Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Clúdach ar níos mó ná 35 cluiche ón gCraobhchomórtas Rugbaí Aontaithe (URC) Deimhnithe ag TG4

25.09.25


 
Tá áthas ar TG4 sonraí a chlúdach ar an gCraobhchomórtas Rugbaí Aontaithe BKT a dhearbhú, tar éis na cearta eisiacha Saor-fhéachana ar an gcomórtas in Éirinn a chinntiú níos luaithe i mbliana. Tosóidh clúdach Rugbaí Beo Dé hAoine, 26 Meán Fómhair.
Beidh dhá chúige Éireannacha le feiceáil ar TG4 i rith dheireadh seachtaine oscailte an 25ú séasúr den chomórtas. Tosóidh Laighin, curaidh 24-25, a bhfeachtas thar lear i gcoinne na Stormers san Afraic Theas Dé hAoine, 26 Meán Fómhair, agus cuirfidh Connachta tús lena séasúr sa bhaile i gcoinne Benetton Dé Sathairn, 27 Meán Fómhair.
 
Beidh cluichí idirchúige Éireannacha lárnach i gclúdach TG4 i gcaitheamh an tséasúir, agus ceann de na cluichí is mó a bhfuiltear ag súil leis – Laighin v Mumhain – le craoladh beo ó Páirc an Chrócaigh ar an 18 Deireadh Fómhair. Beidh sé seo mar fhilleadh Laighean ar cheannáras CLG den chéad uair óna mbua ceannais URC ar na Bulls, 32–7, ar an 14 Meitheamh.
 
Bhí Mumha v Laighin ar cheann de bhuaicphointí chlúdach an tséasúir seo caite agus bhuaigh sé gradam Chumann Ríoga Teilifíse na hÉireann do TG4 agus do chomhlacht léiriúcháin Rugbaí Beo, IRIS Productions, i mí na Nollag sa chatagóir Clár Spóirt Beo.
 
Cluichí idirchúige eile atá dearbhaithe do Rugbaí Beo an séasúr seo ná:

  • Mumha v Connachta – 25 Deireadh Fómhair
  • Laighin v Uladh – 19 Nollaig
  • Connachta v Uladh – 27 Nollaig
  • Laighin v Connachta – 3 Eanáir

 >
Dúirt Martin Anayi, Príomhfheidhmeannach na Craoibhe Rugbaí Aontaithe, “Níl an oiread céanna tacaíochta, ar feadh tréimhse chomh fada, tugtha ag aon chraoltóir eile in Éirinn is atá tugtha ag TG4. Beidh comhpháirtíocht níos faide ná fiche bliain déanta acu sa chéad timthriall eile seo agus tá fás tagtha ar an bhfonn atá orthu clúdach spóirt ar an leibhéal is airde a chur ar fáil an tráth céanna a bhfuil an URC ag teacht chun cinn.”

“Tá tábhacht ollmhór cultúir ag baint le teangacha agus spórt ar fud an domhain agus tá TG4 thar barr uile ag ceiliúradh an dá rud sin i dtimpeallacht bheo. Tá an URC lán le héagsúlacht agus pobail dhifriúla atá aontaithe trína bpaisean don spórt agus is beag páirtí leasmhar a léiríonn é sin níos fearr ná TG4.”
 

Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coisdtealbha: “Tá an-áthas ar TG4 leanúint de bheith ag taispeáint an Craobhchomórtais Rugbaí Aontaithe agus clúdach saorchraolta a chur ar fáil de na cluichí iontacha agus tábhachtacha rugbaí. Is cúis bhróid dúinn a bheith inár gcomhpháirtithe eisiacha saorchraolta URC in Éirinn agus ár ndúthracht sheanbhunaithe a thabhairt don tsraith. Tá áit lárnach ag an rugbaí i gcraoladh spóirt TG4 agus tá muid ag súil le níos mó cluichí iontacha agus mórócáidí nach ndéanfar dearmad orthu go deo a thabhairt do lucht leanúna ar fud na tíre sna séasúir amach romhainn.”

 

Dáta Am Foireann Bhaile Cuairteoirí
Dé hAoine 26/09/25 18:00 DHL Stormers Laighin
Dé Sathairn 27/09/25 19:45 Connachta Benetton
Dé Sathairn 04/10/25 13:45 Connachta Scarlets
Dé Sathairn 04/10/25 19:45 Mumha Cardiff Rugby
Dé hAoine 10/10/25 19:45 Mumha Edinburgh
Dé Sathairn 11/10/25 19:45 Cardiff Rugby Connachta
Dé hAoine 17/10/25 19:45 Connachta Vodacom Bulls
Dé Sathairn 18/10/25 17:15 Laighin Mumha
Dé Sathairn 25/10/25 15:00 Hollywoodbets Sharks Scarlets
Dé Sathairn 25/10/25 19:45 Mumha Connachta
Dé hAoine 28/11/25 19:45 Dragons Laighin
Dé Sathairn 29/11/25 12:00 Vodacom Bulls Emirates Lions
Dé Sathairn 29/11/25 19:45 Connachta Hollywoodbets Sharks
Dé hAoine 19/12/25 19:45 Laighin Ulaidh
Dé Sathairn 20/12/25 13:30 DHL Stormers Emirates Lions
Dé Sathairn 20/12/25 16:00 Hollywoodbets Sharks Vodacom Bulls
Dé Sathairn 20/12/25 19:45 Dragons Connachta
Dé Sathairn 27/12/25 17:30 Connachta Ulaidh
Dé Sathairn 03/01/26 13:30 Hollywoodbets Sharks Emirates Lions
Dé Sathairn 03/01/26 17:30 Laighin Connachta
Dé hAoine 23/01/26 19:45 Mumha Dragons
Dé hAoine 30/01/26 19:45 Glasgow Warriors Mumha
Dé Sathairn 31/01/26 15:00 Zebre Parma Connachta
Dé hAoine 27/02/26 19:45 Cardiff Rugby Laighin
Dé Sathairn 28/02/26 15:00 Connachta Glasgow Warriors
Dé Sathairn 21/03/26 15:00 Hollywoodbets Sharks Mumha
Dé Sathairn 28/03/26 12:00 Vodacom Bulls Mumha
Dé Sathairn 28/03/26 14:15 Connachta Ospreys
Dé Sathairn 18/04/26 17:15 DHL Stormers Connachta
Dé Sathairn 18/04/26 19:45 Benetton Mumha
Dé Sathairn 25/04/26 15:00 Emirates Lions Connachta
Dé Sathairn 25/04/26 19:45 Benetton Laighin
Dé Sathairn 09/05/26 19:45 Connachta Mumha
Dé hAoine 15/05/26 19:45 Edinburgh Connachta
Dé Sathairn 16/05/26 17:15 Laighin Ospreys

 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: