontach chun cinn é an cur chuige seo a bhaineann leis an leagan digiteach a bheith ar fáil i dtosach chun lucht féachana Ros na Rún, atá láidir cheana féin ar fud an domhain, a leathnú agus a threisiú.
 

Is cuid de straitéis leanúnach TG4 é seo chun ábhar atá neodrach ó thaobh ardáin a chur ar fáil agus a chinntiú gur féidir leis an lucht féachana na cláir is fearr leo a fháil ar éileamh, am ar bith a dtogróidh siad, áit ar bith a dtogróidh siad. Tá lucht féachana dílis agus rialta ag Ros na Rún ar Sheinnteoir TG4, agus de réir mar atá athrú ag teacht ar na bealaí a mbíonn daoine ag féachaint ar ábhar, tá TG4 tiomanta do fhreastal ar riachtanais an chuid sin den lucht féachana a shocraíonn breathnú ar ábhar ag am a oireann dóibh féin bíodh sin ar líne, ar an bhfón, nó ar theilifís chliste. Agus é a léiriú ag Léiriúchán RnR, tá Ros na Rún ina bhunchloch mar a bhaineann le craoltóireacht na Gaeilge le tríocha bliain anuas, ag mealladh an lucht féachana le scéalta láidre, téamaí comhaimseartha, agus fíorléiriú ar an saol i bpobal nua-aimseartha Gaeltachta.

Teagmháil do na Meáin i TG4 

Caoimhe Ní Mhaolagáin | Riarthóir Cumarsáide TG4 | caoimhe.ni.mhaolagain@tg4.ie


Cuir aithne orainn: