Preas
Cláir faisnéise de chuid TG4 á dtaispeáint ag Docs Ireland i mBéal Feirste
23.06.25
Tá dhá clár faisnéis de chuid TG4 á dtaispeáint ag Docs Éireann na bliana seo atá ar siúl faoi láthair i mBéal Feirste.
Is iad Ag Taisteal Siar agus David Keenan – Focla Ar Chanbhás na cláir atá i gceist.
Pléitear sa chlár Ag Taisteal Siar oidhreacht shaibhir cheoil Lucht Siúil na hÉireann, a bhí ina gceannródaithe i gceol na hÉireann ó réimse na mbailéad sna 1960í. Beidh an clár á thaispeáint i gCultúrlann McAdam Ó Fiach ag 7pm Dé Luain an 23 Meitheamh.
Beidh ceol cumhachtach agus agallaimh sa chlár le Kathleen Keenan, Sarah Dunne, Sharyn Ward, Niamh Dunne agus Steo Wall, mar aon le bunfhilíocht atá scríofa Martin Warde. Mar a deir Steo Wall, “Tuigtear do dhaoine anois de réir a chéile an tionchar a bhí ag an Lucht Siúil ar cheol agus ar chultúr na hÉireann.”
Tabharfar ómós sa chlár do laochra ar nós Pecker Dunne, Na Deartháireacha Doran agus Maggie Barry, agus beidh machnamh ann ó cheoltóirí amhail Damien Dempsey agus Liam Ó Maonlaí. Nochtar sa chlár faisnéise seo oidhreacht a bhfuil neamart air le fada ach atá fite fuaite i bhféiniúlacht chultúir na nGael. Arna léiriú ag DoubleBand Films le maoiniú ó TG4 / CNAM / An Comhairle Ealaíon / An Ciste Craoltóireachta Gaeilge.
Taispeánfar David Keenan – Focla Ar Chanbhás Déardaoin an 26 Meitheamh ag 6.30pm sa Oh Yeah! Music Centre. Ceithre bliana i ndiaidh dó a chéad albam Beginner’s Guide to Bravery a eisiúint, tá an t-amhránaí, ceoltóir agus cumadóir ó Dhún Dealgan, David Keenan, ag crosbhóthar. Tar éis dó camchuairt fhairsing a dhéanamh agus cáil a bhaint amach mar dhuine de na taibheoirí beo is spéisiúla in Éirinn, filleann sé anois ar an stiúideo chun ceol nua a thaifeadadh. “Is furasta fearg a léiriú, is é an gortú atá deacair”, a deir sé, agus muid ag scagadh chumadóireacht David thar thréimhse 500 lá.
Portráid í seo d’ealaíontóir amháin agus é ina fhear óg, ach is portráid í seo de gach uile ealaíontóir ceoil agus iad ar a ndícheall dul in aghaidh an algartaim, agus fanacht dílis dóibh féin agus dá ngairm ar bhealach cumhachtach. Léiriú le Tua Films le maoiniú ó TG4 agus ón gComhairle Ealaíon faoin scéim IlDána.
Beidh an stiúrthóir Paddy Hayes agus David Keenan i láthair ag seisiúin ceisteanna & freagraí tar éis an scannáin.