Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Clúdach ar an mBuiséad ar TG4 & TG4.ie

Buiséad 2026, Nuacht TG4 & 7Lá

01.10.25

Eimear Ní Chonaola – Buiséad 2026, Siún Nic Gearailt – Nuacht TG4

 

 

Cuirfidh TG4 clúdach cuimsitheach de Bhuiséad 2026 ar fáil Lá an Bhuiséid, an 7 Deireadh Fómhair 2025, ina gcuid cláracha nuachta agus cúrsaí reatha ar fad.
 
Cuirfear tús le clúdach beo teilifíse TG4 ag 14:30 leis an gclár speisialta uair an chloig Buiséad 2026, a bheidh á chur i láthair ag Eimear Ní Chonaola. Cuirfear an nuacht is déanaí as Dáil Éireann in iúl don lucht féachana chomh luath is a bheidh sí againn agus beidh polaiteoirí agus saineolaithe ag tabhairt a dtuairimí féin ar na mórphointí agus ag déanamh mionanailís orthu sa stiúideo.
 

Cuirfear léargas, comhthéacs agus anailís saineolaithe ar na bearta atá i mBuiséad 2026 ar fáil ag 19:00 ar Nuacht TG4, a bheidh á cur i láthair ag Siún Nic Gearailt. Beifear ag díriú go háirithe ar an tionchar a bheidh ag na bearta sin ar an tsochaí i gcoitinne.
 

Ansin ag 20:00 ar an gclár 7Lá, a bheidh á chur i láthair ag Beirní Ní Chuinn, déanfaidh lucht polaitíochta, tráchtairí agus lucht anailíse tuilleadh plé agus díospóireachta ar na himpleachtaí trí chéile a bheidh ag an mBuiséad do dhaoine sa Ghaeltacht, do phobail ar fud na hÉireann agus do na heagraíochtaí Gaeilge.
 
Beidh míreanna speisialta ag Nuacht Cúla4 freisin i rith sheachtain an Bhuiséid a bheidh dírithe ar an lucht féachana níos óige chun cabhrú leo tuiscint a fháil ar na ceisteanna agus cinntí móra a mbeidh tionchar acu ar a saol amach anseo.
 

Dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4: “Tá TG4 ag cur clúdach iontaofa, neamhspleách agus cuimsitheach de mhórimeachtaí náisiúnta ar fáil le fada an lá agus táimid thar a bheith mórtasach as sin. Is é Lá an Bhuiséid ceann de na laethanta is tábhachtaí san fhéilire polaitíochta, agus cinnteoimidne, le Nuacht TG4, 7Lá agus Nuacht Cúla4, go mbeidh an lucht féachana, beag beann ar aois, in ann teacht ar anailís shoiléir agus ar phlé fiúntach i nGaeilge.”
 

@7LATG4, @NUACHTTG4, @cula4_tg4, YouTube@Cula4
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4 

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríofa| Eagraí Cumarsáide | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: