Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Clúdach ar Leoin na Breataine agus na hÉireann in aghaidh na hAirgintíne fógartha ag TG4

Dé hAoine an 20 Meitheamh ag 19:20 ar TG4

16.06.25


 

 
Comhléiriú ollmhór i gcomhpháirtíocht le S4C inar gcraolfar an chéad chluiche beo agus saor go haer.
 

TG4 a chraolfaidh cluiche camchuairte na Breataine agus na hÉireann i gcoinne na hAirgintíne i mbliana. Clúdach eisiach beo saor go haer a bheidh ann den chéad chluiche ó Chamchuairt Leoin na Breataine agus na hÉireann i gcomhléiriú stairiúil i gcomhpháirtíocht le S4C.
 

Tiocfaidh TG4 agus S4C le chéile chun clúdach saor go haer a chur ar fáil de chéad chluiche riamh na Leon in Éirinn, mar aon leis an gcéad chomhléiriú idir an dá chraoltóir seirbhíse poiblí a chur ar fáil.
 

Beidh céad chluiche de chamchuairt 2025 ar siúl i Staid Aviva i mBaile Átha Cliath Dé hAoine an 20 Meitheamh ar 20:00 nuair a thabharfaidh na Leoin aghaidh ar fhoireann na hAirgintíne a bhain an babhta leathcheannais amach i gCorn an Domhain.
 

Craolfar an cluiche, an chéad chluiche i gcamchuairt na Leon faoi stiúir an Chóitseálaí Andy Farrell, beo agus saor go haer go heisiach ar TG4 in Éirinn agus ar S4C sa Ríocht Aontaithe. Tar éis chluiche Bhaile Átha Cliath, tabharfaidh na Leoin a n-aghaidh anonn go dtí an Astráil don chamchuairt 9 gcluiche, lena n-áirítear sraith 3 mhórchluiche.
 

Is iad Gemma Ní Chionnaith agus Cuán Ó Flatharta a chuirfidh clúdach TG4 i láthair. Ina dteannta beidh painéal saineolaithe a thabharfaidh léargas ar leith ar an imirt agus a dhéanfaidh tráchtaireacht ar fud ardáin uile TG4. IRIS Productions, comhlacht a fuair gradam ón Royal Television Society, a bheidh i mbun léiriúcháin.
 

Dúirt Rónán Ó Coisdealbha, Ceannasaí Spóirt, TG4:
“Tá ríméad ar TG4 a bheith páirteach i gcluiche Leoin na Breataine agus na hÉireann a bheidh ar siúl ar an 20 Meitheamh. Táimid ag súil le bheith ag obair go dlúth lenár gcomhpháirtithe in S4C chun clúdach eisceachtúil féachana a chur ar fáil ar an teilifís agus ar líne. Is iontach an deis é seo chun rugbaí ar leibhéal ard a thaispeáint agus an ceangal láidir idir ár náisiúin a cheiliúradh tríd an spórt.”
 

Dúirt Sue Butler, Ceann Spóirt S4C:
“Tá ríméad orainn an chéad chluiche de Chamchuairt Leon na Breataine agus na hÉireann 2025 a shaorchraoladh beo do lucht féachana sa mBreatain Bheag agus ar fud na Ríochta Aontaithe ar S4C. Beidh an lucht féachana in ann sult a bhaint freisin as buaicphointí na gcluichí agus as anailís ó shaineolaithe ar an spórt gach uile thráthnóna. Is cluiche stairiúil a bheidh ann mar gurb é an chéad uair é a imreoidh na Leoin in Éirinn agus tá ríméad orainn a bheith ag obair i dteannta ár bpáirtnéirí TG4 chun é a chraoladh. Nach iontach go deo an bealach é le tús a chur le samhradh mór rugbaí ar S4C.”
 

Is foireann rugbaí aontaithe ar leith iad Leoin na Breataine agus na hÉireann ar a bhfuil imreoirí ó fhoirne náisiúnta na hÉireann, Shasana, na hAlban agus na Breataine Bige. Is foireann mórchluichí iad na Leoin a thugann camchuairt gach ceithre bliana, iad ag babhtáil idir an Astráil, an Nua-Shéalainn agus an Afraic Theas. Tá tús á chur le camchuairt na bliana seo agus clabhsúr curtha le feachtas iomaíoch Sé Náisiún 2025, feachtas ina bhféachann go leor de na himreoirí le háit a bhaint amach ar scuad na Leon.
 

Beidh sé mar aidhm ag an Astráil leanúint den dul chun cinn atá déanta acu faoi Joe Schmidt, a bheidh ag éirí as tar éis na camchuairte, agus iad ag teacht chucu féin i ndiaidh Chorn an Domhain 2023, comórtas nach ndearna siad go maith ann, sula n-óstálfaidh siad féin Corn an Domhain in 2027.
 

Lean Spórt TG4 ar na meáin shóisialta chun an t-eolas is déanaí, réamhamharc ar na cluichí agus ábhar eisiach a fháil sula dtosóidh an clúdach ar Chamchuairt na Leon.

 
 

Teagmháil do na meáin i TG4:

Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: