Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Clúdach TG4 ar Thoghchán na hUachtaránachta

03.10.25

Áras25

Áras an Uachtaráin

Creidiúint: Áras an Uachtaráin

 

Cuirfidh TG4 clúdach cuimsitheach tuairisceoireachta ar fáil le linn thoghchán na huachtaránachta mar aon le clúdach laethúil ar fheachtais na n-iarrthóirí ar fud na tíre.
 

Cuirfidh Donncha Ó Murchú, Comhfhreagraí Polaitíochta TG4, anailís shaineolach laethúil ar fáil.
 

Beidh tuairisceoirí TG4, Sinéad Ní Neachtain, Sorcha Ní Mhonacháin agus Tomás Ó Mainín, i gcuideachta iarrthóirí na huachtaránachta le linn an fheachtais agus cuirfidh siad tuairiscí rialta ar fáil feadh an bhealaigh.
 

Áras25:

Craolfar dhá chlár speisialta de Áras25, ceann ag 2pm agus ceann ag 7pm, á gcur i láthair ag Siún Nic Gearailt, Dé Sathairn an 25 Deireadh Fómhair fad a bheidh na vótaí á gcomhaireamh. Beidh na torthaí is déanaí mar aon le tuairiscí ó na hionaid chomhairimh ar an gclár agus cuirfidh aíonna sa stiúideo agus sna hionaid mionanailís ar fáil.
 

Nuacht TG4:

Cuirfear an nuacht is déanaí faoi na feachtais, mar aon le comhthéacs agus anailís, ar fáil ag 19:00 gach tráthnóna ar Nuacht TG4, á cur i láthair ag Siún Nic Gearailt agus Eimear Ní Chonaola.
 

7Lá:

Ar 7Lá, gach Dé Máirt ag 20:00, á chur i láthair ag Máirín Ní Ghadhra agus Beirní Ní Chuinn, beifear i mbun plé agus díospóireachta le lucht polaitíochta, tráchtairí agus lucht anailíse ar na príomhnithe atá ag imirt tionchair ar an toghchán.
 

Nuacht Cúla4:

Cuirfear clúdach atá curtha in oiriúint go speisialta don lucht féachana níos óige ar fáil ar Nuacht Cúla4 a chuideoidh leo tuiscint a fháil ar ról an Uachtaráin agus ar an tábhacht a bhaineann leis an vóta.
 

Toghchán na huachtaránachta 2025:

Dé hAoine an 24 Deireadh Fómhair a bheifear ag vótáil chun deichiú Uachtarán an hÉireann a thoghadh. Naonúr uachtarán a bhfuil fónamh déanta acu in oifig an Uachtaráin ó bunaíodh í in 1938, ó Dhubhghlas de hÍde go Micheál D. Ó hUigínn, a dtiocfaidh deireadh lena uachtaránacht 14 bliana i mí na Samhna. Cuirfear an t-uachtarán nua-thofa faoi mhionn na huachtaránachta agus beidh cónaí ina dhiaidh sin air nó uirthi in Áras an Uachtaráin.
 

Dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4, “Is é Toghchán na hUachtaránachta ceann de na himeachtaí is mó i ndaonlathas na hÉireann. Tá sé geallta ag TG4, trí Áras25, clúdach iontaofa, neamhspleách agus cuimsitheach a chur ar fáil a chuireann ar chumas an lucht féachana na hiarrthóirí a leanúint, na saincheisteanna a thuiscint agus a bheith rannpháirteach go hiomlán sa gcomhrá náisiúnta seo i nGaeilge.”
 

Na meáin shóisialta:

@NUACHTTG4, @7LATG4, YouTube@Cula4, Instagram @cula4_tg4
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4 

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríofa| Eagraí Cumarsáide | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: